Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0065

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/65 ón gCoimisiún an 6 Eanáir 2023 lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1648 lena n-údaraítear xilea-olagaishiúicrídí a chur ar an margadh mar bhia núíosach, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1686 lena n-údaraítear leathnú úsáide i leith aonraíoch próitéine meidhg bunata de bhainne ó bhó-ainmhithe mar bhia núíosach, agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/96 lena n-údaraítear salann sóidiam 3’-Siailiol-lachtóis a chur ar an margadh mar bhia núíosach (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2023/7

    IO L 6, 9.1.2023, p. 1–15 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/65/oj

    9.1.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 6/1

    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/65 ÓN gCOIMISIÚN

    an 6 Eanáir 2023

    lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1648 lena n-údaraítear xilea-olagaishiúicrídí a chur ar an margadh mar bhia núíosach, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1686 lena n-údaraítear leathnú úsáide i leith aonraíoch próitéine meidhg bunata de bhainne ó bhó-ainmhithe mar bhia núíosach, agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/96 lena n-údaraítear salann sóidiam 3’-Siailiol-lachtóis a chur ar an margadh mar bhia núíosach

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagail 8 agus 12 de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/2283, bhí an Coimisiún le liosta an Aontais de bhianna núíosacha a údaraíodh nó ar tugadh fógra ina leith faoi Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) a bhunú faoin 1 Eanáir 2018.

    (2)

    Bunaíodh liosta an Aontais de bhianna núíosacha a údaraíodh nó ar tugadh fógra ina leith faoi Rialachán (CE) Uimh. 258/97 le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (3).

    (3)

    Tá earráidí sainaitheanta ag an gCoimisiún san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470. Tá gá le ceartuithe chun soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil a thabhairt d’oibreoirí gnó bia agus d’údaráis inniúla na mBallstát, agus ar an gcaoi sin áiritheofar go gcuirfear chun feidhme go cuí agus go n-úsáidfear go cuí liosta an Aontais de bhianna núíosacha.

    (4)

    Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1686 ón gCoimisiún (4) cuireadh leathnú ina dhiaidh sin le coinníollacha úsáide an bhia núíosaigh ‘aonraíoch próitéine meidhg bunata de bhainne ó bhó-ainmhithe’, coinníollacha a údaraítear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1632 ón gCoimisiún (5). I dTábla 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1686, fágadh ar lár go hearráideach na línte lena scartar na catagóirí bia sonraithe agus na huasleibhéil údaraithe, rud a fhágann go bhfuil sé doiléir cé acu catagóir bhia a chomhfhreagraíonn do cé acu úsáid údaraithe. D’fhéadfadh sé sin mearbhall a chur ar údaráis forfheidhmithe agus ar oibreoirí gnó bia. Dá bhrí sin, is gá an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1686 agus Tábla 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme 2017/2470 a cheartú.

    (5)

    Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/96 ón gCoimisiún (6) údaraíodh an bia núíosach salann sóidiam 3’-siailiol-lachtóis (foinse mhiocróbach)’. Na huasleibhéil a shonraítear don chatagóir bhia ‘Táirgí bainnebhunaithe coipthe blaistithe, lena n-áirítear táirgí teaschóireáilte’, cuireadh go hearráideach iad leis an gcatagóir bhia ‘Táirgí bainnebhunaithe coipthe neamhbhlaistithe’, agus vice versa. Dá bhrí sin, is gá Tábla 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/96 agus Tábla 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme 2017/2470 a cheartú.

    (6)

    Údaraíodh an bia núíosach ‘Galachta-olagaishiúicríd’ faoi choinníollacha úsáide áirithe de bhun Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 258/97 . An fhoinse mhiocróbach ‘Bacillus circulans’ den einsím ‘β-galachtóisíodáis’ a úsáidtear chun Galachta-olagaishiúicríd a tháirgeadh, cuireadh go hearráideach leis na sonraíochtaí í. Dá bhrí sin, ba cheart an fhoinse sin de β-galachtóisíodáis a bhaint den iontráil ‘Galachta-olagaishiúicríd’ i dTábla 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470.

    (7)

    Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1648 ón gCoimisiún (7), údaraíodh an bia núíosach ‘Xilea-olagaishiúicríd’ faoi choinníollacha áirithe úsáide, bunaithe ar thuairim fhabhrach ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) maidir le sábháilteacht an bhia núíosaigh. I sonraíochtaí na foirme síoróipe de ‘Xilea-olagaishiúicríd’, go hearráideach ní raibh an paraiméadar ‘ábhar tirim’ sa cholún comhfhreagrach. Ceartaíodh an earráid sin i dtuairim eolaíoch athbhreithnithe ón Údarás (8). Dá bhrí sin, ba cheart na sonraíochtaí a bhaineann le ‘Xilea-olagaishiúicríd’ i dTábla 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 agus san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1648 a cheartú dá réir.

    (8)

    Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1648, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1686 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/96 a cheartú dá réir.

    (9)

    Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Ceartaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Ceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1648 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 3

    Ceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1686 i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 4

    Ceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/96 i gcomhréir le hIarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 5

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Eanáir 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN

    (1)  IO L 327, 11.12.2015, lch. 1.

    (2)  Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Eanáir 1997 maidir le bianna núíosacha agus comhábhair bia núíosacha (IO L 43, 14.2.1997, lch. 1).

    (3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72).

    (4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1686 ón gCoimisiún an 8 Deireadh Fómhair 2019 lena n-údaraítear leathnú úsáide i leith aonraíoch próitéine meidhg bunata de bhainne ó bhó-ainmhithe mar bhia núíosach faoi Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (IO L 258, 9.10.2019, lch. 13).

    (5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1632 ón gCoimisiún an 30 Deireadh Fómhair 2018 lena n-údaraítear aonraíoch próitéine meidhg bunata de bhainne ó bhó-ainmhithe a chur ar an margadh mar bhia núíosach faoi Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún, (IO L 272, 31.10.2018, lch. 23).

    (6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/96 ón gCoimisiún an 28 Eanáir 2021 lena n-údaraítear salann sóidiam 3’-siailiol-lachtóis a chur ar an margadh mar bhia núíosach faoi Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (IO L 31, 29.1.2021, lch. 201).

    (7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1648 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2018 lena n-údaraítear xilea-olagaishiúicrídí a chur ar an margadh mar bhia núíosach faoi Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (IO L 275, 6.11.2018, lch. 1).

    (8)  EFSA Journal [Iris EPSA], 2018;16(7):5361.

    IARSCRÍBHINN I

    Ceartú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470

    Ceartaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 mar a leanas:

    (1)

    i dTábla 1 (Bianna núíosacha údaraithe), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála “Aonraíoch próitéine meidhg bunata de bhainne ó bhó-ainmhithe”:

    “Bia núíosach údaraithe

    Coinníollacha faoina bhféadfar an bia núíosach a úsáid

    Ceanglais shonracha bhreise lipéadaithe

    Ceanglais eile

    Cosaint Sonraí

    Aonraíoch próitéine meidhg bunata de bhainne ó bhó-ainmhithe

    Catagóir bhia shonraithe

    Uasleibhéil

    Maidir leis an mbia núíosach a ainmniú ar lipéadú na n-earraí bia ina bhfuil sé, is é “Aonraíoch próitéine meidhg bainne” a bheidh air.

    Maidir le forbhianna ina bhfuil aonraíoch próitéine meidhg bunata de bhainne ó bhó-ainmhithe, beidh an ráiteas seo a leanas orthu:

    “Níor cheart do naíonáin/leanaí/déagóirí faoi bhun aon bhliain/trí bliana/ocht mbliana d’aois (*) an forbhia seo a thomhailt”

    (*)

    De réir an aoisghrúpa a bhfuil an forbhia beartaithe dó.

    Údaraithe an 20 Samhain 2018. Is ar fhianaise eolaíoch dhílseánaigh agus sonraí eolaíocha arna gcosaint i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2015/2283 atá an t-áireamh sin bunaithe. Iarratasóir: Armor Protéines S.A.S., 19 bis, rue de la Libération 35460 Saint-Brice-en-Coglès, an Fhrainc. Is é Armor Protéines S.A.S. amháin atá údaraithe chun an bia núíosach aonraíoch próitéine meidhg bunata de bhainne ó bhó-ainmhithe a chur ar an margadh laistigh den Aontas le linn na tréimhse cosanta sonraí, ach amháin má fhaigheann iarratasóir ina dhiaidh sin údarú i dtaobh an bhia núíosaigh gan tagairt don fhianaise eolaíoch dhílseánaigh ná do na sonraí eolaíocha arna gcosaint i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2015/2283 nó le comhaontú ó Armor Protéines S.A.S. Dáta deiridh na cosanta sonraí: 20 Samhain 2023.”

    Foirmlí do naíonáin mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013

    30 mg/100 g (púdar)

    3,9 mg/100 mL (athdhéanta)

    Bainne foirmle leantach mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013

    30 mg/100 g (púdar)

    4,2 mg/100 mL (athdhéanta)

    Bianna ionadacha ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013

    300 mg/lá

    Bianna chun críoch speisialta míochaine mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013

    30 mg/100 g (bainne foirmle púdair do naíonáin le linn na chéad mhíonna den saol go dtí go dtabharfar beathú comhlántach iomchuí isteach)

    3,9 mg/100 mL (foirmle athdhéanta do naíonáin le linn na chéad mhíonna den saol go dtí go dtabharfar beathú comhlántach iomchuí isteach)

    30 mg/100 g (bainne foirmle púdair do naíonáin nuair a thugtar beathú comhlántach iomchuí isteach)

    4,2 mg/100 g (bainne foirmle athdhéanta do naíonáin nuair a thugtar beathú comhlántach iomchuí isteach)

    58 mg/lá do leanaí óga

    380 mg/lá do leanaí agus do dhéagóirí idir 3 bliana agus 18 mbliana d’aois

    610 mg/lá do dhaoine fásta

    Forbhianna mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE

    25 mg/lá do naíonáin

    58 mg/lá do leanaí óga

    250 mg/lá do leanaí agus do dhéagóirí idir 3 bliana agus 18 mbliana d’aois

    610 mg/lá do dhaoine fásta

    (2)

    i dTábla 1 (Bianna núíosacha údaraithe), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála “salann sóidiam 3’-Siailiol-lachtóis (3’-SL) (foinse mhiocróbach)”:

    “Bia núíosach údaraithe

    Coinníollacha faoina bhféadfar an bia núíosach a úsáid

    Ceanglais shonracha bhreise lipéadaithe

    Ceanglais eile

    Cosaint Sonraí

    Salann sóidiam 3’-Siailiol-lachtóis (3’-SL)

    (foinse mhiocróbach)

    Catagóir bhia shonraithe

    Uasleibhéil (arna sloinneadh mar 3’-Siailiol-lachtós)

    Is é “salann sóidiam 3’-Siailiol-lachtóis” ainmniú an bhia núíosaigh ar lipéadú na n-earraí bia a bhfuil sé iontu.

    Ar lipéadú forbhianna ina bhfuil salann sóidiam 3’-Siailiol-lachtóis, beidh ráiteas ina luafar na cásanna nár cheart iad a thomhailt:

    a)

    sa chás go dtomhlaítear bianna eile ina bhfuil salann sóidiam 3’-Siailiol-lachtóis ar an lá céanna.

    b)

    sa chás gur naíonáin agus leanaí óga atá ann

    Údaraithe an 18 Feabhra 2021. Is ar fhianaise eolaíoch dhílseánaigh agus sonraí eolaíocha arna gcosaint i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2015/2283 atá an t-áireamh sin bunaithe.

    Iarratasóir: Glycom A/S, Kogle Allé 4, DK-2970 Hørsholm, an Danmhairg. Is é Glycom A/S amháin atá údaraithe chun salann sóidiam 3’-siailiol-lachtóis a chur ar an margadh laistigh den Aontas le linn na tréimhse cosanta sonraí, ach amháin má fhaigheann iarratasóir ina dhiaidh sin údarú i dtaobh an bhia núíosaigh gan tagairt don fhianaise eolaíoch dhílseánaigh ná do na sonraí eolaíochta arna gcosaint i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2015/2283 nó le comhaontú ó Glycom A/S.

    Dáta deiridh na cosanta sonraí: 18 Feabhra 2026.

    Táirgí bainne paistéartha neamhbhlaistithe agus táirgí bainne steirilithe neamhbhlaistithe (lena n-áirítear UHT)

    0,25 g/L

    Táirgí bainnebhunaithe coipthe neamhbhlaistithe

    0,25 g/L (deochanna)

    0,5 g/kg (táirgí nach deochanna iad)

    Táirgí bainnebhunaithe coipthe blaistithe lena n-áirítear táirgí teaschóireáilte

    0,25 g/L (deochanna)

    2,5 g/kg (táirgí nach deochanna iad)

    Deochanna (deochanna blaistithe, seachas deochanna ar lú ná 5 an pH iontu)

    0,25 g/L

    Barraí gránaigh

    2,5 g/kg

    Bainne foirmle do naíonáin mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013

    0,2 g/L sa táirge deiridh atá réidh le húsáid, táirge a mhargaítear sa riocht sin nó a athdhéantar de réir mar a threoraíonn an monaróir

    Bainne foirmle leantach mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013

    0,15 g/L sa táirge deiridh atá réidh le húsáid, táirge a mhargaítear sa riocht sin nó a athdhéantar de réir mar a threoraíonn an monaróir

    Bia gránachbhunaithe próiseáilte agus bia do naíonáin agus do leanaí óga mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013

    0,15 g/L (deochanna) sa táirge deiridh atá réidh le húsáid, táirge a mhargaítear sa riocht sin nó a athdhéantar de réir mar a threoraíonn an monaróir

    1,25 g/kg le haghaidh táirgí nach deochanna iad

    Deochanna bainnebhunaithe agus táirgí comhchosúla a bheartaítear do leanaí óga

    0,15 g/L sa táirge deiridh atá réidh le húsáid, táirge a mhargaítear sa riocht sin nó a athdhéantar de réir mar a threoraíonn an monaróir

    Bianna ionadacha ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013

    0,5 g/L (deochanna)

    5 g/kg (táirgí nach deochanna iad)

    Bianna chun críoch speisialta míochaine mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013

    I gcomhréir le riachtanais chothaitheacha shonracha na ndaoine a bhfuil na táirgí beartaithe dóibh

    Forbhianna mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE, seachas forbhianna do naíonán agus do leanaí óga

    0,5 g/lá

    (3)

    i dTábla 2 (Sonraíochtaí), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála “Galachta-olagaishiúicríd”:

    Galachta-olagaishiúicríd

    Tuairisc/Sainmhíniú:

    Déantar Galachta-olagaishiúicríd a tháirgeadh ó lachtós bainne trí phróiseas einsímeach ag baint úsáide as β-galachtóisíodáisí ó Aspergillus oryzae, Bifidobacterium bifidum, Pichia pastoris, Sporobolomyces singularis, Kluyveromyces lactis agus Papiliotrema terrestris.

    GOS: íoschion 46 % Ábhar Tirim (DM)

    Lachtós: uaschion 40 % DM

    Glúcós: uaschion 22 % DM

    Galachtós: íoschion 0,8 % DM

    Luaith: uaschion 4,0 % DM

    Próitéin: uaschion 4,5 % DM

    Nítrít: uasmhéid 2 mg/kg”

    (4)

    i dTábla 2 (Sonraíochtaí), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála “Xilea-olagaishiúicríd”:

    Bia núíosach údaraithe

    Sonraíocht

    Xilea-olagaishiúicrídí

    Tuairisc:

    Is meascán de xilea-olagaishiúicrídí (XOS) é an bia núíosach, ar nithe iad a fhaightear ó choba arbhair Indiaigh (Zea mays subsp. mays) trí hidrealú le xiolanáis ó Trichoderma reesei agus próiseas íonúcháin ina dhiaidh sin.

    Saintréithe/Comhdhéanamh:

    Paraiméadar

    Foirm phúdrach 1

    Foirm phúdrach 2

    Foirm shíoróipe

    Taisleach (%)

    ≤ 5,0

    ≤ 5,0

    -

    Ábhar tirim (%)

    -

    -

    70 -75

    Próitéin (g/100 g)

    < 0,2

    Luaith (%)

    ≤ 0,3

    pH

    3,5 -5,0

    Cion iomlán carbaihiodráite (g/100 g)

    ≥ 97

    ≥ 95

    ≥ 70

    Cionn XOS (bonn tirim) (g/100 g)

    ≥ 95

    ≥ 70

    ≥ 70

    Carbaihiodráití eile (g/100 g)a

    2,5 -7,5

    2 -16

    1,5 -31,5

    Iomlán na monaisiúicrídí (g/100 g)

    0 -4,5

    0 -13

    0 -29

    Glúcós (g/100 g)

    0 -2

    0 -5

    0 -4

    Araibionós (g/100 g)

    0 -1,5

    0 -3

    0 -10

    Xiolós (g/100 g)

    0 -1,0

    0 -5

    0 -15

    Iomlán na ndéshiúicrídí (g/100 g)

    27,5 -48

    25 -43

    26,5 -42,5

    Xilidhé-ós (XOS DP2) (g/100 g)

    25 -45

    23 -40

    25 -40

    Ceallaidhé-ós (g/100 g)

    2,5 -3

    2 -3

    1,5 -2,5

    Iomlán na n-olagaishiúicrídí (g/100 g)

    41 -77

    36 -72

    32 -71

    xilithríós (XOS DP3) (g/100 g)

    27 -35

    18 -30

    18 -30

    xiliteatra-ós (XOS DP4) (g/100 g)

    10 -20

    10 -20

    8 -20

    xilipeintea-ós (XOS DP5) (g/100 g)

    3 -10

    5 -10

    3 -10

    xiliheicsea-ós (XOS DP6) (g/100 g)

    1 -5

    1 -5

    1 -5

    Xiliheiptea-ós (XOS DP7) (g/100 g)

    0 -7

    2 -7

    2 -6

    Maltaideistrin (g/100 g)b

    0

    20 -25

    0

    Copar (mg/kg)

    < 5,0

    Luaidhe (mg/kg)

    < 0,5

    Arsanaic (mg/kg)

    < 0,3

    Salmonella (CFUc/25 g)

    Diúltach

    E. coli (MPNd/100 g)

    Diúltach

    Giosta (CFU/g)

    < 10

    Múscán (CFU/g)

    < 10

    a

    I measc na gcarbaihiodráití eile tá monaisiúicrídí (glúcós, xiolós agus araibionós) agus ceallaidhé-ós.

    B

    Ríomhtar an cion maltaideistrine de réir an mhéid a cuireadh leis le linn an phróisis.

    DP:

    Méid an pholaiméirithe

    c

    CFU: Aonaid Déanta Coilíneachta

    d

    MPN: An Uimhir is Dóichí”

    IARSCRÍBHINN II

    Ceartú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1648

    I bpointe 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1648, i dTábla 2 (Sonraíochtaí), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh “Xilea-olagaishiúicrídí”:

    Bia núíosach údaraithe

    Sonraíocht

    Xilea-olagaishiúicrídí

    Tuairisc:

    Is meascán de xilea-olagaishiúicrídí (XOS) é an bia núíosach, ar nithe iad a fhaightear ó choba arbhair Indiaigh (Zea mays subsp. mays) trí hidrealú le xiolanáis ó Trichoderma reesei agus próiseas íonúcháin ina dhiaidh sin.

    Saintréithe/Comhdhéanamh:

    Paraiméadar

    Foirm phúdrach 1

    Foirm phúdrach 2

    Foirm shíoróipe

    Taisleach (%)

    ≤ 5,0

    ≤ 5,0

    -

    Ábhar tirim (%)

    -

    -

    70 -75

    Próitéin (g/100 g)

    < 0,2

    Luaith (%)

    ≤ 0,3

    pH

    3,5 -5,0

    Cion iomlán carbaihiodráite (g/100 g)

    ≥ 97

    ≥ 95

    ≥ 70

    Cionn XOS (bonn tirim) (g/100 g)

    ≥ 95

    ≥ 70

    ≥ 70

    Carbaihiodráití eile (g/100 g)a

    2,5 -7,5

    2 -16

    1,5 -31,5

    Iomlán na monaisiúicrídí (g/100 g)

    0 -4,5

    0 -13

    0 -29

    Glúcós (g/100 g)

    0 -2

    0 -5

    0 -4

    Araibionós (g/100 g)

    0 -1,5

    0 -3

    0 -10

    Xiolós (g/100 g)

    0 -1,0

    0 -5

    0 -15

    Iomlán na ndéshiúicrídí (g/100 g)

    27,5 -48

    25 -43

    26,5 -42,5

    Xilidhé-ós (XOS DP2) (g/100 g)

    25 -45

    23 -40

    25 -40

    Ceallaidhé-ós (g/100 g)

    2,5 -3

    2 -3

    1,5 -2,5

    Iomlán na n-olagaishiúicrídí (g/100 g)

    41 -77

    36 -72

    32 -71

    xilithríós (XOS DP3) (g/100 g)

    27 -35

    18 -30

    18 -30

    xiliteatra-ós (XOS DP4) (g/100 g)

    10 -20

    10 -20

    8 -20

    xilipeintea-ós (XOS DP5) (g/100 g)

    3 -10

    5 -10

    3 -10

    xiliheicsea-ós (XOS DP6) (g/100 g)

    1 -5

    1 -5

    1 -5

    Xiliheiptea-ós (XOS DP7) (g/100 g)

    0 -7

    2 -7

    2 -6

    Maltaideistrin (g/100 g)b

    0

    20 -25

    0

    Copar (mg/kg)

    < 5,0

    Luaidhe (mg/kg)

    < 0,5

    Arsanaic (mg/kg)

    < 0,3

    Salmonella (CFUc/25 g)

    Diúltach

    E. coli (MPNd/100 g)

    Diúltach

    Giosta (CFU/g)

    < 10

    Múscán (CFU/g)

    < 10

    a

    I measc na gcarbaihiodráití eile tá monaisiúicrídí (glúcós, xiolós agus araibionós) agus ceallaidhé-ós.

    B

    Ríomhtar an cion maltaideistrine de réir an mhéid a cuireadh leis le linn an phróisis.

    DP:

    Méid an pholaiméirithe

    c

    CFU: Aonaid Déanta Coilíneachta

    d

    MPN: An Uimhir is Dóichí”

    IARSCRÍBHINN III

    Ceartú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1686

    I bpointe 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1686, i dTábla 1 (Bianna núíosacha údaraithe), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh “Aonraíoch próitéine meidhg bunata de bhainne ó bhó-ainmhithe “:

    Bia núíosach údaraithe

    Coinníollacha faoina bhféadfar an bia núíosach a úsáid

    Ceanglais shonracha bhreise lipéadaithe

    Ceanglais eile

    Cosaint Sonraí

    Aonraíoch próitéine meidhg bunata de bhainne ó bhó-ainmhithe

    Catagóir bhia shonraithe

    Uasleibhéil

    Maidir leis an mbia núíosach a ainmniú ar lipéadú na n-earraí bia ina bhfuil sé, is é “Aonraíoch próitéine meidhg bainne” a bheidh air.

    Forbhianna ina bhfuil aonraíoch próitéine meidhg bunata de bhainne ó bhó-ainmhithe, beidh an ráiteas seo a leanas orthu:

    “Níor cheart do naíonáin/leanaí/déagóirí faoi bhun aon bhliain/trí bliana/ocht mbliana d’aois (*) an forbhia seo a thomhailt”

    (*)

    De réir an aoisghrúpa a bhfuil an forbhia beartaithe dó.

    Údaraithe an 20 Samhain 2018. Is ar fhianaise eolaíoch dhílseánaigh agus sonraí eolaíocha arna gcosaint i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2015/2283 atá an t-áireamh sin bunaithe. Iarratasóir: Armor Protéines S.A.S., 19 bis, rue de la Libération 35460 Saint-Brice-en-Coglès, an Fhrainc. Is é Armor Protéines S.A.S. amháin atá údaraithe chun an bia núíosach aonraíoch próitéine meidhg bunata de bhainne ó bhó-ainmhithe a chur ar an margadh laistigh den Aontas le linn na tréimhse cosanta sonraí, ach amháin má fhaigheann iarratasóir ina dhiaidh sin údarú i dtaobh an bhia núíosaigh gan tagairt don fhianaise eolaíoch dhílseánaigh ná do na sonraí eolaíocha arna gcosaint i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2015/2283 nó le comhaontú ó Armor Protéines S.A.S. Dáta deiridh na cosanta sonraí: 20 Samhain 2023.”

    Foirmlí do naíonáin mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013

    30 mg/100 g (púdar)

    3,9 mg/100 mL (athdhéanta)

    Bainne foirmle leantach mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013

    30 mg/100 g (púdar)

    4,2 mg/100 mL (athdhéanta)

    Bianna ionadacha ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013

    300 mg/lá

    Bianna chun críoch speisialta míochaine mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013

    30 mg/100 g (bainne foirmle púdair do naíonáin le linn na chéad mhíonna den saol go dtí go dtabharfar beathú comhlántach iomchuí isteach)

    3,9 mg/100 mL (foirmle athdhéanta do naíonáin le linn na chéad mhíonna den saol go dtí go dtabharfar beathú comhlántach iomchuí isteach)

    30 mg/100 g (bainne foirmle púdair do naíonáin nuair a thugtar beathú comhlántach iomchuí isteach)

    4,2 mg/100 g (bainne foirmle athdhéanta do naíonáin nuair a thugtar beathú comhlántach iomchuí isteach)

    58 mg/lá do leanaí óga

    380 mg/lá do leanaí agus do dhéagóirí idir 3 bliana agus 18 mbliana d’aois

    610 mg/lá do dhaoine fásta

    Forbhianna mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE

    25 mg/lá do naíonáin

    58 mg/lá do leanaí óga

    250 mg/lá do leanaí agus do dhéagóirí idir 3 bliana agus 18 mbliana d’aois

    610 mg/lá do dhaoine fásta

    IARSCRÍBHINN IV

    Ceartú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/96

    I bpointe 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/96, i dTábla 1 (Bianna núíosacha údaraithe), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh “salann sóidiam 3’-Siailiol-lachtóis (3’-SL) (foinse mhiocróbach)”:

    Bia núíosach údaraithe

    Coinníollacha faoina bhféadfar an bia núíosach a úsáid

    Ceanglais shonracha bhreise lipéadaithe

    Ceanglais eile

    Cosaint Sonraí

    Salann sóidiam 3’-Siailiol-lachtóis (3’-SL)

    (foinse mhiocróbach)

    Catagóir bhia shonraithe

    Uasleibhéil (arna sloinneadh mar 3’-Siailiol-lachtós)

    Is é “salann sóidiam 3’-Siailiol-lachtóis” ainmniú an bhia núíosaigh ar lipéadú na n-earraí bia a bhfuil sé iontu.

    Ar lipéadú forbhianna ina bhfuil salann sóidiam 3’-Siailiol-lachtóis, beidh ráiteas ina luafar na cásanna nár cheart iad a thomhailt:

    a)

    sa chás go dtomhlaítear bianna eile ina bhfuil salann sóidiam 3’-Siailiol-lachtóis ar an lá céanna.

    b)

    sa chás gur naíonáin agus leanaí óga atá á dtomhailt

    Údaraithe an 18 Feabhra 2021. Is ar fhianaise eolaíoch dhílseánaigh agus sonraí eolaíocha arna gcosaint i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2015/2283 atá an t-áireamh sin bunaithe.

    Iarratasóir: Glycom A/S, Kogle Allé 4, DK-2970 Hørsholm, an Danmhairg. Is é Glycom A/S amháin atá údaraithe chun salann sóidiam 3’-Siailiol-lachtóis a chur ar an margadh laistigh den Aontas le linn na tréimhse cosanta sonraí, ach amháin má fhaigheann iarratasóir ina dhiaidh sin údarú i dtaobh an bhia núíosaigh gan tagairt don fhianaise eolaíoch dhílseánaigh ná do na sonraí eolaíochta arna gcosaint i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2015/2283 nó le comhaontú ó Glycom A/S.

    Dáta deiridh na cosanta sonraí: 18 Feabhra 2026.”

    Top