Agħżel il-karatteristiċi sperimentali li tixtieq tipprova

Dan id-dokument hu mislut mis-sit web tal-EUR-Lex

Dokument 32023D0568

    Cinneadh (AE) 2023/568 ón gComhairle an 9 Márta 2023 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 228ú seisiún de Chomhairle na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) a mhéid a bhaineann le glacadh Leasú 93 ar Iarscríbhinn 10 — Teileachumarsáid Aerloingseoireachta, Imleabhar I — Áiseanna Radaloingseoireachta a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta agus an leasaithe ar na treoracha Teicniúla maidir le hiompar sábháilte earraí contúirteacha d’aer chun gairis ghníomhacha rianúcháin arna gcumhachtú ag ceallraí beaga litiam a cheadú i mbagáiste seiceáilte isteach

    ST/6531/2023/INIT

    IO L 74, 13.3.2023, p. 58–60 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Status legali tad-dokument Fis-seħħ

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/568/oj

    13.3.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 74/58


    CINNEADH (AE) 2023/568 ÓN gCOMHAIRLE

    an 9 Márta 2023

    maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 228ú seisiún de Chomhairle na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) a mhéid a bhaineann le glacadh Leasú 93 ar Iarscríbhinn 10 — Teileachumarsáid Aerloingseoireachta, Imleabhar I — Áiseanna Radaloingseoireachta a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta agus an leasaithe ar na treoracha Teicniúla maidir le hiompar sábháilte earraí contúirteacha d’aer chun gairis ghníomhacha rianúcháin arna gcumhachtú ag ceallraí beaga litiam a cheadú i mbagáiste seiceáilte isteach

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Tháinig an Coinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta (“Coinbhinsiún Chicago”), lena rialaítear aeriompar idirnáisiúnta, i bhfeidhm an 4 Aibreán 1947. Bunaíodh an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) leis.

    (2)

    Is Stáit Chonarthacha i gCoinbhinsiún Chicago iad Ballstáit an Aontais agus is comhaltaí de chuid ICAO iad, agus tá stádas breathnóra ag an Aontas i gcomhlachtaí áirithe ICAO. Tá ionadaithe ó shé Bhallstát i gComhairle ICAO faoi láthair.

    (3)

    De bhun Airteagal 54 de Choinbhinsiún Chicago, féadfaidh Comhairle ICAO caighdeáin agus cleachtais mholta (“SARPanna”) idirnáisiúnta a ghlacadh, agus iad a ainmniú mar Iarscríbhinní a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago.

    (4)

    Tá Comhairle ICAO, ag a 228ú seisiún, chun glacadh le Leasú 93 ar Iarscríbhinn 10, Imleabhar I a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago.

    (5)

    Is é an phríomhchuspóir atá ag Leasú 93 ar Iarscríbhinn 10, Imleabhar I a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago tacú le tabhairt isteach an chórais dhomhanda ilbhuíne dé-mhinicíochta um loingseoireacht satailíte (DFMC GNSS) trí fhorálacha a chur léi le haghaidh minicíochtaí breise oibríochta le haghaidh an chórais suite dhomhanda (GPS), an chórais dhomhanda um loingseoireacht satailíte (GLONASS) agus an chórais mhéadúcháin bunaithe ar shatailítí (SBAS), agus trí fhorálacha le haghaidh chóras nua BeiDou um loingseoireacht satailíte (BDS) agus chóras Galileo a thabhairt isteach. Tá sé de chuspóir aige freisin tacú le maolú grádáin ianaisféaraigh le haghaidh an chórais mhéadúcháin ar an talamh (GBAS).

    (6)

    Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle ICAO a leagan síos toisc go mbeidh Leasú 93 ar Iarscríbhinn 10, Imleabhar I a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago ina cheangal faoin dlí idirnáisiúnta agus go bhféadfadh sé tionchar cinntitheach a bheith aige ar ábhar dhlí an Aontais, eadhon Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 ón gCoimisiún (1).

    (7)

    An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 228ú seisiún de Chomhairle ICAO nó ag aon seisiún ina dhiaidh sin, maidir le glacadh Leasú 93 ar Iarscríbhinn 10, Imleabhar I a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago mar a leagadh amach i Litir Stáit 2021/41, ba cheart dó tacú leis an leasú seo agus é a chomhlíonadh ina iomláine. Ba cheart do Bhallstáit an Aontais atá ina gcomhaltaí de Chomhairle ICAO, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais, an seasamh sin a chur in iúl.

    (8)

    A luaithe a ghlactar le Leasú 93 ar Iarscríbhinn 10, Imleabhar I a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago agus a thagann in éifeacht, beidh sé ina cheangal ar Bhallstáit uile ICAO, lena n-áirítear Ballstáit uile an Aontais, i gcomhréir le Coinbhinsiún Chicago, agus laistigh de na teorainneacha a leagtar amach ann.

    (9)

    De bhun Airteagal 38 de Choinbhinsiún Chicago, más dofheidhmithe d’aon Stát aon chaighdeán nó aon nós imeachta idirnáisiúnta arna ghlacadh ag ICAO a chomhlíonadh go huile agus go hiomlán, nó a rialacháin nó a chleachtais féin a chur i gcomhréir go hiomlán le haon chaighdeán nó aon nós imeachta idirnáisiúnta den sórt sin, nó má mheasann sé é a bheith riachtanach rialacháin nó cleachtais a ghlacadh atá éagsúil ar aon dóigh leis na rialacháin nó na cleachtais arna mbunú le caighdeán idirnáisiúnta, ba cheart go dtabharfadh an Stát sin fógra láithreach do ICAO maidir leis na difríochtaí idir a chleachtas féin agus an cleachtas arna bhunú leis an gcaighdeán idirnáisiúnta.

    (10)

    De bhun Airteagal 90 de Choinbhinsiún Chicago, tagann aon Iarscríbhinn nó aon leasú ar Iarscríbhinn arna ghlacadh ag Comhthionól ICAO in éifeacht laistigh de 3 mhí tar éis í a thíolacadh do Stáit Chonarthacha ICAO, nó ag deireadh cibé tréimhse ama is faide a fhorordóidh Comhairle ICAO, mura rud é go léiríonn tromlach Stát Conarthach ICAO a míshástacht le Comhairle ICAO idir an dá linn.

    (11)

    Tar éis do Chomhairle ICAO Leasú 93 ar Iarscríbhinn 10, Imleabhar I a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago a ghlacadh, rud atá le fógairt ag Ardrúnaí ICAO trí bhithín nós imeachta litreach Stáit de chuid ICAO, ba cheart gurb é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais gan míshástacht a léiriú agus fógra a thabhairt maidir le comhlíonadh an leasuithe sin, ar choinníoll go nglacfar leis an leasú sin gan aon athruithe suntasacha. I gcás ina n-imeodh dlí an Aontais ó na SARPanna nuaghlactha tar éis dháta beartaithe cur i bhfeidhm na SARPanna sin, ba cheart aon difríocht idir na SARPanna áirithe sin a chur in iúl do ICAO. Ba cheart an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i leith aon difríochta den sórt sin a bheith bunaithe ar dhoiciméad i scríbhinn a chuirfeadh an Coimisiún faoi bhráid na Comhairle chun é a phlé agus a fhormheas. Ba cheart do Bhallstáit uile an Aontais an seasamh sin a chur in iúl, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais.

    (12)

    Anuas air sin, tá Comhairle ICAO, ag an 228ú seisiún dá cuid, le leasú a ghlacadh ar na Treoracha Teicniúla maidir le hIompar Sábháilte Earraí Contúirteacha d’Aer (ICAO Doic. 9284) chun gairis ghníomhacha rianúcháin arna gcumhachtú ag ceallraí beaga litiam a cheadú i mbagáiste seiceáilte isteach. Tagann an t-ábhar faoi Iarscríbhinn 18 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago — Iompar Sábháilte Earraí Contúirteacha d’Aer.

    (13)

    Maidir leis an leasú, cheadófaí do phaisinéirí agus don chriú gairis ghníomhacha rianúcháin arna gcumhachtú ag ceallraí beaga litiam a iompar ina mbagáiste seiceáilte isteach, rud a thoirmisctear le ICAO 9284 mar gheall ar an gceanglas gairis ina bhfuil cealla nó ceallra litiam i mbagáiste seiceáilte isteach a mhúchadh.

    (14)

    Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh de Chomhairle ICAO a bhunú ós rud é go mbeadh tionchar díreach ag na hathruithe atá beartaithe ar ICAO Doic. 9284 ar na rialacha maidir le hiompar earraí contúirteacha i Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún (2), ina dtagraítear go sainráite don doiciméad sin ó ICAO, agus féadfaidh siad, dá bhrí sin, tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar dhlí an Aontais.

    (15)

    Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais le linn an 228ú seisiún de Chomhairle ICAO nó ag aon seisiún ina dhiaidh sin maidir le glacadh an Leasaithe ar ICAO Doic. 9284, ba cheart don seasamh sin tacú leis an leasú seo. Ba cheart do Bhallstáit an Aontais atá ina gcomhaltaí de Chomhairle ICAO, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais, an seasamh sin a chur in iúl,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    1.   Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 228ú seisiún de Chomhairle ICAO, nó ag aon cheann de na seisiúin ina dhiaidh sin, tacú le Leasú 93 ar Iarscríbhinn 10, Imleabhar I a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago.

    2.   Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais, ar choinníoll go nglacfaidh Comhairle ICAO, gan aon athrú suntasach, le Leasú 93 ar Iarscríbhinn 10, Imleabhar I a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, gan míshástacht a léiriú, agus fógra a thabhairt maidir le comhlíonadh an leasuithe sin mar fhreagra ar an litir Stáit ICAO faoi seach.

    3.   I gcás ina n-imeodh dlí an Aontais ó na SARPanna nuaghlactha tar éis dháta beartaithe cur i bhfeidhm na SARPanna sin, cuirfear difríocht leis na SARPanna áirithe sin in iúl do ICAO i gcomhréir le hAirteagal 38 de Choinbhinsiún Chicago. I gcás den sórt sin, in am trátha agus ar a laghad 2 mhí roimh aon sprioc-am a leagfaidh ICAO amach maidir le fógra a thabhairt faoi dhifríochtaí, cuirfidh an Coimisiún doiciméad ullmhúcháin faoi bhráid na Comhairle chun é a phlé agus a fhormheas, doiciméad lena leagtar amach an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais maidir leis na difríochtaí mionsonraithe a thabharfar an fógra do ICAO.

    Airteagal 2

    Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 228ú seisiún de Chomhairle ICAO, nó in aon cheann de na seisiúin ina dhiaidh sin, tacú leis an Leasú ar na Treoracha Teicniúla maidir le hIompar Sábháilte Earraí Contúirteacha d’Aer (ICAO Doic. 9284).

    Airteagal 3

    Is iad Ballstáit an Aontais atá ina gcomhaltaí de Chomhairle ICAO, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais, a chuirfidh in iúl an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1(1) agus in Airteagal 2.

    Déanfaidh Ballstáit uile an Aontais an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus (3) a chur in iúl, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais.

    Airteagal 4

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Márta 2023.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    G. STRÖMMER


    (1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 ón gCoimisiún an 1 Márta 2017 lena leagtar síos ceanglais choiteanna le haghaidh soláthraithe seirbhísí bainistithe aerthráchta/seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna líonra bainistíochta aerthráchta eile agus le haghaidh na formhaoirseachta orthu, lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 482/2008, Rialacháin Chur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1034/2011, (AE) Uimh. 1035/2011 agus (AE) 2016/1377 agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 677/2011 (IO L 62, 8.3.2017, lch. 1).

    (2)  Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2012 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 296, 25.10.2012, lch. 1).


    Fuq