EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D1307

Cinneadh (AE) 2023/1307 ón gComhairle an 26 Meitheamh 2023 maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais atá le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta mar an dara tráthchuid le haghaidh 2023

ST/10612/2023/INIT

IO L 161, 27.6.2023, p. 77–79 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1307/oj

27.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 161/77


CINNEADH (AE) 2023/1307 ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Meitheamh 2023

maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais atá le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta mar an dara tráthchuid le haghaidh 2023

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint don Chomhaontú Inmheánach idir Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, agus ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le maoiniú na cabhrach ón Aontas Eorpach faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na tréimhse 2014 go 2020, i gcomhréir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, agus maidir le leithdháileadh cúnaimh airgeadais do na Tíortha agus na Críocha Thar Lear a bhfuil feidhm ag Cuid a Ceathair den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leo (1), agus go háirithe Airteagal 7(2) i gcomhar le hAirteagal 14(3) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle an 26 Samhain 2018 maidir leis an rialachán airgeadais is infheidhme i dtaca leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2015/323 (2), agus go háirithe Airteagal 19(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) 2018/1877, maidir lena mheastacháin nuashonraithe i ndáil le gealltanais agus íocaíochtaí faoi na hionstraimí a ndéanann sé bainistíocht orthu, tá siad le seoladh ag an an mBanc Eorpach Infheistíochta (‘BEI’) chuig an gCoimisiún.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 19(3) de Rialachán (AE) 2018/1877, tá an Coimisiún le togra a chur i láthair faoin 15 Meitheamh 2023 lena leagfar amach méid an dara tráthchuid den ranníocaíocht le haghaidh 2023.

(3)

De bhun Airteagal 20(1) de Rialachán (AE) 2018/1877, foráiltear go n-ídeofar ar dtús, agus glaonna á ndéanamh ar ranníocaíochtaí, na méideanna a leagtar síos do Chistí Eorpacha Forbraíochta (‘CEFanna’) roimhe seo. Ba cheart, dá bhrí sin, glao ar chistí a dhéanamh de bhun Rialachán (AE) 2018/1877 le haghaidh BEI agus le haghaidh an Choimisiúin.

(4)

De bhun Airteagal 152 den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (‘an Comhaontú um Tharraingt Siar’), tá Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (‘an Ríocht Aontaithe’) chun leanúint de bheith ina páirtí in CEF go dtí go ndúnfar an 11ú CEF agus gach CEF eile roimhe sin atá fós gan dúnadh. Mar sin féin, de bhun Airteagal 153 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, níl sciar na Ríochta Aontaithe de chistí saortha ó thionscadail faoin 11ú CEF, i gcás ina ndearnadh na cistí sin a shaoradh tar éis an 31 Nollaig 2020, nó faoi CEFanna roimhe sin le hathúsáid.

(5)

Le Cinneadh (AE) 2022/2242 ón gComhairle (3) socraítear méid bliantúil na ranníocaíochtaí atá le híoc ag na páirtithe in CEF le haghaidh 2023 ag EUR 1 800 000 000 le haghaidh an Choimisiúin agus ag EUR 300 000 000 le haghaidh BEI.

(6)

Chun go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear ann a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Socraítear leis seo méid bliantúil na ranníocaíochtaí atá le híoc ag na páirtithe sa CEF mar an dara tráthchuid le haghaidh 2023 ag EUR 750 000 000. Déanfar é a roinnt ina EUR 650 000 000 don Choimisiún, agus EUR 100 000 000 do BEI.

Airteagal 2

Déanfaidh na páirtithe in CEF ranníocaíochtaí aonair CEF a íoc leis an gCoimisiún agus le BEI mar an dara tráthchuid le haghaidh 2023, i gcomhréir leis an Iarscríbhinn.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 26 Meitheamh 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  IO L 210, 6.8.2013, lch. 1

(2)  IO L 307, 3.12.2018, lch. 1

(3)  Cinneadh (AE) 2022/2242 ón gComhairle an 14 Samhain 2022 maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais a bheidh le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta chun an ciste sin a mhaoiniú, lena sonraítear an uasteorainn le haghaidh 2024, an méid bliantúil le haghaidh 2023, méid na chéad tráthchoda le haghaidh 2023 agus réamhaisnéis tháscach neamhcheangailteach i dtaca leis na méideanna bliantúla a mheastar a bheidh sna ranníocaíochtaí le haghaidh na mblianta 2025 agus 2026 (IO L 294, 15.11.2022, lch. 17).


IARSCRÍBHINN

An dara tráthchuid de ranníocaíochtaí CEF le haghaidh 2023 (EUR) atá le híoc leis an gCoimisiún agus le BEI

NA BALLSTÁIT & AN RÍOCHT AONTAITHE

Scála 11ú CEF %

2ú tráthchuid 2023 (EUR)

Iomlán

An Coimisiún

BEI

An 11ú CEF

An 11ú CEF

AN BHEILG

3,24927

21 120 255

3 249 270

24 369 525

AN BHULGÁIR

0,21853

1 420 445

218 530

1 638 975

AN tSEICIA

0,79745

5 183 425

797 450

5 980 875

AN DANMHAIRG

1,98045

12 872 925

1 980 450

14 853 375

AN GHEARMÁIN

20,57980

133 768 700

20 579 800

154 348 500

AN EASTÓIN

0,08635

561 275

86 350

647 625

ÉIRE

0,94006

6 110 390

940 060

7 050 450

AN GHRÉIG

1,50735

9 797 775

1 507 350

11 305 125

AN SPÁINN

7,93248

51 561 120

7 932 480

59 493 600

AN FHRAINC

17,81269

115 782 485

17 812 690

133 595 175

AN CHRÓIT

0,22518

1 463 670

225 180

1 688 850

AN IODÁIL

12,53009

81 445 585

12 530 090

93 975 675

AN CHIPIR

0,11162

725 530

111 620

837 150

AN LAITVIA

0,11612

754 780

116 120

870 900

AN LIOTUÁIN

0,18077

1 175 005

180 770

1 355 775

LUCSAMBURG

0,25509

1 658 085

255 090

1 913 175

AN UNGÁIR

0,61456

3 994 640

614 560

4 609 200

MÁLTA

0,03801

247 065

38 010

285 075

AN ÍSILTÍR

4,77678

31 049 070

4 776 780

35 825 850

AN OSTAIR

2,39757

15 584 205

2 397 570

17 981 775

AN PHOLAINN

2,00734

13 047 710

2 007 340

15 055 050

AN PHORTAINGÉIL

1,19679

7 779 135

1 196 790

8 975 925

AN RÓMÁIN

0,71815

4 667 975

718 150

5 386 125

AN tSLÓIVÉIN

0,22452

1 459 380

224 520

1 683 900

AN tSLÓVAIC

0,37616

2 445 040

376 160

2 821 200

AN FHIONLAINN

1,50909

9 809 085

1 509 090

11 318 175

AN tSUALAINN

2,93911

19 104 215

2 939 110

22 043 325

AN RÍOCHT AONTAITHE (*1)

14,67862

95 411 030  (*1)

14 678 620

110 089 650  (*1)

IOMLÁN – AE-27 & AN RÍOCHT AONTAITHE

100,00

650 000 000

100 000 000

750 000 000


(*1)  Maidir le hAirteagal 153 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, d’iarr an Ríocht Aontaithe go foirmiúil i mí an Mhárta 2023 go n-aisíocfadh an Coimisiún in 2023 sciar na Ríochta Aontaithe, atá gan íoc, de chúlchistí an 10ú agus an 11ú CEF trí shocrú glanáirimh in aghaidh ranníocaíocht gan íoc na Ríochta Aontaithe le haghaidh 2023 (an 2ú agus an 3ú tráthchuid, i.e. EUR 154,12 milliún san iomlán). Cuirfear an socrú glanáirimh sin san áireamh sna treoracha íocaíochta faoi seach.


Top