EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D1349

Cinneadh (CBES) 2023/1349 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 28 Meitheamh 2023 lena gcuirtear síneadh le sainordú Cheann Misin Mhisean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh do na Críocha Palaistíneacha (EUPOL COPPS) (EUPOL COPPS/1/2023)

ST/10535/2023/INIT

IO L 168, 3.7.2023, p. 41–42 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 14/11/2023

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1349/oj

3.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 168/41


CINNEADH (CBES) 2023/1349 ÓN gCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA

an 28 Meitheamh 2023

lena gcuirtear síneadh le sainordú Cheann Misin Mhisean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh do na Críocha Palaistíneacha (EUPOL COPPS) (EUPOL COPPS/1/2023)

TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38, an tríú mír, de,

Ag féachaint do Chinneadh 2013/354/CBES ón gComhairle an 3 Iúil 2013 maidir le Misean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh do na Críocha Palaistíneacha (EUPOL COPPS) (1), agus go háirithe Airteagal 9(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 9(1) de Chinneadh 2013/354/CBES, údaraítear an Coiste Polaitiúil agus Slándála, i gcomhréir le hAirteagal 38, an tríú mír, den Chonradh, na cinntí ábhartha a ghlacadh chun rialú polaitiúil agus treoir straitéiseach Mhisean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh do na Críocha Palaistíneacha (EUPOL COPPS) a fheidhmiú, lena n-áirítear an cinneadh Ceann Misin a cheapadh.

(2)

An 13 Deireadh Fómhair 2020, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2020/1541 (2), lena gceaptar Nataliya APOSTOLOVA mar Cheann Misin EUPOL COPPS ón 15 Samhain 2020 go dtí an 30 Meitheamh 2021.

(3)

An 28 Meitheamh 2022, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2022/1044 (3), lena gcuirtear síneadh le sainordú Nataliya APOSTOLOVA mar Cheann Misin EUPOL COPPS ón 1 Iúil 2022 go dtí an 30 Meitheamh 2023.

(4)

An 26 Meitheamh 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/1302 (4), lenar cuireadh síneadh le sainordú EUPOL COPPS ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024.

(5)

Tá molta ag Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála go ndéanfaí síneadh a chur le sainordú Nataliya APOSTOLOVA mar Cheann Misin EUPOL COPPS ón 1 Iúil 2023 go dtí an 14 Samhain 2023,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, cuirtear síneadh le sainordú Nataliya APOSTOLOVA mar Cheann Misin Mhisean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh do na Críocha Palaistíneacha (EUPOL COPPS) ón 1 Iúil 2023 go dtí an 14 Samhain 2023.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2023.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Meitheamh 2023.

Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála

D. PRONK

An Cathaoirleach


(1)  IO L 185, 4.7.2013, lch. 12.

(2)  Cinneadh (CBES) 2020/1541 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 13 Deireadh Fómhair 2020 maidir le Ceann Misin Mhisean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh do na Críocha Palaistíneacha (EUPOL COPPS) (EUPOL COPPS/1/2020) a cheapadh (IO L 353, 23.10.2020, lch. 8).

(3)  Cinneadh (CBES) 2022/1044 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 28 Meitheamh 2022 lena gcuirtear síneadh le sainordú Cheann Misin Mhisean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh do na Críocha Palaistíneacha (EUPOL COPPS) (EUPOL COPPS/1/2022) (IO L 173, 30.6.2022, lch. 73).

(4)  Cinneadh (CBES) 2023/1302 an 26 Meitheamh 2023 ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh 2013/354/CBES maidir le Misean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh do na Críocha Palaistíneacha (EUPOL COPPS) (IO L 161, 27.6.2023, lch. 62).


Top