This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R2587
Commission Delegated Regulation (EU) 2022/2587 of 18 August 2022 amending Regulation (EU) 2019/1241 of the European Parliament and of the Council as regards the minimum conservation reference size of Venus shells (Venus spp.) in certain Italian territorial waters
Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2587 ón gCoimisiún an 18 Lúnasa 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le híosmhéid tagartha caomhnaithe na mbreallach maighdeogach (Venus spp.) in uiscí teorann áirithe na hIodáile
Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2587 ón gCoimisiún an 18 Lúnasa 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le híosmhéid tagartha caomhnaithe na mbreallach maighdeogach (Venus spp.) in uiscí teorann áirithe na hIodáile
C/2022/5726
IO L 338, 30.12.2022, p. 40–43
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 32019R1241 | Athchur | iarscríbhinn IX cuid A tábla Téacs | 01/01/2023 | 31/12/2025 |
30.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 338/40 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/2587 ÓN gCOIMISIÚN
an 18 Lúnasa 2022
lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le híosmhéid tagartha caomhnaithe na mbreallach maighdeogach (Venus spp.) in uiscí teorann áirithe na hIodáile
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006, (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 15(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/2376 ón gCoimisiún (2), deonaíodh maolú ar íosmhéid tagartha caomhnaithe (MCRS) na mbreallach maighdeogach go dtí fad iomlán 22 mm in uiscí teorann na hIodáile i bhFo-limistéir Gheografacha 9, 10, 17 agus 18 an Choimisiúin Ghinearálta Iascaigh don Mheánmhuir (CGIM), tar éis moladh comhpháirteach a chuir an Iodáil isteach, agus is í an Iodáil an Ballstát aonair ag a bhfuil leas díreach bainistíochta ina uiscí teorann. Bhí feidhm aige ón 1 Eanáir 2017 go dtí an 31 Nollaig 2019. |
(2) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/3 ón gCoimisiún (3), arna leasú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2237 (4), cuireadh síneadh leis an maolú sin ón 1 Eanáir 2020 go dtí an 31 Nollaig 2022. |
(3) |
An 18 Márta 2022, chuir an Iodáil moladh comhpháirteach nua faoi bhráid an Choimisiúin, i gcomhréir le nós imeachta Airteagal 15(3) de Rialachán (AE) 2019/1241, inar iarradh an maolú ar Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241 a bhunú a mhéid a bhaineann le MCRS na mbreallach maighdeogach sna huiscí teorann céanna san Iodáil. Chuathas i gcomhairle go cuí le MEDAC agus tacaíonn sé leis an moladh comhpháirteach. |
(4) |
Rinne an Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (STECF) measúnú ar an moladh comhpháirteach agus ar an bhfianaise eolaíoch thacaíochta a chuir an Iodáil isteach ag a seisiún iomlánach idir an 21 agus an 25 Márta 2022 (STECF 22-01) (5). Chuir STECF i dtábhacht gur tháinig méadú ar bhithmhais tráchtála nó gur fhan sí gan athrú i 9 n-urrann as 13 cinn a ndearnadh faireachán orthu idir 2017 agus 2020. Tháinig STECF ar an gconclúid gur éisc fhásta atá i ngabhálacha na mbreallach maighdeogach agus gur éisc fhásta, a mhairfidh tar éis iad a chur i ngrinneall na farraige, atá i mbreallaigh róbheaga aischurtha den chuid is mó. Mheas STECF nach ndéanann an t-iascach sin difear don chodán neamhaibí de dhaonra na mbreallach maighdeogach ar fud an domhain mar thoradh ar an maolú reatha ar MCRS, agus go bhfuil an laghdú ar MCRS ó 25 mm go 22 mm fós comhsheasmhach leis an gcuspóir maidir le cosaint na n-iasc óg a áirithiú, mar a cheanglaítear le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2019/1241. Thairis sin, léirigh fianaise eolaíoch go bhfuil méid 22 mm níos mó ná méid na mbreallach maighdeogach aibí (idir 11 mm agus 12 mm) agus go bhfuil siad in ann líon mór úicítí a tháirgeadh, rud a chinnteodh saothrú inbhuanaithe na mbreallach maighdeogach, ar choinníoll go ndéantar bainistíocht iomchuí ar na hiascaigh. Sa chomhthéacs sin, thug STECF dá aire go bhfuil patrún saothraithe na mbreallach maighdeogach in uiscí teorann na hIodáile lena mbaineann in ann an iasclann a chosaint, limistéar na linnte pórúcháin a chosaint agus a fheabhsú agus an mheá a ndéanann cosaint chósta agus obair chothaithe difear di a athghníomhachtú. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún go gcomhlíonann MCRS 22 mm na mbreallach maighdeogach, mar aon leis na bearta arna nglacadh ag an Iodáil ó bhí feidhm ag an maolú, na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 15(4), pointe (d), de Rialachán (AE) 2019/1241. |
(5) |
Mar sin féin, leis na gnéithe sa phlean bainistíochta, chinn STECF nach féidir measúnú a dhéanamh ar na tionchair a bheidh ag an athrú ar bhearta MCRS amach anseo agus go mbeadh gá le samhaltú daonra chun meastóireacht a dhéanamh ar na tionchair a bheidh ag an athrú ar bhearta MCRS amach anseo agus chun éifeacht choibhneasta MCRS a scaradh ó éifeachtaí eile an phlean agus ó fhachtóirí comhshaoil. Ghlac an Iodáil go hoifigiúil leis na sonraí ábhartha maidir le samhaltú daonra a chur isteach. |
(6) |
Ar bhonn na faisnéise a bailíodh ag an gcéim seo sa mholadh comhpháirteach, i measúnú MEDAC agus i measúnú STECF (STECF 22-01) agus ar bhonn na ngealltanas a thug lucht riaracháin na hIodáile, measann an Coimisiún go gcomhlíonann an maolú ar MCRS na ceanglais a bunaíodh le haghaidh bearta teicniúla in Airteagail 15 agus 18 de Rialachán (AE) 2019/1241. |
(7) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241 a leasú dá réir. |
(8) |
I bplean bainistíochta na hIodáile, sonraítear go ndéanfaidh an Iodáil dlúthfhaireachán ar stoic na mbreallach maighdeogach trí thuarascálacha a chuirfear chuig an gCoimisiún gach bliain. |
(9) |
Tá na bearta a mholtar sa mholadh comhpháirteach i gcomhréir le hAirteagal 18(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus 15(4) de Rialachán (AE) 2019/1241. |
(10) |
Ós rud é go mbíonn tionchar díreach ag na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo ar na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhaineann le hiascaigh agus ar phleanáil shéasúr iascaireachta shoithí an Aontais, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm díreach tar éis a fhoilsithe, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Faoin 15 Eanáir 2023, cuirfidh údaráis na mBallstát faoi bhráid an Choimisiúin, agus úsáid á baint acu as suíomh gréasáin rialaithe slán an Aontais, liosta na soithí uile atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh ar bhreallaigh mhaighdeogacha (Venus spp.) trí úsáid a bhaint as dreidirí hiodrálacha in uiscí teorann na hIodáile i bhFo-limistéir Gheografacha 9, 10, 17 agus 18 CGIM. Coinneoidh údaráis na mBallstát an liosta sin cothrom le dáta i gcónaí.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2025.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Lúnasa 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 198, 25.7.2019, lch. 105.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/2376 ón gCoimisiún an 13 Deireadh Fómhair 2016 lena mbunaítear plean maidir le hábhar muirí aischurtha le haghaidh mhoilisc dhébhlaoscacha Venus spp. in uiscí teorann na hIodáile (IO L 352, 23.12.2016, lch. 48).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/3 ón gCoimisiún an 28 Lúnasa 2019 lena mbunaítear plean maidir le hábhar muirí aischurtha le haghaidh na mbreallach maighdeogach (Venus spp.) in uiscí teorann áirithe na hIodáile (IO L 2, 6.1.2020, lch. 1).
(4) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2237 ón gCoimisiún an 13 Lúnasa 2020 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/3 a mhéid a bhaineann leis an maolú ar íosmhéid tagartha caomhnaithe na mbreallach maighdeogach (Venus spp.) in uiscí teorann áirithe na hIodáile (IO L 436, 28.12.2020, lch. 1).
(5) An Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach — an 69ú Tuarascáil Iomlánach (PLEN 22-01), Ulrich, C. agus Doerner, H eagarthóir(í), EUR 28359 EN, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2022, le fáil: https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/22954277/STECF+PLEN+22-01.pdf/c2566fed-7daf-4e50-bf9f-ad39b966d0c4
(6) Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear an seachtú hiontráil is fiche den tábla i gCuid A d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241 mar a leanas:
“Breallaigh mhaighdeogacha (Venus spp.) |
25 mm (1) |
(1) De mhaolú air sin, ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2025, is é 22 mm a bheidh in íosmhéid tagartha caomhnaithe na mbreallach maighdeogach (Venus spp.) in uiscí teorann na hIodáile i bhfo-limistéir gheografacha 9, 10, 17 agus 18 an Choimisiúin Ghinearálta Iascaigh don Mheánmhuir (CGIM) mar a shainítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011.”