This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R1520
Commission Delegated Regulation (EU) 2022/1520 of 17 June 2022 amending Regulation (EU) No 658/2014 of the European Parliament and of the Council as regards the adjustment to the inflation rate of the amounts of the fees payable to the European Medicines Agency for the conduct of pharmacovigilance activities in respect of medicinal products for human use
Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1520 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 658/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ráta boilscithe na méideanna táillí is iníoctha leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach a choigeartú chun gníomhaíochtaí cógas-aireachais a dhéanamh i ndáil le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine
Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1520 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 658/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ráta boilscithe na méideanna táillí is iníoctha leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach a choigeartú chun gníomhaíochtaí cógas-aireachais a dhéanamh i ndáil le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine
C/2022/3948
IO L 236, 13.9.2022, p. 16–18
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 32014R0658 | Athchur | iarscríbhinn cuid I pointe 1 Téacs | 03/10/2022 | |
Modifies | 32014R0658 | Athchur | iarscríbhinn cuid II pointe 1 abairt Téacs | 03/10/2022 | |
Modifies | 32014R0658 | Athchur | iarscríbhinn cuid II pointe 1 pointe (a) Téacs | 03/10/2022 | |
Modifies | 32014R0658 | Athchur | iarscríbhinn cuid II pointe 1 pointe (b) Téacs | 03/10/2022 | |
Modifies | 32014R0658 | Athchur | iarscríbhinn cuid III pointe 1 mír neamhuimhrithe 1 Téacs | 03/10/2022 | |
Modifies | 32014R0658 | Athchur | iarscríbhinn cuid III pointe 1 mír neamhuimhrithe 2 Téacs | 03/10/2022 | |
Modifies | 32014R0658 | Athchur | iarscríbhinn cuid III pointe 1 mír neamhuimhrithe 4 pointe (b) Téacs | 03/10/2022 | |
Modifies | 32014R0658 | Athchur | iarscríbhinn cuid IV pointe 1 Téacs | 03/10/2022 |
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Implicitly repealed by | 32024R0568 | 01/01/2025 |
13.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 236/16 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/1520 ÓN gCOIMISIÚN
an 17 Meitheamh 2022
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 658/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ráta boilscithe na méideanna táillí is iníoctha leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach a choigeartú chun gníomhaíochtaí cógas-aireachais a dhéanamh i ndáil le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 658/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le táillí is iníoctha leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach chun gníomhaíochtaí cógas-aireachais a dhéanamh i ndáil le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (1), agus go háirithe Airteagal 15(6) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 67(3) de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), áirítear in ioncam na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí táillí a íocann gnóthais as údaruithe margaíochta an Aontais a fháil agus a chothabháil agus as seirbhísí eile a sholáthraíonn an Ghníomhaireacht, agus as seirbhísí a sholáthraíonn an grúpa comhordúcháin a mhéid a bhaineann le comhlíonadh a chuid cúraimí i gcomhréir le hAirteagail 107c, 107e, 107 g, 107k agus 107q de Threoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). |
(2) |
Coigeartú deireanach na dtáillí agus na méideanna luacha saothair a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 658/2014, rinneadh é in 2020 ar bhonn ráta boilscithe carnach 2018 agus 2019. Ba é an ráta boilscithe san Aontas, mar a fhoilsítear ag Oifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh, 0,3 % in 2020 agus 5,3 % in 2021 (4). Agus leibhéal na rátaí boilscithe le haghaidh na mblianta sin á chur san áireamh, meastar go bhfuil údar maith ann méideanna na dtáillí agus méideanna an luacha saothair le haghaidh na rapóirtéirí agus na gcomhrapóirtéirí dá dtagraítear i gCuid I go Cuid IV den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin a choigeartú, i gcomhréir le hAirteagal 15(6) de Rialachán (AE) Uimh. 658/2014. Dá bhrí sin, ba cheart coigeartú carnach ina gcuirtear san áireamh na rátaí boilscithe le haghaidh 2020 agus 2021 araon a chur i bhfeidhm. |
(3) |
Ar mhaithe le simplíocht, ba cheart na méideanna coigeartaithe a shlánú go dtí an EUR 10 is gaire, cé is moite den táille bhliantúil as córais teicneolaíochta faisnéise agus as faireachán ar litríocht i gcás inar cheart an leibhéal coigeartaithe a shlánú go dtí an EUR 1 is gaire. |
(4) |
Tá na táillí a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 658/2014 dlite ag tús an nós imeachta lena mbaineann nó, i gcás na táille bliantúla as córais teicneolaíochta faisnéise agus faireacháin ar litríocht, ar an 1 Iúil gach bliain. Dá bhrí sin, cinnfear an méid is infheidhme faoi dháta dlite na táille agus ní gá forálacha idirthréimhseacha sonracha a leagan síos le haghaidh nósanna imeachta atá ar feitheamh. |
(5) |
I gcomhréir le hAirteagal 15(6) de Rialachán (AE) Uimh. 658/2014, i gcás ina dtiocfaidh i bhfeidhm gníomh lena gcoigeartófar méideanna na dtáillí a leagtar síos i gCuid I go Cuid IV den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin roimh an 1 Iúil, beidh éifeacht ag na coigeartuithe amhail ón 1 Iúil, ach i gcás ina dtiocfaidh sé i bhfeidhm tar éis an 30 Meitheamh, beidh éifeacht ag na coigeartuithe ón dáta a dtiocfaidh an gníomh i bhfeidhm. Ba cheart dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a leagan síos i gcomhréir leis an bhforáil sin. |
(6) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 658/2014 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 658/2014 mar a leanas:
(1) |
i gCuid I, leasaítear pointe 1 mar a leanas:
|
(2) |
i gCuid II, leasaítear pointe 1 mar a leanas:
|
(3) |
i gCuid III, leasaítear pointe 1 mar a leanas:
|
(4) |
i bpointe 1 de Chuid IV, cuirtear “EUR 75” in ionad “EUR 71”. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 3 Deireadh Fómhair 2022.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Meitheamh 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 189, 27.6.2014, lch. 112.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta an Aontais maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach (IO L 136, 30.4.2004, lch. 1).
(3) Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (IO L 311, 28.11.2001, lch. 67).
(4) Eurostat, táscairí euro 11/2022, arna fhoilsiú an 20 Eanáir 2022.