This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023D2532
Decision (EU) 2023/2532 of the European Central Bank of 9 November 2023 amending Decision (EU) 2022/911 concerning the terms and conditions of TARGET-ECB (ECB/2022/22) (ECB/2023/27)
Cinneadh (AE) [2023/2532] ón mBanc Ceannais Eorpach an 9 Samhain 2023 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2022/911 maidir le téarmaí agus coinníollacha TARGET-BCE (BCE/2022/22) (BCE/2023/27)
Cinneadh (AE) [2023/2532] ón mBanc Ceannais Eorpach an 9 Samhain 2023 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2022/911 maidir le téarmaí agus coinníollacha TARGET-BCE (BCE/2022/22) (BCE/2023/27)
ECB/2023/27
IO L, 2023/2532, 16.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2532/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 32022D0911 | Cur le | iarscríbhinn I cuid I airteagal 30 mír 1a | 20/11/2023 | |
Modifies | 32022D0911 | Athchur | iarscríbhinn I foscríbhinn VI roinn 6 | 20/11/2023 | |
Modifies | 32022D0911 | Athchur | iarscríbhinn I foscríbhinn VI roinn 7 | 20/11/2023 | |
Modifies | 32022D0911 | Athchur | iarscríbhinn I cuid I airteagal 18 mír 4 | 20/11/2023 | |
Modifies | 32022D0911 | Athchur | iarscríbhinn I cuid I airteagal 23 | 20/11/2023 | |
Modifies | 32022D0911 | Athchur | iarscríbhinn I cuid II airteagal 2 mír 3 | 20/11/2023 | |
Modifies | 32022D0911 | Athchur | iarscríbhinn I cuid II airteagal 2 mír 4 | 20/11/2023 | |
Modifies | 32022D0911 | Athchur | iarscríbhinn I cuid VII airteagal 1 mír 5 | 20/11/2023 | |
Modifies | 32022D0911 | Athchur | iarscríbhinn I cuid VII airteagal 7 mír 1 | 20/11/2023 | |
Modifies | 32022D0911 | Athchur | iarscríbhinn II | 20/11/2023 | |
Modifies | 32022D0911 | Athchur | iarscríbhinn III pointe 28 | 20/11/2023 | |
Modifies | 32022D0911 | Athchur | iarscríbhinn III pointe 54 | 20/11/2023 | |
Modifies | 32022D0911 | Athchur | airteagal 3 mír 2 | 20/11/2023 |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2023/2532 |
16.11.2023 |
CINNEADH (AE) [2023/2532] ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH
an 9 Samhain 2023
lena leasaítear Cinneadh (AE) 2022/911 maidir le téarmaí agus coinníollacha TARGET-BCE (BCE/2022/22) (BCE/2023/27)
TÁ BORD FEIDHMIÚCHÁIN AN BHAINC CEANNAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhleasc agus an ceathrú fleasc d’Airteagal 127(2) de,
Ag féachaint do Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 3.1 agus Airteagail 17, 22 agus 23 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 24 Feabhra 2022, ghlac an Chomhairle Rialaithe Treoirlíne (AE) 2022/912 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2022/8) (1), lena bhforáiltear maidir le tús a chur le hoibríochtaí maidir le hUathchóras Mearaistrithe Ollsocraíochtaí Fíor-ama Tras-Eorpach (TARGET) nua giniúna. |
(2) |
An 7 Meán Fómhair 2023, ghlac an Chomhairle Rialaithe Treoirlíne (AE) 2023/2415 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2023/22) (2), lena leasaítear Treoirlíne (AE) 2022/912 (BCE/2022/8). Ba é cuspóir na leasuithe: gnéithe áirithe a shoiléiriú maidir le húsáid na dtrádmharcanna a bhaineann le seirbhísí TARGET; (b) an ceanglas ar bhainc cheannais an Eurochórais (BCanna an Eurochórais) a shonrú tuilleadh chun a áirithiú nach n-osclaítear aon chuntais seachas cuntais TARGET do rannpháirtithe atá incháilithe chun páirt a ghlacadh i TARGET chun seirbhísí a thagann faoi raon feidhme na Treoirlíne sin a sholáthar; bearta a thabhairt isteach chun maolú a dhéanamh i gcás ina dteipfeadh ar nasc BC sa Eurochóras le TARGET; (d) úsáid éigeantach an Réitigh Teagmhais a bhunú ón 21 Márta 2025 le haghaidh gach ollsocraíocht fíor-ama tiomnaithe do shealbhóirí cuntais airgid thiomnaithe agus do chórais choimhdeacha atá rannpháirteach i TARGET; soiléirithe a thabhairt isteach maidir leis na páirtithe inrochtana arna n-ainmniú ag na córais choimhdeacha a úsáideann Socrú Íocaíochtaí Meandaracha TARGET (TIPS); (f) beartas athbhreithnithe praghsála TIPS a thabhairt isteach; agus (g) athbhreithnithe eagarthóireachta áirithe a thabhairt isteach. |
(3) |
Leasuithe arna ndéanamh ar Threoirlíne (AE) 2022/912 (BCE/2022/8) a dhéanann difear do théarmaí agus coinníollacha TARGET-BCE, ba cheart iad a léiriú i gCinneadh (AE) 2022/911 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2022/22) (3). |
(4) |
Chun ailíniú le forálacha Threoirlíne (AE) 2023/2415 (BCE/2023/22) a áirithiú, ba cheart don Chinneadh seo teacht i bhfeidhm gan mhoill agus feidhm a bheith aige ón 20 Samhain 2023. |
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (AE) 2022/911 (BCE/2022/22) a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe
Leasaítear Cinneadh 2022/911 (BCE/2022/22) mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: ‘2. I gcomhréir le hAirteagal 9(2) de Threoirlíne (AE) 2022/912 (BCE/2022/8), ón dáta a chuirtear tús le hoibriú Chóras Bainistíochta Comhthaobhachta an Eurochórais (CBCE), mar a chuirtear in iúl ar shuíomh gréasáin BCE, ní osclóidh BCE cuntais seachas cuntais TARGET do rannpháirtithe atá incháilithe chun páirt a ghlacadh in TARGET chun seirbhísí a sholáthar a thagann faoi raon feidhme Threoirlíne (AE) 2022/912 (BCE/2022/8), cé is moite de chuntais a úsáidtear chun cistí urghafa nó cistí atá curtha i ngeall do chreidiúnaí tríú páirtí nó cistí dá dtagraítear in Airteagal 3(1)(d) de Rialachán (AE) 2021/378 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2021/1)) (*1) a shealbhú. (*1) Rialachán (AE) Uimh. 2021/378 ón mBanc Ceannais Eorpach an 22 Eanáir 2021 maidir le ceanglais um chúlchistí íosta a chur i bhfeidhm (BCE/2021/1) (IO L 73, 3.3.2021, lch. 1).’;" |
(2) |
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoirlíne (AE) 2022/911 (BCE/2022/22) i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoirlíne seo; |
(3) |
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoirlíne (AE) 2022/911 (BCE/2022/22) i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoirlíne seo; |
(4) |
Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoirlíne (AE) 2022/911 (BCE/2022/22) i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoirlíne seo. |
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 20 Samhain 2023.
Arna dhéanamh ag Frankfurt am Main an 9 Samhain 2023.
Uachtarán BCE
Christine LAGARDE
(1) Treoirlíne (AE) 2022/912 ón mBanc Ceannais Eorpach an 24 Feabhra 2022 maidir le hUathchóras Mearaistrithe Ollsocraíochtaí Fíor-ama Tras-Eorpach (TARGET) nua giniúna agus lena n-aisghairtear Treoirlíne 2013/47/AE (BCE/2012/27) (BCE/2022/8) (IO L 163, 17.6.2022, lch. 84).
(2) Treoirlíne (AE) 2023/2145 ón mBanc Ceannais Eorpach an 7 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Treoirlíne (AE) 2022/912 maidir le hUathchóras Mearaistrithe Ollsocraíochta Fíor-ama Tras-Eorpach (TARGET) (BCE/2022/8) (BCE/2023/22) (IO L, 2023/2415, 27.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/guideline/2023/2415/oj).
(3) Cinneadh (AE) 2022/911 ón mBanc Ceannais Eorpach an 19 Aibreán 2022 maidir le téarmaí agus coinníollacha TARGET-BCE agus lena n-aisghairtear Cinneadh BCE/2007/7 (BCE/2022/22) (IO L 163, 17.6.2022, lch. 1).
IARSCRÍBHINN I
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (AE) 2022/911 (BCE/2022/22) mar a leanas:
(1) |
Leasaítear Cuid I mar a leanas:
; |
(2) |
Leasaítear Cuid II mar a leanas:
|
(3) |
Leasaítear Cuid VII mar a leanas:
|
(4) |
in Aguisín VI, cuirtear an méid seo a leanas in ionad roinn 6 (TÁILLÍ DO SHEALBHÓIRÍ DCA TIPS): ‘6. TÁILLÍ DO SHEALBHÓIRÍ DCA TIPS
|
(5) |
in Aguisín VI, cuirtear an méid seo a leanas in ionad roinn 7 (TÁILLÍ MAIDIR LE hÚSÁID A BHAINEANN AS NÓS IMEACHTA SCORAÍOCHTA TIPS AS): ‘7. TÁILLÍ MAIDIR LE hÚSÁID A BHAINEANN AS NÓS IMEACHTA SCORAÍOCHTA TIPS AS
|
IARSCRÍBHINN II
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn II de Chinneadh (AE) 2022/911 (BCE/2022/22):
‘IARSCRÍBHINN II
SOCRUITHE RIALACHAIS TARGET
Leibhéal 1 — Comhairle Rialaithe |
Leibhéal 2 — Comhlacht bainistíochta teicniúil agus oibríochtúil |
Leibhéal 3 — BCNanna Leibhéal 3 |
||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||||
Inniúlacht deiridh i ndáil le gach saincheist TARGET, go háirithe na rialacha maidir le cinnteoireacht i TARGET, agus freagrach as feidhm phoiblí TARGET a chosaint. |
|
|
||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||||
|
|
(Neamhbhainteach) |
||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||||
|
|
|
||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||||
Cinneadh a dhéanamh ar an leibhéal seirbhíse |
Ag fíorú gur seachadadh an tseirbhís de réir an leibhéil Seirbhíse comhaontaithe |
|
||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||||
|
|
|
||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||||
Cinneadh a dhéanamh i gcás formhéadaithe |
|
|
||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||||
|
|
|
||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||||
|
(Neamhbhainteach) |
(Neamhbhainteach) |
IARSCRÍBHINN III
Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Chinnead (AE) 2022/911 (BCE/2022/22) mar a leanas:
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 28:
|
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 54:
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2532/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)