EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D2811

Cinneadh (AE) 2023/2811 ón mBanc Ceannais Eorpach an 7 Nollaig 2023 maidir le céatadáin scaireanna na mbanc ceannais náisiúnta sa scála le haghaidh shuibscríobh chaipiteal an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2020/137 (BCE/2023/31)

ECB/2023/31

IO L, 2023/2811, 18.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2811/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2811/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2811

18.12.2023

CINNEADH (AE) 2023/2811 ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH

an 7 Nollaig 2023

maidir le céatadáin scaireanna na mbanc ceannais náisiúnta sa scála le haghaidh shuibscríobh chaipiteal an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2020/137 (BCE/2023/31)

TÁ COMHAIRLE RIALAITHE AN BHAINC CEANNAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, agus go háirithe d'Airteagal 29 (3) agus 29 (4) de,

Ag féachaint do ranníocaíocht Chomhairle Ghinearálta an Bhainc Ceannais Eorpaigh i gcomhréir leis an gceathrú fleasc d’Airteagal 46.2 de Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ceanglaítear le hAirteagal 29 (3) de Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh (dá ngairtear ‘Reacht CEBC’ anseo feasta) go ndéanfar na heochair-ualuithe caipitil a choigeartú gach cúig bliana tar éis an Córas Eorpach Banc Ceannais (CEBC) a bhunú de réir analaí leis na forálacha atá leagtha síos in Airteagal 29 (1) de Reacht CEBC. Tá feidhm ag an eochair chaipitil choigeartaithe le héifeacht ón gcéad lá den bhliain tar éis na bliana ina ndéantar an coigeartú.

(2)

Rinneadh an coigeartú cúig bliana deireanacha ar na heochairualuithe caipitil i gcomhréir le hAirteagal 29 (3) de Reacht CEBC in 2018 le héifeacht ón 1 Eanáir 2019 go dtí an 31 Eanáir 2020. (1) Rinneadh coigeartú breise in 2020 le héifeacht ón 1 Feabhra 2020 de bhun Chinneadh (AE) 2020/137 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2020/3) (2), i bhfianaise tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach agus i bhfiainaise scor Bhanc Shasana de bheith ina bhanc ceannais náisiúnta de chuid Ballstáit agus, dá bhrí sin, den Chóras Eorpach Banc Ceannais.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (AE) 2020/137 (BCE/2020/3) a aisghairm dá réir sin,

(4)

I gcomhréir le Cinneadh 2003/517/CE ón gComhairle (3), chuir an Coimisiún Eorpach na sonraí staidrimh ar fáil don Bhanc Ceannais Eorpach (BCE) a bheidh le húsáid chun an scála caipitil coigeartaithe a chinneadh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Slánú

I gcás ina gcuirfidh an Coimisiún Eorpach sonraí staidrimh ar fáil, ar sonraí staidrimh iad a úsáidfear chun an scála caipitil a choigeartú, agus nach 100 % suim an iomláin, déanfar an bhris a thabhairt isteach: (i) más níos lú ná 100 % an t-iomlán, trí 0,0001 de phointe céatadáin a chur leis an scair is lú nó leis na scaireanna is lú in ord ardaitheach go dtí go mbainfear amach 100 % cruinn díreach, nó (ii) más níos mó ná 100 % an t-iomlán, trí 0,0001 de phointe céatadáin a dhealú in ord íslitheach ón scair is mó nó ó na scaireanna is mó go dtí go mbainfear amach 100 % cruinn díreach.

Airteagal 2

Ualaithe sa scála caipitil

Is mar seo a leanas, le héifeacht ón 1 Eanáir 2024, a bheidh na hualaithe arna sannadh do gach banc ceannais náisiúnta sa scála caipitil a ndéantar cur síos air in Airteagal 29 de Reacht an CEBC:

Nationale Bank van België/Banque Nationale de Belgique

3,0005 %

Българска народна банка (Bulgarian National Bank)

0,9783 %

Česká národní banka

1,9623 %

Danmarks Nationalbank

1,7797 %

Deutsche Bundesbank

21,7749 %

Eesti Pank

0,2437 %

Banc Ceannais na hÉireann/Central Bank of Ireland

1,7811 %

Bank of Greece

1,7811 %

Banco de España

9,6690 %

Banque de France

16,3575 %

Hrvatska narodna banka

0,6329 %

Banca d’Italia

13,0993 %

Central Bank of Cyprus

0,1802 %

Latvijas Banka

0,3169 %

Lietuvos bankas

0,4826 %

Banque centrale du Luxembourg

0,2976 %

Magyar Nemzeti Bank

1,5819 %

Central Bank of Malta

0,1053 %

De Nederlandsche Bank

4,8306 %

Oesterreichische Nationalbank

2,4175 %

Narodowy Bank Polski

6,0968 %

Banco de Portugal

1,9014 %

Banca Naţională a României

2,8888 %

Banka Slovenije

0,9403 %

Národná banka Slovenska

0,9403 %

Suomen Pankki

1,4853 %

Sveriges Riksbank

2,9441 %

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm agus aisghairm

1.   Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 1 Eanáir 2024.

2.   Déantar Cinneadh (AE) 2020/137 (BCE/2020/3) a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2024.

3.   Déanfar tagairtí do Chinneadh (AE) 2020/137 (BCE/2020/3) a léiriú mar thagairtí don Chinneadh seo.

Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, an 7 Nollaig 2023.

Uachtarán BCE

Christine LAGARDE


(1)  Cinneadh (AE) 2019/43 ón mBanc Ceannais Eorpach an 29 Samhain 2018 maidir le céatadáin scaireanna na mbanc ceannais náisiúnta sa scála le haghaidh shuibscríobh chaipiteal an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh BCE/2013/28 (BCE/2018/27) (IO L 9, 11.1.2019, lch. 178).

(2)  Cinneadh (EU) 2020/137 ón mBanc Ceannais Eorpach an 22 Eanáir 2020 maidir le céatadáin scaireanna na mbanc ceannais náisiúnta sa scála le haghaidh shuibscríobh chaipiteal an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2019/43 (BCE/2020/3 (IO L 27I, 1.2.2020, lch. 4).

(3)  Cinneadh 2003/517/CE ón gComhairle an 15 Iúil 2003 maidir leis na sonraí staidrimh atá le húsáid chun an scála le haghaidh suibscríobh le caipiteal an Bhainc Cheannais Eorpaigh a choigeartú (IO L 181, 19.7.2003, lch. 43).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2811/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top