Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R1465

    Rialachán (AE) 2022/1465 ón gCoimisiún an 5 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le substaintí blaistithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2022/6211

    IO L 231, 6.9.2022, p. 24–31 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/1465/oj

    6.9.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 231/24


    RIALACHÁN (AE) 2022/1465 ÓN gCOIMISIÚN

    an 5 Meán Fómhair 2022

    lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le substaintí blaistithe

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le blastáin agus maidir le comhábhair áirithe bia a bhfuil airíonna blaistithe acu agus atá le húsáid i mbianna agus ar bhianna agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 agus Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 agus Treoir 2000/13 (1), agus go háirithe Airteagal 11(3) de,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bhia, maidir le heinsímí bia agus maidir le blastáin bhia (2), agus go háirithe Airteagal 7(5) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 leagtar síos liosta Aontais de bhlastáin agus de bhunábhair a fhormheastar lena n-úsáid i mbianna agus ar bhianna agus coinníollacha a n-úsáide.

    (2)

    Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 872/2012 ón gCoimisiún (3), glacadh liosta de shubstaintí blaistithe agus cuireadh isteach an liosta sin in Iarscríbhinn I, Cuid A, a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008.

    (3)

    Féadfar an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis an nós imeachta comhchoiteann dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 ar thionscnamh an Choimisiúin nó tar éis iarratas a fháil ó Bhallstát nó ó pháirtí leasmhar.

    (4)

    Tá roinnt substaintí blaistithe i liosta an Aontais de bhlastáin agus de bhunábhair a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008, i measc substaintí eile, nárbh fhéidir leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) riosca sábháilteachta do shláinte an tomhaltóra a chur as an áireamh ina leith nuair a glacadh an liosta le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 872/2012, ar bhonn na sonraí a bhí ar fáil agus dá bhrí sin, measadh go raibh sonraí breise riachtanach chun a meastóireacht a chríochnú. Áiríodh na substaintí sin i liosta an Aontais de shubstaintí blaistithe ach ar an gcoinníoll gur cuireadh isteach sonraí sábháilteachta ag díriú ar na hábhair imní a chuir an tÚdarás in iúl sula ndeachaigh na spriocdhátaí sonracha arna mbunú i gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 in éag. I measc na substaintí a áiríodh i liosta an Aontais de bhlastáin agus de bhunábhair ach a aithnítear trí bhíthin tagairt fhonóta a cheanglaíonn ar an Údarás an mheastóireacht a chur i gcrích, bhí na cúig shubstaint seo a leanas de Mheastóireacht ar Ghrúpa Blastán 208 (FGE.208), eadhon p-meanta-1,8-dé-éan-7-ól (FL Uimh. 02.060), miortanól (FL Uimh. 02.091), mirtéanal (FL Uimh. 05.106), aicéatáit p-Meanta-1,8-dé-an-7-il (FL Uimh. 09.278) agus aicéatáit mhirtinile (FL Uimh. 09.302). D’iarr an tÚdarás sonraí eolaíocha breise a chuir na hiarratasóirí isteach ina dhiaidh sin.

    (5)

    Sa tuairim eolaíoch uaidh an 24 Meitheamh 2015 (4), rinne an tÚdarás measúnú ar na sonraí a cuireadh isteach agus tháinig sé ar an gconclúid go raibh substaint ionadaíoch an ghrúpa, p-meanta-1,8-dé-éan-7-al (FL uimh. 05.117), géineatocsaineach in vivo agus, dá bhrí sin, go raibh a húsáid mar shubstaint bhlaistithe ina hábhar imní ó thaobh sábháilteachta de.

    (6)

    Tar éis na tuairime seo, tharraing an Coimisiún an tsubstaint seo ó liosta an Aontais de bhlastáin trí bhíthin Rialachán (AE) 2015/1760 (5).

    (7)

    Toisc go bhfuil p-meanta-1,8-dé-an-7-al (FL uimh. 05.117) ionadaíoch do cheithre shubstaint eile a bhaineann le Meastóireacht ar Ghrúpa Blastán 208 (FGE.208), tharraing an Coimisiún na ceithre shubstaint sin ó liosta an Aontais arís trí bhíthin Rialachán (AE) 2016/637 ón gCoimisiún (6).

    (8)

    Maidir le p-meanta-1,8-dé-an-7-ól (FL Uimh. 02.060), miortanól (FL Uimh. 02.091), mirtéanal (FL Uimh. 05.106), aicéatáit p-meanta-1,8-dé-éan-7-ile (FL Uimh. 09.278) agus aicéatáit mhirtinile (FL Uimh. 09.302), thug na hiarratasóirí ar na substaintí sin le fios go raibh sraitheanna ar leith de staidéir thocsaineachta seolta acu orthu, ag díriú ar na hábhair imní a chuir an tÚdarás in iúl sa tuairim uaidh an 24 Meitheamh 2015. Gheall na hiarratasóirí na sonraí nua a iarradh a chur isteach roimh an 30 Aibreán 2016.

    (9)

    Go dtí go ndéanfaidh an tÚdarás meastóireacht ar na substaintí sin, go dtí go ndéanfaidh sé meastóireacht iomlán orthu faoi dheireadh faoi nós imeachta painéil an Údaráis agus go dtí go dtabharfar an próiseas rialála ina dhiaidh sin chun críche, ghlac an Coimisiún Rialachán (AE) 2016/1244 (7) lena dteorannaítear úsáidí na substaintí blaistithe sin, agus a stádas substaintí atá á meas a choimeád ag an am céanna.

    (10)

    Chuir na hiarratasóirí staidéir eolaíocha agus sonraí eile isteach atá ábhartha don mheastóireacht faoin 30 Aibreán 2016.

    (11)

    Ina thuairimí an 22 Márta 2017 (8) agus an 11 Nollaig 2018 (9), rinne an tÚdarás meastóireacht ar na sonraí a cuireadh isteach agus ar shonraí breise, chuir sé as an áireamh an imní faoi ghéineatocsaineacht maidir leis na cúig shubstaint sin agus chinn sé go bhféadfaí meastóireacht a dhéanamh orthu faoin nós imeachta meastóireachta ar shubstaintí blaistithe atá ann cheana agus dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 1565/2000 ón gCoimisiún (10). Chun na críche sin, leithdháil an tÚdarás na cúig shubstaint sin ar Mheastóireacht ar Ghrúpa Blastán 73 (FGE.73). Sna tuairimí uaidh an 19 Meán Fómhair 2017 (11) agus an 10 Nollaig 2020 (12), thug sé na meastóireachtaí ar an ngrúpa substaintí sin chun dáta agus tháinig sé ar an gconclúid nach ábhar imní sábháilteachta iad na substaintí sin. Chuir sé moltaí ar fáil freisin chun ainm agus sonraíochtaí roinnt de na substaintí sin a athrú.

    (12)

    Faoi Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008, bhí ar an Údarás an mheastóireacht ar an 20 substaint seo a leanas de chuid na Meastóireachta ar Ghrúpa Blastán 203 (FGE.203 rev.1) a chríochnú: deaca-2,4-dé-éan-1-ól (Uimh. FL 02.139); heiptea-2,4-dé-éan-1-ól (Uimh. FL 02.153); heicsea-2,4-dé-éan-1-ól (Uimh. FL 02.162); nóna-2,4-dé-éan-1-ól (Uimh. FL 02.188); heicsea-2(tras),4(tras)-dé-éanal (Uimh. FL 05.057); trídheaca-2(tras),4(cis),7(cis)-trí-éanal (Uimh. FL 05.064); nóna-2,4-dé-éanal (Uimh. FL 05.071); 2,4-deacaidé-éanal (Uimh. FL 05.081); heiptea-2,4-dé-éanal (Uimh. FL 05.084); peanta-2,4-dé-éanal (Uimh. FL 05.101); úindeaca-2,4-dé-éanal (Uimh. FL 05.108); dóidheaca-2,4-dé-éanal (Uimh. FL 05.125); ochta-2 (tras),4(tras)-dé-éanal (Uimh. FL 05.127); deaca-2(tras),4(tras)-dé-éanal (Uimh. FL 05.140); deaca-2,4,7-trí-éanal (Uimh. FL 05.141); nóna-2,4,6-trí-éanal (Uimh. FL 05.173); 2,4-ochtaidé-éanal (Uimh. FL 05.186); tr-2,tr-4-nónaidhé-éanal (Uimh. FL 05.194); tr-2,tr-4-úindeacaidé-éanal (Uimh. FL 05.196), agus aicéatáit heacsa-2,4-dé-einil (Uimh. FL 09.573). D’iarr an tÚdarás sonraí eolaíocha breise a chuir na hiarratasóirí isteach ina dhiaidh sin.

    (13)

    Úsáideadh na substaintí heicsea-2(tras),4(tras)-dé-éanal (Uimh. FL 05.057) agus deaca-2(tras),4(tras)-dé-éanal (Uimh. FL 05.140) mar shubstaintí ionadaíocha don ghrúpa substaintí seo, agus cuireadh isteach sonraí tocsaineachta lena n-aghaidh.

    (14)

    Sa tuairim eolaíoch uaidh an 26 Márta 2014 (13), rinne an tÚdarás meastóireacht ar na sonraí a cuireadh isteach agus tháinig sé ar an gconclúid nach bhféadfadh sé ceisteanna sábháilteachta a chur as an áireamh le haghaidh ceachtar den dá shubstaint ionadaíocha an ghrúpa. Dá bhrí sin, ní fhéadfadh an tÚdarás an measúnú ar na substaintí a bhaineann le grúpa FGE 203 a chur i gcrích.

    (15)

    Thug iarratasóirí ar na substaintí seo le fios gur sheol siad staidéir shainiúla éagsúla tocsaineachta ar shubstaintí an ghrúpa seo, ag díriú ar na hábhair imní a chuir an tÚdarás in iúl sa tuairim uaidh an 26 Márta 2014.

    (16)

    D’iarr an tÚdarás tuilleadh sonraí ar chéannacht agus ar thréithriú, agus sonraí puntáiste agus iontógála freisin, chun measúnú ceart nochta a cheadú, d’fhonn measúnú iomlán a dhéanamh ar shábháilteacht na substaintí sin.

    (17)

    Gheall na hiarratasóirí na sonraí nua a iarradh a chur isteach faoin 30 Meán Fómhair 2016. Go dtí go gcuirfidh an tÚdarás isteach na sonraí breise, go dtí go ndéanfaidh sé meastóireacht ar ghéineatocsaineacht na substaintí sin, go dtí go ndéanfaidh sé meastóireacht iomlán orthu faoi dheireadh faoi nós imeachta painéil an Údaráis agus go dtí go dtabharfar an próiseas rialála ina dhiaidh sin chun críche, ghlac an Coimisiún Rialachán (AE) 2017/378 (14) lena dteorannaítear úsáidí na substaintí blaistithe sin, agus a stádas substaintí atá á meas a choimeád ag an am céanna.

    (18)

    Chuir na hiarratasóirí staidéir eolaíocha agus sonraí isteach atá ábhartha don mheastóireacht seo faoin 30 Meán Fómhair 2016.

    (19)

    Ina thuairim uaidh an 5 Meitheamh 2018 (15), rinne an tÚdarás meastóireacht ar na sonraí a cuireadh isteach, chuir sé as an áireamh an imní maidir le géineatocsaineacht na substaintí sin agus chinn sé go bhféadfaí meastóireacht a dhéanamh orthu faoin nós imeachta chun meastóireacht a dhéanamh ar shubstaintí blaistithe atá ann cheana dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 1565/2000. Chun na críche sin, leithdháil an tÚdarás 16 de na substaintí sin ar Mheastóireacht ar Ghrúpa Blastán 70 (FGE.70) agus ceithre cinn díobh ar Mheastóireacht ar Ghrúpa Blastán 05 (FGE.05). Ina thuairimí a glacadh an 5 Meitheamh 2019 (16) agus an 26 Meitheamh 2019 (17), thug sé chun dáta na meastóireachtaí ar na substaintí i Meastóireacht ar Ghrúpa Blastán 70, Athbhreithniú 1 (FGE.70 Rev1) agus Meastóireacht ar Ghrúpa Blastán 05, Athbhreithniú 3 (FGE.05 Rev3), faoi seach. Maidir leis na 16 shubstaint in FGE 70 Rev.1, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid nach bhfuil siad ina gcúis imní ó thaobh sábháilteachta de agus chuir sé moltaí ar fáil chun ainm agus sonraíochtaí roinnt de na substaintí sin a athrú. Maidir leis na ceithre shubstaint in FGE.05 Rev.3, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin nach bhfuil siad ina gcúis imní ó thaobh sábháilteachta de agus chuir sé moltaí ar fáil chun ainm agus sonraíochtaí roinnt de na ceithre shubstaint sin a athrú.

    (20)

    Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I, Cuid A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 a leasú dá réir sin.

    (21)

    Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Iarscríbhinn I, Cuid A, a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 5 Meán Fómhair 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 354, 31.12.2008, lch. 34.

    (2)  IO L 354, 31.12.2008, lch. 1.

    (3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 872/2012 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2012 lena nglactar an liosta de shubstaintí blaistithe dá bhforáiltear le Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena dtugtar isteach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle é agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1565/2000 ón gCoimisiún agus Cinneadh 1999/217/CE ón gCoimisiún (IO L 267, 2.10.2012, lch. 1).

    (4)  Tuairim Eolaíoch maidir le Meastóireacht ar Ghrúpa Blastán 208, Athbhreithniú 1 (FGE.208Rev1): Breithniú ar shonraí géineatocsaineachta maidir le hionadaithe le haghaidh 10 aildéad ailichioglacha ina bhfuil an α,β-neamhsháithiúchán i bhfáinne/taobhshlabhra agus réamhtheachtaithe ón bhfoghrúpa ceimiceach 2.2 de FGE.19. EFSA Journal [Iris EFSA] 2015;13(7):4173, 28 lgh. doi:10.2903/j.efsa.2015.4173. Le fáil ar líne: www.efsa.europa.eu/efsajournal

    (5)  Rialachán (AE) 2015/1760 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2015 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an tsubstaint bhlaistithe a bhaint de liosta an Aontais, p-meanta-1,8-dé-an-7-al (IO L 257, 2.10.2015, lch. 27).

    (6)  Rialachán (AE) 2016/637 ón gCoimisiún an 22 Aibreán 2016 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le substaintí blaistithe áirithe a bhaint de liosta an Aontais (IO L 108, 23.4.2016, lch. 24).

    (7)  Rialachán (AE) 2016/1244 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2016 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le substaintí blaistithe áirithe ó ghrúpa a bhaineann le struchtúr neamhsháithiúcháin alfa béite (IO L 204, 29.7.2016, lch. 7).

    (8)  Tuairim Eolaíoch maidir le Meastóireacht ar Ghrúpa Blastán 208, Athbhreithniú 2 (FGE.208Rev2): Breithniú ar shonraí géineatocsaineachta maidir le haildéid ailichioglacha ina bhfuil a,b--neamhsháithiúchán i bhfáinne/taobhshlabhra agus réamhtheachtaithe ón bhfoghrúpa ceimiceach 2.2 de FGE.19. EFSA Journal [Iris EFSA], 2017;15(5):4766. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2017.4766

    (9)  Tuairim Eolaíoch maidir le Meastóireacht ar Ghrúpa Blastán 208, Athbhreithniú 3 (FGE.208Rev3): breithniú ar shonraí géineatocsaineachta maidir le haildéid ailichioglacha ina bhfuil alfa,béite-neamhsháithiúchán i bhfáinne/taobhshlabhra agus réamhtheachtaithe ón bhfoghrúpa ceimiceach 2.2 de FGE.19. EFSA Journal [Iris EFSA], 2019;17(1):5569. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2019.5569

    (10)  Rialachán (CE) Uimh. 1565/2000 ón gCoimisiún an 18 Iúil 2000 lena leagtar síos na bearta is gá chun clár meastóireachta a ghlacadh agus Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle á chur i bhfeidhm (IO L 180, 19.7.2000, lch. 8).

    (11)  Tuairim Eolaíoch maidir le Meastóireacht ar Ghrúpa Blastán 73, Athbhreithniú 4 (FGE.73Rev4): breithniú a dhéanamh ar alcóil ailichioglacha, ar aildéid, ar aigéid agus ar eistir ghaolmhara, a ndearna JECFA meastóireacht orthu (59ú agus 63ú cruinniú) a bhaineann ó thaobh struchtúir de le halcóil, aildéid, aigéid agus eistir ailichioglacha sáithithe go príomhúil nó neamhsháithithe, a ndearna EFSA meastóireacht orthu in FGE.12Rev5. EFSA Journal [Iris EFSA] 2017;15(11):5010. doi: 10.2903/j.efsa.2017.5010. Ar fáil ag www.efsa.europa.eu/efsajournal

    (12)  Tuairim Eolaíoch maidir le Meastóireacht ar Ghrúpa Blastán 73, Athbhreithniú 5 (FGE.73Rev5): consideration of alicyclic alcohols, aldehydes, acids and related esters evaluated by JECFA (59th, 63rd and 86th meeting) and structurally related to substances evaluated in FGE.12Rev5 [breithniú ar alcóil ailichioglacha, aildéid, aigéid agus eistir ghaolmhara, a ndearna JECFA meastóireacht orthu (59ú, 63ú agus 86ú cruinniú) agus a bhaineann ó thaobh struchtúir de le substaintí a ndearnadh meastóireacht orthu in FGE.12Rev5], EFSA Journal [Iris EFSA] 2020;18(1):5970. doi: 10.2903/j.efsa.2020.5970. Le fáil ar líne: www.efsa.europa.eu/efsajournal

    (13)  Tuairim Eolaíoch maidir le Meastóireacht ar Ghrúpa Blastán 203, Rev 1 (FGE.203 Rev1): Painéal CEF EFSA (Painéal EFSA maidir le Painéal EFSA ar Ábhair a bhíonn i dTadhall le Bia, Einsímí, Blastáin agus Áiseanna Próiseála), 2014. Tuairim Eolaíoch maidir le Meastóireacht ar Ghrúpa Blastán 203, Athbhreithniú 1 (FGE.203Rev1): α,β-unsaturated aliphatic aldehydes and precursors from chemical subgroup 1.1.4 of FGE.19 with two or more conjugated double-bonds and with or without additional non-conjugated double-bonds. [aildéid alafatacha α,β-neamhsháithithe agus réamhtheachtaithe ó fhoghrúpa ceimiceach 1.1.4 de FGE.19 le dhá bhanna dhúbailte nó níos mó ná sin agus le bannaí dúbailte neamhchomhchuingeacha breise nó gan iad.] EFSA Journal [Iris EFSA] 2014;12(4):3626, 31 lgh. doi:10.2903/j.efsa.2014.3626. Le fáil ar líne: www.efsa.europa.eu/efsajournal

    (14)  Rialachán (AE) 2017/378 ón gCoimisiún an 3 Márta 2017 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le substaintí blaistithe áirithe (IO L 58, 4.3.2017, lch. 14).

    (15)  Tuairim Eolaíoch maidir le Meastóireacht ar Ghrúpa Blastán 203, Athbhreithniú 2 (FGE.203Rev2): alpha,beta-unsaturated aliphatic aldehydes and precursors from chemical subgroup 1.1.4 of FGE.19 with two or more conjugated double-bonds and with or without additional non-conjugated double-bonds. [aildéid alafatacha alfa, béite-neamhsháithithe agus réamhtheachtaithe ó fhoghrúpa ceimiceach 1.1.4 de FGE.19 le dhá bhanna dhúbailte nó níos mó ná sin agus le bannaí dúbailte neamhchomhchuingeacha breise nó gan iad.] EFSA Journal [Iris EFSA] 2018;16(7):5322.

    (16)  Tuairim Eolaíoch maidir le Meastóireacht ar Ghrúpa Blastán 70, Athbhreithniú 1 (FGE.70Rev1): consideration of aliphatic, linear, α,β-unsaturated, di- and trienals and related alcohols, acids and esters evaluated by JECFA (61st-68th-69th meeting). [breithniú ar dhé-éanail agus trí-éanail alafatacha, líneacha, α,β-neamhsháithithe, agus alcóil, aigéid agus eistir ghaolmhara ag JECFA (61 cruinniú-68ú-69ú cruinniú).] EFSA Journal [Iris EPSA], 2019;17(7):5749.

    (17)  Tuairim Eolaíoch maidir le Meastóireacht ar Ghrúpa Blastán 5, Athbhreithniú 3 (FGE.05Rev3): Branched- and straight-chain unsaturated aldehydes, dienals, unsaturated and saturated carboxylic acids and related esters with saturated and unsaturated aliphatic alcohols and a phenylacetic acid related ester from chemical groups 1, 2, 3, 5 and 15. [Aildéid, dé-éanail slabhra bhrainsigh, dronslabhra neamhsháithithe agus aigéid charbocsaileacha sháithithe agus eistir ghaolmhara a bhfuil alcóil alafatacha sáithithe agus neamhsháithithe iontu agus eistear a bhaineann le haigéad feiniolaicéiteach ó ghrúpaí ceimiceacha 1, 2, 3, 5 agus 15.] EFSA Journal [Iris EFSA] 2019;17(8):5761


    IARSCRÍBHINN

    Leasaítear Cuid A, Roinn 2, Tábla 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le FL Uimh. 02.060:

    “02.060

    p-Meanta-1,8-dé-éan-7-ól

    536-59-4

    974

    2024

     

     

     

    EFSA”

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le FL Uimh. 02.091:

    “02.091

    Miortanól

    515-00-4

    981

    10285

     

     

     

    EFSA”

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le FL Uimh. 02.139:

    “02.139

    Deaca-(2E,4E)-dé-an-1-ól

    18409-21-7

    1189

    11748

     

     

     

    EFSA”

    (d)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le FL Uimh. 02.153:

    “02.153

    Heiptea-2,4-dé-an-1-ól

    33467-79-7

    1784

     

     

     

     

    EFSA”

    (e)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le FL Uimh. 02.162:

    “02.162

    Heicsea-2,4-dé-éan-1-ól

    111-28-4

    1174

     

     

     

     

    EFSA”

    (f)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le FL Uimh. 02.188:

    “02.188

    Nóna-2,4-dé-éan-1-ól

    62488-56-6

    1183

    11802

    92 % ar a laghad; comhpháirt thánaisteach 3-4 % 2-nónan-1-ól

     

     

    EFSA”

    (g)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le FL Uimh. 05.057:

    “05.057

    Heicsea-2(tras),4(tras)-dé-éanal

    142-83-6

    1175

    640

     

     

     

    EFSA”

    (h)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le FL Uimh. 05.064:

    “05.064

    Trídheaca-2(tras),4(cis),7(cis)-trí-éanal

    13552- 96-0

    1198

    685

    71 % ar a laghad; comhpháirteanna tánaisteacha 14 % 4-cis-7-cis-trídhéchaidionól; 6 % 3-cis-7-cis-trídheacaidionól; 5 % 2-tras-7-cis-trídheacaidé-éanal; 3 % 2-tras-4-tras-7-cis-trídheacaidrí-éanal

     

     

    EFSA”

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le FL Uimh. 05.071:

    “05.071

    Nóna-2,4-dé-éanal

    6750-03-4

    1185

    732

    89 % ar a laghad; comhpháirteanna tánaisteacha 5-6 % 2,4-nónaidhé-an-1-ól agus 1-2 % 2-nónan-1-ól

     

     

    EFSA”

    (j)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le FL Uimh. 05.081:

    “05.081

    2,4-Deacaidé-éanal

    2363-88-4

    3135

    2120

    89 % ar a laghad; comhpháirteanna tánaisteacha: meascán de na (cis, cis)-; (cis, tras)- agus (tras, cis)-2,4-deacaidhé-éanail (suim na n-isiméirí uile: 95 %); aicéatón agus iseaprópánól

     

     

    EFSA”

    (k)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le FL Uimh. 05.084:

    “05.084

    Heiptea-(2E,4E)-dé-éanal

    4313-03-5

    1179

    729

    92 % ar a laghad; comhpháirteanna tánaisteacha 2-4 % (E,Z)-2,4-heiptidhé-éanal agus 2-4 % 2,4-aigéad heiptidhé-eanóch

     

     

    EFSA”

    (l)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le FL Uimh. 05.101:

    “05.101

    Peanta-2,4-dé-éanal

    764-40-9

    1173

    11695

     

     

     

    EFSA”

    (m)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le FL Uimh. 05.106:

    “05.106

    Mirtéanal

    564-94-3

    980

    10379

     

     

     

    EFSA”

    (n)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le FL Uimh. 05.108:

    “05.108

    Úindeaca-2,4-dé-éanal

    13162-46-4

    1195

    10385

     

     

     

    EFSA”

    (o)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le FL Uimh. 05.125:

    “05.125

    Dóidheaca-(2E,4E)-dé-éanal

    21662-16-8

    1196

    11758

    85 % ar a laghad comhpháirt thánaisteach 11-12 % d’isiméir 2-tras-4

     

     

    EFSA”

    (p)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le FL Uimh. 05.127:

    “05.127

    Ochta-2(tras),4(tras)-dé-éanal

    30361-28-5

    1181

    11805

     

     

     

    EFSA”

    (q)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le FL Uimh. 05.140:

    “05.140

    Deaca-2(tras),4(tras)-dé-éanal

    25152-84-5

    1190

    2120

    Íosmhéid 90 % ar a laghad den (E, E)-isiméir; 95 % (suim na n-isiméirí)

     

     

    EFSA”

    (r)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le FL Uimh. 05.141:

    “05.141

    Deaca-2,4,7-trí-éanal

    51325-37-2

    1786

     

     

     

     

    EFSA”

    (s)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le FL Uimh. 05.173:

    “05.173

    Nóna-(2E,4E,6E)-trí-éanal

    57018-53-8

    1785

     

     

     

     

    EFSA”

    (t)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le FL Uimh. 05.186:

    “05.186

    2,4-Ochtaidhé-éanal

    5577-44-6

     

    11805

    Ar a laghad 85 % E,E le 10 % E, Z

     

     

    EFSA”

    (u)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le FL Uimh. 05.194:

    “05.194

    (2E, 4E)-nóna-2,4-dé-éanal

    5910-87-2

     

    732

    89 % ar a laghad; comhpháirteanna tánaisteacha ar a laghad 5 % 2,4-nónaidhé-an-1-ól agus 2-nónan-1- ól agus isiméirí eile de 2,4-nónaidhé-éanal

     

     

    EFSA”

    (v)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le FL Uimh. 05.196:

    “05.196

    (2E, 4E)-úindeaca-2,4-dé-éanal

     

     

     

     

     

     

    EFSA”

    (w)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le FL Uimh. 09.278:

    “09.278

    Aicéatáit p-Meanta-1,8-dé-an-7-ile

    15111-96-3

    975

    10742

     

     

     

    EFSA”

    (x)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le FL Uimh. 09.302:

    “09.302

    Aicéatáit mhirtinile

    35670- 93-0

    982

    10887

     

     

     

    EFSA”

    (y)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le FL Uimh. 09.573:

    “09.573

    Aicéatáit heicsea-2,4-dé-einile

    1516-17-2

    1780

    10675

     

     

     

    EFSA”


    Top