EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R1403

Rialachán (AE) 2022/1403 ón gCoimisiún an 16 Lúnasa 2022 lena gceartaítear leaganacha teanga áirithe d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha maidir le heinceifileapaití spúinseacha in-tarchurtha áirithe a chosc, a rialú agus a dhíothú (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2022/5794

IO L 214, 17.8.2022, p. 1–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/1403/oj

17.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 214/1


RIALACHÁN (AE) 2022/1403 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Lúnasa 2022

lena gceartaítear leaganacha teanga áirithe d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha maidir le heinceifileapaití spúinseacha in-tarchurtha áirithe a chosc, a rialú agus a dhíothú

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 lena leagtar síos rialacha maidir le heinceifileapaití spúinseacha in-tarchurtha áirithe a chosc, a rialú agus a dhíothú (1), agus go háirithe an chéad mhír d’Airteagal 23 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá earráidí sa leagan Bulgáirise, sa leagan Gaeilge, sa leagan Gearmáinise agus sa leagan Seicise de Rialachán (CE) Uimh. 999/2001. I gCaibidil V, Roinn G d’Iarscríbhinn IV, i bpointe 1 sa leagan Gearmáinise agus sa leagan Seicise, agus i bpointe 2 sa leagan Bulgáirise agus sa leagan Gaeilge, tá earráid ann a athraíonn ciall na bhforálacha sin.

(2)

Dá bhrí sin ba cheart an leagan Bulgáirise, an leagan Gaeilge, an leagan Gearmáinise agus an leagan Seicise a cheartú dá réir. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile.

(3)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ceartaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 mar a leanas:

(1)

(ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge);

(2)

i gCaibidil V, Roinn G, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2:

“2.

Beidh na focail seo a leanas le feiceáil go soiléir ar lipéad na beatha cumaisc ina bhfuil próitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó fheithidí saothraithe, muc-ainmhithe nó éanlaith chlóis: ‘Próitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó (luaitear na hainmhithe feirmshaothraithe ábhartha a liostaítear sa chéad cholún de Thábla 1, na hainmhithe ónar díorthaíodh an phróitéin ainmhíoch phróiseáilte) — ná beathaítear ainmhithe feirmshaothraithe léi cé is moite de (luaitear na hainmhithe feirmshaothraithe ábhartha a liostaítear sa dara colún de Thábla 1, na hainmhithe a bhféadfar iad a bheathú leis an bpróitéin ainmhíoch phróiseáilte)’;”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Lúnasa 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 147, 31.5.2001, lch. 1.


Top