Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R2345

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2345 ón gCoimisiún an 1 Nollaig 2022 lena ceartaítear an leagan Sualainnise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 lena leagtar síos ceanglais chomhchoiteanna le haghaidh soláthraithe seirbhísí bainistíochta aerthráchta/soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta agus le haghaidh feidhmeanna líonra bainistíochta aerthráchta eile agus an fhormhaoirseacht orthu sin, lena n-aisghairtear (CE) Uimh. 482/2008, Rialacháin Chur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1034/2011, (AE) Uimh. 1035/2011 agus (AE) 2016/1377 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 677/2011 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2022/8540

    IO L 311, 2.12.2022, p. 58–59 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/2345/oj

    2.12.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 311/58


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2345 ÓN gCOIMISIÚN

    an 1 Nollaig 2022

    lena ceartaítear an leagan Sualainnise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 lena leagtar síos ceanglais chomhchoiteanna le haghaidh soláthraithe seirbhísí bainistíochta aerthráchta/soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta agus le haghaidh feidhmeanna líonra bainistíochta aerthráchta eile agus an fhormhaoirseacht orthu sin, lena n-aisghairtear (CE) Uimh. 482/2008, Rialacháin Chur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1034/2011, (AE) Uimh. 1035/2011 agus (AE) 2016/1377 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 677/2011

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 (1) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 43(1), pointí (a) agus (f) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Tá earráid sa leagan Sualainnise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 (2) ón gCoimisiún i bhFochuid B, Roinn 4, pointe ATS.TR.400, pointe (b), d’Iarscríbhinn IV a mhéid a bhaineann le seirbhís foláirimh. Athraítear brí na forála leis an earráid sin.

    (2)

    Dá bhrí sin, ba cheart an leagan Sualainnise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 a cheartú dá réir. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile.

    (3)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 127 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1139, a tugadh an 6 Eanáir 2020,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    (Ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge.)

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 1 Nollaig 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 212, 22.8.2018, lch. 1.

    (2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 ón gCoimisiún an 1 Márta 2017 lena leagtar síos ceanglais choiteanna le haghaidh soláthraithe seirbhísí bainistithe aerthráchta/seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna líonra eile a bhaineann le bainistiú agus maoirseacht an aerthráchta, lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 482/2008, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1034/2011, Rialachán Cur chun Feidhme (AE) Uimh. 1035/2011 agus Rialachán Cur chun Feidhme (AE) 2016/1377 agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 677/2011 (IO L 62, 8.3.2017, lch. 1).


    Top