EUR-Lex Euroopan unionin oikeus ulottuvillasi

Takaisin EUR-Lexin etusivulle

Tämä asiakirja on ote EUR-Lex-verkkosivustolta

Asiakirja 32023D2916

Cinneadh (AE) 2023/2916 ón gComhairle an 11 Nollaig 2023 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag cruinnithe na bPáirtithe sa Chomhaontú chun cosc a chur ar iascach mórmhara neamhrialaithe i Lár an Aigéin Artaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2020/1582

ST/16766/2023/INIT

IO L, 2023/2916, 29.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2916/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Asiakirjan oikeudellinen asema Voimassa

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2916/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2916

29.12.2023

CINNEADH (AE) 2023/2916 ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Nollaig 2023

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag cruinnithe na bPáirtithe sa Chomhaontú chun cosc a chur ar iascach mórmhara neamhrialaithe i Lár an Aigéin Artaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2020/1582

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Thug an tAontas an Comhaontú chun cosc a chur ar iascach mórmhara neamhrialaithe i Lár an Aigéin Artaigh (1) (‘an Comhaontú’) i gcrích le Cinneadh (AE) 2019/407 ón gComhairle (2). Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 25 Meitheamh 2021.

(2)

Tá cruinniú na bPáirtithe freagrach as bearta a ghlacadh a cheaptar chun cur chun feidhme an Chomhaontaithe a áirithiú chun an cuspóir a bhaint amach iascach neamhrialaithe i gcuid mhórmhara Lár an Aigéin Artaigh a chosc trí bhearta caomhnaithe agus bainistithe réamhchúraim a chur i bhfeidhm mar chuid de straitéis fhadtéarmach éiceachórais shláintiúla mhuirí a choimirciú agus chun caomhnú agus úsáid inbhuanaithe stoc éisc a áirithiú. D’fhéadfadh sé go dtiocfadh bearta den sórt sin chun bheith ina gceangal ar an Aontas.

(3)

Le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), déantar foráil go bhfuil an tAontas lena áirithiú go bhfuil gníomhaíochtaí iascaireachta agus dobharshaothraithe inbhuanaithe san fhadtéarma ó thaobh an chomhshaoil de agus go ndéantar iad a bhainistiú ar bhealach atá comhsheasmhach leis na cuspóirí tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus fostaíochta a bhaint amach, agus go gcuireann siad le hinfhaighteacht soláthairtí bia. Foráiltear leis freisin go bhfuil an tAontas leis an gcur chuige réamhchúraim a chur i bhfeidhm i leith bainistiú iascaigh agus go mbeidh sé d’aidhm aige a áirithiú go ndéanfaidh saothrú bheo-acmhainní bitheolaíocha na mara líon na speiceas atá á mbuain a athbhunú agus a choinneáil ar leibhéil atá in acmhainn an uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh. Ina theannta sin, foráiltear leis go bhfuil an tAontas le bearta bainistithe agus caomhnaithe a dhéanamh ar bhonn na comhairle eolaíche is fearr dá bhfuil ar fáil, tacú le forbairt an eolais eolaíoch agus na comhairle eolaíche, deireadh a chur de réir a chéile le hábhar muirí aischurtha agus modhanna iascaireachta a chur chun cinn a chuideoidh le hiascaireacht níos roghnaí a dhéanamh agus le gabhálacha de thaisme a sheachaint agus a laghdú a mhéid is féidir, agus le hiascaireacht a bhfuil ísealtionchar aici ar an éiceachóras muirí agus ar acmhainní iascaigh. Ina theannta sin, foráiltear go sonrach le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 go bhfuil an tAontas leis na cuspóirí agus na prionsabail sin a chur i bhfeidhm agus é i mbun a chuid caidreamh seachtrach iascaigh.

(4)

I gcomhréir leis na Teachtaireachtaí ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal ‘EU biodiversity strategy for 2030 – Bringing nature back into our lives’ [Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais le haghaidh 2030 — An dúlra a thabhairt ar ais inár saol], ‘Forging a climate-resilient Europe — the new EU Strategy on Adaptation to Climate Change’ [Eoraip atá seasmhach ó thaobh na haeráide de a chruthú — straitéis nua an Aontais Eorpaigh um an Oiriúnú don Athrú Aeráide] agus ‘A Farm to Fork Strategy for a fair, healthy and environmentally-friendly food system’ [Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol], tá sé bunriachtanach an dúlra achosaint agus díghrádú na n-éiceachóras a aisiompú. Maidir leis an athrú aeráide agus caillteanas na bithéagsúlachta, is gá nár bhaol a bheadh iontu d’infhaighteacht na n-earraí agus na seirbhísí a chuireann éiceachórais shláintiúla mhuirí ar fáil d’iascairí, do phobail chósta agus don chine daonna i gcoitinne.

(5)

Déantar tagairt sa Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal ‘A European Strategy for Plastics in a Circular Economy’ [Straitéis Eorpach um Plaisteach i nGeilleagar Ciorclach] do bhearta sonracha chun plaistigh agus truailliú muirí chomh maith le cailleadh nó tréigean trealaimh iascaireachta ar muir a laghdú. Thairis sin, is é is aidhm don Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal ‘Pathway to a Healthy Planet for All — EU Action Plan: Towards Zero Pollution for Air, Water and Soil’ [Conair i dtreo Pláinéad Sláintiúil do Chách — Plean Gníomhaíochta an Aontais um Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú] laghdú 50 % a dhéanamh ar bhruscar plaisteach ar muir agus laghdú 30 % a dhéanamh ar mhicreaphlaistigh a scaoiltear sa chomhshaol.

(6)

Leagtar béim sa Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal ‘Setting the course for a sustainable blue planet’ [An bealach a réiteach do phláinéad inbhuanaithe gorm] ar a thábhachtaí atá cosaint agus caomhnú na bithéagsúlachta muirí faoi ghníomhaíochtaí seachtracha an Aontais. Is é an tAontas an gníomhaí is suntasaí in Eagraíochtaí Réigiúnacha Bainistithe Iascaigh (ERBInna) agus i gcomhlachtaí iascaigh ar fud an domhain. Sa cháil sin, cuireann an tAontas inbhuanaitheacht na stoc éisc chun cinn, cuireann sé cinnteoireacht thrédhearcach chun cinn atá bunaithe ar chomhairle eolaíoch fhónta, cuireann sé feabhas ar an taighde eolaíoch, agus neartaíonn sé an comhlíonadh.

(7)

Mar a luaigh Ardionadaí an Aontais Eorpaigh do Ghnóthaí Seachtracha agus don Bheartas Slándála agus an Coimisiún Eorpach sa Teachtaireacht Chomhpháirteach dar teideal ‘Setting the course for a sustainable blue planet’ [An Bealach a réiteach do phláinéad inbhuanaithe gorm], i gconclúidí ón gComhairle maidir le Rialachas Idirnáisiúnta na nAigéan lena gcumhdaítear an Teachtaireacht Chomhpháirteach thuasluaite agus sa Teachtaireacht Chomhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach dar teideal ‘A stronger EU engagement for a peaceful, sustainable and prosperous Arctic’ [Rannpháirteachas an Aontais a neartú maidir leis an Artach a bheith síochánta, inbhuanaithe agus rathúil], tá an tAontas tiomanta do chur chun feidhme iomlán an Chomhaontaithe ós rud é go ndéanann sé éiceachórais mhuirí a chosaint tríd angcur chuige réamhchúraim eolaíocht-bhunaithe a chur i bhfeidhm ar aon iascach amach anseo i Lár an Aigéin Artaigh.

(8)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcruinniú na bPáirtithe sa Chomhaontú don tréimhse 2024-2028 a bhunú, ós rud é go bhféadfaidh bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe faoin gComhaontú a bheith ina gceangal ar an Aontas agus in ann tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar dhlí an Aontais, eadhon, Rialacháin (CE) Uimh. 1005/2008 (4) agus (CE) Uimh. 1224/2009 (5) ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(9)

Faoi láthair, leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcruinnithe na bPáirtithe sa Chomhaontú le Cinneadh (AE) 2020/1582 ón gComhairle (7). Is iomchuí an Cinneadh sin a aisghairm agus Cinneadh nua a chur ina ionad lena gcumhdófaí an tréimhse 2024-2028.

(10)

I bhfianaise a theoranta atá an t-eolas faoi na hacmhainní iascaigh sa limistéar geografach a chumhdaítear leis an gComhaontú, i bhfianaise a gcineáil, agus i bhfianaise an ghá atá ann dá bharr go n-áireofar ar sheasamh an Aontais forbairtí nua, lena n-áirítear faisnéis eolaíoch nua agus faisnéis ábhartha eile a thíolactar roimh chruinnithe na bPáirtithe nó lena linn, ba cheart nósanna imeachta a bhunú, i gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis idir institiúidí an Aontais a chumhdaítear in Airteagal 13(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, maidir leis an tsonraíocht ó bhliain go bliain maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais don tréimhse 2024–2028.

(11)

Féadfar an cinneadh a leanúint ag céim níos déanaí le Cinneadh ón gComhairle breise ar leithligh maidir le caibidlíocht a thosú chun eagraíocht réigiúnacha nó foréigiúnacha bainistithe iascaigh amháin nó níos mó a bhunú nó maidir le socruithe i bhfarraigí mórmhara an Artaigh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leagtar amach in Iarscríbhinn I an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcruinnithe na bPáirtithe sa Chomhaontú chun cosc a chur ar iascach mórmhara neamhrialaithe i Lár an Aigéin Artaigh (‘an Comhaontú’).

Airteagal 2

I gcomhréir le hIarscríbhinn II, seolfar an tsonraíocht ó bhliain go bliain maidir le seasamh an Aontais atá le glacadh i gcruinnithe na bPáirtithe sa Chomhaontú.

Airteagal 3

Déanfaidh an Chomhairle seasamh an Aontais a leagtar amach in Iarscríbhinn I a mheasúnú agus, i gcás inarb iomchuí, a athbhreithniú ar thogra a fháil ón gCoimisiún, le haghaidh chruinniú na bPáirtithe sa Chomhaontú in 2029 ar a dhéanaí.

Airteagal 4

Leis seo, déantar Cinneadh (AE) 2020/1582 a aisghairm.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Nollaig 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. PLANAS PUCHADES


(1)   IO L 73, 15.3.2019, lch. 3.

(2)  Cinneadh (AE) 2019/407 ón gComhairle an 4 Márta 2019 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe chun cosc a chur ar Iascach Mórmhara Neamhrialaithe i Lár an Aigéin Artaigh (IO L 73, 15.3.2019, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1954/2003 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2371/2002 agus (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN), a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1936/2001 agus (CE) Uimh. 601/2004 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1093/94 agus (CE) Uimh. 1447/1999 (IO L 286, 29.10.2008, lch. 1).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009, lena mbunaítear córas rialaithe Aontais chun comhlíonadh rialacha an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 847/96, Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002, Rialachán (CE) Uimh. 811/2004, Rialachán (CE) Uimh. 768/2005, Rialachán (CE) Uimh. 2115/2005, Rialachán (CE) Uimh. 2166/2005, Rialachán (CE) Uimh. 388/2006, Rialachán (CE) Uimh. 509/2007, Rialachán (CE) Uimh. 676/2007, Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007, Rialachán (CE) Uimh. 1300/2008, Rialachán (CE) Uimh. 1342/2008, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, Rialachán (CE) Uimh. 1627/94 agus Rialachán (CE) Uimh. 1966/2006, (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta sheachtracha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1006/2008 ón gComhairle (IO L 347, 28.12.2017, lch. 81).

(7)  Cinneadh (AE) 2020/1582 ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag cruinnithe na bPáirtithe sa Chomhaontú chun cosc a chur ar Iascach Mórmhara Neamhrialaithe i Lár an Aigéin Artaigh (IO L 362, 30.10.2020, lch. 20).


IARSCRÍBHINN I

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag cruinnithe na bPáirtithe sa Chomhaontú chun cosc a chur ar iascach mórmhara neamhrialaithe i Lár an Aigéin Artaigh

1.   PRIONSABAIL

Faoi chuimsiú chruinnithe na bPáirtithe sa Chomhaontú, déanfaidh an tAontas an méid seo a leanas:

(a)

a áirithiú go bhfuil na bearta a ghlactar sa Chomhaontú comhsheasmhach leis an dlí idirnáisiúnta, agus go háirithe le Coinbhinsiún 1982 de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, le Comhaontú na Náisiún Aontaithe i ndáil le Caomhnú agus le Bainistiú Stoc Éisc Traslimistéir agus Stoc Éisc Mórimirceach, le Comhaontú 1993 den Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta chun comhlíontacht bád iascaireachta ar an mórmhuir i dtaca le bearta idirnáisiúnta caomhantais agus bainistíochta a chur chun cinn, agus le Comhaontú 2009 den Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta ar Bhearta Stát an Chalafoirt;

(b)

cuspóirí an Chomhaontaithe a chur chun cinn faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige i dtaca le caomhnú agus úsáid inbhuanaithe na bithéagsúlachta muirí i limistéir lasmuigh den dlínse náisiúnta agus ag an 15ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht, go háirithe a mhéid a bhaineann le cosaint na bithéagsúlachta muirí agus cosaint 30 % d’aigéin an domhain a threisiú trí limistéir mhuirí faoi chosaint;

(c)

rannchuidiú le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, i gcomhréir leis na Conclúidí ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2020 maidir leis an mBithéagsúlacht — an gá atá le gníomhaíocht phráinneach, leis na Conclúidí ón gComhairle an 10 Meitheamh 2021 maidir le hEoraip aeráid-díonach a chruthú — straitéis nua an Aontais Eorpaigh maidir le hoiriúnú don athrú aeráide, go háirithe maidir le cosaint an dúlra, agus leis na Conclúidí ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2020 maidir leis an straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’, agus le hEoraip níos láidre sa Domhan;

(d)

gníomhú i gcomhréir leis na cuspóirí agus na prionsabail atá á saothrú ag an Aontas laistigh den chomhbheartas iascaigh, go sonrach tríd an gcur chuige réamhchúraim agus na haidhmeanna a bhaineann leis an uastáirgeacht inbhuanaithe mar a leagtar síos in Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, chun cur chun feidhme cur chuige i leith bainistiú iascaigh atá bunaithe ar an éiceachóras a chur chun cinn, chun gabhálacha de thaisme a sheachaint agus a íoslaghdú a mhéid is féidir agus chun deireadh a chur de réir a chéile le hábhar muirí aischurtha, agus chun tionchar na ngníomhaíochtaí iascaireachta ar éiceachórais mhuirí agus ar a ngnáthóga a íoslaghdú agus, chomh maith leis sin, trí iascaigh de chuid an Aontais atá inmharthana agus iomaíoch ó thaobh an gheilleagair de a chur chun cinn, caighdeán cothrom maireachtála a chur ar fáil do na daoine a bhíonn ag brath ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, agus leasanna na dtomhaltóirí á gcur san áireamh;

(e)

a bheith i gcomhréir leis na Conclúidí ón gComhairle an 19 Márta 2012 maidir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún i ndáil le gné sheachtrach an chomhbheartais iascaigh;

(f)

a bheith i gcomhréir leis na Conclúidí ón gComhairle an 13 Nollaig 2022 maidir le Rialachas Idirnáisiúnta na nAigéan ar mhaithe le haigéin agus farraigí atá sábháilte, slán, glan, folláin agus a bhainistítear go hinbhuanaithe i ndáil le caomhnú na bithéagsúlachta muirí;

(g)

a bheith i gcomhréir leis an Teachtaireacht Chomhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais Eorpaigh do Ghnóthaí Seachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach maidir le Rannpháirteachas AE atá níos láidre maidir leis an Artach a bheith níos síochánta, níos inbhuanaithe agus níos rathúla;

(h)

a áirithiú go ndéantar gealltanais idirnáisiúnta an Aontais a urramú agus a chomhlíonadh;

(i)

obair i dtreo rannpháirteachas iomchuí páirtithe leasmhara, lena n-áirítear eagraíochtaí eolaíocha agus teicniúla ábhartha, comhlachtaí agus cláir ábhartha, chomh maith le heolas dúchasach traidisiúnta áitiúil, i gcéim ullmhachta na mbeart atá á mbreithniú ag cruinnithe na bPáirtithe, lena n-áirítear i gcruinnithe saineolaithe eolaíocha faoin gComhaontú, agus chun a áirithiú go mbeidh na bearta sin i gcomhréir le cuspóirí an Chomhaontaithe;

(j)

seasaimh atá comhsheasmhach le dea-chleachtais eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh (ERBInna) sa limistéar céanna a chur chun cinn;

(k)

comhsheasmhacht agus sineirge a lorg leis an mbeartas atá á shaothrú ag an Aontas mar chuid dá chaidreamh déthaobhach iascaigh le tríú tíortha, agus comhleanúnachas lena bheartais eile a áirithiú, go háirithe i réimse an chaidrimh sheachtraigh, na fostaíochta, an chomhshaoil, na trádála, na forbartha, an taighde agus na nuálaíochta;

(l)

díriú ar chothrom iomaíochta a chruthú do chabhlach an Aontais i limistéar an Chomhaontaithe, bunaithe ar na prionsabail agus na caighdeáin chéanna is infheidhme faoi dhlí an Aontais, agus cur chun feidhme aonfhoirmeach na bprionsabal agus na gcaighdeán sin a chur chun cinn;

(m)

comhordú a chur chun cinn idir an Comhaontú agus ERBInna atá ann cheana agus coinbhinsiúin maidir le farraigí réigiúnacha (RSCanna), go háirithe sa Choimisiún um Iascach an Atlantaigh Thoir Thuaidh (NEAFC), an Choinbhinsiúin maidir le cosaint mhuirthimpeallacht an Atlantaigh thoir thuaidh (Coinbhinsiún ISPAR), arb é atá ann RSC don Atlantach Thoir Thuaidh agus comhar a chur chun cinn le heagraíochtaí domhanda, de réir mar is infheidhme, laistigh dá gcuid sainorduithe, i gcás inarb iomchuí;

(n)

tacú go gníomhach le cur chun feidhme an Chomhaontaithe, lena n-áirítear trí rannchuidiú leis an gClár Comhpháirteach maidir le Taighde agus Faireachán Eolaíoch a mbeidh sé d’aidhm aige feabhas a chur ar thuiscint chomhchoiteann na bPáirtithe ar éiceachórais Mhórmhara Lár an Aigéin Artaigh agus, go háirithe, a chinneadh an mbeadh stoic éisc ann i láthair na huaire nó amach anseo a d’fhéadfaí a shaothrú ar bhonn inbhuanaithe agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag iascach den sórt sin ar na héiceachórais sin;

(o)

comhoiriúnacht a áirithiú idir bearta caomhnaithe agus bainistithe arna mbunú le haghaidh na stoc céanna sna huiscí atá faoi dhlínse náisiúnta agus na bearta arna nglacadh i leith mórmhara i gcomhréir le hAirteagal 118 Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige agus Airteagal 8 do Chomhaontú 1995 maidir le Forálacha Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 i ndáil le Caomhnú agus le Bainistiú Stoc Éisc Traslimistéir agus Stoc Éisc Mhor-imircigh a chur chun feidhme;

(p)

comhsheasmhacht a áirithiú le leas an Aontais san Artach mar réigiún a bhfuil tábhacht straitéiseach mhéadaithe leis.

2.   TREOIRLÍNTE

I gcás inarb iomchuí, féachfaidh an tAontas le tacú le glacadh na ngníomhaíochtaí seo a leanas ag an gComhaontú:

(a)

bearta chun caomhnú agus athbhunú na bithéagsúlachta, agus inbhuanaitheacht na stoc, a chur chun cinn, agus breithnithe i dtaca leis an athrú aeráide a chuimsiú sa phróiseas cinnteoireachta;

(b)

bearta caomhnaithe agus bainistithe le haghaidh acmhainní iascaigh i Limistéar an Chomhaontaithe bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, lena n-áirítear gabhálacha iomlána incheadaithe agus cuótaí nó rialáil ar an iarracht in iascaigh ina mbuantar beo-acmhainní bitheolaíocha na mara arna rialú ag an gComhaontú, lena mbainfí amach an uastáirgeacht inbhuanaithe. I gcás inar gá, áireofar sna bearta caomhnaithe agus bainistíochta sin bearta sonracha le haghaidh stoic atá thíos leis an ró-iascaireacht chun an iarracht iascaireachta a choinneáil i gcomhréir leis na deiseanna iascaireachta atá ar fáil;

(c)

bearta chun bailiú sonraí, taighde eolaíoch agus cinntí bainistíochta atá bunaithe ar an eolaíocht a chur chun, a choiste um chomhlíonadh a neartú, cultúr comhlíonta a chur chun cinn agus athbhreithnithe feidhmíochta neamhspleácha tréimhsiúla a dhéanamh;

(d)

bearta chun gníomhaíochtaí iascaireachta neamhdhleathacha, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN) i limistéar an Choinbhinsiúin a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena n-áirítear liostú soithí NNN agus trasliostú soithí NNN le ERBInna eile, agus bearta chun inrianaitheacht iasc agus táirgí iascaigh a chur chun cinn bunaithe ar na Treoirlínte Deonacha maidir le Scéimeanna Doiciméadaithe um Ghabháil;

(e)

bearta faireacháin, rialaithe agus faireachais i Limistéar an Chomhaontaithe chun éifeachtúlacht rialaithe agus comhlíonadh na mbeart arna nglacadh sa Chomhaontú a áirithiú, lena n-áirítear an rialú ar oibríochtaí trasloingsithe a neartú bunaithe ar Threoirlínte Deonacha na hEagraíochta Bia agus Talmhaíochta maidir le Trasloingsiú;

(f)

bearta chun an tionchar diúltach a bhíonn ag gníomhaíochtaí iascaireachta ar an mbithéagsúlacht mhuirí agus ar na héiceachórais mhuirí agus ar a ngnáthóga a íoslaghdú, lena n-áirítear bearta cosanta le haghaidh éiceachórais leochaileacha mhuirí i Limistéar an Chomhaontaithe i gcomhréir leis an gComhaontú agus le Treoirlínte Idirnáisiúnta na hEagraíochta Bia agus Talmhaíochta maidir le Bainistiú Iascach Domhainfharraige ar an Mórmhuir, bearta chun gabhálacha de thaisme a sheachaint agus a laghdú a mhéid is féidir, go háirithe speicis leochaileacha mhuirí, agus chun deireadh a chur de réir a chéile le hábhar muirí aischurtha;

(g)

bearta chun truailliú muirí a laghdú, sceitheadh plaisteach ar muir a chosc agus an tionchar a bhíonn ag plaistigh ar muir ar an mbithéagsúlacht mhuirí agus ar na héiceachórais a laghdú, lena n-áirítear bearta chun tionchar an trealaimh iascaireachta tréigthe, caillte nó diúscartha ar bhealach eile san aigéan a laghdú agus chun sainaithint agus aisghabháil trealaimh den sórt sin a éascú bunaithe ar Threoirlínte Deonacha na hEagraíochta Bia agus Talmhaíochta maidir le Trealamh Iascaireachta a Mharcáil; agus bearta gaolmhara arna gcinneadh faoi Phlean Gníomhaíochta IMO chun aghaidh a thabhairt ar bhruscar plaisteach;

(h)

bearta arb é is aidhm dóibh toirmeasc a chur ar an iascach a fheidhmíonn chun eití siorca a bhuain agus lena gceanglaítear go ndéanfar gach siorc a thabhairt i dtír agus na heití ar fad air ó nádúr;

(i)

i gcás inarb iomchuí agus a mhéid a cheadaítear faoi na doiciméid chomhábhartha, moltaí lena spreagtar cur chun feidhme Choinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le hObair san Iascaireacht;

(j)

cur chuige coiteann le ERBInna eile, i gcás inarb iomchuí, go háirithe le ERBInna a bhfuil baint acu le bainistiú iascaigh in aon réigiún leis;

(k)

bearta teicniúla breise bunaithe ar chomhairle ó fhochuideachtaí agus ó mheithleacha de chuid an Chomhaontaithe;

(l)

bearta atá comhsheasmhach leis na cuspóirí tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus fostaíochta a bhaint amach, agus maidir le rannchuidiú le hinfhaighteacht soláthairtí bia.


IARSCRÍBHINN II

Sonraíocht ó bhliain go bliain maidir le seasamh an Aontais atá le glacadh ag cruinnithe na bPáirtithe sa Chomhaontú chun cosc a chur ar iascach mórmhara neamhrialaithe i Lár an Aigéin Artaigh

Roimh gach cruinniú na bPáirtithe sa Chomhaontú, nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin cinntí a ghlacadh a bhfuil éifeacht dhlíthiúil leo ar an Aontas, glacfar na céimeanna is gá ionas go mbeidh an fhaisnéis eolaíoch is déanaí agus aon fhaisnéis ábhartha eile, a cuireadh chuig an gCoimisiún á gcur san áireamh sa seasamh atá le cur in iúl thar ceann an Aontais, i gcomhréir leis na prionsabail, na critéir agus na treoirlínte a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

Chuige sin, agus bunaithe ar an bhfaisnéis sin, tarchuirfidh an Coimisiún chuig an gComhairle, in am trátha roimh gach cruinniú na bPáirtithe sa Chomhaontú, doiciméad i scríbhinn ina leagfar amach sonraí na sonraíochta atá beartaithe maidir le seasamh an Aontais i dtaca le sonraí an tseasaimh atá le cur in iúl thar ceann an Aontais a phlé agus a fhormhuiniú.

Más rud é, le linn chruinniú na bPáirtithe sa Chomhaontú, go bhfuil sé dodhéanta teacht ar chomhaontú, lena n-áirítear ar an láthair, chun go gcuirfear gnéithe nua san áireamh i seasamh an Aontais, déanfar an t-ábhar a chur chuig an gComhairle nó chuig a comhlachtaí ullmhúcháin.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2916/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Alkuun