Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D2426

Cinneadh (AE) 2023/2426 ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2023 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an gcúigiú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair, a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh lena mbunaítear tairseach i ndáil le dramhaíl atá éillithe le mearcair i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún sin

ST/13488/2023/INIT

IO L, 2023/2426, 6.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2426/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2426/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2426

6.11.2023

CINNEADH (AE) 2023/2426 ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Deireadh Fómhair 2023

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an gcúigiú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair, a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh lena mbunaítear tairseach i ndáil le dramhaíl atá éillithe le mearcair i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh (AE) 2017/939 ón gComhairle (1), thug an tAontas Coinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair (‘an Coinbhinsiún’) i gcrích agus tháinig sé i bhfeidhm an 16 Lúnasa 2017.

(2)

De bhun Chinneadh MC-1/1 maidir le Rialacha Nós Imeachta a ghlac Comhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún (‘Comhdháil na bPáirtithe’) ag an gcéad chruinniú a bhí aici an 24–29 Meán Fómhair 2017, tá na Páirtithe sa Choinbhinsiún (‘na Páirithe’) chun gach iarracht a dhéanamh teacht, de chomhthoil, ar chomhaontú maidir le gach ábhar substainteach.

(3)

Le linn an tríú cruinniú a bhí ag Comhdháil na bPáirtithe an 25-29 Samhain 2019, ghlac an Chomhdháil Cinneadh MC-3/5 maidir le tairseacha i ndáil le dramhaíl atá comhdhéanta de mhearcair nó de chomhdhúile mearcair nó ina bhfuil mearcair nó comhdhúile mearcair, dá dtagraítear in Airteagal 11 (2), pointí (a) agus (b), den Choinbhinsiún, agus d’iarr sí go bhforbródh an grúpa saineolaithe teicniúla, a bhunaigh Comhdháil na bPáirtithe le linn an dara cruinniú a bhí aici an 19-23 Samhain 2018, tairseacha i ndáil le dramhaíl atá éillithe le mearcair nó le comhdhúile mearcair dá dtagraítear in Airteagal 11(2), pointe (c), den Choinbhinsiún (‘dramhaíl atá éillithe le mearcair’), lena n-áirítear tairseacha i ndáil le fuíll ó mhianadóireacht nach mianadóireacht phríomha mearcair í.

(4)

Ag an dara cuid den cheathrú chruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe an 21-25 Márta 2022, ní raibh sé in ann cinneadh a ghlacadh maidir le tairseacha i ndáil le dramhaíl atá éillithe le mearcair. Ina ionad sin, le Cinneadh MC-4/6, iarradh ar an ngrúpa saineolaithe teicniúla sin leanúint dá chuid oibre go príomha trí mhodhanna leictreonacha agus cruinniú amháin duine ar dhuine a thionól ar feadh tréimhse leordhóthanach chun aghaidh a thabhairt ar dhramhaíl atá éillithe le mearcair, faoi réir infhaighteacht acmhainní, agus tuairisc a thabhairt ar a chuid oibre do Chomhdháil na bPáirtithe ag an chúigiú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe a thionólfar an 30 Deireadh Fómhair go dtí an 3 Samhain 2023.

(5)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an gcúigiú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe a leagan síos, toisc go mbeidh éifeachtaí dlíthiúla ag an gcinneadh atá beartaithe lena mbunaítear tairseacha i ndáil le dramhaíl mhearcair, má ghlactar é, ós rud é go mbeidh ar na Páirtithe bearta a dhéanamh chun é a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal réigiúnach.

(6)

Rannchuidigh an tAontas go mór le forbairt na bhforálacha maidir le dramhaíl atá sa Choinbhinsiún agus leis an obair shaineolach idirsheisiúnach a seoladh le Cinneadh MC-3/5 agus as ar tháinig na moltaí. Ceanglaítear, le acquis an Aontais, go ndéanfar gach cineál dramhaíola mearcair dá dtagraítear in Airteagal 11(2), den Choinbhinsiún, ar a n-áirítear dramhaíl atá éillithe le mearcair, a bhainistiú gan sláinte an duine a chur i mbaol agus gan dochar a dhéanamh don chomhshaol, gan beann ar an gcion mearcair atá sa dramhaíl sin.

(7)

Níor cheart don Aontas tacú le glacadh cinnidh ó Chomhdháil na bPáirtithe ach amháin má tá an Cinneadh sin i gcomhréir le acquis an Aontais,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an gcúigiú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair, tacú le cinneadh a ghlacadh lena mbunaítear tairseacha i ndáil le dramhaíl atá éillithe le mearcair, ar Cinneadh é atá i gcomhréir le acquis an Aontais.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 23 Deireadh Fómhair 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. PLANAS PUCHADES


(1)  Cinneadh (AE) 2017/939 ón gComhairle an 11 Bealtaine 2017 maidir le tabhairt i gcrích Choinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair thar ceann an Aontais Eorpaigh (IO L 142, 2.6.2017, lch. 4).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2426/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top