EUR-Lex Prístup k právu Európskej únie
Tento dokument je výňatok z webového sídla EUR-Lex
Dokument 32023D1633
Commission Implementing Decision (EU) 2023/1633 of 10 August 2023 rejecting an application for protection of a geographical indication in accordance with Article 52(1) of Regulation (EU) No 1151/2012 of the European Parliament and of the Council (‘Лидское пиво/Lidskoe pivo/Лiдскае пiва/Lidskae piva’ (PGI)) (notified under document C(2023) 5372) (Only the English text is authentic)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1633 ón gCoimisiún an 10 Lúnasa 2023 lena ndiúltaítear d’iarratas ar thásc geografach faoi chosaint i gcomhréir le hAirteagal 52(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ‘Лидское пиво/Lidskoe pivo/Лiдскае пiва/Lidskae piva’ (TGFC) (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 5372) (Is é an téacs Béarla amháin atá barántúil)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1633 ón gCoimisiún an 10 Lúnasa 2023 lena ndiúltaítear d’iarratas ar thásc geografach faoi chosaint i gcomhréir le hAirteagal 52(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ‘Лидское пиво/Lidskoe pivo/Лiдскае пiва/Lidskae piva’ (TGFC) (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 5372) (Is é an téacs Béarla amháin atá barántúil)
C/2023/5372
IO L 202, 14.8.2023, s. 22 – 24
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Účinné
14.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 202/22 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1633 ÓN gCOIMISIÚN
an 10 Lúnasa 2023
lena ndiúltaítear d’iarratas ar thásc geografach faoi chosaint i gcomhréir le hAirteagal 52(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
‘Лидское пиво/Lidskoe pivo/Лiдскае пiва/Lidskae piva’ (TGFC)
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 5372)
(Is é an téacs Béarla amháin atá barántúil)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 50 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar an iarratas ar chlárú na n-ainmneacha ‘Лидское пиво/Lidskoe pivo/Лiдскае пiва/Lidskae piva’ mar thásc geografach faoi chosaint (TGFC). Tagraíonn an t-iarratas do bheoir a tháirgtear i gcathair Lida sa Bhealarúis agus chuir an Chuideachta Comhstoic ‘Lidskoe Pivo’ ón mBealarúis isteach é an 21 Iúil 2021 (PGI-BY-02789). |
(2) |
Tar éis an ghrinnscrúdaithe, sheol an Coimisiún litir inar iarradh soiléiriú ar roinnt gnéithe den chomhad. Ós rud é go háirithe nach mór uisce a thagann ó fhuaráin ar leith atá lonnaithe ar thalamh ar leis an iarratasóir é a úsáid chun ‘Лидское пиво/Lidskoe pivo/Лiдскае пiва/Lidskae piva’ a tháirgeadh, agus go ndéantar an táirge a tháirgeadh de réir ‘treoir theicneolaíoch uathúil ar leith’, (mar a luaitear sa chéad sonraíocht táirge) arb é an t-iarratasóir an t-úinéir agus an t-aon úsáideoir, iarradh ar an iarratasóir a mhíniú an féidir le táirgeoirí eile a bheith rannpháirteach i gcomhréir le prionsabail na scéime um thásca geografacha san Aontas. |
(3) |
Thairis sin, mhínigh an Coimisiún go bhféadfar caitheamh le duine nádúrtha nó duine dlítheanach aonair mar ghrúpa agus iarratas á chomhdú aige, i gcás ina léirítear gur comhlíonadh an dá choinníoll in Airteagal 49(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012: (a) is é an duine lena mbaineann an t-aon táirgeoir atá toilteanach iarratas a chur isteach; agus (b) maidir le tásca geografacha faoi chosaint, tá saintréithe sa limistéar geografach sainithe atá éagsúil go suntasach leis na saintréithe atá i limistéir chomharsanachta nó tá saintréithe an táirge éagsúil leis na táirgí a tháirgtear i limistéir chomharsanachta. Iarradh ar an iarratasóir údair den sórt sin a sholáthar. |
(4) |
Sa fhreagra sholáthair an t-iarratasóir Doiciméad Aonair agus Sonraíocht táirge cothrom le dáta, inar sonraíodh gurb í an Chuideachta Comhstoic ‘Lidskoe Pivo’ an t-aon úinéir agus an t-aon oibreoir ar na toibreacha nach mór a úsáid chun ‘Лидское пиво/Lidskoe pivo/Лiдскае пiва/Lidskae piva’ a tháirgeadh agus go ndéanann an t-iarratasóir an próiseas táirgthe ar fad i gcríoch chathair Lida agus de réir ‘treoir theicneolaíoch uathúil ar leith’, ar treoir í arb é an t-iarratasóir a húinéir agus an t-aon úsáideoir dá cuid. |
(5) |
Ar bhonn na faisnéise a soláthraíodh, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach gcomhlíonann an t-iarratas na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 agus chuir sé in iúl sa litir dhiúltaithe, mura mbeidh aon bharúil faighte laistigh de 2 mhí tar éis dó an litir a fháil, go bhfuil sé ar intinn aige tús a chur leis an nós imeachta maidir le cinneadh foirmiúil ón gCoimisiún a ghlacadh lena ndiúltaítear an t-iarratas de bhun Airteagal 52(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012. |
(6) |
Chuir an Coimisiún san áireamh gur forbraíodh agus gur ceapadh córas na TGanna chun go mbeidh táirgeoirí in ann a dtáirgí a chosaint, i gcás gur táirgeoirí iad atá lonnaithe i limistéar áirithe agus a bhfuil a dtáirge éagsúil le haon táirge eile ar an margadh mar gheall ar an timpeallacht nádúrtha/shóisialta inar táirgeadh é. |
(7) |
Mheas an Coimisiún gur léir nach féidir le táirgeoirí eile a bheith rannpháirteach i gcás ‘Лидское пиво/Lidskoe pivo/Лiдскае пiва/Lidskae piva’, toisc gurb é an t-iarratasóir an t-aon úinéir agus an t-aon oibreoir ar na toibreacha nach mór a úsáid chun an táirge atá i gceist a tháirgeadh. |
(8) |
Thairis sin, chuir an Coimisiún san áireamh gurb é an t-iarratasóir úinéir agus úsáideoir aonair na ‘treorach theicneolaíoch uathúil ar leith’, ar dá réir a tháirgtear an táirge. Dá bhrí sin, ní bhaineann saintréithe an táirge lena thionscnamh geografach faoi mar a cheanglaítear le hAirteagal 5(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ach le ‘modh táirgthe speisialta’ atá i seilbh eisiach an iarratasóra. |
(9) |
Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 49(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 gur cheart iarratais ar TGanna faoi chosaint a bheith curtha isteach ag grúpa táirgeoirí, de ghnáth. Ní fhéadfaidh táirgeoir aonair iarratas a dhéanamh ar chosaint den sórt sin ach amháin má chomhlíontar coinníollacha breise Airteagal 49(1), an dara fomhír. Thug an Coimisiún dá aire nár thug an t-iarratasóir aon údar ina leith sin. |
(10) |
I bhfreagra ar an litir dhiúltaithe a sheol an Coimisiún chuir an t-iarratasóir in iúl nach gcinneann na toibreacha féin comhdhéanamh speisialta an uisce ach go bhfuil an t-uisce uathúil mar gheall ar na foinsí uisce nádúrtha faoi thalamh atá i mbaile Lida. Is é tuairim an iarratasóra nach bhfuil aon bhac ar aon táirgeoir eile tobar nua a thochailt nó cearta a fháil ar aon tobar atá ann cheana. |
(11) |
Mhínigh an t-iarratasóir go léirítear na naisc idir an táirge agus an limistéar geografach sna doiciméid a soláthraíodh agus nach dtagann úsáid teicneolaíocht táirgthe speisialta salach ar na ceanglais. |
(12) |
Chuir an t-iarratasóir in iúl gur cosúil gurb í an Chuideachta Comhstoic ‘Lidskoe Pivo’ an t-aon táirgeoir atá toilteanach an t-iarratas a chur isteach agus go bhfuil saintréithe uathúla san uisce a sholáthraíonn na foinsí nádúrtha i mbaile Lida a chuireann go mór le barántúlacht an táirge. |
(13) |
Níor sholáthair an t-iarratasóir aon bharúil maidir le ‘treoir theicneolaíoch uathúil ar leith’ ach chuir sé tagairt do ‘chóireáil uisce’ in ionad an ráitis. |
(14) |
Chuir an Coimisiún na soiléirithe a sholáthair an t-iarratasóir san áireamh agus chinn sé i gcás an iarratais atá i gceist nach féidir le táirgeoirí féideartha eile a bheith rannpháirteach. |
(15) |
De réir an Doiciméid Aonair cothrom le dáta ‘is é an t-iarratasóir úinéir agus oibreoir dhá thobar a fhaigheann a gcuid uisce ón uiscíoch faoi thalamh atá i mbaile Lida. Is ón bhfoinse sin amháin a dtagann an t-uisce le haghaidh táirgeadh ‘Лидское пиво/Lidskoe pivo/Лiдскае пiва/Lidskae piva’. Dá bhrí sin, na hoibreoirí atá toilteanach cloí leis na rialacha maidir leis an mbeoir atá i gceist a tháirgeadh, bheadh bacainní rompu nach bhfuil údar oibiachtúil leo ós rud é go bhfuil na toibreacha faoi úinéireacht an iarratasóra agus go bhfuil siad suite ar thalamh ar leis é. |
(16) |
Ina theannta sin, de réir na Sonraíochta táirge cothrom le dáta, ‘is í an Chuideachta Comhstoic ‘Lidskoe Pivo’ féin a dhéanann pacáil agus táirgeadh ‘Лидское пиво/Lidskoe pivo/Лiдскае пiва/Lidskae piva’, rud a dheimhníonn, go contrártha le prionsabail na scéime um Thásca Geografacha san Aontas, nach féidir le táirgeoirí eile a bheith rannpháirteach. |
(17) |
Ina theannta sin, tugtar tuairisc ghinearálta ar na teicnící táirgthe, gan aon mhionsonra a sholáthar a d’fhágfadh go bhféadfadh táirgeoirí féideartha eile a bheith rannpháirteach. |
(18) |
Tugtar cearta comhchoiteanna le tásca geografacha faoi chosaint, murab ionann agus trádmharcanna aonair, agus, i gcodarsnacht le trádmharcanna atá faoi úinéireacht sealbhóirí atá inaitheanta go soiléir, meastar go bhfuil TGanna faoi úinéireacht comhphobail neamhshonraigh, lena gcuimsítear gach táirgeoir atá ann faoi láthair nó a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a chloíonn leis an tsonraíocht ghaolmhar. Ciallaíonn sé sin go bhféadfaidh aon táirgeoir a urramaíonn ceanglais na sonraíochta táirge an t-ainmniú faoi chosaint a úsáid. |
(19) |
I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún nach gcomhlíonann an t-iarratas ar chlárú ‘Лидское пиво/Lidskoe pivo/Лiдскае пiва/Lidskae piva’ mar TGFC ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, go sonrach Airteagal 5(2) agus Airteagal 49(1) den Rialachán sin. |
(20) |
Ba cheart, dá bhrí sin, diúltú don iarratas ar na hainmneacha ‘Лидское пиво/Lidskoe pivo/Лiдскае пiва/Lidskae piva’ a chosaint. |
(21) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Beartas Cáilíochta Táirgí Talmhaíochta, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Diúltaítear don iarratas ar chlárú an ainm ‘Лидское пиво/Lidskoe pivo/Лiдскае пiва/Lidskae piva’.
Airteagal 2
Dírítear an Cinneadh seo ar ionadaí dlíthiúil an iarratasóra:
EUROMARKPAT GERMANY |
v.Füner Ebbinghaus Finck Hano |
European Patent, Trademark and Design Attorneys |
Mariahilfplatz 3 |
81541 München |
An Ghearmáin |
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Lúnasa 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
Janusz WOJCIECHOWSKI
Comhalta den Choimisiún