EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D1165

Cinneadh (AE) 2023/1165 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2023 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2022/563 a mhéid a bhaineann le méid an chúnaimh macrairgeadais do Phoblacht na Moldóive

PE/14/2023/REV/1

IO L 155, 16.6.2023, p. 1–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1165/oj

16.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 155/1


CINNEADH (AE) 2023/1165 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Meitheamh 2023

lena leasaítear Cinneadh (AE) 2022/563 a mhéid a bhaineann le méid an chúnaimh macrairgeadais do Phoblacht na Moldóive

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 212(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 6 Aibreán 2022, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Cinneadh (AE) 2022/563 (2) lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais an Aontais do Phoblacht na Moldóive (an Mholdóiv) ar mhéid EUR 150 000 000, in iasachtaí meántéarmacha agus i ndeontais. Tháinig an Meabhrán Tuisceana lena leagtar amach cúnamh macrairgeadais an Aontais i bhfeidhm an 18 Iúil 2022 agus beidh an cúnamh sin ar fáil ar feadh tréimhse 2 bhliain go leith. An 1 Lúnasa 2022, tar éis don Mholdóiv na gníomhaíochtaí beartais uile a comhaontaíodh leis an Aontas sa Mheabhrán Tuisceana a chomhlíonadh go rathúil, eisíocadh an chéad tráthchuid de EUR 50 000 000.

(2)

Glacadh Cinneadh (AE) 2022/563 lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais an Aontais go comhthreomhar le clár an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) don Mholdóiv an 20 Nollaig 2021 faoin socrú maidir leis an tSaoráid Chreidmheasa Shínte/an tSaoráid Chiste Shínte do mhéid USD 564 000 000. An 11 Bealtaine 2022, mar thoradh ar na riachtanais mhaoinithe a bhí ag dul i méid a eascraíonn, den chuid is mó, as tionchair an chogaidh san Úcráin ar gheilleagar na Moldóive, ghlac CAI cinneadh an socrú a mhéadú le USD 267 000 000. An 9 Eanáir 2023, d’fhógair CAI go raibh an dara hathbhreithniú ar an gclár curtha i gcrích go rathúil ag an Moldóiv, agus rinne sé foráil maidir le USD 27 000 000 breise a eisíoc láithreach don Mholdóiv faoin socrú.

(3)

Ba é EUR 518 150 000 leithdháileadh táscach an Aontais don Mholdóiv faoin Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht do thréimhse 2014-2020, lena n-áirítear tacaíocht bhuiséadach agus cúnamh teicniúil. Sainaithníodh sna creataí tacaíochta aonair le haghaidh thréimhsí 2014-2017 agus 2017-2020 an earnáil tosaíochta le haghaidh comhar leis an Moldóiv arna maoiniú ag an Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht don tréimhse bhuiséadach roimhe sin. Leagtar amach sa chlár táscach ilbhliantúil nua na tosaíochtaí do thréimhse 2021-2027, clár a ullmhaíodh i ndlúthchomhar leis na geallsealbhóirí ábhartha go léir.

(4)

I bhfianaise go bhfuil bearna iarmharach shuntasach fós sa mhaoiniú seachtrach i gcomhardú íocaíochtaí na Moldóive le haghaidh 2023, ar bearna í atá go mór os cionn na n-acmhainní a sholáthraítear le CAI agus le hinstitiúidí iltaobhacha eile, is gá cúnamh macrairgeadais an Aontais a sholáthraítear don Mholdóiv i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2022/563 a mhéadú. Meastar, sna himthosca eisceachtúla atá faoi láthair ann, gur freagairt iomchuí ar iarraidh na Moldóive ar thacaíocht dá cobhsú eacnamaíoch, i gcomhar le clár CAI, atá sa mhéadú sin. Thacódh cúnamh macrairgeadais an Aontais le cobhsú eacnamaíoch agus le clár um athchóiriú struchtúrach na Moldóive, agus na hacmhainní a cuireadh ar fáil faoi shocrú airgeadais CAI á bhforlíonadh.

(5)

Déantar méid chúnamh macrairgeadais méadaithe an Aontais a chinneadh ar bhonn measúnú cainníochtúil nuashonraithe ar na riachtanais maoinithe sheachtraigh atá fós ag an Moldóiv, agus cuirtear san áireamh inniúlacht na tíre sin a hacmhainní dílse, go háirithe na cúlchistí idirnáisiúnta atá ar fáil di, a úsáid chun í féin a mhaoiniú. Agus méid an chúnaimh á chinneadh, cuirtear san áireamh, freisin, na ranníocaíochtaí airgeadais a bhfuiltear ag súil leo ó dheontóirí iltaobhacha, lena n-áirítear CAI agus an Banc Domhanda, agus an gá atá leis an ualach a roinnt go cothrom idir an tAontas agus deontóirí eile, mar aon leis an úsáid atá á baint cheana as ionstraimí maoinithe sheachtraigh eile sa Mholdóiv agus an breisluach a bhaineann le rannpháirtíocht an Aontais ina hiomláine.

(6)

Ba cheart an méadú ar chúnamh macrairgeadais an Aontais a bheith faoi réir coinníollacha beartais eacnamaíoch breise, atá le cur leis an Meabhrán Tuisceana atá ann cheana, meabhrán ba cheart, dá thoradh sin, a leasú dá réir. Ina theannta sin, is gá téarmaí airgeadais mionsonraithe chúnamh macrairgeadais an Aontais a leagan síos in aguisín a ghabhann leis an gcomhaontú iasachta agus leis an gcomhaontú deontais a shínigh an Coimisiún agus an Mholdóiv an 22 Meitheamh 2022.

(7)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (AE) 2022/563 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh (AE) 2022/563 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Déanfaidh an tAontas cúnamh macrairgeadais d’uasmhéid EUR 295 000 000 a chur ar fáil don Mholdóiv (‘cúnamh macrairgeadais an Aontais’), d’fhonn tacú le cobhsú eacnamaíoch agus le clár substainteach um athchóiriú na Moldóive. Den uasmhéid sin, déanfar suas le EUR 220 000 000 a sholáthar i bhfoirm iasachtaí agus suas le EUR 75 000 000 a sholáthar i bhfoirm deontas. Tá eisíoc chúnamh macrairgeadais an Aontais faoi réir ghlacadh bhuiséad an Aontais don bhliain ábhartha ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle. Leis an gcúnamh sin, rannchuideofar le riachtanais chomhardú íocaíochtaí na Moldóive a chumhdach, de réir mar a shainaithnítear na riachtanais sin i gclár CAI.’

;

(2)

leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Faoi réir na gcoinníollacha dá dtagraítear i mír 3, déanfaidh an Coimisiún cúnamh macrairgeadais an Aontais a chur ar fáil i gcúig thráthchuid, a mbeidh gach aon cheann díobh comhdhéanta de ghné iasachta agus de ghné dheontais. Leagfar síos méid gach tráthchoda sa Mheabhrán Tuisceana a leasófar chun na críche sin.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Déanfar an dara tráthchuid a eisíoc, i bprionsabal, 3 mhí ar a luaithe tar éis na chéad tráthchoda a eisíoc. Déanfar an tríú tráthchuid a eisíoc, i bprionsabal, 3 mhí ar a luaithe tar éis an dara tráthchuid a eisíoc. Déanfar an ceathrú tráthchuid a eisíoc, i bprionsabal, 3 mhí ar a luaithe tar éis an tríú tráthchuid a eisíoc. Déanfar an cúigiú tráthchuid a eisíoc, i bprionsabal, 3 mhí ar a luaithe tar éis an ceathrú tráthchuid a eisíoc.’

.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 14 Meitheamh 2023.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. ROSWALL


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Bealtaine 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 30 Bealtaine 2023.

(2)  Cinneadh (AE) 2022/563 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais do Phoblacht na Moldóive (IO L 109, 8.4.2022, lch. 6).


Top