This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023R0398
Commission Delegated Regulation (EU) 2023/398 of 14 December 2022 amending Delegated Regulation (EU) 2015/2446 as regards extending the possibilities for making customs declarations orally or by any other act deemed to be a customs declaration, the invalidation of declarations in specific cases, and specifying the exchange of information for entry summary declarations (Text with EEA relevance)
Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/398 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 a mhéid a bhaineann leis na féidearthachtaí chun dearbhuithe custaim a dhéanamh ó bhéal nó trí aon ghníomh eile a mheastar a bheith ina dhearbhú custaim, le dearbhuithe a chur ó bhail i gcásanna sonracha agus le faisnéis a mhalartú maidir le dearbhuithe iontrála achomair (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/398 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 a mhéid a bhaineann leis na féidearthachtaí chun dearbhuithe custaim a dhéanamh ó bhéal nó trí aon ghníomh eile a mheastar a bheith ina dhearbhú custaim, le dearbhuithe a chur ó bhail i gcásanna sonracha agus le faisnéis a mhalartú maidir le dearbhuithe iontrála achomair (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2022/9254
IO L 54, 22.2.2023, p. 1–4
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 32015R2446 | Cur le | airteagal 1 pointe 54 | 14/03/2023 | |
Modifies | 32015R2446 | Cur le | airteagal 113a mír 4 | 14/03/2023 | |
Modifies | 32015R2446 | Athchur | airteagal 136 mír 1 pointe (j) | 14/03/2023 | |
Modifies | 32015R2446 | Athchur | airteagal 138 pointe (c) | 14/03/2023 | |
Modifies | 32015R2446 | Athchur | airteagal 139 mír 1 | 14/03/2023 | |
Modifies | 32015R2446 | Athchur | airteagal 139 mír 2 | 14/03/2023 | |
Modifies | 32015R2446 | Athchur | airteagal 141 mír 1 pointe (d) pointe (iv) | 14/03/2023 | |
Modifies | 32015R2446 | Athchur | airteagal 141 mír 1 pointe (d) pointe (v) | 14/03/2023 | |
Modifies | 32015R2446 | Athchur | airteagal 141 mír 1 Téacs | 14/03/2023 | |
Modifies | 32015R2446 | Cur le | airteagal 148 mír 4 pointe (f) | 14/03/2023 | |
Modifies | 32015R2446 | Cur le | teideal (forannán) IV caibidil 1 airteagal 112a | 14/03/2023 |
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Corrected by | 32023R0398R(01) | (ES, CS, DE, ET, FR, HR, HU, PL, RO, SL) | |||
Corrected by | 32023R0398R(02) | (SK) |
22.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 54/1 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/398 ÓN gCOIMISIÚN
an 14 Nollaig 2022
lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 a mhéid a bhaineann leis na féidearthachtaí chun dearbhuithe custaim a dhéanamh ó bhéal nó trí aon ghníomh eile a mheastar a bheith ina dhearbhú custaim, le dearbhuithe a chur ó bhail i gcásanna sonracha agus le faisnéis a mhalartú maidir le dearbhuithe iontrála achomair
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (1), agus go háirithe Airteagal 131, pointe (c) agus Airteagail 160 agus 175 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Léirigh cur chun feidhme praiticiúil Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 (“an Cód”) in éineacht le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún (2) go bhfuil gá le roinnt leasuithe ar an Rialachán Tarmligthe sin chun é a chur in oiriúint níos fearr do riachtanais oibreoirí eacnamaíocha agus údarás custaim agus chun na forbairtí maidir le himscaradh eisiúintí 2 agus 3 de Chóras Rialaithe Allmhairí 2 UCC (ICS2) atá le teacht a chur san áireamh. |
(2) |
Chun a shoiléiriú, i gcás coinsíneachtaí poist a thrasloingsítear san Aontas, gur ar an oibreoir poist i dtríú tír ónar seoladh na hearraí, i gcásanna áirithe, atá an oibleagáid maidir le sonraí dearbhaithe iontrála achomair a sholáthar, i gcomhréir le hAirteagal 127(6) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, is gá sainmhíniú nua ar “oibreoir poist tríú tír” a thabhairt isteach. |
(3) |
Ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2151 ón gCoimisiún (3) maidir le himscaradh eisiúint 3 de ICS2, is féidir le daoine éagsúla a bhfuil baint acu leis an bpróiseas earraí a iompar isteach i gcríoch chustaim an Aontais d’iarnród codanna den fhaisnéis de dhearbhú iontrála achomair a chur isteach, is é sin le rá gur féidir comhaid iomadúla a chur isteach. Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 112a nua a chur le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 chun foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht sin. |
(4) |
Chun é a chur d’oibleagáid ar oibreoir poist tríú tír sonraí an dearbhaithe iontrála achomair le haghaidh earraí a thrasloingsítear i gcríoch chustaim an Aontais a chur isteach i gcás nach soláthraíonn an t-oibreoir poist sin na sonraí sin don iompróir, ba cheart Airteagal 113ú de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 a leasú. |
(5) |
Maidir le pacáistíocht ar a bhfuil buan-mharcáil lena sainaithnítear duine; ar pacáistíocht í a allmhairítear agus iad líonta agus a ath-onnmhairítear agus iad líonta nó folamh, is féidir í a dhearbhú trí bhíthin dearbhú ó bhéal nó trí aon ghníomh eile dá dtagraítear in Airteagal 141 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446. Ós rud é nach féidir sin a dhéanamh ach amháin i gcás pacáistíocht atá líonta a allmhairíonn daoine atá bunaithe lasmuigh de chríoch chustaim an Aontais, is gá síneadh a chur le cur i bhfeidhm na foirmiúlachta custaim simplithe sin maidir le pacáistíocht a allmhairíonn daoine agus í líonta gan beann ar an áit a bhfuil na daoine sin bunaithe. |
(6) |
Tabharfar isteach an fhéidearthacht an dleacht ar allmhairí a aisíoc i gcásanna sonracha ina ndéantar earraí a sheachadadh saor in aisce chuig eagraíochtaí carthanacha nó daonchairdiúla. Ba cheart é sin a dhéanamh trí chúis nua a chur leis na dearbhuithe custaim a chur ó bhail tar éis scaoileadh na n-earraí, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí dleacht ar allmhairí a íocadh i gcomhréir le hAirteagal 116(1) den Chód a aisíoc. |
(7) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 1, cuirtear an sainmhíniú seo a leanas leis: “(54) ciallaíonn ‘oibreoir poist tríú tír’ oibreoir atá bunaithe i dtríú tír agus atá ainmnithe ag tríú tír chun seirbhísí idirnáisiúnta a rialaítear leis an gCoinbhinsiún Poist Uilechoiteann a sholáthar.” |
(2) |
i dTeideal IV, Caibidil 1, cuirtear an tAirteagal 112a seo a leanas isteach: “Airteagal 112a Soláthar sonraí an dearbhaithe iontrála achomair a dhéanann daoine eile i gcásanna sonracha a mhéid a bhaineann le hiompar d’iarnród (Airteagal 127(6) den Chód) 1. Más rud é, i gcás an iompair d’iarnród, go ndearna duine amháin nó níos mó seachas an t-iompróir, maidir leis na hearraí céanna, conradh iompair breise amháin nó níos mó a chumhdaítear le nóta coinsíneachta amháin nó níos mó a thabhairt i gcrích, agus nach gcuireann an duine a eisíonn an nóta coinsíneachta na sonraí is gá le haghaidh an dearbaithe iontrála achomair ar fáil dá pháirtí conarthach a eisíonn nóta coinsíneachta chuige nó dá pháirtí conarthach lenar thug sé socrú comhluchtaithe earraí i gcrích, is é an duine nach gcuireann na sonraí is gá ar fáil a sholáthróidh na sonraí sin d’oifig custaim na céadiontrála i gcomhréir le hAirteagal 127(6) den Chód. I gcás nach gcuireann an coinsíní a léirítear sa nóta coinsíneachta nach bhfuil aon nóta coinsíneachta foluiteach aige na sonraí is gá le haghaidh an dearbhaithe iontrála achomair ar fáil don duine a eisíonn an nóta coinsíneachta sin, cuirfidh sé na sonraí sin ar fáil d’oifig custaim na céadiontrála. 2. Go dtí an dáta a leagtar amach i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2151 maidir le himscaradh eisiúint 3 den chóras dá dtagraítear in Airteagal 182(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447, ní bheidh feidhm ag mír 1 den Airteagal seo.” |
(3) |
In Airteagal 113a, cuirtear an mhír 4 seo a leanas leis: “4. Ón dáta a leagtar amach i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2151 maidir le himscaradh eisiúint 2 den chóras dá dtagraítear in Airteagal 182(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447, i gcás nach gcuireann an t-oibreoir poist tríú tír na sonraí is gá le haghaidh an dearbhaithe iontrála achomair maidir le coinsíneachtaí poist ar fáil d’iompróir a bhfuil sé d’oibleagáid air an chuid atá fágtha de shonraí an dearbhaithe a thaisceadh tríd an gcóras sin, déanfaidh an t-oibreoir poist tríú tír sa tír seolta, má thrasloingsítear na hearraí tríd an Aontas, na sonraí sin a sholáthar d’oifig chustaim na céadiontrála i gcomhréir le hAirteagal 127(6) den Chód.” |
(4) |
in Airteagal 136(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (j):
|
(5) |
in Airteagal 138, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
|
(6) |
in Airteagal 139, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2: “1. I gcás nach ndearbhófar iad ar mhodh eile, maidir leis na hearraí dá dtagraítear in Airteagal 136(1), pointí (a) go (d), (h), (i) agus (j), measfar iad a bheith dearbhaithe le haghaidh cead isteach sealadach i gcomhréir le hAirteagal 141. 2. I gcás nach ndearbhófar iad ar mhodh eile, maidir leis na hearraí dá dtagraítear in Airteagal 136(1), pointí (a) go (d), (h), (i) agus (j), measfar iad a bheith dearbhaithe lena n-ath-onnmhairiú i gcomhréir le hAirteagal 141 tráth a bheidh an nós imeachta um chead isteach sealadach curtha chun críche.” |
(7) |
Leasaítear Airteagal 141, mír 1, mar a leanas:
|
(8) |
in Airteagal 148(4), cuirtear isteach an pointe (f) seo a leanas leis:
|
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Nollaig 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 269, 10.10.2013, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe de Chód Custaim an Aontais (IO L 343 , 29.12.2015, lch. 1).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2151 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2019 lena mbunaítear an clár oibre maidir leis na córais leictreonacha dá bhforáiltear i gCód Custaim an Aontais a fhorbairt agus a imscaradh (IO L 325, 16.12.2019, lch. 168).