This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R1471
Commission Implementing Regulation (EU) 2022/1471 of 5 September 2022 concerning the authorisation of lanthanum carbonate octahydrate as a feed additive for cats (holder of authorisation Porus GmbH) (Text with EEA relevance)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1471 ón gCoimisiún an 5 Meán Fómhair 2022 maidir le hochtaihiodráit charbónáite lantanaim mar bhreiseán beathaithe le haghaidh cat (sealbhóir an údaraithe Porus GmbH) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1471 ón gCoimisiún an 5 Meán Fómhair 2022 maidir le hochtaihiodráit charbónáite lantanaim mar bhreiseán beathaithe le haghaidh cat (sealbhóir an údaraithe Porus GmbH) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2022/6207
IO L 231, 6.9.2022, p. 113–115
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
6.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 231/113 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1471 ÓN gCOIMISIÚN
an 5 Meán Fómhair 2022
maidir le hochtaihiodráit charbónáite lantanaim mar bhreiseán beathaithe le haghaidh cat (sealbhóir an údaraithe Porus GmbH)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis an bhforas agus leis na nósanna imeachta chun an t-údarú sin a dheonú. |
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh isteach iarratas maidir le hochtaihiodráit charbónáite lantanaim a údarú. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas. |
(3) |
Baineann an t-iarratas le hochtaihiodráit charbónáite lantanaim a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh cat, breiseán atá le haicmiú sa chatagóir breiseán “breiseáin zóiteicniúla” agus san fheidhmghrúpa “breiseáin zóiteicniúla eile”. |
(4) |
Chinn an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) ina thuairim an 27 Eanáir 2022 (2) nach bhfuil tionchar díobhálach ag ochtaihiodráit charbónáite lantanaim ar shláinte ainmhithe, faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe. Chinn an tÚdarás go bhféadfadh an breiseán a bheith éifeachtúil mar bhreiseán zóiteicniúil le haghaidh cat. Ní mheasann an tÚdarás go bhfuil gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh. D’fhíoraigh sé freisin an tuarascáil ar an modh a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar an mbreiseán beathaithe i mbeatha ainmhithe arna cur isteach ag an Saotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. |
(5) |
Léirítear leis an measúnú ar ochtaihiodráit charbónáite lantanaim go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le húdarú, dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. |
(6) |
Ba cheart dá réir sin úsáid na hullmhóide sin a údarú faoi mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
(7) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An breiseán a shonraítear san Iarscríbhinn, breiseán a bhaineann leis an gcatagóir breiseán “breiseáin zóiteicniúla” agus leis an bhfeidhmghrúpa “breiseáin zóiteicniúla eile”, údaraítear é mar bhreiseán i gcothú ainmhithe, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 5 Meán Fómhair 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.
(2) EFSA Journal [Iris EFSA] 2022;20(2):7168.
IARSCRÍBHINN
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Ainm shealbhóir an údaraithe |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||
mg de bhreiseán/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
|||||||||||||||
Catagóir na mbreiseán zóiteicniúil. Feidhmghrúpa: breiseáin zóiteicniúla eile (laghdú ar eisfhearadh fosfair trí fhuail) |
|||||||||||||||
4d23 |
Porus GmbH |
Ochtaihiodráit charbónáite lantanaim |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Ullmhóid d’ochtaihiodráit charbónáite lantanaim ina bhfuil ar a laghad 85 % d’ochtaihiodráit charbónáite lantanaim mar shubstaint ghníomhach. Foirm sholadach Tréithriú na substainte gníomhaí Ochtaihiodráit charbónáite lantanaim La2(CO3)3*8H2O Uimhir CAS: 6487-39-4 Modh anailíse (1) Maidir le carbónáit sa bhreiseán beathaithe a chainníochtú: Rialachán (CE) Uimh. 152/2009 ón gCoimisiún maidir le modh an Aontais (Iarscríbhinn III, O) Maidir le lantanam sa bhreiseán beathaithe agus in ábhair bheatha a chainníochtú: Speictriméadracht astaíochta adamhaí le plasma cúpláilte go hionduchtach (ICP-AES) |
Cait |
- |
1 500 |
7 500 |
|
26 Meán Fómhair 2032 |
(1) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse ar fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_en