EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D0729

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/729 ón gCoimisiún an 30 Márta 2023 maidir le bunú na hailtireachta teicniúla, na sonraíochtaí teicniúla chun faisnéis a iontráil agus a stóráil agus na nósanna imeachta chun faisnéis atá sa chóras do Dhoiciméid Bhréige agus Doiciméid Bharántúla ar Líne de chuid an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a rialú agus a fhíorú (“EBCG FADO”)

C/2023/1952

IO L 94, 3.4.2023, p. 66–72 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/729/oj

3.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 94/66


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/729 ÓN gCOIMISIÚN

an 30 Márta 2023

maidir le bunú na hailtireachta teicniúla, na sonraíochtaí teicniúla chun faisnéis a iontráil agus a stóráil agus na nósanna imeachta chun faisnéis atá sa chóras do Dhoiciméid Bhréige agus Doiciméid Bharántúla ar Líne de chuid an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a rialú agus a fhíorú (“EBCG FADO”)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/493 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Márta 2020 maidir leis an gcóras do Dhoiciméid Bhréagacha agus Doiciméid Bharántúla ar Líne (FADO) agus lena n-aisghairtear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 98/700/CGB ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 6(1), pointí (a), (b) agus (c) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cuireadh an Córas Eorpach um Chartlannú Íomhánna ar Dhoiciméid Bhréagacha agus Doiciméid Bharántúla ar Líne (córas FADO) ar bun chun malartú faisnéise maidir leis na gnéithe slándála agus na saintréithe calaoise a d’fhéadfadh a bheith i ndoiciméid bharántúla agus i ndoiciméid bhréagacha a éascú idir údaráis na mBallstát atá inniúil i réimse na calaoise doiciméad. Is é is cuspóir do chóras FADO freisin faisnéis a chomhroinnt le gníomhaithe eile, lena n-áirítear an pobal i gcoitinne.

(2)

Tar éis theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2020/493, tiocfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (“an Ghníomhaireacht”) i gceannas ar chóras FADO atá á oibriú faoi láthair ag an gComhairle, agus dá bhrí sin is gá bearta a ghlacadh maidir le hailtireacht theicniúil agus sonraíochtaí teicniúla chóras FADO.

(3)

Ba cheart go gcuirfeadh ailtireacht theicniúil agus sonraíochtaí teicniúla chóras “EBCG FADO” ar a chumas don Ghníomhaireacht córas cuí agus iontaofa a áirithiú agus an fhaisnéis a fhaightear a iontráil ar bhealach tráthúil éifeachtúil, agus ar an mbealach sin aonfhoirmeacht agus cáilíocht na faisnéise sin a ráthú de réir ardchaighdeán. Ba cheart fíorú iomchuí doiciméad agus céannachta a áirithiú ar na leibhéil uile, idir an scrúdú fóiréinseach is sofaisticiúla agus an tseiceáil is simplí. Ba cheart go gcuirfeadh córas EBCG FADO pointe aonair rochtana a sholáthar d’úsáideoirí ar mian leo faisnéis a bhainistiú nó ábhar FADO a chuardach. Ba cheart go soláthródh an córas, i measc nithe eile, aistriú córasach agus struchtúrtha eolais idir saineolaithe doiciméid agus ó na saineolaithe chuig saineolaithe nach saineolaithe doiciméid iad.

(4)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí maidir leis an gcinneadh cur chun feidhme seo.

(5)

Ós rud é go gcuireann Rialachán (AE) 2020/493 le acquis Schengen, i gcomhréir le hAirteagal 4 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, prótacal atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus le CFAE, thug an Danmhairg fógra faoi chur chun feidhme Rialachán (AE) 2020/493 ina dlí náisiúnta. Dá bhrí sin, tá an Cinneadh seo ina cheangal ar an Danmhairg.

(6)

Tá Éire rannpháirteach i Rialachán (AE) 2020/493 i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Phrótacal Uimh. 19 maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh atá i gceangal le CAE agus le CFAE, agus i gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Chinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (2). Dá bhrí sin, tá an Cinneadh seo ina cheangal ar Éirinn.

(7)

Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá stát sin le acquis (3) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe H, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (4).

(8)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis (5) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe H, de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/149/CGB ón gComhairle (6).

(9)

Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis (7) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe H, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/349/AE ón gComhairle (8),

(10)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir le tuairim an Choiste arna bhunú le hAirteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 (9) ón gComhairle (Coiste Airteagal 6) agus i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ailtireacht theicniúil chóras FADO, na sonraíochtaí teicniúla chun faisnéis a iontráil agus a stóráil i gcóras FADO agus na nósanna imeachta chun faisnéis atá i gcóras FADO a rialú agus a fhíorú, is mar a leagfar amach san Iarscríbhinn a bheidh siad.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Márta 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L -107, 6.4.2020, lch. 1.

(2)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

(3)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(4)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

(5)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(6)  Cinneadh 2008/149/CGB ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, ar son an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 50).

(7)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

(8)  Cinneadh 2011/349/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, ar son an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an gcomhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus leis an gcomhar póilíneachta (IO L 160, 18.6.2011, lch. 1).

(9)  IO L 164, 14.7.95, lch. 1.

(10)  IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.


IARSCRÍBHINN

CUID 1

1.   Cuspóirí

Sa Chuid seo den Iarscríbhinn tá tuairisc ar ailtireacht theicniúil chóras na Gníomhaireachta Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (“an Ghníomhaireacht”) do Dhoiciméid Bhréagacha agus Doiciméid Bharántúla ar Líne (“córas EBCG FADO”) agus ar a chomhpháirteanna.

Forbrófar ailtireacht theicniúil chóras nua “EBCG FADO” diaidh ar dhiaidh de réir eisiúintí an chórais nua agus ceanglais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo.

2.   Tuairisc ar ailtireacht chóras EBCG FADO

Cuireann an ailtireacht theicniúil ar a cumas don Ghníomhaireacht leibhéil éagsúla rochtana ar an bhfaisnéis a stóráiltear sa chóras a shocrú. Déanfaidh an Ghníomhaireacht an fhaisnéis a fhaightear i gcóras EBCG FADO a iontráil ar bhealach tráthúil éifeachtúil agus déanfaidh sí aonfhoirmeacht agus cáilíocht na faisnéise sin a ráthú.

Feidhmchlár uileghabhálach le haghaidh na leibhéal rochtana uile a bheidh i gcóras EBCG FADO, agus soláthróidh sé pointe aonair rochtana d’úsáideoirí ar mian leo faisnéis a bhainistiú nó ábhar EBCG FADO a chuardach.

Beidh sé d’acmhainn ag ailtireacht theicniúil chóras EBCG FADO an méid seo a leanas a óstáil:

(a)

fearann poiblí ina mbeidh fothacar d’fhaisnéis bhunúsach maidir le samplaí de dhoiciméid bharántúla nó doiciméid bharántúla;

(b)

fearann neamh-rúnaicmithe íogair AE a bheidh faoi réir rialú rochtana trínar féidir an méid seo a leanas a chur ar fáil:

catagóirí éagsúla úsáideoirí chun faisnéis a chuardach de réir na gceart rochtana sainithe;

líon áirithe úsáideoirí chun faisnéis neamh-rúnaicmithe íogair a sholáthar agus a bhailíochtú sula gcuirfear an fhaisnéis sin ar fáil d’úsáideoirí deiridh (daoine a úsáideann faisnéis neamh-rúnaicmithe íogair AE);

cartlann chun cuid den fhaisnéis neamh-rúnaicmithe íogair a stóráil chun críoch staitistiúil agus stairiúil nuair nach ann a thuilleadh don chuspóir dár aisghabhadh faisnéis den sórt sin.

(c)

fearann rúnaicmithe AE (Srianta) atá faoi réir rialú rochtana d’úsáideoirí údaraithe trínar féidir an méid seo a leanas a chur ar fáil:

faisnéis rúnaicmithe a chuardach;

líon áirithe úsáideoirí chun faisnéis rúnaicmithe a sholáthar agus a bhailíochtú sula gcuirfear an fhaisnéis sin ar fáil d’úsáideoirí deiridh eile atá údaraithe chun rochtain a fháil ar an líonra rúnaicmithe (daoine a úsáideann faisnéis rúnaicmithe).

Thairis sin, beidh sé d’acmhainn ag ailtireacht theicniúil an chórais an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

ardleibhéal cibearshlándála a áirithiú;

(b)

tacú le cumais fhairsinge chuardaigh agus tuairiscithe, agus seirbhísí ardleibhéil anailíseacha a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear an intleacht shaorga;

(c)

a bheith comhtháite le heintitis sheachtracha agus lena gcórais agus cumais malartaithe sonraí a sholáthar trí chomhéadain uathoibrithe, amhail an Electronic Library Document System de chuid Frontex agus INTERPOL (FIELDS) [Córas Doiciméad Leabharlainne Leictreonaí], an Document Information System Civil Status (DISCS) [Stádas Sibhialta an Chórais Faisnéise Doiciméad], etc.;

(d)

obair a dhéanamh ar bhonneagar néalbhunaithe d’fhearainn AE atá neamh-rúnaicmithe, íogair agus poiblí, ar choinníoll go n-áirithítear leis comhlíonadh na gceanglas maidir le cosaint sonraí pearsanta;

(e)

teicneolaíochtaí úrscothacha agus cuir chuige theicniúla nua-aimseartha a chur chun feidhme, lena n-áirítear infhaighteacht, iontaofacht, solúbthacht le haghaidh feidhmeanna, táirgí agus modhnuithe nua, chomh maith le bheith in ann méadú chun freastal ar líon mór úsáideoirí;

(f)

comhtháthú a cheadú le haghaidh rochtain crua-earraí agus tacaíochta ar an gcóras as líne nó, i gcásanna ina mbeidh nascacht teoranta, ó ghléasanna móibíleacha.

Cuid 2

1.   Cuspóirí

Sa dara cuid seo den Iarscríbhinn tá tuairisc ar na sonraíochtaí teicniúla maidir le faisnéis a iontráil agus a stóráil i gcóras na Gníomhaireachta Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (“an Ghníomhaireacht”) do Dhoiciméid Bhréagacha agus Doiciméid Bharántúla ar Líne (“córas EBCG FADO”) i gcomhréir le hardchaighdeáin.

Rannchuideoidh EBCG FADO freisin leis an gcomhrac i gcoinne na calaoise céannachta trí fhaisnéis a roinnt le gníomhaithe eile, lena n-áirítear an pobal i gcoitinne.

Cuirtear próiseáil sonraí pearsanta san áireamh sna sonraíochtaí teicniúla sin. Déanfar faisnéis a iontráil agus a stóráil sa chóras de réir chuspóir na próiseála.

2.   Tuairisc ar an bpróiseas chun faisnéis a iontráil agus a stóráil i gCÓRAS EBCG FADO

Soláthróidh úsáideoirí údaraithe faisnéis i modúl tiomnaithe chóras EBCG FADO chun críoch bailíochtaithe sula gcuirfear an fhaisnéis sin ar fáil d’úsáideoirí eile.

Baineann an próiseas bailíochtaithe leis an bhfaisnéis uile a iontráiltear i gcóras EBCG FADO nó a chruthaítear laistigh den chóras.

Tá próiseas bailíochtaithe na faisnéise sin á rialú ag an nGníomhaireacht agus cuirtear chun feidhme é i gcomhairle le soláthróir na faisnéise. Chun na caighdeáin is airde a áirithiú, féadfaidh an Ghníomhaireacht cinneadh dul i gcomhairle le saineolaithe doiciméid roghnaithe nó le hoifigeach cosanta sonraí na Gníomhaireachta.

Nuair a bhailíochtófar an fhaisnéis, aistreofar í chuig fearainn chóras EBCG FADO agus stórálfar iontu í.

3.   Faisnéis i gCÓRAS EBCG FADO a rialú agus a fhíorú

I gcóras EBCG FADO, ní dhéanfar na sonraí doiciméid (dá ngairtear “faisnéis” anseo feasta) a fhíorú agus a phróiseáil chun críoch riaracháin ach amháin trí mheán leictreonach agus ábharach, ag brath ar an bhformáid ina soláthraítear faisnéis don Ghníomhaireacht. I gcóras EBCG FADO, ní phróiseáiltear sonraí pearsanta oibríochtúla de réir bhrí Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

An fhaisnéis a phróiseáiltear, déantar í a phróiseáil de réir na bpróiseas gnó a dheartar chun faisnéis a iontráil agus a stóráil i gcóras EBCG FADO. Ní chuirfear ar fáil do na húsáideoirí ach doiciméid a foilsíodh agus a bailíochtaíodh roimhe sin.

Beidh próiseáil faisnéise i gcóras EBCG FADO faoi réir feabhsú leanúnach chun a áirithiú go ndéanfar na bearta teicniúla agus eagraíochtúla a athbhreithniú agus a oiriúnú de réir a chéile i gcomhréir leis an éabhlóid theicneolaíoch agus chun deireadh a chur le lochtanna sna bunphróisis ghnó.

Sonraíonn an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas:

(a)

na catagóirí ábhar sonraí a ndéantar a gcuid sonraí pearsanta a phróiseáil sa chóras;

(b)

na catagóirí sonraí pearsanta a phróiseáiltear;

(c)

an rialaitheoir nó na catagóirí rialaitheoirí, lena n-áirítear rialaitheoireacht chomhpháirteach;

(d)

faighteoirí na sonraí pearsanta;

(e)

na coimircí atá ann chun mí-úsáid a bhaineann le rochtain nó aistriú neamhdhleathach sonraí pearsanta a chosc;

(f)

an tréimhse coinneála sonraí a bhaineann le gníomhaíochtaí próiseála sonraí pearsanta chun córas EBCG FADO a oibriú agus chun cúraimí riaracháin a dhéanamh;

(g)

an mhodheolaíocht le haghaidh bailiú sonraí, lena n-áirítear an dtagann sé ó na Ballstáit agus/nó ó thríú tíortha;

(h)

scaipeadh agus faighteoirí na sonraí pearsanta.

4.   Sonraí pearsanta a phróiseáil chun faisnéis a iontráil agus a stóráil i gCÓRAS EBCG FADO

Cuirfidh an Ghníomhaireacht bearta sonracha eagraíochtúla agus teicniúla chun feidhme le linn an phróisis chun faisnéis a iontráil agus a stóráil i gcóras EBCG FADO tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

treoraíocht a thabhairt do na húsáideoirí údaraithe maidir le sonraí pearsanta a leasú – íoslaghdú agus bréagainmniú – sula gcuirfear faisnéis ar fáil don Ghníomhaireacht agus le linn an phróisis bhailíochtaithe;

(b)

bearta teicniúla iomchuí a chur chun feidhme chun na coimircí is gá a áirithiú chun cearta na n-ábhar sonraí a chosaint le linn an phróisis bhailíochtaithe, sula gcuirfear faisnéis ar fáil d’úsáideoirí deiridh;

(c)

rochtain ar an modúl atá tiomnaithe don phróiseas bailíochtaithe a theorannú don líon is beag is féidir d’úsáideoirí;

(d)

faisnéis atá stóráilte san fhearann neamh-rúnaicmithe íogair agus san fhearann rúnaicmithe a chur ar fáil ar bhonn riachtanais eolais do líon aitheanta úsáideoirí.

Cuid 3

1.   Cuspóirí

Sa tríú cuid seo den Iarscríbhinn tá tuairisc ar na nósanna imeachta maidir le faisnéis i gcóras na Gníomhaireachta Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (“an Ghníomhaireacht”) do Dhoiciméid Bhréagacha agus Doiciméid Bharántúla ar Líne (“córas EBCG FADO”) a rialú agus a fhíorú.

Cuirfear próiseáil sonraí pearsanta san áireamh sna nósanna imeachta maidir le faisnéis i gcóras EBCG FADO a rialú agus a fhíorú.

Déanann an Coimisiún maoirseacht, inter alia, ar chur chun feidhme na mbeart atá sa Chinneadh seo. Tugann an coiste arna bhunú le hAirteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 ón gComhairle cúnamh don Choimisiún (2). Glacann an Ghníomhaireacht páirt i gcruinnithe choiste Airteagal 6 gan aon chumhacht cinneadh a dhéanamh.

Cuirfidh an Ghníomhaireacht teicnící um dhearbhú cáilíochta agus rialú cáilíochta i bhfeidhm chun an fhaisnéis i gcóras EBCG FADO a rialú agus a fhíorú.

2.   Dearbhú cáilíochta agus rialú cáilíochta

I gcomhréir le Cuid 2 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme seo ón gCoimisiún lena mbunaítear na sonraíochtaí teicniúla chun faisnéis a iontráil agus a stóráil i gcóras EBCG FADO (3), bunóidh an Ghníomhaireacht nósanna imeachta chun an méid seo a leanas a chur chun feidhme:

(a)

dearbhú cáilíochta:

sula gcuirfear faisnéis isteach i gcóras FADO chun críoch bailíochtaithe;

le linn an phróisis bailíochtaithe;

(b)

rialú cáilíochta:

i ndiaidh a foilsithe, nuair a chuirfear faisnéis ar fáil don phobal agus d’úsáideoirí deiridh eile.

3.   Dearbhú cáilíochta

i.   Bainistiú rochtana

Is é is cuspóir don bhainistiú rochtana ar chóras FADO:

(a)

rochtain ar chóras FADO a dheonú ar bhonn riachtanais eolais;

(b)

cearta rochtana a chúlghairm;

Bunóidh an Ghníomhaireacht nósanna imeachta le haghaidh bainistiú rochtana ar chóras FADO i gcás ina gcomhlíonfar na híoscheanglais seo a leanas:

(a)

gheobhaidh úsáideoirí faisnéis maidir le próiseáil a gcuid sonraí pearsanta;

(b)

déanfaidh úsáideoirí a gcuntais úsáideora a bhainistiú i gcóras FADO;

(c)

seolfaidh na hábhair sonraí nó a bpointí teagmhála sonraí pearsanta go díreach chuig an nGníomhaireacht;

(d)

beidh líon teoranta úsáideoirí sa Ghníomhaireacht a bhaineann le córas FADO údaraithe chun bainistiú rochtana a dhéanamh.

ii.   Bailíochtú na faisnéise a chuirtear isteach i gcóras FADO

Is é is cuspóir do bhailíochtú na faisnéise an riosca fabhtanna sa chóras a laghdú, agus ar an mbealach sin aonfhoirmeacht agus cáilíocht na faisnéise a áirithiú.

Ní dhéanfaidh ach líon áirithe saineolaithe doiciméad atá údaraithe agus oilte faisnéis a chur ar fáil don chóras agus í a fhíorú.

Sula dtosóidh siad ar fhaisnéis a iontráil sa chóras, déanfar an méid seo a leanas i leith na húsáideoirí sin:

(a)

cuirfear oiliúint orthu maidir le faisnéis a iontráil sa chóras;

(b)

tabharfar ábhar treoraíochta agus/nó ranganna teagaisc dóibh maidir le faisnéis a iontráil sa chóras;

(c)

cuirfear ar an eolas iad maidir leis na próisis ghnó arna mbunú ag an nGníomhaireacht chun críoch bailíochtaithe.

Déanfaidh an Ghníomhaireacht modúl tiomnaithe chóras EBCG FADO chun críoch bailíochtaithe a chur chun feidhme sula gcuirfear an fhaisnéis sin ar fáil d’úsáideoirí eile. Le linn an phróisis bhailíochtaithe, ceadóidh an modúl seo:

(a)

líon áirithe úsáideoirí chun faisnéis a iontráil i gcóras EBCG FADO nó chun í a cheartú;

(b)

líon teoranta úsáideoirí chun bailíochtú na faisnéise sa chóras a phróiseáil, lena n-áirítear comhairliúchán roghnach le húsáideoirí áirithe nach iad na húsáideoirí a chuireann isteach faisnéis nó a cheartaíonn í iad;

(c)

líon teoranta úsáideoirí chun aistriúchán a chur fáil más gá;

(d)

líon teoranta úsáideoirí chun an fhaisnéis a cheadú agus a fhoilsiú.

iii.   Foilsiú faisnéise

I ndiaidh an phróisis bhailíochtaithe, foilseofar faisnéis.

4.   Rialú cáilíochta

Bunóidh an Ghníomhaireacht plean bliantúil um rialú cáilíochta i gcóras EBCG FADO.

Áiritheoidh an plean go ndéantar rialuithe ar mhéid leordhóthanach faisnéise go rialta gach bliain, chun an méid seo a leanas a fhíorú, i measc nithe eile:

(a)

ábharthacht na faisnéise atá i gcóras EBCG FADO;

(b)

cáilíocht na faisnéise atá i gcóras EBCG FADO;

(c)

comhlíonadh bhainistiú chóras EBCG FADO, lena n-áirítear ceanglais maidir le cosaint sonraí.

Cuirfear torthaí na n-iniúchtaí ar fáil don Choimisiún, do bhord bainistíochta na Gníomhaireachta agus d’oifigeach cosanta sonraí na Gníomhaireachta.

5.   Rannchuidiú úsáideoirí le cáilíocht

Féadfaidh ról a thabhairt d’úsáideoirí sa phróiseas chun an faisnéis i gcóras EBCG FADO a rialú agus a fhíorú.


(1)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 ón gComhairle an 29 Bealtaine 1995 lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach le haghaidh víosaí (IO L 164, 14.7.1995, lch. 1).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún lena mbunaítear ailtireacht theicniúil chóras FADO an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh (EBCG) i gcomhréir le hAirteagal 6 (1) (a) de Rialachán (AE) 2020/493.


Top