EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023L2864

Treoir (AE) 2023/2864 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 lena leasaítear Treoracha áirithe maidir le bunú agus feidhmiú an phointe rochtana aonair Eorpaigh

PE/43/2023/REV/1

IO L, 2023/2864, 20.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/2864/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/2864/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2864

20.12.2023

TREOIR (AE) 2023/2864 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Nollaig 2023

lena leasaítear Treoracha áirithe maidir le bunú agus feidhmiú an phointe rochtana aonair Eorpaigh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 50, 53, 62, agus 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá tábhacht ag baint le rochtain éasca agus struchtúrtha ar shonraí, lena n-áirítear ar fhaisnéis arna soláthar ar bhonn deonach, chun gur féidir le cinnteoirí sa gheilleagar agus sa tsochaí cinntí fónta a dhéanamh a fhreastalaíonn ar fheidhmiú éifeachtúil an mhargaidh. Tá rochtain den sórt sin riachtanach freisin chun cur leis na deiseanna fáis d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus chun cur lena n-infheictheacht agus lena nuálaíocht. Dá rollfaí amach spásanna coiteanna Eorpacha sonraí in earnálacha ríthábhachtacha, lena n-áirítear an earnáil airgeadais, d’fhreastalófaí ar an gcuspóir go soláthrófaí rochtain éasca ar fhoinsí iontaofa faisnéise sna hearnálacha sin. Meastar go rachaidh an earnáil féin faoi chlaochlú digiteach sna blianta atá le teacht, agus ba cheart don Aontas tacú leis an gclaochlú sin, trí airgeadas sonraíbhunaithe a chur chun cinn go háirithe. Ina theannta sin, maidir le maoiniú inbhuanaithe a chur i gcroílár an chórais airgeadais, is modh ríthábhachtach é chun aistriú glas gheilleagar an Aontais a bhaint amach. Ionas go n-éireoidh leis an aistriú glas sin, tá sé fíor-riachtanach go mbeadh faisnéis a bhaineann le hinbhuanaitheacht agus rialachas sóisialta gnólachtaí inrochtana go héasca d’infheisteoirí ionas go mbeidh siad níos eolaí agus cinntí á ndéanamh acu faoi infheistíochtaí. Chun na gcríoch sin, maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis airgeadais, neamhairgeadais agus faisnéis a bhaineann leis an gcomhshaol, le cúrsaí sóisialta agus leis an rialachas maidir le daoine nádúrtha nó dlítheanacha (‘eintitis’) a gceanglaítear orthu faisnéis den sórt sin a chur ar fáil don phobal, nó a dhéanann faisnéis den sórt sin a nochtadh go poiblí do chomhlacht bailiúcháin ar bhonn deonach, is gá an méid sin a fheabhsú. Is modh éifeachtúil é chun é sin a dhéanamh ar leibhéal an Aontais ardán láraithe a bhunú, lena dtabharfar rochtain leictreonach ar an bhfaisnéis ábhartha uile.

(2)

I dteachtaireacht uaidh an 24 Meán Fómhair 2020 dar teideal A Capital Markets Union for people and businesses – new action plan [Plean Gníomhaíochta maidir le hAontas na Margaí Caipitil – plean gníomhaíochta nua], mhol an Coimisiún feabhas a chur ar rochtain phoiblí ar fhaisnéis airgeadais agus neamhairgeadais de chuid eintiteas trí phointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) a chruthú. I dteachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Meán Fómhair 2020 dar teideal A digital finance strategy for the EU [Straitéis Airgeadais Dhigitigh don Aontas Eorpach] (‘an Straitéis Airgeadais Dhigitigh’), leagtar amach i dtéarmaí ginearálta conas a d’fhéadfadh an tAontas claochlú digiteach an airgeadais a chur chun cinn sna blianta amach romhainn, go háirithe conas is féidir maoiniú sonraíbhunaithe a chur chun cinn. Ina dhiaidh sin, i dteachtaireacht uaidh an 6 Iúil 2021 dar teideal Strategy for Financing the Transition to a Sustainable Economy [Straitéis maidir leis an Aistriú chuig Geilleagar Inbhuanaithe a Mhaoiniú], chuir an Coimisiún airgeadas inbhuanaithe i gcroílár an chórais airgeadais mar mhodh ríthábhachtach chun aistriú glas gheilleagar an Aontais a bhaint amach, mar chuid den Chomhaontú Glas don Eoraip a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019.

(3)

Bunaítear ESAP i gcomhréir le Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) chun rochtain éasca láraithe a sholáthar don phobal ar fhaisnéis faoi eintitis agus faoina dtáirgí atá ábhartha do sheirbhísí airgeadais, do mhargaí caipitil agus don inbhuanaitheacht, ar faisnéis í a cheanglaítear údaráis agus eintitis a fhoilsiú de bhun ghníomhartha reachtacha an Aontais sna réimsí sin. Ba cheart an foilsiú sin a dhéanamh i gcomhréir le prionsabal ‘comhdú uair amháin’ agus gan aon cheanglais bhreise maidir le nochtadh a bheith i gceist seachas na ceanglais sin a shonraítear le dlí. Ina theannta sin, ba cheart d’aon eintiteas a rialaítear le dlí Ballstáit a bheith in ann faisnéis faoina ghníomhaíochtaí eacnamaíocha atá ábhartha do sheirbhísí airgeadais nó do mhargaí caipitil, nó a bhaineann leis an inbhuanaitheacht a chur faoi bhráid comhlacht bailiúcháin, ar bhonn deonach, d’fhonn an fhaisnéis sin a dhéanamh inrochtana ar ESAP i gcomhréir le Rialachán (AE) 2023/2859.

(4)

Ba cheart roinnt treoracha i réimse na seirbhísí airgeadais, na margaí caipitil agus na hinbhuanaitheachta a leasú chun feidhmiú ESAP a chumasú. Chun feidhmiú fónta agus éifeachtúil ESAP a bhaint amach ar mhodh comhréireach, is gá uas-scálú an bhailiúcháin agus an tíolactha faisnéise a dhéanamh de réir a chéile. Tá sé beartaithe go mbeidh an ceanglas chun faisnéis a chur ar fáil do ESAP ina chuid dhílis de ghníomhartha reachtacha earnála an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2859 agus d’aon ghníomh reachtach breise de chuid an Aontais lena bhforáiltear do rochtain láraithe ar fhaisnéis ar ESAP. D’fhéadfaí athbhreithniú a dhéanamh ar an bhfaisnéis atá le déanamh inrochtana ar ESAP agus ar na comhlachtaí bailiúcháin arna n-ainmniú chun an fhaisnéis sin a bhailiú mar chuid den athbhreithniú ar na gníomhartha reachtacha earnála sin de chuid an Aontais, chun a áirithiú go dtabharfar le ESAP rochtain éasca láraithe do rannpháirtithe sa mhargadh ar an bhfaisnéis a theastaíonn uathu agus go dtiocfaidh ESAP chun bheith ina phointe tagartha.

(5)

Ba cheart ESAP a bhunú le tréimhse ama uaillmhianach, agus céimeanna idirmheánacha á nglacadh chun a fhóntacht oibríochtúil agus a éifeachtúlacht a áirithiú. Go háirithe, ba cheart am leordhóthanach a leithdháileadh chun ESAP a chur chun feidhme go teicniúil agus chun faisnéis a bhailiú, ar faisnéis í atá le cur i bhfeidhm sna Ballstáit. Ba cheart céim thosaigh 12 mhí a bheith ag forbairt ESAP chun am leordhóthanach a thabhairt do na Ballstáit agus don Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (ESMA) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) chun an bonneagar TF a bhunú agus chun é a thástáil ar bhonn líon teoranta sreafaí faisnéise a bhailiú. Ina dhiaidh sin, ba cheart, le himeacht ama, líon breise sreafaí faisnéise agus feidhmiúlachtaí a ionchorprú de réir a chéile i bhforbairt ESAP ar luas lenar féidir ESAP a fhorbairt ar bhealach fónta éifeachtúil. Ba cheart measúnú tráthrialta a dhéanamh ar fheidhmiú ESAP le linn a chur chun feidhme agus a oibríochta chun go bhféadfaí aon choigeartuithe a dhéanamh chun freastal ar riachtanais a chuid úsáideoirí agus chun a éifeachtúlacht theicniúil a áirithiú.

(6)

Chun críocha fheidhmiú ESAP, ba cheart comhlachtaí bailiúcháin a ainmniú chun faisnéis atá ábhartha do sheirbhísí airgeadais, do mhargaí caipitil agus don inbhuanaitheacht a bhailiú ó eintitis. In éagmais comhlacht bailiúcháin atá bunaithe cheana féin faoi dhlí an Aontais, ba cheart do na Ballstáit leanúint de bheith solúbtha maidir le bailiú faisnéise a eagrú ina ndlínse féin, ba cheart dóibh comhlacht bailiúcháin amháin ar a laghad a ainmniú, mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2023/2859, chun faisnéis a bhailiú agus a stóráil, agus ba cheart dóibh fógra a thabhairt do ESMA dá réir sin. Chun faisnéis a dhéanamh inrochtana ar ESAP ar bhealach costéifeachtúil, ba cheart bailiú, tarchur agus stóráil na faisnéise a bheith bunaithe, a mhéid is féidir, ar na nósanna imeachta agus ar an mbonneagar atá ann cheana maidir le bailiú, tarchur agus stóráil atá i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta chomh maith leis na nósanna imeachta agus leis an mbonneagar maidir le bailiú, tarchur agus stóráil atá i bhfeidhm chun faisnéis a tharchur ó na comhlachtaí bailiúcháin chuig ESMA.

(7)

Chun a áirithiú go soláthrófar le ESAP rochtain thráthúil ar fhaisnéis atá ábhartha do sheirbhísí airgeadais, do mhargaí caipitil agus don inbhuanaitheacht mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2023/2859, ba cheart d’eintitis a bhfaisnéis a chur faoi bhráid comhlacht bailiúcháin tráth a chuirfidh siad an fhaisnéis sin ar fáil don phobal. Dá réir sin, ba cheart do na comhlachtaí bailiúcháin an fhaisnéis a chur ar fáil do ESAP ar bhealach uathoibrithe. Ba cheart do na comhlachtaí bailiúcháin leas a bhaint, a mhéid is féidir, as na nósanna imeachta agus as an mbonneagar atá ann cheana maidir le bailiú faisnéise, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, chun faisnéis a tharchur chuig ESMA gan moill mhíchuí.

(8)

Ionas go bhféadfaí an fhaisnéis ar ESAP a úsáid go digiteach, ba cheart d’eintitis an fhaisnéis a chur faoi bhráid na gcomhlachtaí bailiúcháin i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint nó, i gcás ina gceanglaítear amhlaidh le dlí an Aontais, i bhformáid mheaisín-inléite. Ba cheart na meiteashonraí arna n-iarraidh ag na comhlachtaí bailiúcháin sin a bheith ag gabháil leis an bhfaisnéis a chuireann eintitis faoi bhráid na gcomhlachtaí bailiúcháin. Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún caighdeáin theicniúla cur chun feidhme arna bhforbairt ag an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) (ÚBE) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), ag an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) (ÚEÁPC) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), nó ag ESMA (ar a dtugtar le chéile ‘Údaráis Maoirseachta Eorpacha’ nó ‘ÚMEnna’) a ghlacadh, lena sonraítear na meiteashonraí a bhaineann le gach píosa faisnéise, conas a dhéanfar na sonraí san fhaisnéis a struchtúrú, an fhaisnéis a bhfuil gá le formáid mheaisín-inléite ina leith agus an fhormáid mheaisín-inléite atá le húsáid i gcásanna den sórt sin. Maidir le caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a bhaineann le faisnéis inbhuanaitheachta, ba cheart do ÚMEnna, ag gníomhú dóibh tríd an gComhchoiste, idirchaidreamh a dhéanamh le EFRAG maidir le forbairt na ndréachtchaighdeán sin. Ba cheart bonn cirt a bheith le formáid mheaisín-inléite a thabhairt isteach i ngeall ar anailís lena gcuirfí san áireamh na costais agus na tairbhí d’eintitis agus d’úsáideoirí na faisnéise agus freisin d’aon pháirtithe eile lena mbaineann, go háirithe na comhlachtaí bailiúcháin, na húdaráis inniúla agus ÚMEnna.

(9)

Níor cheart do na comhlachtaí bailiúcháin a bheith freagrach as cruinneas ábhar na faisnéise arna tíolacadh ag eintitis a fhíorú, mura rud é go bhfuil sainordú acu é sin a dhéanamh i gcomhréir leis na gníomhartha reachtacha is infheidhme de chuid an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2859. Ba cheart d’eintitis a thíolacann faisnéis ar bhonn éigeantach a bheith freagrach as cruinneas na faisnéise a thíolactar de bhun a n-oibleagáidí dlíthiúla faoi na gníomhartha reachtacha is infheidhme de chuid an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn sin nó faoin dlí náisiúnta.

(10)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) agus thug an Maoirseoir barúlacha foirmiúla an 19 Eanáir 2022.

(11)

Thug an Banc Ceannais Eorpach tuairim uaidh an 7 Meitheamh 2022 (8).

(12)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, eadhon na ceanglais maidir le nochtadh le haghaidh na faisnéise poiblí is ceart a bheith inrochtana trí ESAP a chomhchuibhiú, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(13)

Ba cheart, dá bhrí sin, na Treoracha seo a leanas a leasú dá réir sin:

Treoir 2002/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9);

Treoir 2004/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10);

Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11);

Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12);

Treoir 2007/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13);

Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14);

Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15);

Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16);

Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17);

Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18);

Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19);

Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20);

Treoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21);

Treoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22);

Treoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23);

Treoir (AE) 2019/2162 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24),

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú ar Threoir 2002/87/CE

I dTreoir 2002/87/CE, cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 30b

Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach

1.   Ón 10 Eanáir 2030, áiritheoidh na Ballstáit, nuair a bheidh aon fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 9(4) den Rialachán seo á nochtadh go poiblí acu, go ndéanfaidh eintitis rialáilte an fhaisnéis sin a chur faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo an tráth céanna chun í a dhéanamh inrochtana ar an bpointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1).

Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar leis an bhfaisnéis na ceanglais seo a leanas:

(a)

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859 nó, i gcás ina gceanglaítear amhlaidh le dlí an Aontais, i bhformáid mheaisín-inléite mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), den Rialachán sin;

(b)

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i)

ainmneacha uile an eintitis rialáilte lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii)

aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an eintitis rialáilte, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iii)

méid an eintitis rialáilte de réir catagóire, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (d), den Rialachán sin;

(iv)

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(v)

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

2.   Chun críocha mhír 1, pointe (b)(ii), ceanglóidh na Ballstáit ar eintitis rialáilte aitheantóir eintitis dhlítheanaigh a fháil.

3.   Chun go ndéanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo inrochtana ar ESAP, is é an t-údarás inniúil a bheidh sa chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859.

4.   Chun bailiú agus bainistiú éifeachtúil na faisnéise arna tíolacadh i gcomhréir le mír 1 a áirithiú, forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun an méid seo a leanas a shonrú:

(a)

aon mheiteashonraí eile atá le gabháil leis an bhfaisnéis;

(b)

struchtúrú na sonraí san fhaisnéis;

(c)

cén fhaisnéis a bhfuil gá le formáid mheaisín-inléite ina leith agus, i gcásanna den sórt sin, cén fhormáid mheaisín-inléite atá le húsáid.

Chun críocha phointe (c), déanfaidh ESMA measúnú ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le formáidí meaisín-inléite éagsúla agus déanfaidh sé tástálacha allamuigh iomchuí.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

5.   I gcás inar gá, glacfaidh ESMA treoirlínte chun a áirithiú go mbeidh na meiteashonraí arna dtíolacadh i gcomhréir le mír 4, an chéad fhomhír, pointe (a), ceart.

Airteagal 2

Leasú ar Threoir 2004/25/CE

I dTreoir 2004/25/CE, cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 16a

Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach

1.   Ón 10 Eanáir 2030, áiritheoidh na Ballstáit, nuair a bheidh aon fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 4(2), pointe (c), Airteagal 6(1) agus (2) agus Airteagal 9(5) den Treoir seo á poibliú acu, go ndéanfaidh cuideachtaí an fhaisnéis sin a chur faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo an tráth céanna chun í a dhéanamh inrochtana ar an bpointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2).

Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar leis an bhfaisnéis na ceanglais seo a leanas:

(a)

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859 nó, i gcás ina gceanglaítear amhlaidh le dlí an Aontais, i bhformáid mheaisín-inléite, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), den Rialachán sin;

(b)

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i)

ainmneacha uile na cuideachta lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii)

aitheantóir eintitis dhlítheanaigh na cuideachta, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iii)

méid na cuideachta de réir catagóire, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (d), den Rialachán sin;

(iv)

earnáil nó earnálacha tionscail ghníomhaíochtaí eacnamaíocha na cuideachta, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (e), den Rialachán sin;

(v)

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(vi)

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

2.   Chun críocha mhír 1, pointe (b)(ii), ceanglóidh na Ballstáit ar chuideachtaí aitheantóir eintitis dhlítheanaigh a fháil.

3.   Faoin 9 Eanáir 2030, chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanamh inrochtana ar ESAP, ainmneoidh na Ballstáit comhlacht bailiúcháin amháin ar a laghad mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859 agus tabharfaidh siad fógra do ESMA ina leith sin.

4.   Ón 10 Eanáir 2030, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 5(4) inrochtana ar ESAP. Chun na críche sin, is é an t-údarás atá inniúil chun maoirseacht a dhéanamh ar thairiscint arna hainmniú de bhun Airteagal 4(1) den Treoir seo a bheidh sa chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859.

Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar leis an bhfaisnéis na ceanglais seo a leanas:

(a)

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(b)

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i)

ainmneacha uile na cuideachta lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii)

i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh na cuideachta, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iii)

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(iv)

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

5.   Chun bailiú agus bainistiú éifeachtúil na faisnéise arna tíolacadh i gcomhréir le mír 1 a áirithiú, forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun an méid seo a leanas a shonrú:

(a)

aon mheiteashonraí eile atá le gabháil leis an bhfaisnéis;

(b)

struchtúrú na sonraí san fhaisnéis;

(c)

cén fhaisnéis a bhfuil gá le formáid mheaisín-inléite ina leith agus, i gcásanna den sórt sin, cén fhormáid mheaisín-inléite atá le húsáid.

Chun críocha phointe (c), déanfaidh ESMA measúnú ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le formáidí meaisín-inléite éagsúla agus déanfaidh sé tástálacha allamuigh iomchuí.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

6.   I gcás inar gá, glacfaidh ESMA treoirlínte chun a áirithiú go mbeidh na meiteashonraí arna dtíolacadh i gcomhréir le mír 5, an chéad fhomhír, pointe (a), ceart.

Airteagal 3

Leasuithe ar Threoir 2004/109/CE

Leasaítear Treoir 2004/109/CE mar a leanas:

(1)

scriostar Airteagal 21a;

(2)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 23a

Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach

1.   Ón 10 Iúil 2026, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an t-eisitheoir nó an duine a rinne iarratas ar urrúis a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte gan toiliú an eisitheora, nuair a bheidh an fhaisnéis rialáilte dá dtagraítear in Airteagal 21(1) den Treoir seo á nochtadh, an fhaisnéis rialáilte sin a chur faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin ábhartha dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo an tráth céanna, chun í a dhéanamh inrochtana ar an bpointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3).

Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar leis an bhfaisnéis rialáilte na ceanglais seo a leanas:

(a)

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán 2023/2859 nó, i gcás ina gceanglaítear amhlaidh le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, i bhformáid mheaisín-inléite mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), den Rialachán sin;

(b)

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i)

ainmneacha uile an eisitheora lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii)

aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an eisitheora, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iii)

méid an eisitheora de réir catagóire, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (d), den Rialachán sin;

(iv)

earnáil nó earnálacha tionscail ghníomhaíochtaí eacnamaíocha an eisitheora, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (e), den Rialachán sin;

(v)

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(vi)

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

2.   Chun críocha mhír 1, pointe (b)(ii), ceanglóidh na Ballstáit ar eisitheoirí aitheantóir eintitis dhlítheanaigh a fháil.

3.   Chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh inrochtana ar ESAP, is é an sásra arna cheapadh go hoifigiúil arna ainmniú faoi Airteagal 21(2) den Treoir seo a bheidh sa chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859.

4.   Ón 10 Iúil 2026, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 29(1) den Treoir seo inrochtana ar ESAP. Chun na críche sin, is é an t-údarás inniúil de bhun na Treorach seo a bheidh sa chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859.

Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar leis an bhfaisnéis na ceanglais seo a leanas:

(a)

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(b)

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i)

ainmneacha uile an duine nádúrtha nó an duine dhlítheanaigh lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii)

i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an eintitis dhlíthiúil, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iii)

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(iv)

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san áireamh san fhaisnéis.

5.   Chun bailiú agus bainistiú éifeachtúil na faisnéise rialáilte arna tíolacadh i gcomhréir le mír 1 a áirithiú, forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun an méid seo a leanas a shonrú:

(a)

aon mheiteashonraí eile atá le gabháil leis an bhfaisnéis sin, lena n-áirítear an tuarascáil leathbhliantúil airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5(1);

(b)

struchtúrú na sonraí agus an fhormáid mheaisín-inléite is infheidhme maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) den fhomhír seo.

Chun críocha phointe (b), déanfaidh ESMA measúnú ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le formáidí meaisín-inléite éagsúla agus déanfaidh sé tástálacha allamuigh iomchuí.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

6.   I gcás inar gá, glacfaidh ESMA treoirlínte chun a áirithiú go mbeidh na meiteashonraí arna dtíolacadh i gcomhréir le mír 5, an chéad fhomhír, pointe (a), ceart.

(*3)  Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 lena mbunaítear pointe rochtana aonair Eorpach lena soláthraítear rochtain láraithe ar fhaisnéis atá ar fáil don phobal agus atá ábhartha do sheirbhísí airgeadais, do mhargaí caipitil agus don inbhuanaitheacht (IO L, 2023/2859, 20.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2859/oj).’."

Airteagal 4

Leasú ar Threoir 2006/43/CE

I dTreoir 2006/43/CE, cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 20a

Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach

1.   Ón 10 Eanáir 2030, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 30c den Treoir seo inrochtana ar an bpointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4). Chun na críche sin, is é an t-údarás inniúil de bhun na Treorach seo a bheidh sa chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), den Rialachán sin.

Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar leis an bhfaisnéis na ceanglais seo a leanas:

(a)

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(b)

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i)

ainmneacha uile an iniúchóra reachtúil nó an ghnólachta iniúchóireachta lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii)

i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an ghnólachta iniúchóireachta, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iii)

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(iv)

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

2.   Ón 10 Eanáir 2030, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 15 den Treoir seo inrochtana ar ESAP. Chun na críche sin, is é an clár poiblí a bheidh sa chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859.

Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar leis an bhfaisnéis na ceanglais seo a leanas:

(a)

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(b)

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i)

ainmneacha uile an iniúchóra reachtúil nó an ghnólachta iniúchóireachta lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii)

i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an ghnólachta iniúchóireachta, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iii)

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(iv)

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

Airteagal 5

Leasú ar Threoir 2007/36/CE

I dTreoir 2007/36/CE, cuirtear an chaibidil seo a leanas isteach:

Caibidil IIb

Pointe rochtana aonairEorpach

Airteagal 14c

Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach

1.   Ón 10 Eanáir 2030, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh infheisteoirí institiúideacha, bainisteoirí sócmhainní, seach-chomhairleoirí agus cuideachtaí, nuair a bheidh aon fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 3g(1), Airteagal 3h(1) agus (2), Airteagal 3j(1) agus (2), Airteagal 9a(7), Airteagal 9b(5), Airteagal 9c(2) agus (7), agus Airteagal 14(2) den Treoir seo á poibliú acu, an fhaisnéis sin a chur faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo an tráth céanna, chun í a dhéanamh inrochtana ar an bpointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5).

Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar leis an bhfaisnéis na ceanglais seo a leanas:

(a)

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859 nó, i gcás ina gceanglaítear amhlaidh le dlí an Aontais, i bhformáid mheaisín-inléite, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), den Rialachán sin;

(b)

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i)

ainmneacha uile an infheisteora institiúidigh, an bhainisteora sócmhainní, an tseach-chomhairleora nó na cuideachta lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii)

aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an infheisteora institiúidigh, an bhainisteora sócmhainní, an tseach-chomhairleora nó na cuideachta, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iii)

méid an infheisteora institiúidigh, an bhainisteora sócmhainní, an tseach-chomhairleora nó na cuideachta de réir catagóire, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (d), den Rialachán sin;

(iv)

earnáil nó earnálacha tionscail ghníomhaíochtaí eacnamaíocha na cuideachta, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (e), den Rialachán sin;

(v)

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(vi)

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

2.   Chun críocha mhír 1, pointe (b)(ii), ceanglóidh na Ballstáit ar infheisteoirí institiúideacha, bainisteoirí sócmhainní, seach-chomhairleoirí agus cuideachtaí aitheantóir eintitis dhlítheanaigh a fháil.

3.   Faoin 9 Eanáir 2030, chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanamh inrochtana ar ESAP, ainmneoidh na Ballstáit comhlacht bailiúcháin amháin ar a laghad mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859 agus tabharfaidh siad fógra do ESMA ina leith sin.

4.   Chun bailiú agus bainistiú éifeachtúil na faisnéise arna tíolacadh i gcomhréir le mír 1 a áirithiú, forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme lena sonrófar an méid seo a leanas a shonrú:

(a)

aon mheiteashonraí eile atá le gabháil leis an bhfaisnéis;

(b)

struchtúrú na sonraí san fhaisnéis;

(c)

cén fhaisnéis a bhfuil gá le formáid mheaisín-inléite ina leith agus, i gcásanna den sórt sin, cén fhormáid mheaisín-inléite atá le húsáid.

Chun críocha phointe (c), déanfaidh ESMA measúnú ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le formáidí meaisín-inléite éagsúla agus déanfaidh sé tástálacha allamuigh iomchuí.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

5.   I gcás inar gá, glacfaidh ESMA treoirlínte chun a áirithiú go mbeidh na meiteashonraí arna dtíolacadh i gcomhréir le mír 4, an chéad fhomhír, pointe (a), ceart.

Airteagal 6

Leasú ar Threoir 2009/65/CE

I dTreoir 2009/65/CE, Caibidil IX, cuirtear an roinn seo a leanas léi:

‘ROINN 4

INROCHTAINEACHT FAISNÉISE AR AN BPOINTE ROCHTANA AONAIR EORPACH

Airteagal 82a

1.   Ón 10 Eanáir 2028, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh cuideachtaí bainistíochta agus cuideachtaí infheistíochta, nuair a bheidh aon fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 68(1) agus 78(1) den Treoir seo á poibliú acu, an fhaisnéis sin a chur faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo an tráth céanna chun í a dhéanamh inrochtana ar an bpointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6).

Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar leis an bhfaisnéis na ceanglais seo a leanas:

(a)

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859 nó, i gcás ina gceanglaítear amhlaidh le dlí an Aontais, i bhformáid mheaisín-inléite, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), den Rialachán sin;

(b)

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i)

ainmneacha uile an GCUI lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii)

aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an GCUI, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iii)

méid an GCUI de réir catagóire, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (d), den Rialachán sin;

(iv)

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(v)

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

2.   Chun críocha mhír 1, pointe (b)(ii), áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh an GCUI aitheantóir eintitis dhlítheanaigh.

3.   Chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanamh inrochtana ar ESAP, is é an t-údarás inniúil a bheidh sa chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859.

4.   Ón 10 Eanáir 2028, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(1), an dara fomhír, den Treoir seo inrochtana ar ESAP. Chun na críche sin, is é an t-údarás inniúil a bheidh sa chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859.

Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar leis an bhfaisnéis na ceanglais seo a leanas:

(a)

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(b)

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i)

ainmneacha uile na cuideachta bainistíochta lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii)

i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh na cuideachta bainistíochta, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), den Rialachán sin;

(iii)

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(iv)

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

5.   Ón 10 Eanáir 2028, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 99b(1) den Treoir seo inrochtana ar ESAP. Chun na críche sin, is é an t-údarás inniúil a bheidh sa chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859.

Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar leis an bhfaisnéis na ceanglais seo a leanas:

(a)

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(b)

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i)

ainmneacha uile an GCUI lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii)

i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an GCUI, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iii)

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(iv)

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

6.   Chun bailiú agus bainistiú éifeachtúil na faisnéise arna tíolacadh i gcomhréir le mír 1 a áirithiú, forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun an méid seo a leanas a shonrú:

(a)

aon mheiteashonraí eile atá le gabháil leis an bhfaisnéis;

(b)

struchtúrú na sonraí san fhaisnéis;

(c)

cén fhaisnéis a bhfuil gá le formáid mheaisín-inléite ina leith agus, i gcásanna den sórt sin, cén fhormáid mheaisín-inléite atá le húsáid.

Chun críocha phointe (c), déanfaidh ESMA measúnú ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le formáidí meaisín-inléite éagsúla agus déanfaidh sé tástálacha allamuigh iomchuí.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

7.   I gcás inar gá, glacfaidh ESMA treoirlínte chun a áirithiú go mbeidh na meiteashonraí arna dtíolacadh i gcomhréir le mír 6, an chéad fhomhír, pointe (a), ceart.

Airteagal 7

Leasú ar Threoir 2009/138/CE

I dTreoir 2009/138/CE, cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 304b

Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach

1.   Ón 10 Eanáir 2030, áiritheoidh na Ballstáit, nuair a bheidh aon fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 51(1) agus 256(1) den Treoir seo á poibliú acu, go gcuirfidh gnóthais árachais nó athárachais an fhaisnéis sin faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin ábhartha dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo an tráth céanna chun í a dhéanamh inrochtana ar an bpointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*7).

Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar leis an bhfaisnéis na ceanglais seo a leanas:

(a)

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859 nó, i gcás ina gceanglaítear amhlaidh le dlí an Aontais, i bhformáid mheaisín-inléite, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), den Rialachán sin;

(b)

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i)

ainmneacha uile an ghnóthais árachais nó athárachais lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii)

aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an ghnóthais árachais nó athárachais, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iii)

méid an ghnóthais árachais nó athárachais de réir catagóire, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (d), den Rialachán sin;

(iv)

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(v)

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

2.   Chun críocha mhír 1, pointe (b)(ii), áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh gnóthais árachais nó athárachais aitheantóir eintitis dhlítheanaigh.

3.   Faoin 9 Eanáir 2030, chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanamh inrochtana ar ESAP, ainmneoidh na Ballstáit comhlacht bailiúcháin amháin ar a laghad mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859 agus tabharfaidh siad fógra do ESMA ina leith sin.

4.   Ón 10 Eanáir 2030, déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 25a den Treoir seo inrochtana ar ESAP,. Chun na críche sin, is é ÚEÁPC a bheidh sa chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859. Bainfidh ÚEÁPC na sonraí sin as an bhfaisnéis arna cur in iúl ag na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 25a den Treoir seo chun an liosta dá dtagraítear in Airteagal 25a den Treoir seo a bhunú.

Leis an bhfaisnéis sin, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(a)

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(b)

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i)

ainmneacha uile an ghnóthais árachais nó athárachais lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii)

i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an ghnóthais árachais nó athárachais, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iii)

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(iv)

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

5.   Ón 10 Eanáir 2030, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 271(1) agus 280(1) den Treoir seo inrochtana ar ESAP. Chun na críche sin, is é an t-údarás inniúil a bheidh sa chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859.

Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar leis an bhfaisnéis na ceanglais seo a leanas:

(a)

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(b)

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i)

ainmneacha uile an ghnóthais árachais nó athárachais lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii)

i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an ghnóthais árachais nó athárachais, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iii)

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(iv)

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

6.   Chun bailiú agus bainistiú éifeachtúil na faisnéise arna tíolacadh i gcomhréir le mír 1 a áirithiú, forbróidh ÚEÁPC dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun an méid seo a leanas a shonrú:

(a)

aon mheiteashonraí eile atá le gabháil leis an bhfaisnéis;

(b)

struchtúrú na sonraí san fhaisnéis;

(c)

cén fhaisnéis a bhfuil gá le formáid mheaisín-inléite ina leith agus, i gcásanna den sórt sin, cén fhormáid mheaisín-inléite atá le húsáid.

Chun críocha phointe (c), déanfaidh ÚEÁPC measúnú ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le formáidí meaisín-inléite éagsúla agus déanfaidh sé tástálacha allamuigh iomchuí.

Déanfaidh ÚEÁPC na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.

7.   I gcás inar gá, glacfaidh ÚEÁPC treoirlínte chun a áirithiú go mbeidh na meiteashonraí arna dtíolacadh i gcomhréir le mír 6, an chéad fhomhír, pointe (a), ceart.

Airteagal 8

Leasú ar Threoir 2011/61/AE

I dTreoir 2011/61/AE, cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 69b

Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach

Ón 10 Eanáir 2030, déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 7(5), an dara fomhír, den Treoir seo inrochtana ar an bpointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*8). Chun na críche sin, is é ESMA a bheidh sa chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859.

Leis an bhfaisnéis sin, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(a)

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(b)

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i)

ainmneacha uile an BCIM a údaraítear faoin Treoir seo agus liosta na CIManna arna mbainistiú nó arna margú ag an BCIM lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii)

i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an BCIM a údaraítear faoin Treoir seo agus liosta na CIManna arna mbainistiú nó arna margú ag an BCIM sin, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859,

(iii)

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(iv)

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

Airteagal 9

Leasú ar Threoir 2013/34/AE

I dTreoir 2013/34/AE, cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 33a

Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach

1.   Ón 10 Eanáir 2028, áiritheoidh na Ballstáit, nuair a bheidh an tuarascáil bhainistíochta agus an tuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite á bpoibliú acu, lena n-áirítear, i gcás an dá thuarascáil, an fhaisnéis a cheanglaítear in Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2020/852, chomh maith leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite, an tuarascáil iniúchóireachta, an tuarascáil dearbhaithe, na tuarascálacha inbhuanaitheachta a bhaineann le gnóthais tríú tír agus an tuairim dhearbhaithe ghaolmhar, an ráiteas dá dtagraítear in Airteagal 40a(2), an ceathrú fomhír, den Treoir seo, an tuarascáil maidir le híocaíochtaí le rialtais, agus an tuarascáil chomhdhlúite maidir le híocaíochtaí le rialtais dá dtagraítear in Airteagal 30, Airteagal 40d agus Airteagal 45 den Treoir seo, go gcuirfidh na gnóthais dá dtagraítear in Airteagail 19a, 29a agus 40a den Treoir seo na ráitis agus na tuarascálacha sin faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo an tráth céanna chun iad a dhéanamh inrochtana ar an bpointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*9).

Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar leis an bhfaisnéis na ceanglais seo a leanas:

(a)

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859 nó, i gcás ina gceanglaítear amhlaidh le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, i bhformáid mheaisín-inléite, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), den Rialachán sin;

(b)

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i)

ainmneacha uile an ghnóthais lena mbaineann an fhaisnéis, agus, i gcás inar foghnóthas díolmhaithe dá dtagraítear in Airteagal 29a(4), an dara fomhír, é an gnóthas tuairiscithe, ainm an mháthairghnóthais a thuairiscíonn faisnéis ar leibhéal an ghrúpa;

(ii)

aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an ghnóthais agus, i gcás inar foghnóthas díolmhaithe dá dtagraítear in Airteagal 29a(4), an dara fomhír, an gnóthas tuairiscithe, i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an mháthairghnóthais a thuairiscíonn faisnéis ar leibhéal an ghrúpa, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iii)

méid an ghnóthais de réir catagóire, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (d), den Rialachán sin;

(iv)

earnáil nó earnálacha tionscail ghníomhaíochtaí eacnamaíocha an ghnóthais, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (e), den Rialachán sin;

(v)

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(vi)

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

2.   I gcás inar chuir gnóthas an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo faoi bhráid Sásra arna Cheapadh go hOifigiúil de bhun Airteagal 23a de Threoir 2004/109/CE chun an fhaisnéis sin a chur ar fáil ar ESAP, measfar go bhfuil a oibleagáidí faoi mhír 1 den Airteagal seo comhlíonta ag an ngnóthas sin, ar choinníoll go gcomhlíontar leis an bhfaisnéis sin gach ceanglas maidir le meiteashonraí a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo.

3.   Chun críocha mhír 1, pointe (b)(ii), áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh gnóthais aitheantóir eintitis dhlítheanaigh.

4.   Faoin 9 Eanáir 2028, chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanamh inrochtana ar ESAP, ainmneoidh na Ballstáit comhlacht bailiúcháin amháin ar a laghad mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859 agus tabharfaidh siad fógra do ESMA ina leith sin.

5.   Chun bailiú agus bainistiú éifeachtúil na faisnéise arna tíolacadh i gcomhréir le mír 1 a áirithiú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún bearta cur chun feidhme a ghlacadh chun an méid seo a leanas a shonrú:

(a)

aon mheiteashonraí eile atá le gabháil leis an bhfaisnéis;

(b)

struchtúrú na sonraí san fhaisnéis;

(c)

cén fhaisnéis a bhfuil gá le formáid mheaisín-inléite ina leith agus, i gcásanna den sórt sin, cén fhormáid mheaisín-inléite atá le húsáid.

6.   I gcás inar gá, glacfaidh an Coimisiún treoirlínte chun a áirithiú go mbeidh na meiteashonraí arna dtíolacadh i gcomhréir le mír 5, pointe (a), ceart.

Airteagal 10

Leasú ar Threoir 2013/36/AE

I dTreoir 2013/36/AE, cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 116a

Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach

Ón 10 Eanáir 2030, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 68(1) agus (2) agus Airteagal 131(12) den Treoir seo inrochtana, ar an bpointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*10). Chun na críche sin, is é an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe a bheidh sa chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), den Rialachán sin.

Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar leis an bhfaisnéis na ceanglais seo a leanas:

(a)

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(b)

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i)

ainmneacha uile an duine nádúrtha nó na hinstitiúide lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii)

i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh na hinstitiúide, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iii)

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(iv)

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

Airteagal 11

Leasú ar Threoir 2014/59/AE

I dTreoir 2014/59/AE, cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 128a

Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach

1.   Ón 10 Eanáir 2030, áiritheoidh na Ballstáit, nuair a bheidh aon fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 26(1) agus Airteagal 45i(3) den Treoir seo á poibliú aige, go gcuirfidh an t-eintiteas ábhartha an fhaisnéis sin faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin ábhartha dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo an tráth céanna chun í a dhéanamh inrochtana ar an bpointe rochtana aonair Eorpach (ESAP), arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*11).

Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar leis an bhfaisnéis na ceanglais seo a leanas:

(a)

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859 nó, i gcás ina gceanglaítear amhlaidh le dlí an Aontais, i bhformáid mheaisín-inléite, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), den Rialachán sin;

(b)

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i)

ainmneacha uile an eintitis ábhartha lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii)

aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an eintitis ábhartha, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iii)

méid an eintitis ábhartha de réir catagóire, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (d), den Rialachán sin;

(iv)

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(v)

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

2.   Chun críocha mhír 1, pointe (b)(ii), áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh eintitis aitheantóir eintitis dhlítheanaigh.

3.   Faoin 9 Eanáir 2030, chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanamh inrochtana ar ESAP, ainmneoidh na Ballstáit comhlacht bailiúcháin amháin ar a laghad mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859 agus tabharfaidh siad fógra do ESMA ina leith sin.

4.   Ón 10 Eanáir 2030, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 29(1) agus 112(1) den Treoir seo inrochtana ar ESAP. Chun na críche sin, is é an t-údarás inniúil a bheidh sa chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859.

Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar leis an bhfaisnéis na ceanglais seo a leanas:

(a)

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(b)

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i)

ainmneacha uile na hinstitiúide ábhartha lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii)

i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh na hinstitiúide ábhartha, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iii)

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(iv)

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis sin.

5.   Ón 10 Eanáir 2030, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 33a(8), 35(1), 83(4) agus 112(1) den Treoir seo inrochtana ar ESAP. Chun na críche sin, is é an t-údarás réitigh a bheidh sa chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859.

Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar leis an bhfaisnéis na ceanglais seo a leanas:

(a)

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(b)

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i)

ainmneacha uile na hinstitiúide ábhartha lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii)

i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh na hinstitiúide ábhartha, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), den Rialachán sin;

(iii)

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(iv)

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

6.   Chun bailiú agus bainistiú éifeachtúil na faisnéise arna tíolacadh i gcomhréir le mír 1 a áirithiú, forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun an méid seo a leanas a shonrú:

(a)

aon mheiteashonraí eile atá le gabháil leis an bhfaisnéis;

(b)

struchtúrú na sonraí san fhaisnéis;

(c)

cén fhaisnéis a bhfuil gá le formáid mheaisín-inléite ina leith agus, i gcásanna den sórt sin, cén fhormáid mheaisín-inléite atá le húsáid.

Chun críocha phointe (c), déanfaidh ÚBE measúnú ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le formáidí meaisín-inléite éagsúla agus déanfaidh sé tástálacha allamuigh iomchuí chun na críche sin.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

7.   I gcás inar gá, glacfaidh ÚBE treoirlínte chun a áirithiú go mbeidh na meiteashonraí arna dtíolacadh i gcomhréir le mír 6, an chéad fhomhír, pointe (a), ceart.

Airteagal 12

Leasú ar Threoir 2014/65/AE

I dTreoir 2014/65/AE, cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 87a

Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach

1.   Ón 10 Eanáir 2030, áiritheoidh na Ballstáit, nuair a bheidh aon fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 27(3) agus (6), Airteagal 33(3), pointí (c), (d), agus (f), agus Airteagal 46(2) den Treoir seo á poibliú acu, go gcuirfidh gnólachtaí infheistíochta, oibreoirí margaidh nó eisitheoirí an fhaisnéis sin faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin ábhartha dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo an tráth céanna chun í a dhéanamh inrochtana ar an bpointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*12).

Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar leis an bhfaisnéis na ceanglais seo a leanas:

(a)

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859 nó, i gcás ina gceanglaítear amhlaidh le dlí an Aontais, i bhformáid mheaisín-inléite, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), den Rialachán sin;

(b)

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i)

ainmneacha uile an ghnólachta infheistíochta, an oibreora margaidh nó an eisitheora lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii)

aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an ghnólachta infheistíochta, an oibreora margaidh nó an eisitheora, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iii)

méid an ghnólachta infheistíochta, an oibreora margaidh nó an eisitheora de réir catagóire, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (d), den Rialachán sin;

(iv)

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(v)

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

2.   Chun críocha mhír 1, pointe (b)(ii), áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh gnólachtaí infheistíochta, oibreoirí margaidh agus eisitheoirí aitheantóir eintitis dhlítheanaigh.

3.   Faoin 9 Eanáir 2030, chun an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 27(3) agus (6) agus Airteagal 33(3), pointí (c), (d) agus (f), den Treoir seo a dhéanamh inrochtana ar ESAP, ainmneoidh na Ballstáit comhlacht bailiúcháin amháin ar a laghad mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859 agus tabharfaidh siad fógra do ESMA ina leith sin.

Chun an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 46(2) den Treoir seo a dhéanamh inrochtana ar ESAP, is é an t-údarás inniúil a bheidh sa chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859.

4.   Ón 10 Eanáir 2030, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 32(2), an chéad fhomhír, agus Airteagail 52(2) agus 71(1) agus (2) den Treoir seo inrochtana ar ESAP. Chun na críche sin, is é an t-údarás inniúil a bheidh sa chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859.

Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar leis an bhfaisnéis na ceanglais seo a leanas:

(a)

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(b)

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i)

ainmneacha uile an ghnólachta infheistíochta nó an oibreora margaidh lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii)

i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an ghnólachta infheistíochta nó an oibreora margaidh, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iii)

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(iv)

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

5.   Ón 10 Eanáir 2030, déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 5(3), Airteagal 18(10), an ceathrú habairt, agus Airteagal 58(1), pointe (a), den Treoir seo inrochtana ar ESAP. Chun na críche sin, is é ESMA a bheidh sa chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859.

Leis an bhfaisnéis sin, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(a)

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(b)

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i)

ainmneacha uile an ghnólachta infheistíochta nó an oibreora margaidh lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii)

i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an ghnólachta infheistíochta nó an oibreora margaidh, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iii)

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(iv)

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

6.   Ón 10 Eanáir 2030, déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 29(3) den Treoir seo inrochtana ar ESAP. Chun na críche sin, is é an clár poiblí a bheidh sa chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859.

Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar leis an bhfaisnéis na ceanglais seo a leanas:

(a)

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(b)

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i)

ainmneacha uile an ghníomhaire faoi cheangal lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii)

i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an ghníomhaire faoi cheangal, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iii)

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(iv)

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

7.   Chun bailiú agus bainistiú éifeachtúil na faisnéise arna tíolacadh i gcomhréir le mír 1 a áirithiú, forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun an méid seo a leanas a shonrú:

(a)

aon mheiteashonraí eile atá le gabháil leis an bhfaisnéis;

(b)

struchtúrú na sonraí san fhaisnéis;

(c)

cén fhaisnéis a bhfuil gá le formáid mheaisín-inléite ina leith agus, i gcásanna den sórt sin, cén fhormáid mheaisín-inléite atá le húsáid.

Chun críocha phointe (c), déanfaidh ESMA measúnú ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le formáidí meaisín-inléite éagsúla agus déanfaidh sé tástálacha allamuigh iomchuí chun na críche sin.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

8.   I gcás inar gá, glacfaidh ESMA treoirlínte chun a áirithiú go mbeidh na meiteashonraí arna dtíolacadh i gcomhréir le mír 8, an chéad mhír, pointe (a), ceart.

Airteagal 13

Leasú ar Threoir (AE) 2016/97

I dTreoir (AE) 2016/97, cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 40a

Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach

Ón 10 Eanáir 2030, déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 32(1) agus (2) den Treoir seo inrochtana ar an bpointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*13). Chun na críche sin, is é an t-údarás inniúil a bheidh sa chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859.

Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar leis an bhfaisnéis na ceanglais seo a leanas:

(a)

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(b)

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i)

ainmneacha uile an eintitis lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii)

i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an eintitis, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iii)

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(iv)

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

Airteagal 14

Leasú ar Threoir (AE) 2016/2341

I dTreoir (AE) 2016/2341, cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 63a

Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach

1.   Ón 10 Eanáir 2030, áiritheoidh na Ballstáit, nuair a bheidh aon fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 23(2), Airteagal 29 agus Airteagal 30 den Treoir seo á poibliú acu, go gcuirfidh IORPanna an fhaisnéis sin faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin ábhartha dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo an tráth céanna chun í a dhéanamh inrochtana ar an bpointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*14).

Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar leis an bhfaisnéis na ceanglais seo a leanas:

(a)

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859 nó, i gcás ina gceanglaítear amhlaidh le dlí an Aontais, i bhformáid mheaisín-inléite, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), den Rialachán sin;

(b)

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i)

ainmneacha uile an IORP lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii)

aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an IORP, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iii)

méid an IORP de réir catagóire, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (d), den Rialachán sin;

(iv)

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(v)

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

2.   Chun críocha mhír 1, pointe (b)(ii), áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh IORPanna aitheantóir eintitis dhlítheanaigh.

3.   Faoin 9 Eanáir 2030, chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanamh inrochtana ar ESAP, ainmneoidh na Ballstáit comhlacht bailiúcháin amháin ar a laghad mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859 agus tabharfaidh siad fógra do ESMA ina leith sin.

4.   Ón 10 Eanáir 2030, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 48(4) den Treoir seo inrochtana ar ESAP. Chun na críche sin, is é an t-údarás inniúil a bheidh sa chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859.

Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar leis an bhfaisnéis na ceanglais seo a leanas:

(a)

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(b)

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i)

ainmneacha uile an duine ar ar forchuireadh an smachtbhanna riaracháin nó beart eile lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii)

i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an duine ar ar forchuireadh an smachtbhanna riaracháin nó beart eile, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iii)

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(iv)

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

5.   Chun bailiú agus bainistiú éifeachtúil na faisnéise arna tíolacadh i gcomhréir le mír 1 a áirithiú, forbróidh ÚEÁPC dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun an méid seo a leanas a shonrú:

(a)

aon mheiteashonraí eile atá le gabháil leis an bhfaisnéis;

(b)

struchtúrú na sonraí san fhaisnéis;

(c)

cén fhaisnéis a bhfuil gá le formáid mheaisín-inléite ina leith agus, i gcásanna den sórt sin, cén fhormáid mheaisín-inléite atá le húsáid.

Chun críocha phointe (c), déanfaidh ÚEÁPC measúnú ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le formáidí meaisín-inléite éagsúla agus déanfaidh sé tástálacha allamuigh iomchuí.

Déanfaidh ÚEÁPC na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.

6.   I gcás inar gá, glacfaidh ÚEÁPC treoirlínte chun a áirithiú go mbeidh na meiteashonraí arna dtíolacadh i gcomhréir le mír 5, an chéad fhomhír, pointe (a), ceart.

Airteagal 15

Leasú ar Threoir (AE) 2019/2034

I dTreoir (AE) 2019/2034, cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 44a

Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach

1.   Ón 10 Eanáir 2030, áiritheoidh na Ballstáit, nuair a bheidh aon fhaisnéis de bhun Airteagal 44 den Treoir seo á poibliú acu, go gcuirfidh gnólachtaí infheistíochta nó máthairghnóthais an fhaisnéis sin faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin ábhartha dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo an tráth céanna chun í a dhéanamh inrochtana ar an bpointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*15).

Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar leis an bhfaisnéis na ceanglais seo a leanas:

(a)

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859 nó, i gcás ina gceanglaítear amhlaidh le dlí an Aontais, i bhformáid mheaisín-inléite, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), den Rialachán sin;

(b)

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i)

ainmneacha uile an ghnólachta infheistíochta nó an mháthairghnóthais lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii)

aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an ghnólachta infheistíochta nó an mháthairghnóthais, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iii)

méid an ghnólachta infheistíochta nó an mháthairghnóthais de réir catagóire, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (d), den Rialachán sin;

(iv)

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(v)

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

2.   Chun críocha mhír 1, pointe (b)(ii), áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh gnólachtaí infheistíochta agus máthairghnóthais aitheantóir eintitis dhlítheanaigh.

3.   Faoin 9 Eanáir 2030, chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanamh inrochtana ar ESAP, ainmneoidh na Ballstáit comhlacht bailiúcháin amháin ar a laghad mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859 agus tabharfaidh siad fógra do ESMA ina leith sin.

4.   Ón 10 Eanáir 2030, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 20 den Treoir seo inrochtana ar ESAP. Chun na críche sin, is é an t-údarás inniúil a bheidh sa chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859.

Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar leis an bhfaisnéis na ceanglais seo a leanas:

(a)

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(b)

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i)

ainmneacha uile an ghnólachta infheistíochta lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii)

i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an ghnólachta infheistíochta, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iii)

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(iv)

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

5.   Chun bailiú agus bainistiú éifeachtúil na faisnéise arna tíolacadh i gcomhréir le mír 1 a áirithiú, forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun an méid seo a leanas a shonrú:

(a)

aon mheiteashonraí eile atá le gabháil leis an bhfaisnéis;

(b)

struchtúrú na sonraí san fhaisnéis;

(c)

cén fhaisnéis a bhfuil gá le formáid mheaisín-inléite ina leith agus, i gcásanna den sórt sin, cén fhormáid mheaisín-inléite atá le húsáid.

Chun críocha phointe (c), déanfaidh ÚBE measúnú ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le formáidí meaisín-inléite éagsúla agus déanfaidh sé tástálacha allamuigh iomchuí chun na críche sin.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

6.   I gcás inar gá, glacfaidh ÚBE treoirlínte chun a áirithiú go mbeidh na meiteashonraí arna dtíolacadh i gcomhréir le mír 5, an chéad mhír, pointe (a), ceart.

Airteagal 16

Leasú ar Threoir (AE) 2019/2162

I dTreoir (AE) 2019/2162, cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 26a

Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach

1.   Ón 10 Eanáir 2030, áiritheoidh na Ballstáit, nuair a bheidh aon fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 14 den Treoir seo á poibliú acu, go gcuirfidh institiúidí creidmheasa, a bhfuil cead acu bannaí faoi chumhdach a eisiúint, an fhaisnéis sin faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin ábhartha dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo an tráth céanna chun í a dhéanamh inrochtana ar an bpointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*16).

Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar leis an bhfaisnéis na ceanglais seo a leanas:

(a)

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859 nó, i gcás ina gceanglaítear amhlaidh le dlí an Aontais, i bhformáid mheaisín-inléite, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), den Rialachán sin;

(b)

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i)

ainmneacha uile na hinstitiúide creidmheasa, a bhfuil cead aici bannaí faoi chumhdach a eisiúint, lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii)

aitheantóir eintitis dhlítheanaigh na hinstitiúide creidmheasa, a bhfuil cead aici bannaí faoi chumhdach a eisiúint, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iii)

méid na hinstitiúide creidmheasa, a bhfuil cead aici bannaí faoi chumhdach a eisiúint, de réir catagóire, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (d), den Rialachán sin;

(iv)

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(v)

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

2.   Chun críocha mhír 1, pointe (b)(ii), áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh institiúidí creidmheasa, a bhfuil cead acu bannaí faoi chumhdach a eisiúint, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh.

3.   Faoin 9 Eanáir 2030, chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanamh inrochtana ar ESAP, ainmneoidh na Ballstáit comhlacht bailiúcháin amháin ar a laghad mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859 agus tabharfaidh siad fógra do ESMA ina leith sin.

4.   Ón 10 Eanáir 2030, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 24 agus Airteagal 26(1), pointí (b) agus (c), den Treoir seo inrochtana ar ESAP. Chun na críche sin, is é an t-údarás inniúil a bheidh sa chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859.

Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar leis an bhfaisnéis na ceanglais seo a leanas:

(a)

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(b)

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i)

ainmneacha uile na hinstitiúide creidmheasa, a bhfuil cead aici bannaí faoi chumhdach a eisiúint, lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii)

i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh na hinstitiúide creidmheasa, a bhfuil cead aici bannaí faoi chumhdach a eisiúint, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iii)

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(iv)

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

5.   Chun bailiú agus bainistiú éifeachtúil na faisnéise arna tíolacadh i gcomhréir le mír 1 a áirithiú, forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun an méid seo a leanas a shonrú:

(a)

aon mheiteashonraí eile atá le gabháil leis an bhfaisnéis;

(b)

struchtúrú na sonraí san fhaisnéis;

(c)

cén fhaisnéis a bhfuil gá le formáid mheaisín-inléite ina leith agus, i gcásanna den sórt sin, cén fhormáid mheaisín-inléite atá le húsáid.

Chun críocha phointe (c), déanfaidh ÚBE measúnú ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le formáidí meaisín-inléite éagsúla agus déanfaidh sé tástálacha allamuigh iomchuí.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

6.   I gcás inar gá, glacfaidh ÚBE treoirlínte chun a áirithiú go mbeidh na meiteashonraí arna dtíolacadh i gcomhréir le mír 5, an chéad fhomhír, pointe (a), ceart.

Airteagal 17

Trasuí

1.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 10 Eanáir 2026. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

2.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun Airteagal 3 a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 10 Iúil 2025. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Cinnfidh na Ballstáit an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

3.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 18

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 19

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna déanamh in Strasbourg, an 13 Nollaig 2023.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. NAVARRO RÍOS


(1)   IO C 290, 29.7.2022, lch. 58.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Samhain 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 27 Samhain 2023.

(3)  Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 lena mbunaítear pointe rochtana aonair Eorpach lena soláthraítear rochtain láraithe ar fhaisnéis atá ar fáil don phobal agus atá ábhartha do sheirbhísí airgeadais, do mhargaí caipitil agus don inbhuanaitheacht (OL L 2023/2859, 20.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2859/oj).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48).

(7)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(8)   IO C 307, 12.8.2022, lch. 3.

(9)  Treoir 2002/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le maoirsiú forlíontach na n-institiúidí creidmheasa, gnóthas árachais agus gnólachtaí infheistíochta in ilchuideachta airgeadais agus lena leasaítear Treoracha 73/239/CEE, 79/267/CEE, 92/49/CEE, 92/96/CEE, 93/6/CEE agus 93/22/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 98/78/CE agus 2000/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 35, 11.2.2003, lch. 1).

(10)  Treoir 2004/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le tairiscintí táthcheangail (IO L 142, 30.4.2004, lch. 12).

(11)  Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis i dtaobh eisitheoirí a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte agus lena leasaítear Treoir 2001/34/CE (IO L 390, 31.12.2004, lch. 38).

(12)  Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hiniúchtaí reachtúla ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais chomhdhlúite, lena leasaítear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 84/253/CEE ón gComhairle (IO L 157, 9.6.2006, lch. 87).

(13)  Treoir 2007/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir le feidhmiú cearta áirithe scairshealbhóirí i gcuideachtaí liostaithe (IO L 184, 14.7.2007, lch. 17).

(14)  Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin a bhaineann le gnóthais i gcomhair comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).

(15)  Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó Árachais agus Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Dócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).

(16)  Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoracha 2003/41/CE agus 2009/65/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009 agus (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).

(17)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).

(18)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

(19)  Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta a théarnamh agus a réiteach agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).

(20)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

(21)  Treoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Eanáir 2016 maidir le dáileadh árachais (IO L 26, 2.2.2016, lch. 19).

(22)  Treoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le gníomhaíochtaí agus maoirseacht institiúidí um chóir ar scor ceirde (IORPanna) (IO L 354, 23.12.2016, lch. 37).

(23)  Treoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le maoirseacht stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoracha 2002/87/CE, 2009/65/CE, 2011/61/AE, 2013/36/AE, 2014/59/AE agus 2014/65/AE (IO L 314, 5.12.2019, lch. 64).

(24)  Treoir (AE) 2019/2162 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le heisiúint bannaí faoi chumhdach agus maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach agus lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE agus 2014/59/AE (IO L 328, 18.12.2019, lch. 29).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/2864/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top