EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R2514

Rialachán (AE) 2022/2514 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 717/2014 a mhéid a bhaineann lena thréimhse cur i bhfeidhm

C/2022/9347

IO L 326, 21.12.2022, p. 8–9 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2514/oj

21.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 326/8


RIALACHÁN (AE) 2022/2514 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Nollaig 2022

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 717/2014 a mhéid a bhaineann lena thréimhse cur i bhfeidhm

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 108(4) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/1588 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i ndáil le catagóirí áirithe de Státchabhair chothrománach (1), agus go háirithe Airteagal 2(1) de,

Tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach um Státchabhair,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

In 2019, sheol an Coimisiún meastóireacht ar fheidhmíocht na n-ionstraimí earnála is infheidhme maidir le státchabhair in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe ó glacadh iad in 2014-2015, lena n-áirítear Rialachán (AE) Uimh. 717/2014 ón gCoimisiún (2), d’fhonn iad a leasú nó ionstraim nua a chur ina n-ionad le haghaidh na tréimhse 2021-2027. Léirigh torthaí na meastóireachta sin gur uirlis ábhartha, éifeachtach, éifeachtúil é Rialachán (AE) Uimh. 717/2014 i gcónaí, go háirithe chun a chur ar chumas na mBallstát dul i ngleic go tapa le tionchair dhiúltacha ghearrthéarmacha a eascraíonn as teagmhais gan choinne a d’fhéadfadh feidhmíocht eacnamaíoch oibreoirí inmharthana a chur i mbaol agus poist a chur i gcontúirt.

(2)

I gcomhthéacs na meastóireachta dá dtagraítear in aithris (1) agus chun a áirithiú go bhféadfadh na Ballstáit leanúint de mhéideanna beaga cabhrach a dheonú go dtí go nglacfaí Rialachán (AE) 2021/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), cuireadh síneadh le tréimhse cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 717/2014 go dtí an 31 Nollaig 2022 le Rialachán (AE) 2020/2008 ón gCoimisiún (4).

(3)

Tar éis an chomhairliúcháin le Coiste Comhairleach um Státchabhair an 11 Márta 2022 agus an 9 Meán Fómhair 2022, agus i bhfianaise na n-aighneachtaí a fuarthas i gcomhthéacs an chomhairliúcháin phoiblí, lean an Coimisiún dá mhachnamh i ndáil le raon feidhme an leasaithe ar Rialachán (AE) Uimh. 717/2014.

(4)

Chun a chur ar chumas an Choimisiúin teacht ar a sheasamh críochnaitheach maidir leis an gceist sin agus chun a áirithiú go bhféadfaidh na Ballstáit leanúint de mhéideanna beaga cabhrach a dheonú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 717/2014, is iomchuí síneadh a chur le tréimhse cur chun feidhme an Rialacháin sin, le héifeacht ón 1 Eanáir 2023 agus go dtí an 31 Nollaig 2023.

(5)

Chun a áirithiú go bhféadfaidh na Ballstáit leanúint de chabhair de minimis a dheonú gan aon bhriseadh, is gá go dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm mar ábhar práinne.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 717/2014 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 717/2014, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

“Beidh feidhm aige go dtí an 31 Nollaig 2023.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Nollaig 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 248, 24.9.2015, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 717/2014 ón gCoimisiún an 27 Meitheamh 2014 maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i ndáil le cabhair de minimis in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe (IO L 190, 28.6.2014, lch. 45).

(3)  Rialachán (AE) 2021/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1004 (IO L 247, 13.7.2021, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) 2020/2008 ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2020 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 702/2014, (AE) Uimh. 717/2014 agus (AE) Uimh. 1388/2014, a mhéid a bhaineann lena dtréimhse cur i bhfeidhm agus coigeartuithe ábhartha eile (IO L 414, 9.12.2020, lch. 15).


Top