EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D2528

Cinneadh (AE) 2023/2528 ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2023 maidir le treoirlínte do bheartais fostaíochta na mBallstát

ST/12998/2023/INIT

IO L, 2023/2528, 14.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2528/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2528/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2528

14.11.2023

CINNEADH (AE) 2023/2528 ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Deireadh Fómhair 2023

maidir le treoirlínte do bheartais fostaíochta na mBallstát

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 148(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Fostaíochta (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Oibreoidh na Ballstáit agus an tAontas chun straitéis chomhordaithe don fhostaíocht a fhorbairt agus go háirithe chun fórsa saothair sciliúil oilte inoiriúnaithe a chur chun cinn, chomh maith le margaí saothair a bheidh dírithe ar an athrú eacnamaíoch agus a bheidh freagrúil sa todhchaí, d’fhonn na cuspóirí maidir le lánfhostaíocht agus dul chun cinn sóisialta, fás cothrom, ardleibhéal cosanta don chomhshaol agus feabhsú cháilíocht an chomhshaoil mar a leagtar síos in Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) bhaint amach. Ní mór do na Ballstáit a mheas gur ábhar leasa choitinn é an fhostaíocht a chur chun cinn agus tá siad le comhordú a dhéanamh ar a ngníomhaíocht ina leith sin i dtionól na Comhairle, agus cleachtais náisiúnta a bhaineann le freagrachtaí an lucht bainistíochta agus an lucht saothair á gcur san áireamh.

(2)

Tá an tAontas leis an eisiamh sóisialta agus an t-idirdhealú a chomhrac, agus leis an gceartas sóisialta agus an chosaint shóisialta, an comhionannas idir mná agus fir, an dlúthpháirtíocht idir na glúine agus an chosaint ar chearta an linbh a chur chun cinn, mar a leagtar síos in Airteagal 3 CAE. Agus a bheartais agus a ghníomhaíochtaí á sainiú agus á gcur chun feidhme aige, tá an tAontas le cur san áireamh na ceanglais atá nasctha le hardleibhéal fostaíochta a chur chun cinn, le cosaint shóisialta leormhaith a ráthú, leis an mbochtaineacht agus leis an eisiamh sóisialta a chomhrac, le hardleibhéal oideachais agus oiliúna agus le cosaint do shláinte an duine mar a leagtar síos in Airteagal 9 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

(3)

I gcomhréir le CFAE, tá ionstraimí comhordaithe beartais forbartha agus curtha chun feidhme ag an Aontas do bheartais eacnamaíocha agus fostaíochta. Mar chuid de na hionstraimí sin, is iad na treoirlínte do bheartais fostaíochta na mBallstát (‘na Treoirlínte’) a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (AE) 2022/2296 ón gComhairle (4), mar aon leis na treoirlínte ginearálta do bheartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais a leagtar amach i Moladh (AE) 2015/1184 ón gComhairle (5), na Treoirlínte Comhtháite. Tá na Treoirlínte Comhtháite le cur chun feidhme beartais a threorú sna Ballstáit agus san Aontas, agus tá na Treoirlínte sin leis an idirspleáchas atá ann idir na Ballstáit a léiriú. Is é a bheidh sa tacar beartas agus athchóirithe comhordaithe ar leibhéal an Aontais agus náisiúnta a eascraíonn as an méid sin, meascán foriomlán beartas iomchuí inbhuanaithe maidir le cúrsaí geilleagair, fostaíochta agus sóisialta, lenar cheart éifeachtaí dearfacha iarmharta a chothú do mhargaí saothair agus don tsochaí i gcoitinne, agus freagairt go héifeachtach do dhúshláin mheántéarmacha agus níos fadtéarmaí, agus do thionchair géarchéimeanna freisin amhail paindéim COVID-19 agus cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus an méadú atá ag teacht ar an gcostas maireachtála le déanaí.

(4)

Chun dul chun cinn eacnamaíoch agus sóisialta a fheabhsú, tacú leis na haistrithe glasa agus digiteacha, bonn tionsclaíoch an Aontais a neartú, agus margaí saothair cuimsitheacha, iomaíocha agus athléimneacha a bhaint amach san Aontas, ba cheart do na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar ghanntanais saothair agus scileanna agus oideachas ar ardchaighdeán, oiliúint, gairmoideachas agus gairmoiliúint atá dírithe ar an todhchaí, agus uas-sciliú agus athsciliú ar feadh an tsaoil a chur chun cinn, chomh maith le beartais ghníomhacha éifeachtacha maidir leis an margadh saothair agus deiseanna gairme feabhsaithe, trí na naisc idir an córas oideachais agus an margadh saothair a neartú agus trí scileanna, eolas agus inniúlachtaí a fhaightear trí fhoghlaim sheachfhoirmiúil nó neamhfhoirmiúil a aithint.

(5)

Tá na Treoirlínte comhsheasmhach leis an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis, le reachtaíocht an Aontais atá ann cheana agus tionscnaimh éagsúla de chuid an Aontais, lena n-áirítear Moltaí ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 (6), an 29 Samhain 2021 (7), an 5 Aibreán 2022 (8), an 16 Meitheamh 2022 (9), an 28 Samhain 2022 (10), an 8 Nollaig 2022 (11) agus an 30 Eanáir 2023 (12), Moladh ón gComhairle (AE) 2021/402 (13), Rún ón gComhairle an 26 Feabhra 2021 (14), Teachtaireachtaí ón gCoimisiún maidir le geilleagar a thógáil a oibríonn do dhaoine: plean gníomhaíochta don gheilleagar sóisialta (15), maidir leis an bPlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach 2021-2027 (16), maidir leis an Straitéis i dtaca le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-2030 (17), maidir leis an bPacáiste Fostaíochta le haghaidh Daoine faoi Mhíchumas (18), maidir le Straitéis Eorpach Cúraim (19), maidir le Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais don Aois Aeráidneodrach (20), maidir leis an idirphlé sóisialta a neartú san Aontas Eorpach (21), maidir le measúnú níos fearr a dhéanamh ar éifeacht dáileacháin bheartais na mBallstát (22), Cinntí (AE) 2021/2316 (23) agus (AE) 2023/936 (24) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha (AE) 2022/2041 (25), (AE) 2022/2381 (26), agus (AE) 2023/970 (27) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle .

(6)

Comhcheanglaíonn an Seimeastar Eorpach ionstraimí éagsúla le chéile i gcreat uileghabhálach ar mhaithe le comhordú agus faireachas comhtháite iltaobhach ar bheartais eacnamaíocha agus fostaíochta laistigh den Aontas. Agus an inbhuanaitheacht chomhshaoil, an táirgiúlacht, an chothroime agus an chobhsaíocht mhaicreacnamaíoch á saothrú ag an Seimeastar Eorpach, comhtháthaíonn sé freisin prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus prionsabail na huirlise faireacháin a ghabhann leis, an Scórchlár Sóisialta, agus déanann sé foráil maidir le rannpháirtíocht láidir leis na comhpháirtithe sóisialta, leis an tsochaí shibhialta agus le geallsealbhóirí eile. Tacaíonn sé leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach freisin. Ba cheart beartais eacnamaíocha agus fostaíochta an Aontais agus na mBallstát a bheith fite fuaite le haistriú cothrom na hEorpa i dtreo geilleagar aeráidneodrach, inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus digiteach, leis na beartais sin ba cheart feabhas a chur ar an iomaíochas, dálaí oibre leordhóthanacha a áirithiú, an nuálaíocht a chothú, an ceartas sóisialta, comhionannas deiseanna agus cóineasú socheacnamaíoch aníos a chothú, chomh maith le dul i ngleic leis na neamhionannais agus le héagothromaíochtaí réigiúnacha.

(7)

An t-athrú aeráide agus dúshláin eile a bhaineann leis an gcomhshaol, an gá atá le haistriú glas cothrom a áirithiú, aistriú breise i dtreo neamhspleáchas fuinnimh, iomaíochas feabhsaithe na dtionscal glan-nialasachta agus an gá atá le huathriail straitéiseach oscailte na hEorpa a dhaingniú, mar aon le forbairt an digitiú, an intleacht shaorga agus geilleagar na n-ardán, méadú ar an teilea-obair, agus an t-athrú déimeagrafach, tá geilleagair agus sochaithe an Aontais ag athrú ó bhonn ag an méid sin. Beidh ar an Aontas agus ar na Ballstáit oibriú le chéile chun aghaidh a thabhairt ar fhorbairtí struchtúracha den sórt sin go héifeachtach agus go réamhghníomhach agus chun na córais atá ann cheana a oiriúnú de réir mar is gá, agus aitheantas á thabhairt do dhlúth-idirspleáchas gheilleagair agus mhargaí saothair na mBallstát, agus do bheartais ghaolmhara. Chuige sin, teastaíonn gníomhaíocht beartais atá comhordaithe, uaillmhianach agus éifeachtach ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon agus aitheantas á thabhairt do ról na gcomhpháirtithe sóisialta san am céanna, i gcomhréir le CFAE agus le forálacha an Aontais maidir le rialachas eacnamaíoch, agus Colún Eorpach na gCeart Sóisialta á chur san áireamh. Ba cheart a chuimsiú leis an ngníomhaíocht beartais sin borradh faoi infheistíocht inbhuanaithe, gealltanas athnuaite d’athchóirithe cuí-sheicheamhaithe lena gcuirtear feabhas ar fhás eacnamaíoch cuimsitheach inbhuanaithe, cruthú post ar ardchaighdeán, táirgiúlacht, dálaí oibre leordhóthanacha, comhtháthú sóisialta agus críochach, cóineasú socheacnamaíoch ar an mbealach aníos, athléimneacht agus feidhmiú freagrachta fioscaí.

Mar a léirítear sa Mholadh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le foghlaim don aistriú glas agus don fhorbairt inbhuanaithe, is féidir tacú le cur chun feidhme na mbeartas sin trí ghné an oideachais agus na hoiliúna a chomhtháthú go córasach i mbeartais eile a bhaineann leis an aistriú glas agus leis an bhforbairt inbhuanaithe i ndearcadh ar feadh an tsaoil. Ba cheart tacaíocht a chur ar fáil ó chláir chistiúcháin an Aontais atá ann cheana, agus go háirithe ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta arna bunú le Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28) agus ó chistí an bheartais comhtháthaithe, lena n-áirítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus arna bunú le Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29) agus Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa arna rialú ag Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30), chomh maith leis an gCiste um Aistriú Cóir arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31). Ba cheart gníomhaíocht beartais bearta ar thaobh an tsoláthair agus ar thaobh an éilimh a chomhcheangal le chéile, agus na tionchair a bheidh acu ar chúrsaí eacnamaíocha, comhshaoil, fostaíochta agus sóisialta bhearta den sórt sin a chur san áireamh san am céanna.

(8)

I gColún Eorpach na gCeart Sóisialta, arna fhógairt ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún i mí na Samhna 2017 (32), leagtar amach fiche prionsabal agus ceart chun tacú le margaí saothair agus córais leasa atá dea-fheidhmiúil agus cothrom, agus iad roinnte i dtrí chatagóir: comhionannas deiseanna agus rochtain chothrom ar an margadh saothair, dálaí oibre cothroma agus cosaint agus cuimsiú sóisialta. Leis na prionsabail agus na cearta sin tugtar treoir straitéiseach don Aontas, lena áirithiú go mbeidh an t-aistriú chuig an aeráidneodracht agus chuig inbhuanaitheacht chomhshaoil, an digitiú agus an t-athrú déimeagrafach cóir agus cothrom i dtéarmaí sóisialta agus go gcaomhnófar an comhtháthú críochach. Is creat tagartha é Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, mar aon leis an Scórchlár Sóisialta a ghabhann leis, chun faireachán a dhéanamh ar fhostaíocht agus fheidhmíocht shóisialta na mBallstát, chun athchóirithe agus infheistíochtaí a chur chun cinn ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil agus chun réiteach a dhéanamh idir an ‘ghné shóisialta’ agus an ‘margadh’ i ngeilleagar nua-aimseartha an lae inniu, lena n-áirítear tríd an ngeilleagar sóisialta a chur chun cinn. An 4 Márta 2021, chuir an Coimisiún Plean Gníomhaíochta chun cinn maidir le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (‘an Plean Gníomhaíochta’), lena n-áirítear príomhspriocanna uaillmhianacha ach réadúla an Aontais maidir le fostaíocht agus scileanna a mhéadú agus bochtaineacht a laghdú agus fospriocanna comhlántacha do 2030, chomh maith leis an Scórchlár Sóisialta athbhreithnithe.

(9)

Mar a d’aithin na Cinn Stáit nó Rialtais ag Cruinniú Mullaigh Sóisialta Porto an 8 Bealtaine 2021, le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta neartófar iarracht an Aontais aistriú digiteach, glas agus cothrom a bhaint amach agus rannchuideofar le cóineasú sóisialta agus eacnamaíoch ar an mbealach aníos a bhaint amach agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhéimeagrafacha. Chuir siad in iúl go láidir go bhfuil an ghné shóisialta, an t-idirphlé sóisialta agus rannpháirtíocht ghníomhach na gcomhpháirtithe sóisialta i gcroílár geilleagair shóisialta mhargaidh ina bhfuil iomaíocht ghéar, agus ba dhíol sásaimh dóibh príomhspriocanna nua an Aontais. Dhearbhaigh siad go bhfuil rún daingean acu, mar a bunaíodh le Clár Oibre Straitéiseach na Comhairle Eorpaí 2019-2024, leanúint de chur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta a dhoimhniú, agus aird chuí á tabhairt ar na hinniúlachtaí faoi seach agus ar phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta. Ar deireadh, leag siad béim ar a thábhachtaí atá sé súil ghéar a choinneáil ar an dul chun cinn atá déanta chun Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus príomhspriocanna an Aontais do 2030 a chur chun feidhme, lena n-áirítear ar an leibhéal is airde.

(10)

Le príomhspriocanna nua an Aontais do 2030 maidir le fostaíocht (gur cheart 78 % ar a laghad den daonra idir 20 agus 64 bliana d’aois a bheith i mbun fostaíochta), scileanna (gur cheart 60 % ar a laghad de na daoine fásta uile a bheith rannpháirteach in oiliúint gach bliain) agus laghdú na bochtaineachta (gur cheart ar a laghad 15 mhilliún níos lú daoine a bheith i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta, lena n-áirítear 5 mhilliún leanbh), arbh dhíol sásaimh iad do na Cinn Stáit nó Rialtais ag Cruinniú Mullaigh Sóisialta Porto an 8 Bealtaine 2021 agus don Chomhairle Eorpach i mí an Mheithimh 2021, in éineacht leis an Scórchlár Sóisialta, cuideofar le faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo chur chun feidhme phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta mar chuid den chreat um chomhordú beartais sa Seimeastar Eorpach. Thairis sin, ag Cruinniú Mullaigh Sóisialta Porto iarradh freisin ar na Ballstáit spriocanna náisiúnta uaillmhianacha a leagan síos, agus aird chuí á tabhairt ar an seasamh tosaigh atá ag gach tír, ar cheart dóibh rannchuidiú leordhóthanach chun príomhspriocanna an Aontais do 2030 a bhaint amach. Idir Meán Fómhair 2021 agus Meitheamh 2022, arna iarraidh sin ag an gCoimisiún, tháinig Ballstáit chun cinn lena spriocanna náisiúnta. Ag an gComhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí (Comhairle EPSCO) i mí an Mheithimh 2022, leag na hAirí béim ar a thábhachtaí atá sé súil ghéar a choinneáil ar an dul chun cinn atá déanta chun Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus príomhspriocanna an Aontais do 2030 a chur chun feidhme. I bhfianaise an mhéid sin, cumhdaítear na spriocanna náisiúnta sa Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht 2023 anois, agus déanfar iad a chomhtháthú a thuilleadh in uirlisí faireacháin an tSeimeastair Eorpaigh. Ina theannta sin, chuir comhlachtaí comhairleacha EPSCO bailchríoch ar phríomhtheachtaireachtaí chun bonn eolais a chur faoi dhíospóireacht an tSeimeastair ag Comhairle EPSCO i mí an Mheithimh 2023 maidir le creat a d’fhéadfadh a bheith ann chun an measúnú agus an faireachán a dhéantar ar rioscaí don chóineasú sóisialta aníos san Aontas a neartú.

(11)

Tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin, cháin an Chomhairle Eorpach, ina conclúidí an 24 Feabhra 2022, gníomhaíochtaí na Rúise, a fhéachann leis an mbonn a bhaint de shlándáil agus de chobhsaíocht na hEorpa agus an domhain, agus chuir sí dlúthpháirtíocht in iúl le muintir na hÚcráine, agus chuir sí i dtreis sárú na Rúise ar an dlí idirnáisiúnta agus ar phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe. Sa chomhthéacs atá ann faoi láthair, le cosaint shealadach, mar a dheonaítear le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle (33), cuirtear cúnamh tapa agus éifeachtach ar fáil i dtíortha an Aontais do dhaoine easáitithe atá ag teitheadh roimh chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus cuirtear ar a gcumas dóibh leas a bhaint as cearta íosta ar fud an Aontais a chuireann leibhéal leordhóthanach cosanta ar fáil. Trí pháirt a ghlacadh i margaí saothair an Aontais, is féidir le daoine a easáitíodh as an Úcráin rannchuidiú le geilleagar an Aontais a neartú agus cabhrú lena dtír agus lena muintir sa bhaile. Amach anseo, d’fhéadfadh an taithí agus na scileanna a fuarthas cuidiú leis an Úcráin a atógáil. I gcás leanaí agus déagóirí gan tionlacan, tugann cosaint shealadach an ceart chun caomhnóireacht dhlíthiúil agus chun rochtain a fháil ar oideachas agus cúram leanaí. Ba cheart do na Ballstáit rannpháirt a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta i gceapadh, i gcur chun feidhme agus i meastóireacht na mbeart beartais arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar na dúshláin i réimse na fostaíochta agus na scileanna, lena n-áirítear cáilíochtaí a aithint, a eascraíonn as cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Tá ról lárnach ag na comhpháirtithe sóisialta maidir le tionchar an chogaidh a mhaolú ó thaobh fostaíocht agus táirgeacht a chaomhnú.

(12)

Maidir leis na hathchóirithe ar mhargadh an tsaothair, lena n-áirítear sásraí náisiúnta chun pá a shocrú, ba cheart dóibh na cleachtais náisiúnta a urramú maidir le hidirphlé shóisialta agus neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta, d’fhonn pá cothrom a sholáthar lena gcumasófar caighdeán maith maireachtála agus fás inbhuanaithe chomh maith le cóineasú socheacnamaíoch aníos. Leis na hathchóirithe sin, ba cheart go bhféadfaí breithniú a dhéanamh ar thosca socheacnamaíocha go forleathan, lena n-áirítear feabhsuithe ar inbhuanaitheacht, iomaíochas, an nuálaíocht, cruthú post ardcháilíochta, dálaí oibre, bochtaineacht lucht oibre, oideachas, oiliúint agus scileanna, sláinte phoiblí, cosaint shóisialta agus cuimsiú sóisialta, chomh maith le fíorioncaim. Ina leith sin, leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus le cistí eile de chuid an Aontais, táthar ag tacú leis na Ballstáit athchóirithe agus infheistíochtaí a chur chun feidhme atá i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais, rud a fhágfaidh go mbeidh geilleagair agus sochaithe an Aontais níos inbhuanaithe, níos athléimní agus níos ullmhaithe do na haistrithe glasa agus digiteacha sa chomhthéacs athraitheach a tháinig tar éis phaindéim COVID-19. Chuir cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine leis na dúshláin shocheacnamaíocha a bhí ann cheana. Ba cheart do na Ballstáit agus don Aontas leanúint dá n-áirithiú go maolófar na tionchair shóisialta, fostaíochta agus eacnamaíocha agus go mbeidh na haistrithe cothrom agus cóir ar bhonn sóisialta, i bhfianaise freisin go gcuideoidh neamhspleáchas straitéiseach níos mó agus aistriú glas luathaithe le laghdú a dhéanamh ar an spleáchas ar allmhairiú fuinnimh agus táirgí agus teicneolaíochtaí straitéiseacha eile, go háirithe ón Rúis. Tá sé ríthábhachtach athléimneacht a neartú agus sochaí chuimsitheach athléimneach a shaothrú ina dtugtar cosaint do dhaoine agus ina dtugtar an chumhacht dóibh athruithe a thuar agus a bhainistiú, agus inar féidir leo páirt ghníomhach a ghlacadh sa tsochaí agus sa gheilleagar.

Tá gá le tacar comhleanúnach de bheartais ghníomhacha maidir le margadh an tsaothair, lena gcuimsítear fruiliú sealadach agus spriocdhírithe agus dreasachtaí aistrithe, beartais scileanna lena n-áirítear foghlaim don aistriú glas agus don fhorbairt inbhuanaithe agus seirbhísí fostaíochta spriocdhírithe, éifeachtacha agus inoiriúnaithe, chun tacú le haistrithe i margadh an tsaothair, i bhfianaise na n-aistrithe glasa agus digiteacha freisin, mar a cuireadh i dtábhacht inter alia i Moladh (AE) 2021/402 ón gCoimisiún agus sa Mholadh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú. Ba cheart dálaí oibre maithe, lena n-áirítear sláinte agus sábháilteacht ag an obair, agus idir shláinte coirp agus mheabhairshláinte oibrithe, a áirithiú.

(13)

Ba cheart dul i ngleic le hidirdhealú de gach cineál, an comhionannas inscne a áirithiú agus tacú le fostaíocht do dhaoine óga. Ba cheart rochtain chomhionann agus deiseanna comhionanna do chách a áirithiú agus ba cheart an bhochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta a laghdú, go háirithe i gcás leanaí, daoine faoi mhíchumais agus na Romaigh, go háirithe trí fheidhmiú éifeachtach na margaí saothair agus córais chosanta sóisialta leordhóthanacha agus cuimsitheacha a áirithiú, mar a leagtar amach sa Mholadh ón gComhairle an 8 Samhain 2019 agus sa Mholadh ón gComhairle an 30 Eanáir 2023 maidir le hioncam íosta leordhóthanach lena n-áirithítear cuimsiú gníomhach (34), agus trí dheireadh a chur le bacainní ar oideachas, oiliúint, foghlaim ar feadh an tsaoil agus rannpháirtíocht i margadh an tsaothair a bheidh cuimsitheach agus dírithe ar an todhchaí, lena n-áirítear trí infheistíochtaí in oideachas agus i gcúram na luath-óige, i gcomhréir leis an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí agus leis an Moladh ón gComhairle maidir le hoideachas agus cúram na luath-óige: (‘spriocanna Barcelona do 2030’), agus infheistíochtaí i scileanna digiteacha agus glasa, i gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach, leis an Moladh ón gComhairle maidir le foghlaim don aistriú glas agus don fhorbairt inbhuanaithe, an Moladh ón gComhairle maidir le Conairí i dtreo na Rathúlachta Scoile. Tá ábharthacht ar leith ag baint le rochtain thráthúil chomhionann ar chúram fadtéarmach inacmhainne ar ardchaighdeán, i gcomhréir leis an Moladh ón gComhairle maidir le rochtain ar chúram fadtéarmach inacmhainne ar ardchaighdeán, agus ar sheirbhísí cúraim sláinte, lena n-áirítear cosc agus cur chun cinn cúraim sláinte, go háirithe i bhfianaise rioscaí sláinte a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo agus i gcomhthéacs sochaithe atá ag dul in aois.

I dtaca le hacmhainneacht daoine faoi mhíchumas rannchuidiú le fás eacnamaíoch agus forbairt shóisialta, ba cheart í a bhaint amach tuilleadh, i gcomhréir leis an Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas (35), inar iarradh ar na Ballstáit spriocanna fostaíochta agus foghlama aosaí a bhunú do dhaoine faoi mhíchumas. Le teicneolaíochtaí nua agus le háiteanna oibre atá ag athrú ar fud an Aontais, is mó an tsolúbthacht atá ann i dtaca le heagrú na hoibre chomh maith le táirgiúlacht agus cothromaíocht oibre is saoil feabhsaithe, agus, an tráth céanna, rannchuidiú á dhéanamh le gealltanais ghlasa an Aontais. Ina theannta sin, cruthaíonn siad dúshláin nua do mhargaí an tsaothair, dúshláin a dhéanann difear do dhálaí oibre daoine, do shláinte agus sábháilteacht ag an obair agus do rochtain ar chosaint shóisialta. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go n-eascróidh poist ardcháilíochta agus áiteanna oibre sláintiúla as cineálacha nua eagrúcháin oibre, lena gcoinneofar ar bun cearta seanbhunaithe saothair agus sóisialta agus lena neartófar múnla sóisialta na hEorpa.

(14)

Ba cheart na Treoirlínte Comhtháite a bheith mar bhunús le moltaí tírshonracha a fhéadfaidh an Chomhairle a dhíriú ar na Ballstáit. Tá na Ballstáit le leas iomlán a bhaint as a n-acmhainní REACT-EU, acmhainní arna mbunú le Rialachán (AE) 2020/2221 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (36) lena ndéantar cistí bheartais chomhtháthaithe 2014-2020 agus an Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (FEAD) a threisiú go dtí 2023. Mar gheall ar an ngéarchéim reatha san Úcráin, rinneadh Rialachán (AE) 2020/2221 a chomhlánú tuilleadh le Rialachán (AE) 2022/562 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (37) agus le leasú breise ar Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (38) a bhaineann le réamh-mhaoiniú méadaithe le haghaidh REACT-EU, agus le costas aonaid nua chun cabhrú le dlús a chur le lánpháirtiú daoine atá ag imeacht as an Úcráin agus atá ag teacht isteach san Aontas dá bhforáiltear le Rialachán (AE) 2022/613 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (39).

Ina theannta sin, do chlárthréimhse 2021-2027, ba cheart do na Ballstáit leas iomlán a bhaint as Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus cistí eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear an Ciste um Aistriú Cóir mar aon leis an gCiste InvestEU arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (40), chun fostaíocht ardcháilíochta agus infheistíochtaí sóisialta a chothú, chun an bhochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta a chomhrac, cur in aghaidh an idirdhealaithe, chun inrochtaineacht agus cuimsiú a áirithiú, agus chun deiseanna uas-scilithe agus athscilithe an lucht saothair, foghlaim ar feadh an tsaoil agus oideachas agus oiliúint ardcháilíochta do chách a chur chun cinn, lena n-áirítear litearthacht dhigiteach agus scileanna digiteacha chun saoránaigh a chumhachtú leis an eolas agus na cáilíochtaí is gá le haghaidh geilleagar digiteach agus glas . Thairis sin, tá na Ballstáit le lánúsáid a bhaint as an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Easáitithe, ciste arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (41) chun tacú le hoibrithe arna ndéanamh iomarcach mar thoradh ar mhórtheagmhais athstruchtúraithe, amhail paindéim COVID-19, claochluithe socheacnamaíocha ar toradh ar threochtaí domhanda iad, agus athruithe teicneolaíochta agus comhshaoil. Cé go ndírítear na Treoirlínte Comhtháite ar na Ballstáit agus ar an Aontas, ba cheart iad a chur chun feidhme i gcomhpháirtíocht leis na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla uile, i ndlúthchomhar le parlaimintí, chomh maith le comhpháirtithe sóisialta agus ionadaithe na sochaí sibhialta.

(15)

Tá an Coiste Fostaíochta agus an Coiste um Chosaint Shóisialta le faireachán a dhéanamh ar an gcaoi a gcuirtear na beartais ábhartha chun feidhme i bhfianaise na dTreoirlínte, i gcomhréir lena sainorduithe féin faoi na Conarthaí. Ní mór do na coistí sin agus do chomhlachtaí ullmhúcháin eile de chuid na Comhairle atá bainteach le comhordú beartas eacnamaíoch agus sóisialta oibriú i ndlúthchomhar le chéile. Ba cheart idirphlé beartais idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún a choinneáil ar bun, go háirithe a mhéid a bhaineann le Treoirlínte na mBallstát.

(16)

Chuathas i gcomhairle leis an gCoiste um Chosaint Shóisialta,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Na treoirlínte do bheartais fostaíochta na mBallstát, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (AE) 2022/2296, coinnítear ar bun iad le haghaidh 2023 agus cuirfidh na Ballstáit san áireamh iad ina mbeartais fostaíochta agus ina gcláir athchóirithe.

Airteagal 2

Dírítear an Cinneadh seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 9 Deireadh Fómhair 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Y. DÍAZ PÉREZ


(1)  Tuairim an 13 Meán Fómhair 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Tuairim an 20 Meán Fómhair 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  Tuairim an 11 Iúil 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(4)  Cinneadh (AE) 2022/2296 ón gComhairle an 21 Samhain 2022 maidir le treoirlínte do bheartais fostaíochta na mBallstát (IO L 304, 24.11.2022, lch. 67).

(5)  Moladh (AE) 2015/1184 ón gComhairle an 14 Iúil 2015 maidir le treoirlínte leathana le haghaidh bheartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais Eorpaigh (IO L 192, 18.7.2015, lch. 27).

(6)  Moladh ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ráthaíocht Eorpach do Leanaí (IO L 223, 22.6.2021, lch. 14).

(7)  Moladh ón gComhairle an 29 Samhain 2021 maidir le cineálacha cur chuige foghlama cumaiscthe i gcomhair bunoideachas agus meánoideachas cuimsitheach agus ardcháilíochta (IO C 504, 14.12.2021, lch. 21).

(8)  Moladh ón gComhairle an 5 Aibreán 2022 maidir le naisc a chothú le haghaidh comhar éifeachtach Eorpach san ardoideachas (IO C 160, 13.4.2022, lch. 1).)

(9)  Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le cur chuige Eorpach i leith micridhintiúr don fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus don infhostaitheacht (IO C 243, 27.6.2022, lch. 10), Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le cuntais foghlama aonair (IO C 243, 27.6.2022, lch. 26), Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú (IO C 243, 27.6.2022, lch. 35) agus Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le foghlaim don aistriú glas agus don fhorbairt inbhuanaithe (IO C 243, 27.6.2022, lch. 1).

(10)  Moladh ón gComhairle an 28 Samhain 2022 maidir le Conairí i dtreo na Rathúlachta Scoile agus lena n-ionadaítear an Moladh ón gComhairle an 28 Meitheamh 2011 maidir le beartais chun luathfhágáil na scoile a laghdú (IO C 469, 9.12.2022, lch. 1).

(11)  Moladh ón gComhairle an 8 Nollaig 2022 maidir le rochtain ar chúram fadtéarmach inacmhainne ar ardchaighdeán (IO C 476, 15.12.2022, lch. 1) agus Moladh ón gComhairle an 8 Nollaig 2022 maidir le hoideachas agus cúram na luath-óige: spriocanna Barcelona do 2030 (IO C 484, 20.12.2022, lch. 1).

(12)  Moladh ón gComhairle an 30 Eanáir 2023 maidir le hioncam íosta leordhóthanach lena n-áirithítear cuimsiú gníomhach (IO C 41, 3.2.2023, lch. 1).

(13)  Moladh ón gCoimisiún (AE) 2021/402 an 4 Márta 2021 maidir le tacaíocht ghníomhach éifeachtach don fhostaíocht tar éis ghéarchéim COVID-19 (EASE) (IO L 80, 8.3.2021, lch. 1).

(14)  Rún ón gComhairle maidir le creat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus níos faide anonn (2021-2030) (IO C 66, 26.2.2021, lch. 1).

(15)  COM(2021) 778 final.

(16)  COM(2020) 624 final

(17)  COM(2021) 101 final.

(18)  An Pacáiste Fostaíochta le haghaidh daoine faoi mhíchumas chun torthaí mhargadh an tsaothair a fheabhsú do dhaoine faoi mhíchumas - Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú — An Coimisiún Eorpach (europa.eu)

(19)  COM(2022) 440 final.

(20)  COM(2023) 62 final.

(21)  COM(2023) 38 agus 40 final.

(22)  COM(2022) 494 final.

(23)  Cinneadh (AE) 2021/2316 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Nollaig 2021 maidir le Bliain Eorpach na hÓige (2022) (IO L 462, 28.12.2021, lch. 1).

(24)  Cinneadh (AE) 2023/936 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 maidir le Bliain Eorpach na Scileanna(Téacs atá ábhartha maidir le LEE) IO L 125, 11.5.2023, lch. 1

(25)  Treoir (AE) 2022/2041 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach (IO L 275, 25.10.2022, lch. 33).

(26)  Treoir (AE) 2022/2381 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 maidir le feabhas a chur ar an gcothromaíocht inscne i measc stiúrthóirí cuideachtaí liostaithe agus bearta gaolmhara (IO L 315, 7.12.2022, lch. 44).

(27)  Treoir (AE) 2023/970 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 chun cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach idir fir agus mná a neartú trí shásraí trédhearcachta pá agus forfheidhmithe (OJ L 132, 17.5.2023, lch. 21).

(28)  Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).

(29)  Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 231, 30.6.2021, lch. 21).

(30)  Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe (IO L 231, 30.6.2021, lch. 60).

(31)  Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir (IO L 231, 30.6.2021, lch. 1).

(32)  An Forógra Idirinstitiúideach maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta (IO C 428, 13.12.2017, lch. 10).

(33)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle an 4 Márta 2022 lena mbunaítear gurb ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE, agus a bhfuil d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach (IO L 71, 4.3.2022, lch. 1).

(34)  Moladh ón gComhairle an 30 Eanáir 2023 maidir le hioncam íosta leordhóthanach lena n-áirithítear cuimsiú gníomhach (IO C 41, 3.2.2023, lch. 1).

(35)  COM(2021) 101 final.

(36)  Rialachán (AE) 2020/2221 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Nollaig 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní breise agus socruithe cur chun feidhme chun cúnamh a chur ar fáil chun leigheas dhíobháil na géarchéime a chothú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí sóisialta agus téarnamh glas, digiteach agus athléimneach a ullmhú don gheilleagair (REACT-EU) (IO L 437, 28.12.2020, lch. 30).

(37)  Rialachán (AE) 2022/562 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013 agus (AE) Uimh. 223/2014 a mhéid a bhaineann le Gníomhaíocht Chomhtháthaithe le haghaidh Dídeanaithe san Eoraip (CARE) (IO L 109, 8.4.2022, lch. 1).

(38)  Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).

(39)  Rialachán (AE) 2022/613 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Aibreán 2022 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013 agus (AE) Uimh. 223/2014 a mhéid a bhaineann le réamh-mhaoiniú méadaithe ó acmhainní REACT EU agus le costas aonaid a bhunú (IO L 115, 13.4.2022, lch. 38).

(40)  Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 30).

(41)  Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 (IO L 153, 3.5.2021, lch. 48).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2528/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top