EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R1523

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1523 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2022 maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte

C/2022/6568

IO L 237, 14.9.2022, p. 5–8 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/1523/oj

14.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 237/5


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1523 ÓN gCOIMISIÚN

an 8 Meán Fómhair 2022

maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (1), agus go háirithe Airteagail 57(4) agus 58(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chun a áirithiú go gcuirtear an Ainmníocht Chomhcheangailte atá i gceangal le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (2) i bhfeidhm go haonfhoirmeach, is gá bearta a ghlacadh maidir le haicmiú na n-earraí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

(2)

Le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87, leagadh síos na rialacha ginearálta maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte. Tá feidhm ag na rialacha sin freisin maidir le haon ainmníocht eile atá bunaithe go hiomlán uirthi nó a bhfuil cuid di bunaithe uirthi nó a chuireann aon fhoroinn bhreise léi agus a bhunaítear le forálacha sonracha de chuid an Aontais, d’fhonn bearta taraife agus bearta eile i ndáil le trádáil in earraí a chur i bhfeidhm.

(3)

De bhun na rialacha ginearálta sin, na hearraí a bhfuil tuairisc orthu i gcolún (1) den tábla a leagtar amach san Iarscríbhinn, is earraí iad ba cheart a aicmiú faoin gcód AC a luaitear i gcolún (2), de bhua na gcúiseanna a leagtar amach i gcolún (3) den tábla sin.

(4)

Maidir le faisnéis taraife cheangailteach arna heisiúint i leith na n-earraí a bhaineann leis an Rialachán seo, ar faisnéis í nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo, is iomchuí a fhoráil go bhféadfaidh an sealbhóir an fhaisnéis sin a agairt fós, go ceann tréimhse áirithe, i gcomhréir le hAirteagal 34(9) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Is tréimhse 3 mhí ba cheart a bheith sa tréimhse sin.

(5)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCód Custaim,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Na hearraí a bhfuil tuairisc orthu i gcolún (1) den tábla a leagtar amach san Iarscríbhinn, aicmeofar iad faoi chuimsiú na hAinmníochta Comhcheangailte faoin gcód AC a luaitear i gcolún (2) den tábla sin.

Airteagal 2

Faisnéis taraife cheangailteach nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo, féadfar í a agairt fós i gcomhréir le hAirteagal 34(9) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 go ceann tréimhse 3 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Gerassimos THOMAS

An tArd-Stiúrthóir

Ard-Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Custaim


(1)  IO L 269, 10.10.2013, lch. 1.

(2)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Tuairisc ar na hearraí

Aicmiú (cód AC)

Cúiseanna

(1)

(2)

(3)

Earra teicstíle críochnaithe dronuilleogach arna dhéanamh as snáithíní 100 % de dhéantús an duine, ar a dtugtar “fo-bhlaincéad leictreach” freisin, le coirnéil chorra, ina bhfuil tomhas tuairim is 150x80 cm agus dhá shraith d’fhabraic neamhfhite faoi cheannteideal 5603 . Tá banda d’fhabraic chniotáilte fuaite dó timpeall ar imeall an earra ar fad. D’fhéadfadh sé go mbeadh stráicí leaisteacha air chun é a fheistiú ar an tocht.

Níl an t-earra líonta ná feistithe go hinmheánach.

Tá sé feistithe le haonad teasa comhtháite leictreach le soláthar cumhachta 220-240 V inscortha agus lasc chun socruithe éagsúla teasa a choigeartú.

Dearadh an t-earra lena chur idir tocht agus braillín chun leaba a théamh. Ní chumhdaíonn sé an chuid den tocht a mbeartaítear ceann an duine a bheith uirthi. De réir an lámhleabhair treorach, tá sé oiriúnach lena níochán, tar éis é a bhaint den soláthar cumhachta.

(Féach an íomhá) (*1)

6307 90 98

Cinntear an t-aicmiú le rialacha ginearálta 1 agus 6 maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte, nóta 7(f) a ghabhann le Roinn XI agus nóta 1 a ghabhann le Caibidil 63 agus le foclaíocht na gcód AC 6307 , 6307 90 agus 6307 90 98 .

Ní féidir an t-earra teicstíle críochnaithe a aicmiú i gCaibidil 85 mar innealra agus trealamh leictreach, toisc nach gclúdaíonn an Chaibidil sin blaincéid, pillíní leapa ná mufaí coise a théitear go leictreach ná a leithéid (nóta 1(a) a ghabhann le Caibidil 85).

Eisiatar a aicmiú faoi chód AC 6301 10 00 mar bhlaincéad leictreach, toisc nach bhfuil na gnáth-shaintréithe oibiachtúla san earra a bhaineann le blaincéad faoi cheannteideal 6301 , amhail a bheith oiriúnach lena fhilleadh timpeall ar cholainn duine nó í a chlúdach chun teas a sholáthar.

Eisiatar aicmiú faoi cheannteideal 6302 mar línéadach leapa, toisc nach bhfuil saintréithe línéadaigh (amhail braillín nó cumhdach tochta, mar shampla) san earra, is é sin an tocht, an chuilt chlúimh nó an piliúr a chosaint ar an duine atá ina luí sa leaba. Cé gur dearadh an t-earra lena chur ar an tocht, ní chosnaíonn sé an chuid a mbeartaítear ceann an duine a bheith uirthi. Is é an t-aon fheidhm amháin atá aige an leaba a théamh agus dá bhrí sin é a dhéanamh compordach don duine atá ag baint úsáide as an leaba.

Eisiatar aicmiú faoi cheannteideal 6304 mar earra fearastaithe, toisc nach bhfuil saintréithe earra fearastaithe san earra faoi cheannteideal 6304 , amhail é a bheith infheicthe ag aon duine a bhreathnaíonn seomra. Ní bhíonn an t-earra seo, nuair a úsáidtear é mar a bheartaítear, infheicthe sa timpeallacht spásúil, toisc go gcumhdaítear é le braillín leapa.

Mar gheall ar an gcuma ghinearálta atá ar an earra agus ar an ábhar as a ndearnadh an dá shraith sheachtracha dá chuid (fabraic neamhfhite arna dhéanamh as snáithíní de dhéantús an duine faoi cheannteideal 5603 ), agus ós rud é nach féidir an t-earra a aicmiú faoi cheannteideal níos sonraí ná ceannteideal 6307 , tá sé le haicmiú, dá bhrí sin, faoi chód AC 6307 90 98 mar earra críochnaithe eile arna dhéanamh as fabraicí teicstíle.

Image 1


(*1)  Is le faisnéis a thabhairt, agus lena aghaidh sin amháin, atá an íomhá anseo.


Top