This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023D2907
Council Implementing Decision (EU) 2023/2907 of 21 December 2023 amending Implementing Decision (EU) 2021/512 authorising the United Kingdom to apply, in respect of Northern Ireland, a special measure derogating from Articles 16 and 168 of Directive 2006/112/EC on the common system of value added tax as regards an extension of the authorisation
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2907 ón gComhairle an 21 Nollaig 2023 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/512 lena n-údaraítear don Ríocht Aontaithe, i ndáil le Tuaisceart Éireann, beart speisialta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagail 16 agus 168 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha a mhéid a bhaineann le síneadh a chur leis an údarú
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2907 ón gComhairle an 21 Nollaig 2023 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/512 lena n-údaraítear don Ríocht Aontaithe, i ndáil le Tuaisceart Éireann, beart speisialta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagail 16 agus 168 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha a mhéid a bhaineann le síneadh a chur leis an údarú
ST/16425/2023/INIT
IO L, 2023/2907, 27.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2907/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 32021D0512 | Athchur | airteagal 1 | 21/12/2023 |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2023/2907 |
27.12.2023 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2907 ÓN gCOMHAIRLE
an 21 Nollaig 2023
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/512 lena n-údaraítear don Ríocht Aontaithe, i ndáil le Tuaisceart Éireann, beart speisialta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagail 16 agus 168 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha a mhéid a bhaineann le síneadh a chur leis an údarú
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (1), agus go háirithe Airteagal 395(1), an chéad fhomhír, di,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/512 ón gComhairle (2), údaraítear Ríocht Aontaithe, i ndáil le Tuaisceart Éireann, beart speisialta a chur i bhfeidhm, go dtí an 31 Nollaig 2023, de mhaolú ar Airteagail 16 agus 168 de Threoir 2006/112/CE chun cion den cháin bhreisluacha (CBL) a bhaineann le caiteachas ar bhreosla a úsáidtear chun críocha príobháideacha i gcarranna gnó a shocrú ar bhonn ráta comhréidh (‘an beart speisialta’). |
(2) |
Le hAirteagal 168 de Threoir 2006/112/CE foráiltear go bhfuil duine inchánach i dteideal asbhaint a dhéanamh ar CBL a mhuirearaítear ar cheannacháin a dhéantar chun críocha idirbhearta cáinmhuirearaithe. Mar sin féin, le hAirteagal 16 den Treoir sin, ceanglaítear go gcaithfear le cur i bhfeidhm earraí ag daoine inchánach, ar earraí iad atá mar chuid dá sócmhainní gnó dá n-úsáid phríobháideach nó d’úsáid a bhfoirne, mar sholáthar earraí ar chomaoin, i gcás ina raibh CBL ar na hearraí sin nó ar na comhpháirteanna díobh in-asbhainte go hiomlán nó go páirteach. Leis an gcóras sin is féidir CBL a asbhaineadh ar dtús a aisghabháil i ndáil leis an úsáid phríobháideach. |
(3) |
Le litir a cláraíodh leis an gCoimisiún an 13 Iúil 2023, d’iarr an Ríocht Aontaithe údarú chun leanúint den bheart speisialta a chur i bhfeidhm, i ndáil le Tuaisceart Éireann, tar éis an 31 Nollaig 2023. |
(4) |
De bhun Airteagal 395(2), an dara fomhír, de Threoir 2006/112/CE, le litreacha dar dáta an 7 Lúnasa 2023, tharchuir an Coimisiún an iarraidh a chuir an Ríocht Aontaithe isteach chuig na Ballstáit seachas an Chipir, a cuireadh ar an eolas le litir dar dáta an 8 Lúnasa 2023. Le litir dar dáta an 8 Lúnasa 2023, thug an Coimisiún fógra don Ríocht Aontaithe go raibh an fhaisnéis uile ba ghá aige chun an iarraidh a bhreithniú. |
(5) |
De réir na faisnéise a chuir an Ríocht Aontaithe ina hiarraidh, níor tháinig aon athrú ar an staid fhíorasach a thug údar leis an mbeart speisialta a chur i bhfeidhm. Thairis sin, léirítear le míniú ar fheidhmiú an bhirt speisialta a áirítear san iarraidh go bhfuil an beart speisialta éifeachtach ó thaobh simpliú a dhéanamh, le haghaidh daoine inchánach agus an riaracháin cánach araon, ar an nós imeachta chun CBL a bhailiú i ndáil le caiteachas ar bhreosla ar charranna gnó a úsáidtear go páirteach chun críoch príobháideach. |
(6) |
Is iomchuí, dá bhrí sin, síneadh a chur le cur i bhfeidhm an bhirt speisialta. Ba cheart teorainn ama a chur leis an síneadh sin ionas go bhféadfaidh an Ríocht Aontaithe faireachán cuí a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil an cion de CBL, arna shocrú ar bhonn ráta comhréidh, fós ag teacht leis an gcaiteachas ar bhreosla ar charranna gnó a úsáidtear chun críoch príobháideach. Ba cheart, dá bhrí sin, go rachadh údarú an bhirt speisialta in éag an 31 Nollaig 2026. |
(7) |
I gcás ina n-iarrann an Ríocht Aontaithe síneadh breise a chur leis an mbeart speisialta tar éis an 31 Nollaig 2026, ba cheart di iarratas a chur faoi bhráid an Choimisiúin, agus tuarascáil ag gabháil leis, faoin 31 Márta 2026. |
(8) |
I gcomhréir le hAirteagal 8, an dara mír, den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (3), níl ioncaim a eascraíonn as idirbhearta atá inchánach i dTuaisceart Éireann le híoc leis an Aontas. Dá bhrí sin, ní bheidh aon drochthionchar ag an mbeart speisialta ar acmhainní dílse an Aontais a fhabhraíonn ó CBL. |
(9) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/512 ón gComhairle a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/512:
‘Airteagal 1
De mhaolú ar Airteagail 16 agus 168 de Threoir 2006/112/CE, údaraítear Ríocht Aontaithe, ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2026, an cion de CBL a bhaineann le caiteachas ar bhreosla a úsáidtear chun críoch príobháideach i gcarranna gnó a shocrú, i ndáil le Tuaisceart Éireann, ar bhonn ráta comhréidh.
Cuirfear aon iarraidh ar shíneadh a chur leis an mbeart dá bhforáiltear sa Chinneadh seo faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Márta 2026 agus beidh tuarascáil ag gabháil léi ina léirítear éifeachtacht an bhirt speisialta agus baint amach a cuspóirí. Áireofar sa tuarascáil measúnú ar an gcion de CBL i dtaobh cé acu atá nó nach bhfuil sé fós ag teacht leis an gcaiteachas ar bhreosla ar charranna gnó a úsáidtear chun críoch príobháideach.’.
Airteagal 2
Gabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh seo an dáta a dtabharfar an fógra faoi.
Airteagal 3
Dírítear an Cinneadh seo chuig Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, i ndáil le Tuaisceart Éireann.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Nollaig 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
P. NAVARRO RÍOS
(1) IO L 347, 11.12.2006, lch. 1.
(2) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/512 an 22 Márta 2021 lena n-údaraítear don Ríocht Aontaithe, i ndáil le Tuaisceart Éireann, beart speisialta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagail 16 agus 168 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha a mhéid a bhaineann le síneadh a chur leis an údarú (IO L 103, 24.3.2021, lch. 4).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2907/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)