This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023D1099
Council Decision (CFSP) 2023/1099 of 5 June 2023 amending Decision (CFSP) 2020/1999 concerning restrictive measures against serious human rights violations and abuses
Cinneadh (CBES) 2023/1099 ón gComhairle an 5 Meitheamh 2023 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/1999 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine
Cinneadh (CBES) 2023/1099 ón gComhairle an 5 Meitheamh 2023 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/1999 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine
ST/8571/2023/INIT
IO L 145, 5.6.2023, p. 12–22
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 32020D1999 | Cur le | iarscríbhinn roinn A pointe 36-44 | 05/06/2023 |
5.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 145/12 |
CINNEADH (CBES) 2023/1099 ÓN gCOMHAIRLE
an 5 Meitheamh 2023
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/1999 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2020/1999 ón gComhairle an 7 Nollaig 2020 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine (1), agus go háirithe Airteagal 5(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 7 Nollaig 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/1999. |
(2) |
An 8 Nollaig 2020, i nDearbhú ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le Córas Domhanda Smachtbhannaí an Aontais Eorpaigh i ndáil le Cearta an Duine, d’athdhearbhaigh an tAontas agus a Bhallstáit gurb é a dtiomantas láidir cearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint ar fud an domhain. Le Córas Domhanda Smachtbhannaí an Aontais i ndáil le Cearta an Duine, cuirtear i bhfios go láidir a mheáite atá an tAontas feabhas a chur ar a ról maidir le haghaidh a thabhairt ar sháruithe agus mí-úsáidí chearta an duine ar fud an domhain. Is sprioc straitéiseach de chuid an Aontais é teachtadh éifeachtach chearta an duine ag an uile dhuine a ghnóthú. Is bunluachanna de chuid an Aontais agus de chuid Chomhbheartas Eachtrach agus Slándála an Aontais iad meas ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus an meas ar chearta an duine. |
(3) |
Is ábhar imní don Aontas staid chearta an duine atá fós ag dul in olcas sa Rúis. De dheasca an chogaidh gan chúis gan údar atá á chur ag an Rúis ar an Úcráin, tá géarú tagtha ar an gcos ar bolg inmheánach sa Rúis, rud a chuir teorainn mhór leis an tsaoirse tuairimíochta agus leis an tsaoirse tuairimí a nochtadh agus le saoirse na meán agus a thug isteach cinsireacht chogaidh. |
(4) |
Cáineann an tAontas go láidir leanúnach mórmhéadú na reachtaíochta sriantaí agus chur faoi chois córasach na sochaí sibhialta agus chosantóirí chearta an duine, chomh maith leis an gcniogbheartaíocht gan staonadh ar na meáin neamhspleácha, ar iriseoirí aonair, ar chomhaltaí an fhreasúra pholaitiúil agus ar ghuthanna criticiúla eile. |
(5) |
Cáineann an tAontas go láidir an rialú a thug cúirt i Moscó, ar chúiseanna polaitiúla, príosúnacht 25 bliana a ghearradh ar Vladimir Kara-Murza, polaiteoir ón bhfreasúra, gníomhaí daonlathais agus fear cáinte na Creimile. Iarrann an tAontas ar an Rúis iad siúd go léir atá i bpríosún mar gheall ar chúiseanna polaitiúla a scaoileadh láithreach go neamhchoinníollach. |
(6) |
Sa chomhthéacs sin, ba cheart naonúr a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2020/1999. |
(7) |
Ba cheart, dá bhrí sin, an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2020/1999 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2020/1999 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Meitheamh 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. ROSWALL
IARSCRÍBHINN
Cuirtear na hiontrálacha seo a leanas leis an liosta de dhaoine nádúrtha a leagtar amach i Roinn A (‘Daoine nádúrtha’) san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2020/1999:
|
Ainmneacha (Traslitrithe i script na Laidine) |
Ainmneacha |
Faisnéis aitheantais |
Cúiseanna lena liostú |
Dáta an liostaithe |
‘36. |
Oleg Mikhailovich SVIRIDENKO |
Олег Михайлович СВИРИДЕНКО (Litriú Rúisise) |
Post/poist: Leas-Aire Dlí agus Cirt Chónaidhm na Rúise Dáta breithe: 29.7.1962 Áit bhreithe: Potapovka, Buda-Koshelyovsky district, réigiún Gomel , an Bhealarúis Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann Uimhir Chánach Aonair: 772704610955 |
Ina cháil mar Leas-Aire Dlí agus Cirt Chónaidhm na Rúise, déanann Oleg Sviridenko maoirseacht dhíreach ar an Roinn Reachtaíochta agus Forfheidhmithe Dlí i réimse na nEagraíochtaí Neamhthráchtála chomh maith leis an Roinn Leasa Náisiúnta um Chosaint ar Thionchar Seachtrach, atá freagrach as an reachtaíocht ‘gníomhairí eachtracha’ a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear údarás chun cinneadh a dhéanamh maidir le hainmniúcháin sa ‘Liosta de Ghníomhairí Coigríche’. Tá an reachtaíocht maidir le gníomhairí eachtracha i gcroílár rabharta dlíthe diansmachta lena ndéantar cniogbheartaíocht ar an tsochaí shibhialta neamhspleách, ar na meáin agus ar dhaoine easaontacha, rud a sháraíonn a saoirse tuairimíochta agus saoirse chun tuairimí a nochtadh. Mar thoradh air sin, cuireadh na céadta eagraíochtaí neamhrialtasacha agus daoine aonair, go leor daoine mór le rá de chuid shochaí shibhialta na Rúise agus de lucht freasúra polaitiúil na Creimile, Vladimir Kara-Murza san áireamh, ar an liosta de ghníomhairí eachtracha, rud athagann go díreach faoi fhreagracht Sviridenko in Aireacht Dlí agus Cirt Chónaidhm na Rúise. Dá bhrí sin, tá Sviridenko freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear sáruithe ar an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh |
5.6.2023 |
37. |
Andrei Andreevich ZADACHIN |
Андрей Андреевич ЗАДАЧИН (Litriú Rúisise) |
Post/poist: Imscrúdaitheoir i MórAonad Imscrúdaitheach Choiste Imscrúdaitheach Chónaidhm na Rúise; Maor Dáta breithe: 22.8.1990 Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann Uimhir Chánach Aonair: 771577190559 |
Ina phost mar Imscrúdaitheoir i MórAonad Imscrúdaitheach Choiste Imscrúdaitheach Chónaidhm na Rúise, d’eisigh Zadachin, ar chúiseanna polaitiúla, cúiseamh coiriúil in aghaidh Vladimir Kara-Murza. Ba é Zadachin, freisin, a d’iarr ar an gcúirt go gcoinneofaí Kara Murza agus chuir sé fianaise tacaíochta ar fáil sa chúirt. Is gníomhaí freasúra mór le rá é Kara-Murza sa Rúis. Imeachtaí cúirte a raibh údar polaitiúil leo bunaithe ar líomhaintí bréagacha a tosaíodh ina choinne in 2022 tar éis dó a chur i leith na Creimile go ndearna sí coireanna cogaidh san Úcráin agus gur cháin sé go poiblí fogha na Rúise. I mí Aibreáin 2023, gearradh 25 bliana air i bpríosún/campa saothair ardslándála. Dhírigh na himeachtaí cúirte ina choinne ar a ghníomhaíochas agus d’fhóin siad mar thriail taispeána sa Rúis chun guthanna criticiúla an réimis rialaithe a chur faoi chois agus iad ag cur i gcoinne an chogaidh fhoghaigh ar an Úcráin. Tá córas na Rúise ag baint úsáide as breithiúna na tíre mar uirlis fhorleathan i roinnt sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. Níl an córas ceartais neamhspleách agus úsáidtear é chun cearta daonna daoine aonair atá i gcoinne an réimis rialaithe a shárú go córasach agus go mór, trína saoirse tuairimíochta agus saoirse chun tuairimí a nochtadh a shárú. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear sáruithe ar an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. |
5.6.2023 |
38. |
Danila Yurievich MIKHEEV |
Данила Юрьевич МИХЕЕВ (Litriú Rúisise) |
Post/poist: Stiúrthóir na heagraíochta neamhbhrabúis “Saineolaí neamhspleách” Dáta breithe: 1.3.1999 Áit bhreithe: Moscó, Cónaidhm na Rúise Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann Uimhir Chánach Aonair: 771577190559 |
Feidhmíonn Mikheev mar “fhinné shaineolach” do rialtas na Rúise i gcásanna cúirte a ritear ar chúiseanna polaitiúla. D’fheidhmigh sé mar shaineolaí sna himeachtaí cúirte a ritheadh ar chúiseanna polaitiúla i gcoinne Vladimir Kara-Murza. Is gníomhaí freasúra mór le rá é Kara-Murza sa Rúis. Imeachtaí cúirte a raibh údar polaitiúil leo bunaithe ar líomhaintí bréagacha a tosaíodh ina choinne in 2022 tar éis dó a chur i leith na Creimile go ndearna sí coireanna cogaidh san Úcráin agus gur cháin sé go poiblí fogha na Rúise. I mí Aibreáin 2023, gearradh 25 bliana air i bpríosún/campa saothair ardslándála. Dhírigh na himeachtaí cúirte ina choinne ar a ghníomhaíochas agus d’fhóin siad mar thriail taispeána sa Rúis chun guthanna criticiúla an réimis rialaithe a chur faoi chois agus iad ag cur i gcoinne an chogaidh fhoghaigh ar an Úcráin. Tá córas na Rúise ag baint úsáide as breithiúna na tíre mar uirlis fhorleathan i roinnt sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. Níl an córas ceartais neamhspleách agus úsáidtear é chun cearta daonna daoine aonair atá i gcoinne an réimis rialaithe a shárú go córasach agus go mór, trína saoirse tuairimíochta agus saoirse chun tuairimí a nochtadh a shárú. Dá bhrí sin, tá sé freagrach, trí na gníomhaíochtaí a rinne sé, as tacú le sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear sáruithe ar an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. |
5.6.2023 |
39. |
Denis Vladimirovich KOLESNIKOV |
Денис Владимирович КОЛЕСНИКОВ (Litriú Rúisise) |
Post/poist: Ceannaire ar MhórAonad Imscrúdaitheach Choiste Imscrúdaitheach Chónaidhm na Rúise. Céim an Leifteanant-Ghinearál Dáta breithe: 29.6.1976 Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Ina phost mar Cheannaire ar Mhór-Aonad Imscrúdaitheach Choiste Imscrúdaitheach Chónaidhm na Rúise, d’údaraigh Kolesnikov eisiúint an chúisimh choiriúil, ar chúiseanna polaitiúla, in aghaidh Vladimir Kara-Murza. Is gníomhaí freasúra mór le rá é Kara-Murza sa Rúis. Imeachtaí cúirte a raibh údar polaitiúil leo bunaithe ar líomhaintí bréagacha a tosaíodh ina choinne in 2022 tar éis dó a chur i leith na Creimile go ndearna sí coireanna cogaidh san Úcráin agus gur cháin sé go poiblí fogha na Rúise. I mí Aibreáin 2023, gearradh 25 bliana air i bpríosún/campa saothair ardslándála. Dhírigh na himeachtaí cúirte ina choinne ar a ghníomhaíochas agus d’fhóin siad mar thriail taispeána sa Rúis chun guthanna criticiúla an réimis rialaithe a chur faoi chois agus iad ag cur i gcoinne an chogaidh fhoghaigh ar an Úcráin. Tá córas na Rúise ag baint úsáide as breithiúna na tíre mar uirlis fhorleathan i roinnt sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. Níl an córas ceartais neamhspleách agus úsáidtear é chun cearta daonna daoine aonair atá i gcoinne an réimis rialaithe a shárú go córasach agus go mór, trína saoirse tuairimíochta agus saoirse chun tuairimí a nochtadh a shárú. Dá bhrí sin, ina phost, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear sáruithe ar an tsaoirse tuairimíochta agus tuairimí a nochtadh. |
5.6.2023 |
40. |
Diana Igorevna MISHCHENKO (Sloinne roimh phósadh: GARIPOVA) |
Диана Игоревнa МИЩЕНКО (Litriú Rúisise) |
Post/poist: Breitheamh sa Chúirt Dúiche in Khamovniki, Moscó Dáta breithe: 12.5.1977 Áit bhreithe: Moscó, Cónaidhm na Rúise Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: Baineann |
Ina post mar Bhreitheamh sa Chúirt Dúiche in Khamovniki, Moscó, tá baint ag Mishchenko leis an gcás cúirte a ritheadh ar chúiseanna polaitiúla i gcoinne Vladimir Kara-Murza. D’eisigh sí pianbhreith chun gabháil riaracháin Kara-Murza a fhormheas ar feadh 15 lá. Is gníomhaí freasúra mór le rá é Kara-Murza sa Rúis. Imeachtaí cúirte a raibh údar polaitiúil leo bunaithe ar líomhaintí bréagacha a tosaíodh ina choinne in 2022 tar éis dó a chur i leith na Creimile go ndearna sí coireanna cogaidh san Úcráin agus gur cháin sé go poiblí fogha na Rúise. I mí Aibreáin 2023, gearradh 25 bliana air i bpríosún/campa saothair ardslándála. Dhírigh na himeachtaí cúirte ina choinne ar a ghníomhaíochas agus d’fhóin siad mar thriail taispeána sa Rúis chun guthanna criticiúla an réimis rialaithe a chur faoi chois agus iad ag cur i gcoinne an chogaidh fhoghaigh ar an Úcráin. Tá córas na Rúise ag baint úsáide as breithiúna na tíre mar uirlis fhorleathan i roinnt sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. Níl an córas ceartais neamhspleách agus úsáidtear é chun cearta daonna daoine aonair atá i gcoinne an réimis rialaithe a shárú go córasach agus go mór, trína saoirse tuairimíochta agus saoirse tuairimí a nochtadh a shárú. Dá bhrí sin, tá sí freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear sáruithe ar an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. |
5.6.2023 |
41. |
Elena Anatolievna LENSKAYA |
Елена Анатольевна ЛЕНСКАЯ (Litriú Rúisise) |
Post/poist: Breitheamh sa Chúirt Dúiche in Basmaniy, Moscó Dáta breithe: 22.1.1979 Áit bhreithe: Moscó, Cónaidhm na Rúise Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: Baineann Uimhir Chánach Aonair: 770905658030 |
Ina post mar Bhreitheamh sa Chúirt Dúiche in Basmaniy, Moscó, tá baint ag Lenskaya leis an gcás cúirte a ritheadh ar chúiseanna polaitiúla i gcoinne Vladimir Kara-Murza. D’eisigh sí an rialú chun gabháil Kara-Murza a fhormheas ar feadh 2 mhí. Is gníomhaí freasúra mór le rá é Kara-Murza sa Rúis. Imeachtaí cúirte a raibh údar polaitiúil leo bunaithe ar líomhaintí bréagacha a tosaíodh ina choinne in 2022 tar éis dó a chur i leith na Creimile go ndearna sí coireanna cogaidh san Úcráin agus gur cháin sé go poiblí fogha na Rúise. I mí Aibreáin 2023, gearradh 25 bliana air i bpríosún/campa saothair ardslándála. Dhírigh na himeachtaí cúirte ina choinne ar a ghníomhaíochas agus d’fhóin siad mar thriail taispeána sa Rúis chun guthanna criticiúla an réimis rialaithe a chur faoi chois agus iad ag cur i gcoinne an chogaidh fhoghaigh ar an Úcráin. Tá córas na Rúise ag baint úsáide as breithiúna na tíre mar uirlis fhorleathan i roinnt sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. Níl an córas ceartais neamhspleách agus úsáidtear é chun cearta daonna daoine aonair atá i gcoinne an réimis rialaithe a shárú go córasach agus go mór, trína saoirse tuairimíochta agus saoirse tuairimí a nochtadh a shárú. Dá bhrí sin, tá sí freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an sa Rúis, lena n-áirítear sáruithe ar an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. |
5.6.2023 |
42. |
Ilya Pavlovich KOZLOV |
Илья Павлович КОЗЛОВ (Litriú Rúisise) |
Feidhm: Breitheamh i gCúirt Cathrach Mhoscó Dáta breithe: 17.10.1973 Áit bhreithe: Moscó, Cónaidhm na Rúise Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Ina phost mar Bhreitheamh i gCúirt Cathrach Mhoscó, tá baint ag Kozlov leis an gcás cúirte a ritheadh ar chúiseanna polaitiúla i gcoinne Vladimir Kara-Murza. Shéan sé iarratas ar achomharc Kara-Murza ar a ghabháil riaracháin. Is gníomhaí freasúra mór le rá é Kara-Murza sa Rúis. Imeachtaí cúirte a raibh údar polaitiúil leo bunaithe ar líomhaintí bréagacha a tosaíodh ina choinne in 2022 tar éis dó a chur i leith na Creimile go ndearna sí coireanna cogaidh san Úcráin agus gur cháin sé go poiblí fogha na Rúise. I mí Aibreáin 2023, gearradh 25 bliana air i bpríosún/campa saothair ardslándála. Dhírigh na himeachtaí cúirte ina choinne ar a ghníomhaíochas agus d’fhóin siad mar thriail taispeána sa Rúis chun guthanna criticiúla an réimis rialaithe a chur faoi chois agus iad ag cur i gcoinne an chogaidh fhoghaigh ar an Úcráin. Tá córas na Rúise ag baint úsáide as breithiúna na tíre mar uirlis fhorleathan i roinnt sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. Níl an córas ceartais neamhspleách agus úsáidtear é chun cearta daonna daoine aonair atá i gcoinne an réimis rialaithe a shárú go córasach agus go mór, trína saoirse tuairimíochta agus saoirse tuairimí a nochtadh a shárú. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear sáruithe ar an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh |
5.6.2023 |
43. |
Sergei Gennadievich PODOPRIGOROV |
Сергей Геннадьевич ПОДОПРИГОРОВ (Litriú Rúisise) |
Feidhm: Breitheamh i gCúirt Cathrach Mhoscó Dáta breithe: 8.1.1974 Áit bhreithe: Moscó, Cónaidhm na Rúise Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann Seoladh Shmitovskiy Proyezd, 16c2, Moscó, an Rúis, 123100. Árasán 52. (Шмитовский пр-д, 16с2, Москва, Россия, 123100. Квартира 52) |
Ina phost mar Bhreitheamh i gCúirt Cathrach Mhoscó, tá baint ag Podoprigorov leis an gcás cúirte a ritheadh ar chúiseanna polaitiúla i gcoinne Vladimir Kara-Murza. Bhí sé ina chathaoirleach ar collegium na mBreithiúna i gCúirt Chathair Mhoscó, agus an 17 Aibreán 2023 gearradh 25 bliana ar ghníomhaí freasúra, Kara-Murza, i bpríosún/campa saothair ardslándála. Is gníomhaí freasúra mór le rá é Kara-Murza sa Rúis. Imeachtaí cúirte a raibh údar polaitiúil leo bunaithe ar líomhaintí bréagacha a tosaíodh ina choinne in 2022 tar éis dó a chur i leith na Creimile go ndearna sí coireanna cogaidh san Úcráin agus gur cháin sé go poiblí fogha na Rúise. I mí Aibreáin 2023, gearradh 25 bliana air i bpríosún/campa saothair ardslándála. Dhírigh na himeachtaí cúirte ina choinne ar a ghníomhaíochas agus d’fhóin siad mar thriail taispeána sa Rúis chun guthanna criticiúla an réimis rialaithe a chur faoi chois agus iad ag cur i gcoinne an chogaidh fhoghaigh ar an Úcráin. Tá córas na Rúise ag baint úsáide as breithiúna na tíre mar uirlis fhorleathan i roinnt sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. Níl an córas ceartais neamhspleách agus úsáidtear é chun cearta daonna daoine aonair atá i gcoinne an réimis rialaithe a shárú go córasach agus go mór, trína saoirse tuairimíochta agus saoirse tuairimí a nochtadh a shárú. Roimhe seo, thug Podoprigorov, mar Bhreitheamh sa chúirt dúiche in Tverskoi, Moscó, dhá rialú i ndáil le Sergei Magnitsky, a nocht éilliú agus mí-iompar a rinne oifigigh rialtais na Rúise, agus rinneadh géarleanúint air ina dhiaidh sin agus fuair sé bás i bpríosún Rúiseach. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear sáruithe ar an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.. |
5.6.2023 |
44. |
Dmitriy Viktorovich KOMNOV |
Дмитрий Викторович КОМНОВ (Litriú Rúisise) |
Feidhm: Leifteanant-Choirnéal, Ceann ionad coinneála réamhthrialach Mhoscó, SIZO-5 “Vodnik”. Dáta breithe: 17.5.1977 Áit bhreithe: Réigiún Kashira, Moscó, Cónaidhm na Rúise Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Is oifigeach sinsearach é Komnov i gcóras peannaideach na Rúise. Tá sé ina Cheann ar ionad coinneála réamhthrialach Mhoscó SIZO-5 “Vodnik,” áit a bhfuil Vladimir Kara-Murza á choinneáil. Is gníomhaí freasúra mór le rá é Kara-Murza sa Rúis. Imeachtaí cúirte a raibh údar polaitiúil leo bunaithe ar líomhaintí bréagacha a tosaíodh ina choinne in 2022 tar éis dó a chur i leith na Creimile go ndearna sí coireanna cogaidh san Úcráin agus gur cháin sé go poiblí fogha na Rúise. I mí Aibreáin 2023, gearradh 25 bliana air i bpríosún/campa saothair ardslándála. Dhírigh na himeachtaí cúirte ina choinne ar a ghníomhaíochas agus d’fhóin siad mar thriail taispeána sa Rúis chun guthanna criticiúla an réimis rialaithe a chur faoi chois agus iad ag cur i gcoinne an chogaidh fhoghaigh ar an Úcráin. Tá córas na Rúise ag baint úsáide as breithiúna na tíre mar uirlis fhorleathan i roinnt sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. Níl an córas ceartais neamhspleách agus úsáidtear é chun cearta daonna daoine aonair atá i gcoinne an réimis rialaithe a shárú go córasach agus go mór, trína saoirse tuairimíochta agus saoirse tuairimí a nochtadh a shárú. Tá meath suntasach tagtha ar riocht sláinte Kara-Murza ó cuireadh tús lena choinneáil i mí Aibreáin 2022. Tá Komnov freagrach as cóireáil tháireach Kara-Murza mar gur cuireadh chuig cill phionóis é in ainneoin neamhord néaróg tromchúiseach de bharr dhá nimhiú níos luaithe. Deimhníonn drochíde Kara-Murza san ionad coinneála réamhthrialach arna bhainistiú ag Komnov patrún an chleachtais sheanbhunaithe maidir le cóir mhídhaonna a chur ar lucht freasúra atá faoi choinneáil sa réimeas. Bhí sé ina mhaor ar ionad coinneála réamhthrialach “Butyrka” ag am nuair a bhásaigh an gníomhaí frith-éillithe Sergei Magnitsky mar thoradh ar choinníollacha dofhulaingthe. Dá bhrí sin, tá Komnov freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i gCónaidhm sa Rúis, lena n-áirítear íde tháireach agus sáruithe ar an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. |
5.6.2023’ |