Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R1474

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1474 ón gCoimisiún an 6 Meán Fómhair 2022 lena ndéantar formheas na substainte gníomhaí ísealriosca saill caoireola a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2022/6241

    IO L 232, 7.9.2022, p. 3–7 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/1474/oj

    7.9.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 232/3


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1474 ÓN gCOIMISIÚN

    an 6 Meán Fómhair 2022

    lena ndéantar formheas na substainte gníomhaí ísealriosca saill caoireola a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (1) agus go háirithe Airteagal 20(1) i gcomhar le hAirteagal 22(1) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Treoir 2008/127/CE ón gCoimisiún (2) áiríodh saill caoireola mar shubstaint ghníomhach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (3).

    (2)

    Maidir leis na substaintí gníomhacha a áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE, meastar iad a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus liostaítear iad i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (4).

    (3)

    Formheas na substainte gníomhaí saill caoireola, mar a leagtar amach i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, rachaidh sé in éag an 31 Lúnasa 2023.

    (4)

    Cuireadh isteach iarratas chuig Poblacht na Seice, an Ballstát is rapóirtéir, chun an formheas ar an tsubstaint ghníomhach saill caoireola a athnuachan, i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (5) agus laistigh den tréimhse ama dá bhforáiltear san Airteagal sin.

    (5)

    Chuir an t-iarratasóir isteach na sainchomhaid fhorlíontacha a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012. Chinn an Ballstát is rapóirtéir an t-iarratas a bheith inghlactha.

    (6)

    D’ullmhaigh Poblacht na Seice dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan i gcomhairle leis an bhFrainc, an Ballstát is comhrapóirtéir, agus chuir sí faoi bhráid an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) agus faoi bhráid an Choimisiúin í an 10 Meán Fómhair 2020. Ina dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan, bheartaigh Poblacht na Seice an formheas ar shaill caoireola a athnuachan mar shubstaint ísealriosca.

    (7)

    Chuir an tÚdarás an sainchomhad achomair forlíontach ar fáil go poiblí. Scaip an tÚdarás an dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan ar na hiarratasóirí agus ar na Ballstáit freisin chun barúlacha a fháil uathu agus sheol sé comhairliúchán poiblí ina leith. Chuir an tÚdarás na barúlacha a fuarthas ar aghaidh chuig an gCoimisiún.

    (8)

    An 16 Nollaig 2021, chuir an tÚdarás a chonclúid (6) in iúl don Choimisiún go bhféadfaí coinne a bheith leis go gcomhlíonfaidh saill caoireola na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. An 30 Márta 2022 chuir an Coimisiún dréacht-tuarascáil athnuachana maidir le saill caoireola faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, agus chuir sé dréacht den Rialachán seo faoina bhráid an 17 Bealtaine 2022.

    (9)

    D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir a bharúlacha a chur isteach maidir le conclúid an Údaráis agus, i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 14(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012, a bharúlacha maidir leis an tuarascáil athnuachana. Chuir an t-iarratasóir a bharúlacha isteach, barúlacha a scrúdaíodh go cúramach agus a cuireadh san áireamh i gcás inarb iomchuí.

    (10)

    Maidir le húsáid ionadaíoch amháin nó níos mó a bhaintear as táirge cosanta plandaí amháin ar a laghad ina bhfuil an tsubstaint ghníomhach saill caoireola, suíodh go gcomhlíontar na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

    (11)

    Thairis sin, measann an Coimisiún gur substaint ghníomhach ísealriosca é saill caoireola de bhun Airteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Ní substaint arb údar imní í saill caoireola agus comhlíonann sí na coinníollacha a leagtar amach i bpointe 5 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

    (12)

    Dá bhrí sin, is iomchuí formheas saille caoireola mar shubstaint ísealriosca a athnuachan.

    (13)

    I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 i gcomhar le hAirteagal 6 de agus i bhfianaise an eolais eolaíoch agus an eolais theicniúil atá ann faoi láthair, áfach, is gá íonacht íosta a leagan síos i leith na substainte gníomhaí faoi mar a mhonaraítear í chun bonn taca a chur faoi shábháilteacht na substainte gníomhaí atá le húsáid i dtáirgí cosanta plandaí.

    (14)

    Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir.

    (15)

    Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/708 ón gCoimisiún (7) cuireadh síneadh leis an tréimhse formheasa le haghaidh saill caoireola go dtí an 31 Lúnasa 2023 chun go bhféadfar an próiseas athnuachana a chur i gcrích sula rachaidh tréimhse formheasa na substainte gníomhaí sin in éag. Ós rud é go ndearnadh cinneadh maidir leis an athnuachan roimh dhul in éag na tréimhse formheasa sin ar cuireadh síneadh léi, áfach, beidh feidhm ag an Rialachán seo a luaithe is féidir.

    (16)

    Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Formheas na substainte gníomhaí a athnuachan

    Déantar formheas na substainte gníomhaí saill caoireola, mar a shonraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, a athnuachan faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

    Airteagal 2

    Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011

    Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 3

    Teacht i bhfeidhm agus dáta cur i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 1 Samhain 2022.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Meán Fómhair 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.

    (2)  Treoir 2008/127/CE ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2008 lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle chun roinnt substaintí gníomhacha a áireamh (IO L 344, 20.12.2008, lch. 89).

    (3)  Treoir 91/414/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1991 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 230, 19.8.1991, lch. 1).

    (4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).

    (5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2012 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 252, 19.9.2012, lch. 26). Cuireadh Rialachán (AE) 2020/1740 in ionad an Rialacháin seo. Mar sin féin, beidh feidhm aige go fóill maidir leis an nós imeachta chun formheas substaintí gníomhacha a athnuachan: (1) ar substaintí gníomhacha iad a dtagann deireadh lena dtréimhse formheasa roimh an 27 Márta 2024; (2) ar substaintí gníomhacha iad dá gcuireann Rialachán síneadh lena dtréimhse formheasa go dtí an 27 Márta 2024 nó go dtí dáta níos déanaí, ar Rialachán é a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ar an 27 Márta 2021 nó ina dhiaidh sin.

    (6)  EFSA (An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia), 2022. Conclusion on the peer review of the pesticide risk assessment of the active substance sheep fat [Conclúid maidir leis an athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí i gcás na substainte gníomhaí saill caoireola]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2022;20(1):7073, 43 lch. doi:10.2903/j.efsa.2022.7073. Le fáil ar líne: www.efsa.europa.eu.

    (7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/708 ón gCoimisiún an 5 Bealtaine 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha eistear meitile 2,5-aigéid dhéchlóraibeansóch, aigéad aicéiteach, aclóinífein, sulfáit amóiniam alúmanaim, foisfíd alúmanaim, sileacáit alúmanaim, beaflubútaimíd, beintiavalacarb, boscailid, cairbíd chailciam, captán, ciamocsainil, démheatomorf, dódamorf, eiteafón, eitiléin, úsc as crann tae, iarmhair ó dhriogadh saille, aigéid shailleacha C7 go C20, fluocsastróibin, fluraclóradón, foilpéad, foirmeiteanáit, aigéad gibriline, gibriliní, próitéiní hidrealaithe, sulfáit iarainn, foisfíd maignéisiam, meatam, meatasaclór, meitríbhúisín, milbimeictin, feinmeideafam, pirimeafos-meitil, olaí planda/ola ráibe, olaí planda/ola cartlainne garraí, própamacarb, prócuineaisíd, próitiaconasól, comhdhúile pireatraim, gaineamh grianchloiche, ola éisc, éarthaigh bholaidh de thionscnamh ainmhí nó planda/saill caoireola, S-meitileaclór, fearamóin léipidipteire Slabhra Dhírigh, sulcaitrí-ón, teabúconasól agus úiré (IO L 133, 10.5.2022, lch. 1).


    IARSCRÍBHINN I

    Gnáthainm,

    Uimhreacha Aitheantais

    Ainm IUPAC

    Íonacht (1)

    Dáta formheasa

    Dul in éag an fhormheasa

    Forálacha sonracha

    Saill caoireola

    Uimhir CAS: 98999-15-6

    Uimhir CIPAC: 919

    Saill caoireola

    Íonacht íosta saille caoireola: 100 %

    Gan eisíontas ábhartha

    1 Samhain 2022

    30 Deireadh Fómhair 2037

    Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála athnuachana maidir le saill caoireola, agus go háirithe Foscríbhinní I agus II a ghabhann léi.

    Áireofar bearta maolaithe riosca sna coinníollacha úsáide i gcás inarb iomchuí.


    (1)  Leis an tuarascáil athnuachana soláthraítear mionsonraí breise maidir le haitheantas agus sonraíocht na substainte gníomhaí.


    IARSCRÍBHINN II

    Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún mar a leanas:

    (1)

    i gCuid A, scriostar iontráil 249 maidir le saill caoireola;

    (2)

    i gCuid D, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas:

    Uimhir

    Gnáthainm,

    Uimhreacha Aitheantais

    Ainm IUPAC

    Íonacht (1)

    Dáta formheasa

    Dul in éag an fhormheasa

    Forálacha sonracha

    “39

    Saill caoireola

    Uimhir CAS: 98999-15-6

    Uimhir CIPAC: 919

    Saill caoireola

    Íonacht íosta saille caoireola: 100 %

    Gan eisíontas ábhartha

    1 Samhain 2022

    30 Deireadh Fómhair 2037

    Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála athnuachana maidir le saill caoireola, agus go háirithe Foscríbhinní I agus II a ghabhann léi.

    Áireofar bearta maolaithe riosca sna coinníollacha úsáide i gcás inarb iomchuí.”


    (1)  Leis an tuarascáil athnuachana soláthraítear mionsonraí breise maidir le haitheantas agus sonraíocht na substainte gníomhaí.


    Top