Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D0068

    Cinneadh (AE) 2023/68 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh a thabhairt don Ghearmáin, don Bheilg, don Ísiltír, don Ostair, do Lucsamburg, don Spáinn agus don Ghréig mar thoradh ar thubaistí nádúrtha a tharla sna tíortha sin le linn 2021

    IO L 7, 10.1.2023, p. 25–26 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/68/oj

    10.1.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 7/25


    CINNEADH (AE) 2023/68 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 14 Nollaig 2022

    maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh a thabhairt don Ghearmáin, don Bheilg, don Ísiltír, don Ostair, do Lucsamburg, don Spáinn agus don Ghréig mar thoradh ar thubaistí nádúrtha a tharla sna tíortha sin le linn 2021

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002, lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (1), agus go háirithe Airteagal 4(3) de,

    ag féachaint don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (2), agus go háirithe pointe 10 de,

    ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    de bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Is é is aidhm do Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (“an Ciste”) chur ar chumas an Aontais freagairt ar bhealach tapa éifeachtúil solúbtha do staideanna éigeandála chun dlúthpháirtíocht a léiriú le pobail réigiún a mbuaileann tubaistí nádúrtha móra nó réigiúnacha iad nó mór-éigeandáil sláinte poiblí.

    (2)

    Ní fhéadfaidh a bheith sa Chiste níos mó ná na huasteorainneacha dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (3).

    (3)

    An 1 Deireadh Fómhair 2021, chuir an Ghearmáin iarratas isteach chun an Ciste a shlógadh, tar éis na dtuilte i mí Iúil 2021.

    (4)

    An 1 Deireadh Fómhair 2021, chuir an Bheilg iarratas isteach chun an Ciste a shlógadh, tar éis na dtuilte i mí Iúil 2021.

    (5)

    An 1 Deireadh Fómhair 2021, chuir an Ísiltír iarratas isteach chun an Ciste a shlógadh, tar éis na dtuilte i mí Iúil 2021.

    (6)

    An 5 Deireadh Fómhair 2021, chuir an Ostair iarratas isteach chun an Ciste a shlógadh, tar éis na dtuilte i mí Iúil 2021.

    (7)

    An 6 Deireadh Fómhair 2021, chuir Lucsamburg iarratas isteach chun an Ciste a shlógadh, tar éis na dtuilte i mí Iúil 2021.

    (8)

    An 3 Nollaig 2021, chuir an Spáinn iarratas isteach chun an Ciste a shlógadh, tar éis an bhrúchtadh bolcánach ar oileán La Palma an 19 Meán Fómhair 2021. An 22 Márta 2022, chuir an Spáinn nuashonrú ar an iarratas isteach.

    (9)

    An 16 Nollaig 2021, chuir an Ghréig isteach iarratas chun an Ciste a shlógadh, tar éis an chreatha talún sa Chréit an 27 Meán Fómhair 2021.

    (10)

    Tá na hiarratais thuasluaite i gcomhréir leis na coinníollacha i dtaca le ranníocaíocht airgeadais a sholáthar ón gCiste, mar a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002.

    (11)

    Ba cheart, dá bhrí sin, an Ciste a shlógadh chun ranníocaíocht airgeadais a sholáthar don Ghearmáin, don Bheilg, don Ísiltír, don Ostair, do Lucsamburg, don Spáinn agus don Ghréig.

    (12)

    Chun giorrú a oiread agus is féidir ar an am a thógfaidh sé an Ciste a shlógadh, ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo ó dháta a ghlactha,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    I gcás bhuiséad ginearálta an Aontais le haghaidh na bliana airgeadais 2022, is ina leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus íocaíochtaí i ndáil le tubaistí nádúrtha a shlógfar na méideanna seo a leanas faoi Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh:

    (a)

    soláthrófar EUR 612 611 256 don Ghearmáin i ndáil leis na tuilte in 2021;

    (b)

    soláthrófar EUR 87 737 427 don Bheilg i ndáil leis na tuilte in 2021;

    (c)

    soláthrófar EUR 4 713 027 don Ísiltír i ndáil leis na tuilte in 2021;

    (d)

    soláthrófar EUR 797 520 don Ostair i ndáil leis na tuilte in 2021;

    (e)

    soláthrófar EUR 1 822 056 do Lucsamburg i ndáil leis na tuilte in 2021;

    (f)

    soláthrófar EUR 9 449 589 don Spáinn i ndáil leis an mbrúchtadh bolcáin in La Palma;

    (g)

    soláthrófar EUR 1 351 886 don Ghréig i ndáil leis an gcrith talún sa Chréit.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 14 Nollaig 2022.

    Arna dhéanamh in Strasbourg, an 14 Nollaig 2022.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    R. METSOLA

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    M. BEK


    (1)  IO L 311, 14.11.2002, lch. 3.

    (2)  IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.

    (3)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11).


    Top