EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0991

Rialachán (AE) 2022/991 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794, a mhéid a bhaineann le comhar Europol le páirtithe príobháideacha, an phróiseáil a dhéanann Europol ar shonraí pearsanta chun tacú le himscrúduithe coiriúla, agus ról Europol maidir le taighde agus nuálaíocht

PE/8/2022/REV/1

IO L 169, 27.6.2022, p. 1–42 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/991/oj

27.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 169/1


RIALACHÁN (AE) 2022/991 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 8 Meitheamh 2022

lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794, a mhéid a bhaineann le comhar Europol le páirtithe príobháideacha, an phróiseáil a dhéanann Europol ar shonraí pearsanta chun tacú le himscrúduithe coiriúla, agus ról Europol maidir le taighde agus nuálaíocht

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 88 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Bunaíodh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) le Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) chun tacú agus treisiú le gníomhaíocht údaráis inniúla na mBallstát agus lena gcomhar frithpháirteach chun an choireacht thromchúiseach lena déantar difear do dhá Bhallstát nó níos mó, an sceimhlitheoireacht agus saghsanna eile coireachta a chosc agus a chomhrac lena ndéantar difear do leas coiteann a chumhdaítear le beartas de chuid an Aontais.

(2)

An tírdhreach slándála atá os comhair na hEorpa amach, is tírdhreach í a bhíonn ag síorathrú, tráth atá bagairtí slándála ag forbairt agus ag éirí níos casta. Baineann sceimhlitheoirí agus coirpigh eile leas as an gclaochlú digiteach agus as na teicneolaíochtaí nua, go háirithe idirnascacht agus doiléiriú na dteorainneacha idir an domhan fisiceach agus an domhan digiteach araon, mar shampla trína gcoireanna nó a gcéannachtaí a cheilt trí úsáid a bhaint as teicnící a bhíonn ag éirí níos sofaisticiúla i gcónaí. Tá sé cruthaithe ag sceimhlitheoirí agus coirpigh eile go bhfuil siad in ann an chaoi a n-oibrítear iad a oiriúnú agus gníomhaíochtaí coiriúla nua a fhorbairt le linn géarchéime, lena n-áirítear trí ghiaráil a dhéanamh ar uirlisí arna gcumasú ag an teicneolaíocht chun réimse agus scála a ngníomhaíochtaí coiriúla a iolrú agus a leathnú. Tá an sceimhlitheoireacht fós ina bagairt shuntasach ar shaoirse agus ar shlí mhaireachtála shaoránaigh an Aontais.

(3)

Scaipeann bagairtí atá ag forbairt agus bagairtí casta thar theorainneacha, cuimsíonn siad éagsúlacht coireanna a éascaíonn siad, agus tagann siad chun cinn i ngrúpaí coireachta eagraithe ilchoireachta a théann i mbun réimse leathan gníomhaíochtaí coiriúla. Toisc nach leor gníomhaíocht ar an leibhéal náisiúnta ná comhar trasteorann chun aghaidh a thabhairt ar na bagairtí trasnáisiúnta slándála sin, tá údaráis inniúla na mBallstát tar éis úsáid níos mó a bhaint as an tacaíocht agus as an saineolas a chuirtear ar fáil le Europol, chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chosc agus a chomhrac. Ó tháinig Rialachán (AE) 2016/794 i bhfeidhm, tá méadú substaintiúil tar éis teacht ar thábhacht oibríochtúil chúraimí Europol. Thairis sin leis an timpeallacht bagartha nua, athraítear raon feidhme agus cineál na tacaíochta ó Europol a theastaíonn ó na Ballstáit agus a bhfuil súil acu léi chun saoránaigh a choimeád slán.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, cúraimí breise a thabhairt do Europol leis an Rialachán seo, ionas go mbeadh Europol in ann tacaíocht níos fearr a thabhairt d’údaráis inniúla na mBallstát agus freagrachtaí na mBallstát i limistéar na slándála náisiúnta a leagtar síos in Airteagal 4(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) á gcaomhnú go hiomlán ag an am céanna. Ba cheart sainordú treisithe Europol a chothromú le coimircí neartaithe maidir le cearta bunúsacha agus cuntasacht, dliteanas agus maoirseacht mhéadaithe, lena n-áirítear formhaoirseacht pharlaiminteach agus trí fhormhaoirseacht Bhord Bainistíochta Europol (“an Bord Bainistíochta”). Chun go mbeadh Europol in ann a shainordú treisithe a chomhlíonadh, ba cheart acmhainní leordhóthanacha daonna agus airgeadais a sholáthar dó chun tacú lena chúraimí breise.

(5)

De réir mar a thugann an tAontas aghaidh ar bhagairtí atá ag dul i méid ó ghrúpaí coireachta eagraithe agus ó ionsaithe sceimhlitheoireachta, ní mór a áireamh sa fhreagairt éifeachtach forfheidhmithe dlí go mbeidh fáil ar aonaid idirghabhála speisialta dea-oilte idir-inoibritheacha atá speisialaithe i ngéarchéimeanna de dhéantús an duine a rialú. San Aontas, comhoibríonn aonaid speisialta idirghabhála de chuid na mBallstáit ar bhonn Chinneadh 2008/617/CGB ón gComhairle (3). Ba cheart Europol a bheith in ann tacú leis na haonaid speisialta idirghabhála sin, trí thacaíocht theicniúil agus airgeadais a sholáthar de chomhlánú ar na hiarrachtaí atá a ndéanamh ag na Ballstáit.

(6)

Le blianta beaga anuas, tá cibirionsaithe ar mórscála, lena n-áirítear ionsaithe de thionscnamh tríú tíortha dírithe ar eintitis phoiblí agus phríobháideacha araon thar go leor dlínsí laistigh den Aontas agus lasmuigh de araon, agus rinneadh difear d’earnálacha éagsúla lena n-áirítear seirbhísí iompair, sláinte agus airgeadais. Tacaítear le cibirionsaithe den sórt sin a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh trí chomhordú agus comhoibriú idir gníomhaithe ábhartha, lena n-áirítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) a bunaíodh le Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), údaráis inniúla maidir le slándáil na líonra agus córas faisnéise de réir bhrí Threoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), údaráis inniúla na mBallstát agus páirtithe príobháideacha. Chun an comhar éifeachtach a aírithiú idir na gníomhaithe ábhartha uile ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta maidir le cibirionsaithe agus cibearbhagairtí, ba cheart do Europol, dul i gcomhar le ENISA go háirithe trí fhaisnéis a mhalartú agus trí thacaíocht anailíseach a sholáthar sna réimsí a thagann faoi chuimsiú a sainorduithe faoi seach.

(7)

Tá ról ceannasach ag coirpigh ardriosca i líonraí coiriúla agus baineann ardriosca lena ngníomhaíochtaí coiriúla ó thaobh shlándáil inmheánach an Aontais de. Chun grúpaí coireachta eagraithe ardriosca agus a bpríomhbhaill a chomhrac, ba cheart Europol a bheith in ann tacú leis na Ballstáit chun a bhfreagairt imscrúdaithe a dhíriú ar bhaill agus príomhbhaill na líonraí sin a shainaithint, mar aon lena ngníomhaíochtaí coiriúla agus a sócmhainní airgeadais.

(8)

Leis na bagairtí a bhaineann leis an gcoireacht thromchúiseach, éilítear leo freagairt chomhordaithe, chomhleanúnach, ildisciplíneach agus ilghníomhaireachta. Ba cheart Europol a bheith in ann tionscnaimh slándála bunaithe ar ffaisnéis atá á stiúradh ag na Ballstáit a éascú agus tacú leo, agus é mar aidhm leis na tionscnaimh sin bagairtí tromchúiseacha coireachta a shainaithint, a chur in ord tosaíochta agus aghaidh a thabhairt orthu, mar shampla, an tArdán Eorpach Ildisciplíneach i gCoinne Bagairtí Coiriúla (Empact). Ba cheart Europol a bheith in ann tacaíocht riaracháin, lóistíochta, airgeadais agus oibríochta a sholáthar do thionscnaimh den sórt sin.

(9)

Is uirlis riachtanach é Córas Faisnéise Schengen (CFS) a bunaíodh le Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) i réimse an chomhair póilíneachta agus breithiúnais i ngnóthaí coiriúla chun leibhéal ard slándála a choinneáil ar bun laistigh de réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais. Is mol é Europol le haghaidh malartú faisnéise san Aontas, mol a fhaigheann faisnéis luachmhar agus a choinníonn ó thríú tíortha agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta í faoi dhaoine a bhfuil amhras ann ina leith go bhfuil siad ag gabháil do choireanna a thagann faoi chuimsiú chuspóirí Europol. Laistigh de chuimsiú a chuspóirí agus a chúraim chun tacú leis na Ballstáit an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chosc agus a chomhrac, ba cheart do Europol tacú leis na Ballstáit chun na sonraí a sholáthraíonn tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta dó a phróiseáil, trína mholadh go n-iontrálfadh na Ballstáit foláirimh in CFS faoi chatagóir nua foláireamh faisnéise ar mhaithe leis an Aontas (“foláirimh faisnéise”), chun na foláirimh faisnéise sin a sholáthar d’úsáideoirí deiridh CFS. Chuige sin, ba cheart sásra tuairiscithe thréimhsiúil a chur ar bun chun a áirithiú go gcuirfear na Ballstáit agus Europol ar an eolas faoi thoradh an fhíoraithe agus na hanailíse ar na sonraí sin agus i dtaobh cibé acu ar iontráladh nó nár iontráladh an fhaisnéis in CFS. Na modúlachtaí le haghaidh comhar idir na Ballstát maidir le sonraí den sórt sin a phróiseáil agus foláirimh a iontráil in CFS, go háirithe maidir leis an gcomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta, ba cheart iad a bheith faoi réir comhordaithe leanúnaigh i measc na mBallstát. Ba cheart don Bhord Bainistíochta na critéir a shonrú ar ar a mbonn ba cheart Europol a bheith in ann tograí a eisiúint maidir le faisnéis den sórt sin a iontráil in CFS.

(10)

Tá ról tábhachtach ag EUROPOL maidir le tacaíocht a thabhairt don sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle (7) a fhíorú. Ba cheart do Europol, dá bhrí sin, arna iarraidh sin do na Ballstáit, saineolas, anailís, tuarascálacha agus faisnéis ábhartha eile atá aige a úsáid chun rannchuidiú leis an sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú.

(11)

Le measúnuithe riosca, cuidítear chun treochtaí nua a réamh-mheas agus chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí nua ó choireacht thromchúiseach agus ón sceimhlitheoireacht. Chun tacú leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit measúnuithe éifeachtacha riosca a dhéanamh, ba cheart do Europol measúnuithe anailíse ar bhagairtí a sholáthar don Choimisiún agus do na Ballstáit bunaithe ar an bhfaisnéis atá aige maidir le feiniméin agus treochtaí coireachta, gan dochar do dhlí an Aontais maidir le bainistíocht riosca custaim.

(12)

Maidir le cistiú an Aontais le haghaidh taighde faoin tslándáil, ionas go bhféadfar aidhm an chistithe a bhaint amach, acmhainneacht an taighde ar fad a fhorbairt agus aghaidh a thabhairt ar riachtanais an fhorfheidhmithe dlí, ba cheart do Europol cúnamh a thabhairt don Choimisiún príomhthéamaí taighde a shainaithint, agus cláir réime an Aontais um thaighde agus um nuálaíocht is ábhartha do chuspóirí Europol a tharraingt suas agus a chur chun feidhme. I gcás inarb ábhartha, ba cheart é a bheith indéanta do Europol torthaí a chuid gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a scaipeadh mar chuid dá rannchuidiú le sineirgí a chruthú idir gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta comhlachtaí ábhartha de chuid an Aontais. Agus gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta is ábhartha do chuspóirí Europol á gceapadh agus á gcoincheapadh aige, ba cheart Europol a bheith in ann dul i gcomhairle leis an Airmheán Comhpháirteach Taighde de chuid an Choimisiúin, i gcás inarb iomchuí. Ba cheart do Europol gach beart is gá a dhéanamh chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint. Níor cheart do Europol maoiniú a fháil ar chlár ar leith de chuid an Aontais i gcás ina gcuidíonn sé leis an gCoimisiún chun príomhthéamaí taighde a shainaithint ná chun an clár sin a tharraingt suas agus a chur chun feidhme. Tá sé tábhachtach go mbeidh Europol in ann brath ar sholáthar cistithe leordhóthanaigh a fháil chun go bhféadfaidh sé cabhrú leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún i réimse an taighde agus na nuálaíochta.

(13)

Is féidir leis an Aontas agus leis na Ballstáit bearta sriantacha a bhaineann le hinfheistíocht dhíreach choigríche a ghlacadh ar fhorais na slándála nó an oird phoiblí. Chuige sin, le Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), cuirtear ar bun creat maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a scagadh. Ní mór aird ar leith a thabhairt ar infheistíochtaí díreacha coigríche i dteicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn toisc go bhféadfadh impleachtaí suntasacha a bheith acu ar an tslándáil agus ar an ord poiblí, go háirithe nuair a bhíonn teicneolaíochtaí den sórt sin á n-úsáid ag údaráis inniúla na mBallstát. I bhfianaise rannpháirtíocht Europol maidir le faireachán a dhéanamh ar theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus a rannpháirtíocht maidir le bealaí nua a fhorbairt chun na teicneolaíochtaí sin a úsáid chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, go háirithe trína Shaotharlann Nuálaíochta agus trí Mhol Nuálaíochta maidir leis an tSlándáil Inmheánach, tá eolas fairsing ag Europol faoi na deiseanna a ghabhann leis na teicneolaíochtaí sin agus faoi na rioscaí a bhaineann lena n-úsáid. Ba cheart, dá bhrí sin, Europol a bheith in ann tacú leis na Ballstáit scagadh a dhéanamh ar infheistíochtaí díreacha coigrícha isteach san Aontas agus ar na rioscaí gaolmhara don tslándáil a bhaineann le gnóthais a sholáthraíonn teicneolaíochtaí, lena n-áirítear bogearraí arna n-úsáid ag Europol chun coireanna a thagann faoi chuimsiú chuspóirí Europol nó teicneolaíochtaí criticiúla a d’fhéadfaí a úsáid chun sceimhlitheoireacht a éascú a chosc agus a imscrúdú. Sa chomhthéacs sin, le saineolas Europol, ba cheart tacú le scagadh na n-infheistíochtaí díreacha coigrícha agus leis na rioscaí don tslándáil a bhaineann leo. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar cé acu a bhí nó nach raibh an t-infheisteoir coigríche rannpháirteach cheana féin i ngníomhaíochtaí lena ndéantar difear don tslándáil, cé acu an bhfuil nó nach bhfuil riosca tromchúiseach ann go mbíonn an t-infheisteoir coigríche rannpháirteach i ngníomhaíochtaí neamhdhleathacha nó coiriúla, agus an bhfuil an t-infheisteoir coigríche faoi rialú díreach nó indíreach ag rialtas tríú tír, lena n-áirítear trí fhóirdheontais.

(14)

Soláthraíonn Europol saineolas speisialaithe chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac. Arna iarraidh sin do Bhallstát, ba cheart foireann Europol a bheith in ann tacaíocht oibríochtúil a sholáthar d’údaráis inniúla an Bhallstáit sin in oibríochtaí agus in imscrúduithe, go háirithe trí mhalartú faisnéise trasteorann a éascú agus tacaíocht fhóiréinseach agus theicniúil a sholáthar in oibríochtaí agus in imscrúduithe, lena n-áirítear i gcomhthéacs foirne comhpháirteacha imscrúdaithe. Arna iarraidh sin do Bhallstát, ba cheart foireann Europol a bheith i dteideal a bheith i láthair le linn bearta imscrúdaithe a dhéanamh sa Bhallstát sin. Níor cheart é a bheith de chumhacht ag foireann Europol bearta imscrúdaitheacha a dhéanamh.

(15)

Ar cheann de chuspóirí Europol, tá tacú agus treisiú le gníomhaíocht údaráis inniúla na mBallstát agus lena gcomhar frithpháirteach chun saghsanna coireachta a dhochraíonn leas coiteann atá ina ábhar do bheartas de chuid an Aontais a chosc agus a chomhrac. Chun an tacaíocht sin a neartú, ba cheart Stiúrthóir Feidhmiúcháin Europol (“an Stiúrthóir Feidhmiúcháin”) a bheith in ann a mholadh do na húdaráis inniúla de chuid Ballstáit go ndéanfadh said imscrúdú a thionscnamh, a chur i gcrích nó a chomhordú maidir le coir nach mbaineann ach leis an mBallstát sin amháin ach a dhochraíonn leas coiteann atá ina ábhar do bheartas de chuid an Aontais. Ba cheart do Europol Eurojust agus, i gcás inarb ábhartha, Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) a cuireadh ar bun le Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle (9), a chur ar an eolas faoi aon togra den sórt sin.

(16)

Ach céannacht agus sonraí pearsanta áirithe daoine atá faoi drochamhras nó daoine ciontaithe a bhfuiltear sa tóir orthu bunaithe ar chinneadh breithiúnach náisiúnta, a fhoilsiú, méadaítear seans na mBallstát go ndéanfar daoine aonair den sórt sin a aimsiú agus a ghabháil. Chun tacú leis na Ballstáit le daoine aonair den sórt sin a aimsiú agus a ghabháil, ba cheart Europol a bheith in ann faisnéis a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin maidir leis na héalaithigh is mó a bhfuil tóir orthu san Eoraip a mhéid a bhaineann le cionta coiriúla a thagann faoi chuimsiú chuspóirí Europol. Chun na críche céanna sin, ba cheart do Europol soláthar faisnéise ón bpobal do na Ballstáit agus Europol i dtaca leis na daoine sin a éascú.

(17)

Nuair a fhionnfaidh Europol go dtagann na sonraí pearsanta a fhaigheann sé faoina chuspóirí, ba cheart Europol a bheith in ann na sonraí pearsanta sna ceithre staid seo a leanas a phróiseáil.. Sa chéad staid„ baineann na sonraí pearsanta a bhfuair Europol le haon cheann de na catagóirí d’ábhair sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/794 (“Iarscríbhinn II”). Sa dara staid, is éard atá sna sonraí pearsanta a fuarthas sonraí imscrúdaitheacha ina bhfuil sonraí nach mbaineann le haon cheann de na catagóirí d’ábhair sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II ach ar sholáthair Ballstát, OIPE, Eurojust nó tríú tír iad de bhun iarraidh ar thacaíocht Europol le haghaidh imscrúdú coiriúil sonrach, ar choinníoll go bhfuil an Ballstát sin, OIPE, Eurojust nó an tríú tír sin údaraithe chun sonraí imscrúdaitheacha den sórt sin a phróiseáil i gcomhréir leis na ceanglais nós imeachta agus na coimircí is infheidhme faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta. Sa staid sin, ba cheart Europol a bheith in ann na sonraí imscrúdaitheacha sin a phróiseáil chomh fada agus a thacaíonn sé leis an imscrúdú coiriúil shonrach sin. Sa tríú staid, d’fhéadfadh nach mbaineann na sonraí pearsanta a fuarthas leis na catagóirí d’ábhair sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II agus nár soláthraíodh iad de bhun iarraidh ar thacaíocht Europol le haghaidh imscrúdú coiriúil sonrach. Sa staid sin, ba cheart Europol a bheith in ann a fhíorú an gcomhfhreagraíonn na sonraí pearsanta d’aon cheann de na catagóirí d’ábhair sonraí sin. Sa cheathrú staid, tíolacadh na sonraí pearsanta chun críocha tionscadail taighde agus nuálaíochta, agus ní bhaineann siad leis na catagóirí d’ábhair sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II.

(18)

I gcomhréir le hAirteagal 73 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), i gcás inarb infheidhme agus a mhéid is féidir, tá Europol le hidirdhealú soiléir a dhéanamh idir sonraí pearsanta a bhaineann leis na catagóirí d’ábhair sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II.

(19)

I gcás ina n-úsáideann na Ballstáit bonneagar Europol chun sonraí pearsanta a mhalartú maidir le coireanna nach dtagann faoi chuimsiú chuspóirí Europol, níor cheart rochtain a bheith ag Europol ar na sonraí sin agus ba cheart a mheas gur “próiseálaí” é de bhun Airteagal 87 de Rialachán (AE) 2018/1725. Sna cásanna sin, ba cheart Europol a bheith in ann na sonraí sin nach mbaineann leis na catagóirí d’ábhair sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II a phróiseáil. I gcás ina n-úsáideann na Ballstáit bonneagar Europol chun sonraí pearsanta a mhalartú maidir le coireanna a thagann faoi chuimsiú chuspóirí Europol agus ina dtugann siad rochtain ar na sonraí sin do Europol, ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais atá nasctha leis na catagóirí d’ábhair sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II i ndáil le haon phróiseáil eile a dhéanann Europol ar na sonraí sin.

(20)

Agus prionsabal an íoslaghdaithe sonraí á urramú, ba cheart Europol a bheith in ann a fhíorú an mbaineann sonraí pearsanta a fhaightear i gcomhthéacs coireanna a chosc agus a chomhrac, ar coireanna iad a thagann faoi chuimsiú a chuspóirí, le ceann amháin de na catagóirí d’ábhair sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II. Chuige sin, ba cheart do Europol a bheith in ann réamh-anailís a dhéanamh ar shonraí pearsanta a fhaightear chun a chinneadh cibé acu a mbaineann nó nach mbaineann na sonraí sin le haon cheann de na catagóirí d’ábhair sonraí sin agus chun na críche sin amháin trí na sonraí pearsanta sin a sheiceáil i gcoinne na sonraí atá ina seilbh aige cheana, gan tuilleadh anailíse a dhéanamh ar na sonraí pearsanta sin. Ba cheart an réamh-anailís sin a dhéanamh sula ndéanfaidh Europol sonraí a phróiseáil le haghaidh cros-seiceála, anailís straitéiseach, anailís oibríochtúil nó malartú faisnéise agus tar éis do Europol a áirithiú go bhfuil na sonraí i dtrácht ábhartha agus riachtanach chun a chuid cúraimí a chomhlíonadh, agus ba cheart í a dhéanamh ar leithligh ón bpróiseáil sin. A luaithe a fhionnfaidh Europol go mbaineann na sonraí pearsanta sin leis na catagóirí d’ábhair sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II, ba cheart do Europol a bheith in ann na sonraí pearsanta sin a phróiseáil le haghaidh cros-seiceála, anailís straitéiseach, anailís oibríochtúil nó malartú faisnéise. Má thagann Europol ar an tátal nach mbaineann na sonraí pearsanta sin leis na catagóirí d’ábhair sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II, ba cheart dó na sonraí sin a scriosadh.

(21)

D’fhéadfadh sé go n-athródh catagóiriú sonraí pearsanta i dtacar sonraí ar leith le himeacht ama mar thoradh ar fhaisnéis nua a thagann chun cinn i gcomhthéacs imscrúduithe coiriúla, mar shampla maidir le tuilleadh daoine faoi amhras. Ar an gcúis sin, ba cheart cead a bheith ag Europol sonraí pearsanta a phróiseáil i gcás ina bhfuil sé fíor-riachtanach agus comhréireach chun críche catagóirí d’ábhair sonraí lena mbaineann na sonraí i dtrácht a chinneadh ar feadh tréimhse nach faide ná 18 mí ón uair a fhionnann Europol go dtagann na sonraí pearsanta sin faoi chuimsiú a chuspóirí. Ba cheart do Europol a bheith in ann síneadh suas go 3 bliana a chur leis an tréimhse i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus ar choinníoll go bhfuil síneadh den sórt sin riachtanach agus comhréireach. Ba cheart an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS) a chur ar an eolas faoin síneadh. I gcás nach bhfuil gá a thuilleadh le sonraí pearsanta a phróiseáil chun catagóirí d’ábhair sonraí a chinneadh agus nach bhfuil údar léi a thuilleadh, agus in aon chás tar éis dheireadh na huastréimhse próiseála, ba cheart do Europol na sonraí pearsanta a scriosadh.

(22)

Tá méid na sonraí a bhailítear in imscrúduithe coiriúla ag dul i méid agus tá tacair sonraí níos casta anois. Cuireann na Ballstáit tacair mhóra chasta sonraí faoi bhráid Europol, agus iarrtar anailís oibríochtúil Europol chun naisc le coireanna seachas iad is ábhar don imscrúdú sa chomhthéacs inar bailíodh iad agus le coirpigh eile i mBallstáit eile agus lasmuigh den Aontas a shainaithint. Ós rud é gur féidir le Europol naisc thrasteorann den sórt sin a bhrath ar bhealach is éifeachtaí ná na Ballstáit trí anailís a dhéanamh astu féin ar na sonraí, ba cheart Europol a bheith in ann tacú le himscrúduithe coiriúla na mBallstát ach tacair mhóra chasta sonraí a phróiseáil chun naisc thrasteorann den sórt sin a shainaithint ar choinníoll go gcomhlíontar na diancheanglais agus coimircí a leagtar amach sa Rialachán seo. I gcás inar gá sin chun tacú go héifeachtach le himscrúdú coiriúil sonrach a leanann go fóill i mBallstát, ba cheart Europol a bheith in ann próiseáil a dhéanamh ar na sonraí imscrúdaitheacha a n-údaraítear do na húdaráis náisiúnta iad a phróiseáil san imscrúdú coiriúil sonrach sin i gcomhréir le ceanglais nós imeachta agus coimircí is infheidhme faoin dlí náisiúnta agus a chuirtear faoi bhráid Europol ina dhiaidh sin. Ba cheart a áireamh leis sin sonraí pearsanta i gcásanna nach raibh Ballstát in ann a fhionnadh an mbaineann na sonraí sin leis na catagóirí d‘ábhair sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II. I gcás ina dtugann Ballstát, OIPE nó Eurojust sonraí imscrúdaitheacha do Europol agus tacaíocht Europol á hiarraidh acu d’imscrúdú coiriúil sonrach a leanann go fóill, ba cheart Europol a bheith in ann na sonraí sin a phróiseáil chomh fada agus a thacaíonn sé leis an imscrúdú coiriúil sonrach sin, i gcomhréir le ceanglais nós imeachta agus coimircí is infheidhme faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta.

(23)

Chun a áirithiú go bhfuil aon phróiseáil a dhéantar i gcomhthéacs imscrúdú coiriúil ar shonraí riachtanach agus comhréireach, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcomhlíontar dlí an Aontais agus dlí náisiúnta nuair a chuireann siad sonraí imscrúdaitheacha faoi bhráid Europol. Agus sonraí imscrúdaitheacha á gcur faoi bhráid Europol chun tacaíocht Europol a iarraidh i gcomhair imscrúdú coiriúil sonrach, ba cheart do na Ballstáit scála agus castacht na próiseála sonraí lena mbaineann agus cineál agus tábhacht an imscrúdaithe a mheas. Ba cheart do na Ballstáit Europol a chur ar an eolas, i gcomhréir le ceanglais nós imeachta agus coimircí nós imeachta is infheidhme faoina ndlí náisiúnta, nuair nach bhfuil siad údaraithe a thuilleadh sonraí a phróiseáil san imscrúdú coiriúil sonrach i dtrácht, ar imscrúdú é a leanann go fóill. Níor cheart do Europol ach sonraí pearsanta a phróiseáil, ar sonraí iad nach dtagann faoi na catagóirí d’ábhair sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II i gcás ina ndeánann sé a mheas nach bhfuil sé indéanta tacú le himscrúdú coiriúil sonrach a leanann go fóill gan na sonraí pearsanta sin a phróiseáil. Ba cheart do Europol an measúnú sin a dhoiciméadú. Ba cheart do Europol sonraí den sórt sin a choimeád deighilte go feidhmiúil ó shonraí eile agus níor cheart iad a phróiseáil ach i gcás inar gá don tacaíocht d’imscrúdú coiriúil sonrach i dtrácht, ar imscrúdú é a leanann go fóill, mar shampla i gcás leide nua.

(24)

Ba cheart Europol a bheith in ann próiseáil a dhéanamh ar shonraí pearsanta is gá don tacaíocht a thugann sé d’imscrúdú coiriúil sonrach i mBallstát amháin nó níos mó i gcás ina soláthraíonn tríú tír na sonraí sin, ar choinníoll gur ábhar í an tríú tír do chinneadh leordhóthanachta i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) (“cinneadh leordhóthanachta”); go bhfuil comhaontú idirnáisiúnta leis an tríú tír tugtha chun críche ag an Aontas de bhun Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), a n-áirítear ann aistriú sonraí pearsanta chun críocha fhorfheidhmiú an dlí (“comhaontú idirnáisiúnta”); nó go bhfuil comhaontú comhair lena gceadaítear malartú sonraí pearsanta a tugtha chun críche idir Europol agus an tríú tír sin roimh theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/794 (“comhaontú comhair”); nó go bhfuil foráil déanta do choimircí iomchuí i ndáil le cosaint sonraí pearsanta in ionstraim atá ceangailteach nó go gcinneann Europol, bunaithe ar mheasúnú ar na himthosca go léir a bhaineann le haistriú sonraí pearsanta, gurb ann do na coimircí sin sa tríú tír sin agus ar choinníoll go bhfuair an tríú tír na sonraí i gcomhthéacs imscrúdú coiriúil i gcomhréir leis na ceanglais nós imeachta agus na coimircí is infheidhme faoin dlí náisiúnta coiriúil. I gcás ina ndéanann tríú tír sonraí imscrúdaitheacha a sholáthar do Europol, ba cheart do Europol a dheimhniú nach follasach go bhfuil líon na sonraí pearsanta díréireach ó thaobh imscrúdú coiriúil sonrach lena dtacaíonn Europol sa Bhallstát lena mbaineann i mBallstát lena dtacaíonn Europol, agus, a mhéid is féidir, nach bhfuil aon chomharthaí oibiachtúla ann gur bailíodh sonraí imscrúdaitheacha sa tríú tír de shárú follasach ar chearta bunúsacha. I gcás ina gcinneann Europol nach bhfuil na coinníollacha sin á gcomhlíonadh, níor cheart dó na sonraí a phróiseáil agus bac heart dó iad a scriosadh. I gcás ina soláthraíonn tríú tír sonraí imscrúdaitheacha do Europol, ba cheart d’Oifigeach Cosanta Sonraí Europol a bheith in ann fógra a thabhairt do MECS i gcás inarb iomchuí.

(25)

Chun a áirithiú gur féidir le Ballstát tuarascálacha Europol a úsáid i gcomhthéacs imeachtaí breithiúnacha tar éis imscrúdú coiriúil, ba cheart do Europol a bheith in ann na sonraí imscrúdaitheacha lena mbaineann a stóráil arna iarraidh sin don Bhallstát sin, ag OIPE nó ag Eurojust chun críche fírinneacht, iontaofacht agus inrianaitheacht phróiseas na faisnéise coiriúla a áirithiú. Ba cheart do Europol sonraí den sórt sin a choimeád deighilte go feidhmiúil ó shonraí eile ach amháin fad is a bhíonn na himeachtaí breithiúnacha a bhaineann leis an imscrúdú coiriúil sin ar siúl sa Bhallstát. Thairis sin, is gá rochtain údarás inniúil breithiúnach a áirithiú chomh maith leis na cearta chun cosanta, go háirithe ceart daoine atá faoi dhrochamhras nó daoine cúisithe nó a ndlíodóirí rochtain a fháil ar ábhair an cháis. Chun na críche sin, ba cheart do Europol taifead a choinneáil ar an bhfianaise ar fad agus ar na modhanna trína ndearna Europol an fhianaise sin a sholáthar nó a fháil chun go mbeidh an chosaint in ann grinnscrúdú éifeachtach a dhéanamh ar an bhfianaise.

(26)

Ba cheart Europol a bheith in ann sonraí pearsanta atá faighte aige roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ar sonraí iad nach mbaineann le catagóirí d’ábhair sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II, i gcomhréir leis an Rialachán seo, a phróiseáil in dhá staid. Sa chéad staid, ba cheart Europol a bheith in ann na sonraí pearsanta sin a phróiseáil mar thaca le himscrúdú coiriúil nó chun fírinneacht, iontaofacht agus inrianaitheacht phróiseas na faisnéise coiriúla a áirithiú, ar choinníoll go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach sna socruithe idirthréimhseacha maidir le próiseáil sonraí pearsanta a fhaightear mar thaca le himscrúdú coiriúil. Sa dara staid, ba cheart Europol a bheith in ann a fhíorú freisin an mbaineann na sonraí pearsanta den sórt sin le ceann de na chatagóirí d’ábhair sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II trí réamhanailís a dhéanamh ar na sonraí pearsanta ar feadh tréimhse nach faide ná 18 mí ón dáta a bhfuarthas na sonraí den chéad uair, nó i gcásanna a bhfuil údar leo agus ina bhfuil réamhúdarú ó MECS, ar feadh tréimhse is faide. Níor cheart an uastréimhse ina ndéantar na sonraí pearsanta a phróiseáil chun críche réamhanailís den sórt sin a bheith níos faide ná 3 bliana ón dáta a bhfuair Europol na sonraí den chéad uair.

(27)

Éilítear dlúthchomhar idir údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann i gcásanna trasteorann a bhfuil an choireacht thromchúiseach nó an sceimhlitheoireacht i gceist leo. Soláthraíonn Europol uirlisí chun tacú le comhar den sórt sin in imscrúduithe, go háirithe tríd an malartú faisnéise. Chun an comhar sin a fheabhsú a thuilleadh in imscrúduithe coiriúla sonracha trí anailís oibríochtúil chomhpháirteach, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann Ballstáit eile a cheadú an fhaisnéis a chuir siad faoi bhráid Europol a rochtain go díreach, gan dochar d’aon srianta ginearálta nó sonracha a chuireann siad ar rochtain na faisnéise sin. Ba cheart aon phróiseáil a dhéanann na Ballstáit ar shonraí pearsanta in anailís oibríochtúil chomhpháirteach a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Treoir (AE) 2016/680.

(28)

Ba cheart do Europol agus do OIPE socrú oibre a thabhairt i gcrích lena leagtar amach modúlachtaí a gcomhair, agus aird chuí á tabhairt ar a gcuid inniúlachtaí faoi seach. Ba cheart do Europol oibriú i ndlúthchomhar le OIPE agus tacú go gníomhach le himscrúduithe OIPE arna iarraidh sin dó, lena n-áirítear trí thacaíocht anailíseach agus faisnéis ábhartha a sholáthar. Ba cheart do Europol dul i gcomhar le OIPE, ón nóiméad a thuairiscítear cion amhrasta do OIPE go dtí an nóiméad a chinneann OIPE cibé acu ba cheart an cás a ionchúiseamh nó a dhiúscairt. Ba cheart do Europol, gan moill mhíchuí, aon iompar coiriúil a chur in iúl do OIPE a mbeadh OIPE in ann a inniúlacht a fheidhmiú ina leith. Chun comhar oibríochtúil idir Europol agus OIPE a fheabhsú, ba cheart do Europol é a chur ar chumas OIPE, ar bhonn córas “amas a fháil/gan amas a fháil”, rochtain a fháil ar shonraí atá ag Europol nach dtugann fógra ach do Europol amháin i gcás amais, i gcomhréir leis an Rialachán seo, lena n-áirítear aon srianta arna sonrú ag an soláthraí a sholáthair an fhaisnéis do Europol. Má chumhdaítear an fhaisnéis sin le srian a shonraigh Ballstát, ba cheart do Europol an t-ábhar a tharchur chuig an mBallstát sin, chun a chuid oibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2017/1939 a chomhlíonadh. Ba cheart don Bhallstát lena mbaineann OIPE a chur ar an eolas ina dhiaidh sin i gcomhréir lena nós imeachta náisiúnta. Ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha maidir le tarchur sonraí pearsanta chuig comhlachtaí an Aontais a leagtar amach sa Rialachán seo maidir le comhar Europol le OIPE. Ina theannta sin, ba cheart Europol a bheith in ann tacú le himscrúduithe OIPE trí anailís a dhéanamh ar thacair mhóra agus chasta sonraí, i gcomhréir leis na coimircí agus na ráthaíochtaí cosanta dlí dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

(29)

Ba cheart do Europol oibriú i ndlúthchomhar leis an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise chun calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais a bhrath. Chuige sin, ba cheart do Europol aon fhaisnéis a bhféadfadh OLAF a inniúlacht a fheidhmiú ina leith a tharchur chuig OLAF gan moill mhíchuí. Ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha maidir le tarchur sonraí pearsanta chuig comhlachtaí an Aontais a leagtar amach sa Rialachán seo maidir le comhar Europol le OLAF.

(30)

Is minic a bhíonn naisc lasmuigh den Aontas ag an gcoireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht. Is féidir le Europol sonraí pearsanta a mhalartú le tríú tíortha ach cosaint príobháideachais agus cearta agus saoirsí bunúsacha na n-ábhar sonraí a chosaint. I gcás ina bhfuil sé fíor-riachtanach chun coir shonrach a thagann faoi chuimsiú chuspóirí Europol a imscrúdú, ba cheart a cheadú don Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ar bhonn cás ar chás, catagóir aistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tíortha a údarú, i gcás ina mbaineann an chatagóir aistrithe den sórt sin leis an gcás sonrach céanna, inarb iad na catagóirí céanna sonraí pearsanta agus na catagóirí céanna d’ábhair sonraí atá i gceist, agus go bhfuil sé riachtanach agus comhréireach chun críoch imscrúdú a dhéanamh ar choir shonrach, agus ina gcomhlíonann sé ceanglais uile an Rialacháin seo. Maidir le haistrithe aonair a chumhdaítear le catagóir aistrithe, ba cheart é a bheith indéanta gan a áireamh ach cuid de na catagóirí sin de shonraí pearsanta agus na catagóirí sin d’ábhair sonraí a bhfuil aistriú ina leith údaraithe ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.. Ba cheart é a bheith indéanta freisin catagóir aistrithe sonraí pearsanta a údarú sna cásanna sonracha seo a leanas: i gcás ina bhfuil gá le haistriú sonraí pearsanta chun leasanna ríthábhachtacha an ábhair sonraí nó duine eile a chosaint, nó i gcás ina bhfuil aistriú sonraí pearsanta fíor-riachtanach chun bagairt láithreach thromchúiseach ar shlándáil phoiblí Ballstáit nó tríú tír a chosc; i gcás inar críoch an aistrithe sonraí pearsanta leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí a choimirciú, nó, i gcásanna aonair, chun críocha cionta coiriúla a chosc, a fhiosrú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun smachtbhannaí coiriúla a fhorghníomhú; nó chun éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint, ar éilimh iad a bhaineann le cion coiriúil sonrach a fhiosrú nó a ionchúiseamh.

(31)

Níor cheart aistrithe nach bhfuil bunaithe ar údarú an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, cinneadh leordhóthanachta, comhaontú idirnáisiúnta ná comhaontú comhair a cheadú ach amháin i gcás ina bhfuil coimircí iomchuí ann maidir le sonraí pearsanta a chosaint dá bhforáiltear in ionstraim atá ceangailteach ó thaobh dlí nó i gcás ina gcinneann Europol, ar bhonn measúnaithe ar na himthosca ar fad a bhaineann le haistriú sonraí pearsanta go bhfuil coimircí den sórt sin ann. Chun críocha an mheasúnaithe sin, ba cheart Europol a bheith in ann comhaontuithe déthaobhacha arna dtabhairt i gcrích idir Ballstáit agus tríú tíortha a chur san áireamh lena gceadaítear malartú sonraí pearsanta, agus cibé acu a bheidh nó nach mbeidh aistriú sonraí pearsanta faoi réir oibleagáidí rúndachta agus phrionsabal na sonraíochta, lena n-áiritheofar nach ndéanfar na sonraí a phróiseáil chun críocha eile seachas críocha an aistrithe. Ina theannta sin, tá sé tábhachtach go gcuirfidh Europol san áireamh cibé acu a d’fhéadfaí nó nach bhféadfaí úsáid a bhaint as na sonraí pearsanta chun pionós an bháis nó aon chineál íde cruálaí nó mídhaonna a iarraidh, a ghearradh nó a chur i gcrích. Ba cheart do Europol a bheith in ann coimircí breise a éileamh.

(32)

Chun tacú leis na Ballstáit dul i gcomhar le páirtithe príobháideacha i gcás ina bhfuil faisnéis is ábhartha chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chosc agus a chomhrac ag na páirtithe príobháideacha sin, ba cheart Europol a bheith in ann sonraí pearsanta ó pháirtithe príobháideacha a fháil agus, i gcásanna sonracha inar gá agus inar comhréireach, sonraí pearsanta a mhalartú le páirtithe príobháideacha.

(33)

Baineann coirpigh úsáid níos mó agus níos mó as seirbhísí a thairgeann páirtithe príobháideacha chun cumarsáid agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha a dhéanamh. Déanann ciontóirí gnéis dúshaothrú ar leanaí agus roinneann siad pictiúir agus físeáin ar ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí iad ar fud an domhain ar ardáin ar líne nó le piaraí trí sheirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá neamhspleách ar uimhir. Baineann sceimhlitheoirí úsáid as na seirbhísí a thairgeann soláthraithe seirbhíse ar líne chun saorálaithe a earcú, ionsaithe a phleanáil agus a chomhordú, agus bolscaireacht a scaipeadh. Déanann cibearchoirpigh brabús as digitiú na sochaithe agus as easpa litearthachta digití agus scileanna digiteacha eile an phobail i gcoitinne ach úsáid a bhaint as an bhfioscaireacht agus as an innealtóireacht shóisialta chun cineálacha eile cibearchoireachta a dhéanamh, mar shampla camscéimeanna ar líne, ionsaithe bogearraí éirice nó calaois íocaíochta. Mar thoradh ar an úsáid mhéadaithe a bhaineann coirpigh as seirbhísí ar líne, tá líon na sonraí pearsanta atá ag páirtithe príobháideacha, lena n-áirítear sonraí síntiúsóirí, sonraí tráchta agus sonraí ábhair, a d’fhéadfadh a bheith ábhartha d’imscrúduithe coiriúla ag dul i méid.

(34)

I bhfianaise go bhfeidhmíonn an t-idirlíon gan beann ar theorainneacha, is féidir go mbeidh an soláthraí seirbhíse ar líne agus an bonneagar digiteach ina stóráiltear na sonraí pearsanta ar leithligh faoi réir dlínsí náisiúnta éagsúla, laistigh den Aontas nó lasmuigh de. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh tacair sonraí ag páirtithe príobháideacha is ábhartha maidir le forfheidhmiú an dlí agus ina bhfuil sonraí pearsanta a thagann faoi inniúlacht roinnt dlínsí chomh maith le sonraí pearsanta nach féidir a chur i leith aon dlínse ar leith go héasca. Is féidir é a bheith deacair d’údaráis inniúla na mBallstát anailís éifeachtach a dhéanamh ar thacair ildlínse nó neamh-inchurtha sonraí den sórt sin trí réitigh náisiúnta. Thairis sin, níl aon phointe teagmhála aonair faoi láthair do pháirtithe príobháideacha a chinneann tacair shonraí a chomhroinnt go dleathach agus go deonach le húdaráis inniúla na mBallstát. Dá réir sin, ba cheart bearta a bheith i bhfeidhm ag Europol chun comhar le páirtithe príobháideacha a éascú, lena n-áirítear maidir le malartú faisnéise.

(35)

Chun a áirithiú go bhfuil pointe teagmhála ag páirtithe príobháideacha ar leibhéal an Aontais chun tacair sonraí nó tacair sonraí ildlínse a sholáthar go dleathach agus go deonach ar tacair sonraí nó tacair sonraí, ildlínse iad nach bhféadfaí a chur go héasca i leith dlínse sonrach amháin nó roinnt dlínsí sonracha a chomhroinnt go dleathach, ba cheart do Europol a bheith in ann sonraí pearsanta a fháil go díreach ó pháirtithe príobháideacha chun críche na Ballstáit a sholáthar leis an bhfaisnéis is gá chun a ndlínse a bhunú agus chun coireanna a fhiosrú faoina ndlínse faoi seach, i gcomhréir leis an Rialachán seo. D’fhéadfaí a áireamh san fhaisnéis sin tuarascálacha a bhaineann le hábhar a ndéantar modhnú air, ar féidir glacadh leis go réasúnach go bhfuil baint aige le gníomhaíochtaí coiriúla a thagann faoi chuimsiú chuspóirí Europol.

(36)

Chun a áirithiú go bhfaigheann na Ballstáit an fhaisnéis is gá chun imscrúduithe a thionscnamh lena ndéantar an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chosc agus a chomhrac gan moill mhíchuí, ba cheart Europol a bheith in ann sonraí pearsanta a phróiseáil agus a anailísiú chun na haonaid náisiúnta lena mbaineann a shainaithint agus na sonraí pearsanta agus aon torthaí ar a chuid anailíse agus a fhíoraithe ar shonraí den sórt sin atá ábhartha chun críocha dlínse a shuí, a chur ar aghaidh chuig na haonaid náisiúnta sin agus chun na coireanna sin lena mbaineann a imscrúdú faoina ndlínse faoi seach. Ba cheart Europol a bheith in ann na sonraí pearsanta agus torthaí a anailíse agus a fhíoraithe ar shonraí den sórt sin is ábhartha chun críocha dlínse a shuí, a chur ar aghaidh chuig pointí teagmhála nó údaráis de chuid na tríú tíortha lena mbaineann, nuair is ábhar iad na sonraí sin do chinneadh leordhóthanachta, nó a bhfuil comhaontú idirnáisiúnta nó comhaontú comhair tugtha i gcrích leo, nó i gcás ina bhforáiltear do choimircí iomchuí maidir le sonraí pearsanta a chosc in ionstraim atá ceangailteach ó thaobh dlí de, nó i gcás ina gcinneann Europol, bunaithe ar mheasúnú ar na himthosca go léir a bhaineann le haistriú na sonraí pearsanta, gurb ann do na coimircí sin sna tríú tíortha sin. I gcás nach bhfuil an tríú tír lena mbaineann ina hábhar do chinneadh leordhóthanachta den sórt sin, nó ina páirtí i gcomhaontú idirnáisiúnta ná i gcomhaontú comhair den sórt sin, nó in éagmais ionstraim atá ceangailteach ó thaobh dlí de, nó i gcás nach gcinneann Europol gurb ann do choimircí iomchuí, ba cheart Europol a bheith in ann toradh a anailíse agus a fhíoraithe ar shonraí den sórt sin a aistriú chuig an tríú tír lena mbaineann i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(37)

I gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/794, i gcásanna áirithe agus faoi réir coinníollacha, d’fhéadfadh sé a bheith riachtanach agus comhréireach go n-aistreodh Europol sonraí pearsanta chuig páirtithe príobháideacha nach bhfuil bunaithe laistigh den Aontas nó i dtríú tír is ábhar do chinneadh leordhóthanachta nó a bhfuil comhaontú idirnáisiúnta nó comhaontú comhair tugtha i gcrích leo, nó i gcás nach bhforáiltear do choimircí iomchuí maidir le sonraí pearsanta a chosaint, in ionstraim atá ceangailteach ó thaobh dlí de, nó i gcás nár chinn Europol gurb ann do choimircí iomchuí. I gcásanna den sórt sin, ba cheart an t-aistriú a bheith faoi réir údarú roimh ré ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

(38)

Chun a áirithiú gur féidir le Europol na haonaid náisiúnta ábhartha uile lena mbaineann a shainaithint, ba cheart dó a bheith in ann páirtithe príobháideacha a chur ar an eolas nuair nach leor an fhaisnéis a thug siad chun a chur ar chumas Europol na haonaid náisiúnta lena mbaineann a shainaithint. Chuirfeadh sé sin ar a gcumas do na páirtithe príobháideacha sin a chinneadh cibé acu atá nó nach bhfuil sé chun a leasa féin faisnéis bhreise a chomhroinnt le Europol agus cibé acu is féidir nó nach féidir leo déanamh amhlaidh go dleathach. Chuige sin, ba cheart do Europol a bheith in ann páirtithe príobháideacha a chur ar an eolas faoi fhaisnéis atá in easnamh, a mhéid is gá sin chun na haonaid náisiúnta lena mbaineann a shainaithint, agus chun na críche sin amháin. Ba cheart feidhm a bheith ag coimircí speisialta maidir le haistrithe faisnéise ó Europol chuig páirtithe príobháideacha i gcás nach bhfuil an páirtí príobháideach lena mbaineann bunaithe laistigh den Aontas ná i dtríú tír is ábhar do chinneadh leordhóthanachta nó a bhfuil comhaontú idirnáisiúnta nó comhaontú comhair tugtha i gcrích leo, nó i gcás nach bhforáiltear do choimircí iomchuí maidir le sonraí pearsanta a chosaint, in ionstraim atá ceangailteach ó thaobh dlí de, nó i gcás nár chin Europol gurb ann do choimircí iomchuí.

(39)

I gcás ina gcomhroinneann Ballstáit, tríú tíortha, eagraíochtaí idirnáisiúnta nó páirtithe príobháideacha tacair sonraí ildlínse nó tacair sonraí nach féidir a chur i leith dlínse sonrach amháin nó roinnt dlínsí sonracha le Europol, d’fhéadfadh sé go bhfuil na tacair sonraí sin nasctha le sonraí pearsanta atá ag páirtithe príobháideacha. I gcásanna den sórt sin, ba cheart do Europol a bheith in ann iarraidh a chur chuig na Ballstáit, trína n-aonaid náisiúnta, chun na sonraí pearsanta atá i seilbh páirtithe príobháideacha atá bunaithe nó a bhfuil ionadaí dlíthiúil acu ar chríoch na mBallstát sin a fháil. Níor cheart iarraidh den sórt sin a dhéanamh ach amháin i gcás inar gá faisnéis bhreise a fháil ó pháirtithe príobháideacha den sórt sin chun na haonaid náisiúnta lena mbaineann a shainaithint. Ba cheart an iarraidh a bheith réasúnaithe agus chomh beacht agus is féidir. Ba cheart na sonraí pearsanta ábhartha, ar cheart dóibh a bheith ar na cinn is lú íogaireacht agus a bheith teoranta go docht don mhéid atá riachtanach agus comhréireach chun na haonaid náisiúnta lena mbaineann a shainaithint, a sholáthar do Europol i gcomhréir le dlí is infheidhme na mBallstát sin. Ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann measúnú a dhéanamh ar an iarraidh ó Europol agus cinneadh a dhéanamh i gcomhréir lena ndlí náisiúnta féin géilleadh dó. Aon phróiseáil sonraí arna déanamh ag páirtithe príobháideacha agus iarrataí den sórt sin ó údaráis inniúla na mBallstát á bpróiseáil acu, ba cheart an phróiseáil sonraí sin leanúint de bheith faoi réir na rialacha is infheidhme, go háirithe maidir le cosaint sonra. Ba cheart do na páirtithe príobháideacha na sonraí iarrtha a sholáthar d’údaráis inniúla na mBallstát lena dtarchur breise chuig Europol. In go leor cásanna, d’fhéadfadh sé nach mbeadh na Ballstáit lena mbaineann in ann nasc a bhunú lena ndlínse seachas de bhua go bhfuil an páirtí príobháideach ag a bhfuil na sonraí ábhartha bunaithe ina ndlínse nó go bhfuil ionadaí dlíthiúil aige ina ndlínse. D’ainneoin cibé atá nó nach bhfuil dlínse acu maidir leis an gcoir shonrach, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, ar aon chor„ gur féidir leis na húdaráis inniúla sonraí pearsanta a fháil ó pháirtithe príobháideacha chun críche an fhaisnéis is gá a sholáthar do Europol atá riachtanach chun a chuid cuspóirí a bhaint amach, i gcomhréir iomlán le ráthaíochtaí nós imeachta faoin dlí náisiúnta.

(40)

Chun a áirithiú nach gcoimeádann Europol na sonraí pearsanta a fhaightear go díreach ó pháirtithe príobháideacha níos faide ná mar is gá chun na haonaid náisiúnta lena mbaineann a shainaithint, ba cheart feidhm a bheith ag teorainneacha ama maidir leis an stóráil a dhéanann Europol ar shonraí pearsanta. A luaithe a bheidh gach bealach atá ar fáil do Europol chun na haonaid náisiúnta lena mbaineann a shainaithint úsáidte aige, agus nach féidir a bheith ag súil leis go réasúnach go n-aithneofar aonaid náisiúnta eile lena mbaineann, ní gá agus ní comhréireach a thuilleadh na sonraí pearsanta sin a stóráil chun na haonaid náisiúnta lena mbaineann a shainaithint. Ba cheart do Europol na sonraí pearsanta a scriosadh laistigh de 4 mhí tar éis a dtarchur deireanach, a n-aistriú deireanach chuig aonad náisiúnta nó a n-aistriú deireanach a dhéanamh chuig an bpointe teagmhála de chuid tríú tír nó chuig údarás tríú tír, mura rud é, i gcomhréir le dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta, go ndéanann aonad náisiúnta, pointe teagmhála nó údarás lena mbaineann na sonraí pearsanta a chur faoi bhráid Europol arís laistigh den tréimhse sin mar shonraí dá chuid. Má bhí na sonraí pearsanta a chuireadh isteach arís mar chuid de thacar níos mó sonraí pearsanta, níor cheart do Europol ach na sonraí pearsanta sin a chuir aonad náisiúnta, pointe teagmhála nó údarás lena mbaineann isteach arís a choimeád.

(41)

Níor cheart go ndéanfadh comhar idir Europol agus páirtithe príobháideacha gníomhaíochtaí na nAonad um Fhaisnéis Airgeadais (AFAnna) arna bunú de bhun Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) a dhúbailt ná cur isteach orthu, agus níor cheart go mbainfeadh sé ach le faisnéis nach bhfuil le soláthar cheana do AFAnna i gcomhréir leis an Treoir sin.. Ba cheart do Europol leanúint den chomhar le AFAnna, go háirithe trí na haonaid náisiúnta.

(42)

Ba cheart do Europol a bheith in ann an tacaíocht is gá a sholáthar d’údaráis inniúla na mBallstát chun idirghníomhú le páirtithe príobháideacha, go háirithe tríd an mbonneagar is gá a sholáthar le haghaidh idirghníomhaíocht den sórt sin, mar shampla, nuair a tharchuireann údaráis inniúla na mBallstát ábhar sceimhlitheoireachta ar líne nó nuair a sheolann siad orduithe baint anuas a bhaineann le hábhar den sórt sin chuig soláthraithe seirbhíse ar líne de bhun Rialachán (AE) 2021/784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) nó nuair a mhalartaíonn siad faisnéis le páirtithe príobháideacha i gcomhthéacs cibirionsaithe. Mar a n-úsáideann na Ballstáit bonneagar Europol le malartú a dhéanamh ar shonraí pearsanta a bhaineann le coireanna nach dtagann faoi chuimsiú chuspóirí Europol, níor cheart rochtain a bheith ag Europol ar na sonraí sin. Ba cheart do Europol a áirithiú, trí mheáin theicniúla, go bhfuil a bhonneagar teoranta go docht do chainéal a chur ar fáil d’idirghníomhaíochtaí den sórt sin idir údaráis inniúla na mBallstát agus páirtí príobháideach, agus go ndéanfaidh Europol foráil maidir leis na coimircí uile is gá i gcoinne rochtain ag páirtí príobháideach ar fhaisnéis ar bith eile i gcórais Europol, ar faisnéis í nach bhfuil baint aici leis an malartú leis an bpáirtí príobháideach sin.

(43)

Tionscnaítear le hionsaithe sceimhlitheoireachta scaipeadh mórscála trí ardáin ar líne d’ábhar sceimhlitheoireachta ina dtaispeántar díobháil á déanamh don bheatha nó do shláine choirp, nó ina n-iarrtar go ndéanfaí díobháil don bheatha nó do shláine choirp go luath, rud a éascaíonn glóiriú na sceimhlitheoireachta agus soláthar oiliúna sceimhlitheoireachta, mar aon le radacú agus earcú daoine aonair eile i ndeireadh thiar. Thairis sin, is minice anois a úsáidtear an t-idirlíon chun ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí a thaifeadadh nó a chomhroinnt, rud a bhuanaíonn an díobháil do na híospartaigh toisc gur féidir an t-ábhar a iolrú agus a scaipeadh go héasca. Chun na coireanna a thagann faoi chuimsiú chuspóirí Europol a chosc agus a chomhrac, ba cheart Europol a bheith in ann tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta i gcomhthéacs géarchéimeanna ar líne a eascraíonn as fíortheagmhais atá fós sa siúl nó a tharla le déanaí, agus ar scaipeadh ar líne ábhair mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne, agus chun tacú le gníomhaíochtaí soláthraithe seirbhíse ar líne i gcomhréir lena n-oibleagáidí faoi dhlí an Aontais agus ina ngníomhaíochtaí deonacha. Chuige sin, ba cheart do Europol a bheith in ann sonraí pearsanta ábhartha a mhalartú, lena n-áirítear sínithe digiteacha uathúla neamh-athintiontaithe (“haiseanna”), seoltaí IP nó URLanna a bhaineann le hábhar den sórt sin, le páirtithe príobháideacha atá bunaithe laistigh den Aontas nó i dtríú tír is ábhar do chinneadh leordhóthanachta, nó, a bhfuil comhaontú idirnáisiúnta nó comhaontú comhair tugtha i gcrích leo, nó i gcás ina bhforáiltear do choimircí iomchuí maidir le sonraí pearsanta a chosc in ionstraim atá ceangailteach ó thaobh dhlí de, nó i gcás in gcinnfidh Europol, ar bhonn measúnaithe ar na himthosca go léir a bhaineann le haistriú sonraí pearsanta, gurb ann do na coimircí sin sa tríú tír sin. Níor cheart malartuithe sonraí pearsanta den sórt sin a dhéanamh chun críocha ábhar sceimhlitheoireachta agus ábhar ar líne a bhaineann le mí-úsáid ghnéasach leanaí a bhaint, go háirithe nuair atáthar ag súil le hiolrú easpónantúil agus mearscaipeadh an inneachair agus an ábhair sin ar fud roinnt soláthraithe seirbhíse ar líne. Níor cheart a thuiscint ó aon ní dá bhfuil sa Rialachán seo go gcuirfear bac ar Bhallstát orduithe baint anuas a úsáid dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2021/784 mar ionstraim chun aghaidh a thabhairt ar ábhar sceimhlitheoireachta ar líne.

(44)

Chun dúbláil iarrachtaí agus cur isteach féideartha ar imscrúduithe a sheachaint agus chun an t-ualach ar na soláthraithe seirbhísí óstála a ndearnadh difear dóibh a íoslaghdú, ba cheart do Europol cúnamh a thabhairt d’údaráis inniúla na mBallstát, faisnéis a mhalartú leo agus dul i gcomhar leo maidir le sonraí pearsanta a tharchur chuig páirtithe príobháideacha agus a aistriú chucu chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna ar líne agus ar scaipeadh ar line ábhair a bhaineann le mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne.

(45)

Leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/1725 rialacha maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais. Cé go bhfuil feidhm ag Rialachán (AE) 2018/1725 maidir le próiseáil sonraí pearsanta riaracháin ag Europol nach mbaineann le himscrúduithe coiriúla, amhail sonraí foirne, níl feidhm ag Airteagal 3, pointe (2), ná ag Caibidil IX den Rialachán sin, lena rialaítear próiseáil sonraí pearsanta, maidir le Europol faoi láthair. Chun cosaint aonfhoirmeach chomhsheasmhach daoine nádúrtha a áirithiú maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil, ba cheart feidhm a bheith ag Caibidil IX de Rialachán (AE) 2018/1725 maidir le Europol i gcomhréir le hAirteagal 2(2) den Rialachán sin, agus ba cheart é a chomhlánú le forálacha sonracha maidir leis na hoibríochtaí sonracha próiseála ba cheart do Europol a dhéanamh chun a chúraimí a chur i gcrích. Dá bhrí sin, ba cheart cumhachtaí maoirseachta MECS maidir le hoibríochtaí próiseála Europol a threisiú, i gcomhréir leis na cumhachtaí ábhartha is infheidhme maidir le próiseáil sonraí pearsanta riaracháin a bhfuil feidhm acu maidir le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí uile an Aontais faoi Chaibidil VI de Rialachán (AE) 2018/1725. Chuige sin, i gcás ina ndéanann Europol sonraí pearsanta a phróiseáil chun críoch oibríochtúla, ba cheart do MECS a bheith in ann a cheangal ar Europol a áirithiú go bhfuil a oibríochtaí próiseála i gcomhréir leis an Rialacháin seo, agus a cheangal go ndéanfar sreabha sonraí chuig faighteoir i mBallstát, i dtríú tír nó in eagraíocht idirnáisiúnta a chur ar fionraí, agus ba cheart do MECS a bheith in ann fíneáil riaracháin a ghearradh i gcás neamhchomhlíontadh ag Europol.

(46)

D’fhéadfadh próiseáil catagóirí speisialta sonraí pearsanta a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) a bheith i gceist le próiseáil sonraí chun críocha an Rialacháin seo. Níor cheart a mheas go córasach gur próiseáil catagóirí speisialta sonraí pearsanta atá i bpróiseáil grianghraf ós rud é nach gcumhdaítear grianghraif leis an sainmhíniú ar shonraí bithmhéadracha faoi Airteagal 3, pointe (18), de Rialachán (AE) 2018/1725 ach amháin nuair a dhéantar iad a phróiseáil trí mhodh sonrach teicniúil lena gceadaítear sainaithint uathúil nó fíordheimhniú uathúil duine nádúrtha.

(47)

Coimirce thábhachtach atá i sásra an réamhchomhairliúcháin ina dtéitear i gcomhairle le MECS dá bhforáiltear le Rialachán (AE) 2018/1725 do chineálacha nua oibríochtaí próiseála. Níor cheart feidhm a bheith ag an sásra sin maidir le gníomhaíochtaí sonracha oibríochtúla aonair, amhail na tionscadail anailíse oibríochtúla, áfach, ach maidir le húsáid córas nua teicneolaíochta faisnéise chun sonraí pearsanta agus aon athruithe suntasacha ar na córais sin a phróiseáil, ar sonraí nó athruithe iad lena mbainfeadh ardriosca do chearta agus saoirsí ábhar sonraí. Níor cheart a bheith in ann an tréimhse atá ann do MECS chun comhairle i scríbhinn maidir leis na comhairliúcháin sin a sholáthar a chur ar fionraí. I gcás gníomhaíochtaí próiseála a bhfuil tábhacht shuntasach ag baint leo ó thaobh fheidhmiú chúraimí Europol, ar gníomhaíochtaí iad atá fíorphráinneach, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag Europol, ar bhonn eisceachtúil, an phróiseáil a thionscnamh tar éis an réamhchomhairliúchán a sheoladh, fiú mura bhfuil an teorainn ama chun comhairle i scríbhinn a sholáthar ó MECS imithe in éag fós. D’fhéadfadh práinn teacht chun cinn i gcásanna a bhfuil tábhacht shuntasach leo i ndáil le feidhmiú chúraimí Europol, nuair is gá an phróiseáil a dhéanamh chun bagairt láithreach ciona a thagann faoi chuimsiú Europol a chosc agus a chomhrac agus chun leasanna ríthábhachtacha an ábhair sonraí nó duine eile a chosaint. Ba cheart do Oifigeach Cosanta Sonraí Europol a bheith rannpháirteach i measúnú a dhéanamh ar phráinn na próiseála sin agus ar an ngá atá léi sula rachaidh in éag an teorainn ama atá ann do MECS chun freagairt ar réamhchomhairliúchán. Ba cheart do Oifigeach Cosanta Sonraí Europol formhaoirseacht a dhéanamh ar phróiseáil den sórt sin. Ba cheart MECS a bheith in ann a chumhachtaí a fheidhmiú i ndáil leis an bpróiseáil sin.

(48)

I bhfianaise na ndúshlán atá ann do shlándáil an Aontais de dheasca mearfhorbairt theicneolaíoch agus saothrú teicneolaíochtaí nua ag sceimhlitheoirí agus coirpigh eile, is gá d’údaráis inniúla na mBallstát a gcumais teicneolaíochta a neartú chun na sonraí is gá chun imscrúdú a dhéanamh ar choireanna coiriúla a shainaithint, a dhaingniú agus anailísiú. Ba cheart a cheadú do Europol tacú leis na Ballstáit maidir le teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn a úsáid, le bealaí cur chuige nua a fhiosrú agus le réitigh theicneolaíocha choiteanna a fhorbairt do na Ballstáit chun na coireanna a thagann faoi chuimsiú chuspóirí Europol a chosc agus a chomhrac ar bhealach níos fearr. Ag an am céanna, ba cheart do Europol a áirithiú go bhfuil forbairt, úsáid agus imscaradh teicneolaíochtaí nua á dtreorú ag prionsabail na trédhearcachta agus na hinmhínitheachta, na cothroime agus na cuntasachta, agus nach mabineann said sin an bonn de chearta agus saoirsí bunúsacha agus go bhfuil siad i gcomhréir le dlí an Aontais. Chuige sin, ba cheart do Europol a bheith in ann tionscadail taighde agus nuálaíochta a chur chun feidhme maidir le hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo laistigh de raon feidhme ginearálta na dtionscadal taighde agus nuálaíochta arna mbunú ag an mBord Bainistíochta i ndoiciméad ceangailteach. Ba cheart an doiciméad sin a nuashonrú i gcás inarb iomchuí agus a chur ar fáil do MECS. Níor cheart é a bheith indéanta do na tionscadail sin próiseáil sonraí pearsanta a áireamh ach amháin ar choinníoll go gcomhlíonfar coinníollacha áirithe, eadhon go bhfuil géarghá le sonraí pearsanta a phróiseáil, nach féidir cuspóir an tionscadail ábhartha a bhaint amach trí shonraí neamhphearsanta a úsáid, amhail sonraí sintéiseacha nó anaithnide, agus go bhfuil lánurraim do chearta bunúsacha á háirithiú ag an am céanna, go háirithe neamh-idirdhealú.

Níor cheart próiseáil catagóirí speisialta sonraí pearsanta chun críocha taighde agus nuálaíochta a cheadú ach amháin i gcás ina bhfuil fíorghá leis sin. I bhfianaise a íogaire atá próiseáil den sórt sin, ba cheart feidhm a bheith ag coimircí breise iomchuí, lena n-áirítear bréagainmniú. Chun claonadh sa chinnteoireacht algartamach a chosc, ba cheart cead a bheith ag Europol sonraí pearsanta a phróiseáil nach mbaineann leis na catagóirí d’ábhair sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II. Níor cheart do Europol logaí den phróiseáil sonraí pearsanta go léir arna déanamh a choinneáil i gcomhthéacs a chuid tionscadal taighde agus nuálaíochta chun críche cruinneas thoradh na próiseála sonraí a fhíorú agus chun na críche sin amháin agus níor cheart dó na logaí sin a choinneáil ach a fhad is gá chun an cruinneas a fhíorú. Níor cheart go nglacfaí leis na forálacha le haghaidh uirlisí nua a fhorbairt ag Europol mar bhunús dlí chun iad a imscaradh ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta. Chun nuálaíocht a spreagadh agus sineirgí sna tionscadail taighde agus nuálaíochta a threisiú, tá sé tábhachtach go gcuirfeadh Europol dlús lena chomhar le líonraí ábhartha chleachtóirí na mBallstát agus le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais laistigh dá n-inniúlachtaí faoi seach sa réimse sin, agus tacú le cineálacha gaolmhara comhair eile amhail tacaíocht rúnaíochta do Mol Nuálaíochta an Aontais Eorpaigh um Shlándáil Inmheánach mar líonra comhoibríoch de shaotharlanna nuálaíochta.

(49)

Ba cheart príomhról a bheith ag Europol maidir le cuidiú leis na Ballstáit chun réitigh theicneolaíochta nua a fhorbairt bunaithe ar intleacht shaorga is ábhartha maidir le cuspóirí Europol a bhaint amach, agus a théann chun tairbhe d’údaráis inniúla na mBallstát ar fud an Aontais. Ba cheart an chabhair sin a sholáthar agus lánurraim á tabhairt do chearta agus saoirsí bunúsacha, lena n-áirítear neamh-idirdhealú. Ba cheart príomhról a bheith ag Europol maidir le forbairt agus imscaradh intleachta saorga a chur chun cinn atá eiticiúil, iontaofa agus dírithe ar an duine agus atá faoi réir ag cosaintí i dtéarmaí slándála, sábháilteachta, trédhearcachta, inmhínitheachta agus ceart bunúsach.

(50)

Ba cheart do Europol MECS a chur ar an eolas sula seolann sé na tionscadail taighde agus nuálaíochta dá chuid lena mbaineann próiseáil sonraí pearsanta. Ba cheart do Europol a Bhord Bainistíochta a chur ar an eolas faoi, nó dul i gcomhairle leis, i gcomhréir le critéir áirithe ar cheart iad a leagan amach sna treoirlínte ábhartha. Níor cheart do Europol sonraí chun críche tionscadail taighde agus nuálaíochta a phróiseáil gan toiliú ón mBallstát, ón gcomhlacht Aontais, ón tríú tír nó ón eagraíocht idirnáisiúnta a chuir na sonraí faoi bhráid Europol, ach amháin má tá údarú roimh ré tugtha ag an mBallstát, an comhlacht Aontais, an tríú tír nó ag an eagraíocht idirnáisiúnta sin i dtaca leis an bpróiseáil sin chun na críche sin. Maidir le gach tionscadal agus roimh an bpróiseáil, ba cheart do Europol measúnú tionchair ar chosaint sonraí a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar an ceart chun cosaint sonraí agus cearta agus saoirsí bunúsacha uile ábhar sonraí a urramú go hiomlán. Ba cheart a áireamh leis an measúnú tionchair ar chosaint sonraí measúnú ar oiriúnacht, riachtanas agus comhréireacht na sonraí pearsanta atá le próiseáil chun cuspóir sonrach an tionscadail, lena n-áirítear an ceanglas maidir le híoslaghdú sonraí agus measúnú ar aon chlaonadh a d’fhéadfadh a bheith sa toradh agus sna sonraí pearsanta atá le próiseáil chun cuspóir sonrach an tionscadail chomh maith leis na bearta atá beartaithe chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin. Ba cheart forbairt uirlisí nua ag Europol a bheith gan dochar don bhunús dlí, lena n-áirítear an bonn le haghaidh na sonraí pearsanta atá i gceist a phróiseáil, a bheadh de dhíth ina dhiaidh sin chun iad a imscaradh ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta.

(51)

Chun uirlisí breise agus cumais bhreise a sholáthar do Europol, ní mór maoirseacht dhaonlathach agus cuntasacht Europol a threisiú. Is ionann grinnscrúdú comhpháirteach parlaiminteach agus gné thábhachtach den fhaireachán polaitiúil ar ghníomhaíochtaí Europol. Chun faireachán polaitiúil éifeachtach a chumasú ar an mbealach a bhaineann Europol úsáid as uirlisí breise agus cumais bhreise, arna soláthar dó faoin Rialachán seo, ba cheart do Europol faisnéis mhionsonraithe bhliantúil a sholáthar don Ghrúpa um Ghrinnscrúdú Parlaiminteach Comhpháirteach (GGPC) agus do na Ballstáit maidir le forbairt, úsáid agus éifeachtacht na n-uirlisí agus na gcumas sin agus na torthaí ar iad a úsáid, go háirithe faoi thionscadail taighde agus nuálaíochta mar aon le gníomhaíochtaí nua nó bunú aon lárionad nua speisialaithe laistigh de Europol. Thairis sin, ba cheart cuireadh a thabhairt do bheirt ionadaithe ó GGPC, duine acu do Pharlaimint na hEorpa agus duine eile do na parlaimintí náisiúnta chun dhá thoghcheantar GGPC a léiriú, freastal ar dhá ghnáthchruinniú ar a laghad de chuid an Bhoird Bainistíochta in aghaidh na bliana chun labhairt leis an mBord Bainistíochta thar ceann GGPC agus chun plé a dhéanamh ar an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí, ar an doiciméad clársceidealaithe aonair agus ar an mbuiséad bliantúil, ar cheisteanna agus freagraí i scríbhinn ó GGPC, chomh maith le caidreamh seachtrach agus comhpháirtíochtaí seachtracha, agus róil agus freagrachtaí éagsúla an Bhoird Bainistíochta agus GGPC á n-urramú ag an am céanna i gcomhréir leis an Rialachán seo. Féadfaidh an Bord Bainistíochta, in éineacht le hionadaithe GGPC, a chinneadh cad iad na hábhair eile ar díol spéise polaitiúla iad a bheidh le plé. I gcomhréir leis an ról maoirseachta atá ag GGPC, níor cheart cearta vótála a bheith ag an dá ionadaí de chuid GGPC ar an mBord Bainistíochta. Ba cheart gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta pleanáilte a leagan amach sa doiciméad clársceidealaithe aonair ina bhfuil clársceidealú ilbhliantúil agus clár oibre bliantúil Europol agus iad a tharchur chuig GGPC.

(52)

Tar éis togra a fháil ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ba cheart don Bhord Bainistíochta Oifigeach um Chearta Bunúsacha a ainmniú a bheadh freagrach as tacú le Europol urraim do chearta bunúsacha a choimirciú ina ghníomhaíochtaí agus ina chúraimí uile, go háirithe tionscadail taighde agus nuálaíochta Europol agus an malartú sonraí pearsanta le páirtithe príobháideacha. Ba cheart é a bheith indéanta ball d’fhoireann Europol atá ann cheana agus ar cuireadh oiliúint speisialta ar an mball foirne sin maidir le dlí agus cleachtas na gceart bunúsach a ainmniú mar Oifigeach um Chearta Bunúsacha. Ba cheart don Oifigeach um Chearta Bunúsacha oibriú i ndlúthchomhar leis an Oifigeach Cosanta Sonraí laistigh de raon feidhme a n-inniúlachtaí faoi seach. A mhéid a bhaineann le gnóthaí cosanta sonraí, ba cheart freagracht iomlán a bheith ar an Oifigeach Cosanta Sonraí.

(53)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, is é sin tacú agus treisiú le húdaráis inniúla na mBallstát agus a gcomhar frithpháirteach maidir le coireacht thromchúiseach a théann i bhfeidhm ar dhá Bhallstát nó níos mó a chosc agus a chomhrac, mar aon le sceimhlitheoireacht agus saghasanna coireachta a dhochraíonn leas coiteann atá ina ábhar do bheartas de chuid an Aontais, a ghnóthú go leordhóthanach mar gheall ar ghné thrasteorann na coireachta tromchúisí agus na sceimhlitheoireachta agus an gá le freagairt chomhordaithe do bhagairtí slándála gaolmhara, agus gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 de CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(54)

I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus CFAE, tá fógra tugtha ag Éirinn gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(55)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(56)

Chuathas i gcomhairle le MECS i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé a thuairim uaidh an 8 Márta 2021 (15).

(57)

Leis an Rialachán seo, urramaítear go hiomlán na cearta agus coimircí bunúsacha, agus cloítear leis na prionsabail atá aitheanta go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”), go háirithe an ceart chun measa ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh agus an ceart chun sonraí pearsanta a chosaint dá bhforáiltear in Airteagal 7 agus Airteagal 8 den Chairt, chomh maith le hAirteagal 16 CFAE. I bhfianaise a thábhachtaí atá sonraí pearsanta a phróiseáil in obair an fhorfheidhmithe dlí go ginearálta, agus sa tacaíocht a sholáthraíonn Europol go háirithe, ba cheart coimircí, sásraí maoirseachta daonlathaí agus cuntasachta feabhsaithe a bheith san áireamh leis an Rialachán seo chun a áirithiú go gcomhlíontar go hiomlán cearta bunúsacha de réir mar atá cumhdaithe sa Chairt, go háirithe na cearta chun comhionannais os comhair an dlí, chun neamh-idirdhealú, agus chun leigheas éifeachtach os comhair na cúirte náisiúnta inniúla i gcoinne aon cheann de na bearta a dhéantar de bhun an Rialacháin seo, agus gníomhaíochtaí agus cúraimí Europol á gcur i gcrích. Tá aon phróiseáil ar shonraí pearsanta faoin Rialachán seo teoranta don mhéid sin atá riachtanach agus comhréireach go docht, agus faoi réir coinníollacha soiléire, ceanglais dhochta agus maoirseacht éifeachtach ag MECS.

(58)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2016/794 a leasú dá réir sin.

(59)

Ionas go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) 2016/794 mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

scriostar pointí (h) go (k) agus pointe (m), pointe (n) agus pointe (o);

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (p):

“(p)

ciallaíonn ‘sonraí pearsanta riaracháin’ na sonraí pearsanta a phróiseálann Europol seachas sonraí pearsanta oibríochtúla;”

(c)

cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

“(q)

ciallaíonn ‘sonraí imscrúdaitheacha’ sonraí a bhfuil Ballstát, Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) a bunaíodh le Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle (*1), Eurojust nó tríú tír údaraithe a phróiseáil in imscrúdú coiriúil atá ar siúl a bhaineann le Ballstát amháin nó níos mó, i gcomhréir le ceanglais nós imeachta agus coimircí is infheidhme faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta, a chuir Ballstát, OIPE, Eurojust nó tríú tír faoi bhráid Europol chun tacú le himscrúdú coiriúil den sórt sin a leanann go fóill agus ina bhfuil sonraí pearsanta nach mbaineann leis na catagóirí d’ábhair sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II;

(r)

ciallaíonn ‘ábhar sceimhlitheoireachta’ ábhar sceimhlitheoireachta mar a shainmhínítear é in Airteagal 2, pointe (7), de Rialachán (AE) 2021/784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2);

(s)

ciallaíonn ‘ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne’ ábhar ar line ar pornagrafaíocht leanaí é mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (c) de Threoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3) nó léiriú pornagrafach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (e), den Treoir sin;

(t)

ciallaíonn ‘géarchéim ar líne’ scaipeadh ábhair ar líne a eascraíonn as fíortheagmhais atá fós sa siúl nó a tharla le déanaí, ina dtaispeántar díobháil á déanamh don bheatha nó do shláine choirp, nó ina n-iarrtar go ndéanfaí díobháil don bheatha nó do shláine choirp go luath, agus darb aidhm, nó darb éifeacht, pobal a imeaglú go tromchúiseach, ar choinníoll go bhfuil nasc leis an sceimhlitheoireacht nó leis an antoisceachas foréigneach nó ina bhfuil amhras réasúnach ann faoin nasc sin agus go bhfuiltear ag súil le féidearthacht iolrú easpónantúil agus mearscaipeadh an ábhair sin ar fud roinnt soláthraithe seirbhíse ar líne;

(u)

ciallaíonn ‘catagóir aistrithe sonraí pearsanta’ grúpa aistrithe sonraí pearsanta i gcás ina mbaineann na sonraí leis an gcás sonrach céanna, agus ina inarb éard atá sna haistrithe na catagóirí céanna sonraí pearsanta agus na catagóirí céanna d’ábhair sonraí;

(v)

ciallaíonn ‘tionscadail taighde agus nuálaíochta’ tionscadail a bhaineann le hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo le haghaidh algartaim a fhorbairt, a oiliúint, a thástáil agus a bhailíochtú chun uirlisí sonracha agus tionscadail taighde agus nuálaíochta shonracha eile a cheapadh is ábhartha chun cuspóirí Europol a bhaint amach.

(*1)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1)."

(*2)  Rialachán (AE) 2021/784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le haghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne (IO L 172, 17.5.2021, lch. 79)."

(*3)  Treoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí a chomhrac, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2004/68/CGB ón gComhairle (IO L 335, 17.12.2011, lch. 1).”;"

(2)

Leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach

“(ha)

tacaíocht riaracháin agus airgeadais a sholáthar d’aonaid speisialta idirghabhála na mBallstát dá dtagraítear i gCinneadh 2008/617/CGB ón gComhairle (*4);

(*4)  Cinneadh 2008/617/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le feabhas a chur ar an gcomhar idir aonaid idirghabhála speisialta Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i gcásanna géarchéime (IO L 210, 6.8.2008, lch. 73).”;"

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (j):

“(j)

comhoibriú le comhlachtaí de chuid an Aontais a bunaíodh ar bhonn Theideal V CFAE, le OLAF agus le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) a bunaíodh le Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5), go háirithe trí fhaisnéis a mhalartú agus trí thacaíocht anailíseach i réimsí a thagann laistigh dá n-inniúlachtaí faoi seach a sholáthar dóibh;

(*5)  Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 (an Gníomh um Chibearshlándáil)) (IO L 151, 7.6.2019, lch. 15).”;"

(iii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (m):

“(m)

tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát chun na cineálacha coireachta a liostaítear in Iarscríbhinn I a chosc agus a chomhrac, ar cineálacha iad a éascaítear, a chuirtear chun cinn nó a dhéantar trí úsáid a bhaint as an idirlíon, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas:

(i)

cúnamh a thabhairt d’údaráis inniúla na mBallstát, arna iarraidh sin dóibh, freagairt do chibir-ionsaithe de bhunús coiriúil amhrasta;

(ii)

comhoibriú le húdaráis inniúla na mBallstát maidir le horduithe baint anuas i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2021/784; agus

(iii)

ábhar ar líne a atreorú chuig na soláthraithe seirbhísí ar líne lena mbaineann chun go ndéanfaidh siad é a mheas, go deonach, maidir le comhoiriúnacht an ábhair sin lena dtéarmaí agus lena gcoinníollacha féin;”;

(iv)

cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

“(r)

tacú leis na Ballstáit daoine a shainaithint arb ionann a ngníomhaíochtaí coiriúla agus na cineálacha coireachta a liostaítear in Iarscríbhinn I, agus is ardriosca slándála iad;

(s)

imscrúduithe comhpháirteacha, comhordaithe agus tosaíochta a éascú i ndáil le daoine dá dtagraítear i bpointe (r);

(t)

tacú leis na Ballstáit próiseáil a dhéanamh ar shonraí arna soláthar ag tríú tíortha nó ag eagraíochtaí idirnáisiúnta do Europol maidir le daoine atá rannpháirteach i sceimhlitheoireacht nó i gcoireacht thromchúiseach agus moladh a dhéanamh go bhféadfadh na Ballstáit, dá rogha féin agus faoi réir fíoraithe agus anailíse na sonraí sin, foláirimh faisnéise ar náisiúnaigh thríú tíortha a iontráil chun leas an Aontais (‘foláirimh faisnéise’) i gCóras Faisnéise Schengen (CFS), i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6);

(u)

tacaíocht a sholáthar do chur i bhfeidhm an tsásra measúnaithe agus faireacháin chun chur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú faoi Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013, faoi chuimsiú chuspóirí Europol, trí shaineolas agus anailísí a sholáthar, i gcás inarb ábhartha;

(v)

faireachán réamhghníomhach a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta is ábhartha chun cuspóirí Europol a bhaint amach agus rannchuidiú leis na gníomhaíochtaí sin trí thacú le gníomhaíochtaí gaolmhara na mBallstát agus trí na gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta dá chuid a chur chun feidhme, lena n-áirítear tionscadail le haghaidh forbairt, oiliúint, tástáil agus bailíochtú algartam chun uirlisí sonracha a fhorbairt lena n-úsáid ag údaráis forfheidhmithe dlí, agus torthaí na ngníomhaíochtaí a scaipeadh ar na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 67;

(w)

rannchuidiú le sineirgí a chruthú idir gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta chomhlachtaí an Aontais, is ábhartha do chuspóirí Europol a bhaint amach, lena n-áirítear trí Mhol Nuálaíochta an Aontais Eorpaigh um Shlándáil Inmheánach, agus i ndlúthchomhar leis na Ballstáit;

(x)

tacaíocht a thabhairt, arna iarraidh sin dóibh, do ghníomhaíochtaí na mBallstát agus aghaidh á tabhairt acu ar ghéarchéimeanna ar líne, go háirithe tríd an bhfaisnéis is gá a sholáthar do pháirtithe príobháideacha chun ábhar ábhartha ar líne a shainaithint;

(y)

tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát chun aghaidh a thabhairt ar scaipeadh ar line ábhair mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne;

(z)

comhoibriú, i gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir (AE) 2019/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*7), le hAonaid um Fhaisnéis Airgeadais (AFAnna) arna mbunú de bhun Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*8), trí aonad náisiúnta ábhartha Europol nó, má cheadaíonn an Ballstát ábhartha é, trí theagmháil dhíreach leis na AFAnna, go háirithe trí mhalartú faisnéise agus trí anailísí a sholáthar do na Ballstáit chun tacú le himscrúduithe trasteorann ar ghníomhaíochtaí sciúrtha airgid na n-eagraíochtaí coiriúla trasnáisiúnta agus ar mhaoiniú na sceimhlitheoireachta;

(*6)  Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún (IO L 312, 7.12.2018, lch. 56)."

(*7)  Treoir (AE) 2019/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena leagtar síos rialacha lena n-éascaítear úsáid faisnéise airgeadais agus faisnéise eile chun coireanna coiriúla áirithe a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2000/642/CGB ón gComhairle (IO L 186, 11.7.2019, lch. 122)."

(*8)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).”;"

(v)

cuirtear na fomhíreanna seo a leanas leis:

“Ionas go bhféadfaidh Ballstát na Ballstáit eile agus Europol a chur ar an eolas, laistigh de thréimhse 12 mhí ón uair a mhol Europol go bhféadfar foláirimh faisnéise dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (t) a iontráil, maidir le toradh fhíorú agus anailís na sonraí agus maidir le cibé acu a iontráladh nó nár iontráladh foláireamh isteach in CFS nó nár, cuirfear sásraí tuairiscithe tréimhsiúil i bhfeidhm;

Cuirfidh na Ballstáit Europol ar an eolas maidir le haon fholáirimh faisnéise a cuireadh isteach in CFS agus maidir le haon amas ar na foláirimh faisnéise sin, agus féadfaidh siad, trí Europol, an tríú tír nó an eagraíocht idirnáisiúnta a sholáthair na sonraí as a dtagann an foláireamh faisnéise a chur ar an eolas, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/1862.”;

(b)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt:

“Cuideoidh Europol freisin leis na tosaíochtaí sin a chur chun feidhme go hoibríochtúil, go háirithe ar an t-Ardán Eorpach Ildisciplíneach i gCoinne Bagairtí Coiriúla (Empact), lena n-áirítear trí thacaíocht riaracháin, lóistíochtúil, airgeadais agus oibríochtúil a éascú agus a sholáthar do ghníomhaíochtaí oibríochtúla agus straitéiseacha a stiúrann na Ballstáit.”;

(c)

i mír 3, cuirtear an abairt seo a leanas léi:

“Soláthróidh Europol anailísí um measúnú a bh-agairtí freisin bunaithe ar an bhfaisnéis atá aige maidir le feiniméin agus treochtaí coireachta chun tacú leis an gCoimisiún agus na Ballstáit agus measúnuithe riosca á ndéanamh acu.”;

(d)

cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

“4a.   Tabharfaidh Europol cúnamh do na Ballstáit agus don Choimisiún agus mórthéamaí taighde á sainaithint acu.

Cuideoidh Europol leis an gCoimisiún chun cláir réime an Aontais um ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta is ábhartha chun cuspóirí Europol a bhaint amach a tharraingt suas agus a chur chun feidhme.

I gcás inarb iomchuí, féadfaidh Europol torthaí a chuid gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a scaipeadh mar chuid dá rannchuidiú le sineirgí a chruthú idir gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta comhlachtaí ábhartha an Aontais i gcomhréir le mír 1, an chéad fhomhír, pointe (w).

Déanfaidh Europol na bearta uile is gá chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint. Ní bhfaighidh Europol maoiniú ó chlár réime ar leith de chuid an Aontais i gcás ina gcuidíonn sé leis an gCoimisiún i ndáil le príomhthéamaí taighde a shainaithint agus i ndáil leis an gclár sin a tharraingt suas agus a chur chun feidhme.

Agus gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta á gceapadh agus á gcoincheapú aige maidir le gnóthaí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, féadfaidh Europol, i gcás inarb iomchuí, dul i gcomhairle leis an Airmheán Comhpháirteach Taighde de chuid an Choimisiúin.

4b.   Tacóidh Europol leis na Ballstáit, a mhéid a bhaineann leis na himpleachtaí a mbeifear ag súil leo don tslándáil, chun cásanna sainiúla d’infheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontais a scagadh faoi Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*9) a bhaineann le gnóthais a sholáthraíonn teicneolaíochtaí, lena n-áirítear bogearraí, arna n-úsáid ag Europol chun coireanna a thagann faoi chuimsiú chuspóirí Europol a chosc agus a imscrúdú.

(*9)  Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 lena gcuirtear ar bun creat maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a scagadh (IO L 79 I, 21.3.2019, lch. 1).”;"

(e)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   Ní chuirfidh Europol bearta comhéigneacha i bhfeidhm agus a chuid cúraimí á gcur i gcrích aige.

Féadfaidh baill foirne Europol tacaíocht oibríochtúil a sholáthar d’údaráis inniúla na mBallstát le linn dóibh bearta imscrúdaitheacha a fhorghníomhú, arna iarraidh sin dóibh agus i gcomhréir lena ndlí náisiúnta, go háirithe trí mhalartú faisnéise trasteorann a éascú, trí thacaíocht fhóiréinseach agus theicniúil a sholáthar agus trí bheith i láthair nuair a dhéantar na bearta sin a fhorghníomhú. Ní bheidh sé de chumhacht ag foireann Europol féin bearta imscrúdaitheacha a fhorghníomhú.”;

(f)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“5a.   Urramóidh Europol na cearta agus na saoirsí bunúsacha a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘An Chairt’) i gcomhlíonadh a chúraimí.”;

(3)

leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

(a)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“1a.   Gan dochar do mhír 1, i gcás ina measfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin gur cheart imscrúdú coiriúil a thionscnamh ar choir shonrach nach mbaineann ach le Ballstát amháin ach lena ndéantar difear do leas coiteann atá ina ábhar do bheartas de chuid an Aontais, is féidir leis an Stiúrthóir a mholadh d’údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann, trína aonad náisiúnta, imscrúdú coiriúil den sórt sin a thionscnamh, a dhéanamh nó a chomhordú.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Cuirfidh na haonaid náisiúnta Europol, maidir le haon iarraidh arna déanamh de bhun mhír 1, nó an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, maidir le haon togra arna dhéanamh de bhun mhír 1a, ar an eolas maidir le cinneadh údaráis inniúla na mBallstát, gan moill mhíchuí.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Cuirfidh Europol Eurojust, agus i gcás inarb ábhartha, OIPE, ar an eolas láithreach faoi aon iarraidh arna déanamh de bhun mhír 1, faoin aon thogra arna dhéanamh de bhun mhír 1a agus faoi aon chinneadh arna dhéanamh ag údarás inniúil de chuid Ballstáit de bhun mhír 2.”;

(4)

in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

“8.   Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh a gcuid AFAnna, laistigh de theorainneacha a shainordaithe agus a zinniúlachta agus faoi réir a choimircí nós imeachta naisiúnta, i dteideal freagra a thabhairt ar iarrataí a bhfuil údar cuí leo a dhéanann Europol i gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir (AE) 2019/1153 maidir le faisnéis airgeadais agus anailísí airgeadais, trí aonaid náisiúnta Europol nó má cheadaíonn an Ballstát dó sin, trí theagmháil dhíreach idir FIU agus Europol.”

(5)

leasaítear Airteagal 11(1) mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

doiciméad clársceidealaithe aonair amháin, dá dtagraítear in Airteagal 32 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún (*10), a ghlacadh gach bliain, trí thromlach dhá thrian dá chuid comhaltaí agus i gcomhréir le hAirteagal 12 den Rialachán seo.

(*10)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais do chomhlachtaí arna gcur ar bun faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 122, 10.5.2019, lch. 1).”;"

(b)

cuirtear na pointí seo a leanas leis:

“(v)

an tOifigeach um Chearta Bunúsacha dá dtagraítear in Airteagal 41c a ainmniú;

(w)

na critéir ar ar a mbonn a bhféadfaidh Europol tograí a eisiúint maidir leis an bhféidearthacht foláirimh a iontráil in CFS.”;

(6)

leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta, faoin 30 Samhain gach bliain, doiciméad clársceidealaithe aonair ina mbeidh clársceidealú ilbhliantúil agus clár oibre bliantúil Europol, ar bhonn dréacht arna chur ar aghaidh ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ag cur san áireamh dó tuairim an Choimisiúin agus, a mhéid a bhaineann leis an gclársceidealú ilbhliantúil, déanfaidh sé é sin tar éis dó dul i gcomhairle leis an nGrúpa um Ghrinnscrúdú Parlaiminteach Comhpháirteach (GGPC).

I gcás ina gcinnfidh an Bord Bainistíochta gan an tuairim ón gCoimisiún dá dtagraítear sa chéad fhomhír, a chur san áireamh, go hiomlán nó go páirteach, tabharfaidh Europol údar críochnúil leis sin.

I gcás ina gcinnfidh an Bord Bainistíochta gan na nithe a d’ardaigh GGPC i gcomhréir le hAirteagal 51(2), pointe (c), a chur san áireamh, tabharfaidh Europol údar críochnúil leis sin.

Nuair a bheidh an doiciméad clársceidealaithe aonair glactha ag an mBord Bainistíochta, cuirfidh sé an doiciméad ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig GGPC.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2, an chéad fhomhír:

“Leagfar amach sa chlársceidealú ilbhliantúil an clársceidealú straitéiseach foriomlán, lena n-áirítear na cuspóirí, na torthaí lena bhfuiltear ag súil agus na táscairí feidhmíochta. Leagfar amach ann freisin an phleanáil acmhainní, lena n-áirítear an buiséad ilbhliantúil agus an plean bunaíochta. Áireofar ann an straitéis le haghaidh caidreamh le tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta agus na gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta atá beartaithe ag Europol.”;

(7)

in Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Féadfaidh an Bord Bainistíochta cuireadh a thabhairt d’aon duine a bhféadfadh go mbeadh a thuairim ábhartha don phlé freastal ar chruinnithe mar bhreathnóir gan ceart vótála.

Tabharfar cuireadh do bheirt ionadaithe ó GGPC chuig dhá ghnáthchruinniú de chuid an Bhoird Bainistíochta in aghaidh na bliana mar bhreathnóirí gan cearta vótála chun na hábhair seo a leanas ar díol spéise polaitiúla iad a phlé:

(a)

an tuarascáil ghníomhaíochta bhliantúil chomhdhlúite dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (c), don bhliain roimhe sin;

(b)

an doiciméad clársceidealaithe aonair dá dtagraítear in Airteagal 12 don bhliain ina dhiaidh agus an buiséad bliantúil;

(c)

ceisteanna agus freagraí i scríbhinn ó GGPC;

(d)

cúrsaí a bhaineann leis an gcaidreamh seachtrach agus le comhpháirtíochtaí.

Féadfaidh an Bord Bainistíochta, in éineacht le hionadaithe GGPC, a chinneadh cad iad na hábhair eile ar díol spéise polaitiúla iad a bheidh le plé ag na cruinnithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír.”;

(8)

leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Féadfaidh an Chomhairle nó GGPC cuireadh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuairisc a thabhairt maidir le feidhmiú a chuid dualgas nó a cuid dualgas.”;

(b)

leasaítear mír 5 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

“(d)

an dréacht-doiciméad clársceidealaithe aonair dá dtagraítear in Airteagal 12 a ullmhú agus é a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún agus le GGPC;”;

(ii)

cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“(oa)

an Bord Bainistíochta a chur ar an eolas maidir leis na meabhráin tuisceana arna síniú le páirtithe príobháideacha;”;

(9)

leasaítear Airteagal 18 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 2 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

“(d)

malartú faisnéise a éascú idir na Ballstáit, Europol, comhlachtaí eile de chuid an Aontais, tríú tíortha, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus páirtithe príobháideacha;”;

(ii)

cuirtear na pointí seo a leanas leis:

“(e)

tionscadail taighde agus nuálaíochta;

(f)

tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit, arna iarraidh sin dóibh, chun an pobal a chur ar an eolas maidir le daoine atá faoi amhras nó daoine ciontaithe a bhfuiltear sa tóir orthu bunaithe ar chinneadh breithiúnach a bhaineann le coir a thagann faoi chuimsiú chuspóirí Europol, agus é a éascú don phobal faisnéis maidir leis na daoine sin a sholáthar do na Ballstáit agus do Europol.”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“3a.   Más gá chun cuspóirí thionscadail taighde agus nuálaíochta Europol a bhaint amach, ní dhéanfar sonraí pearsanta a phróiseáil chun na críche sin ach i gcomhthéacs thionscadail taighde agus nuálaíochta Europol a mbeidh cuspóirí agus cuspóirí arna sainiú go soiléir acu, agus trína mbíthin sin amháin, agus beidh an phróiseáil sin i gcomhréir le hAirteagal 33a.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   Gan dochar d’Airteagal 8(4), Airteagal 18(2), pointe (e), Airteagal 18a, agus próiseáil sonraí de bhun Airteagal 26(6c) i gcás ina n-úsáidtear bonneagar Europol le haghaidh malartuithe déthaobhacha sonraí pearsanta agus nach bhfuil rochtain ag Europol ar inneachar na sonraí, liostaítear in Iarscríbhinn II catagóirí de shonraí pearsanta agus catagóirí d’ábhair sonraí ar féidir a gcuid sonraí a bhailiú agus a phróiseáil chun críocha mhír 2 den Airteagal seo.”;

(d)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“5a.   I gcomhréir le hAirteagal 73 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*11), déanfaidh Europol, i gcás inarb infheidhme agus a mhéid is féidir, idirdhealú soiléir idir na sonraí pearsanta a bhaineann leis na catagóirí éagsúla d’ábhair sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II.

(*11)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).”;"

(e)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6.   Féadfaidh Europol sonraí a phróiseáil ar bhonn sealadach chun a chinneadh an bhfuil sonraí den sórt sin ábhartha dá chúraimí agus, má tá, chun na críocha dá dtagraítear i mír 2 dá bhfuil siad ábhartha a chinneadh. Ní rachaidh an teorainn ama chun sonraí den sórt sin a phróiseáil thar 6 mhí ón uair a gheofar na sonraí sin.”;

(f)

cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

“6a.   Sula ndéanfar sonraí a phróiseáil de bhun mhír 2 den Airteagal seo, i gcás inar fíorghá sin chun a chinneadh an gcomhlíontar mír 5 den Airteagal seo le sonraí pearsanta, agus chun na críche sin amháin, féadfaidh Europol próiseáil shealadach a dhéanamh ar shonraí pearsanta a sholáthrófar dó de bhun Airteagal 17(1) agus (2), lena n-áirítear trí na sonraí sin a sheiceáil i gcoinne na sonraí uile a phróiseálann Europol cheana i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo.

Déanfaidh Europol sonraí a phróiseáil de bhun na chéad fhomhíre le haghaidh tréimhse nach faide ná 18 mí ón uair a chinneann Europol go dtagann na sonraí sin faoi chuimsiú a chuspóirí, nó i gcásanna lena mbaineann bonn cirt, le haghaidh tréimhse is faide, i gcás inar gá chun críoch an Airteagail seo. Cuirfidh Europol MECS ar an eolas faoi aon fhadú ar an tréimhse próiseála. Ní rachaidh uastréimhse na próiseála de bhun na chéad fhomhíre thar 3 bliana. Déanfar sonraí pearsanta den sórt sin a choimeád deighilte go feidhmiúil ó shonraí eile.

I gcás ina gcinnfidh Europol nach gcomhlíontar mír 5 leis na sonraí pearsanta sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, scriosfaidh Europol na sonraí sin, agus, i gcás inarb iomchuí, cuirfidh sé soláthraí na sonraí sin a scriosadh ar an eolas dá réir sin.

6b.   Ag gníomhú dó ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, tar éis dul i gcomhairle le MECS agus aird chuí á tabhairt ar na prionsabail dá dtagraítear in Airteagal 71 de Rialachán (AE) 2018/1725, sonróidh an Bord Bainistíochta na coinníollacha a bhaineann le próiseáil na sonraí sin dá dtagraítear i mír 6 agus mír 6a den Airteagal seo, go háirithe a mhéid a bhaineann le soláthar, rochtain agus úsáid na sonraí sin, chomh maith leis na teorainneacha ama a bheidh ann maidir le sonraí den sórt sin a stóráil agus a scriosadh, ar teorainneacha ama iad nach rachaidh thar na teorainneacha ama a leagtar amach i mír 6 agus mír 6a den Airteagal seo.”;

(10)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 18a

Sonraí pearsanta a phróiseáil chun tacú le himscrúdú coiriúil

1.   I gcás inar gá é chun tacú le himscrúdú coiriúil sonrach a leanann go fóill a thagann faoi chuimsiú chuspóirí Europol, féadfaidh Europol sonraí pearsanta nach mbaineann leis na catagóirí d’ábhair sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II a phróiseáil sna cásanna a leanas:

(a)

má sholáthraíonn Ballstát, OIPE nó Eurojust sonraí imscrúdaitheacha do Europol de bhun Airteagal 17(1), pointe (a) nó pointe (b), agus má iarrann sé ar Europol tacú leis an imscrúdú sin:

(i)

trí bhíthin anailís oibríochtúil de bhun Airteagal 18(2), pointe (c); nó

(ii)

i gcásanna eisceachtúla agus cuí-réasúnaithe, trí chros-seiceáil de bhun Airteagal 18(2), pointe (a);

(b)

má mheasann Europol nach féidir an anailís oibríochtúil a dhéanamh de bhun Airteagal 18(2), pointe (c) nó nach féidir an chros-seiceáil a dhéanamh de bhun Airteagal 18(2), pointe (a), chun tacú leis an imscrúdú sin gan sonraí pearsanta nach gcomhlíontar riachtanais Airteagal 18(5) leo a phróiseáil.

Déanfar torthaí an mheasúnaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), a thaifeadadh agus a sheoladh chuig MECS mar eolas nuair a scoireann Europol de bheith ag tacú leis an imscrúdú dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

2.   Nuair nach bhfuil an Ballstát dá dtagraitear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (a), údaraithe a thuilleadh na sonraí a phróiseáil san imscrúdú coiriúil sonrach a leanann gó fóill, dá dtagraítear i mír 1, i gcomhréir leis na ceanglais agus coimircí nós imeachta faoina dhlí náisiúnta is infheidhme, cuirfidh sé Europol ar an eolas faoi.

I gcás ina sholáthróidh OIPE nó Eurojust sonraí imscrúdaitheacha do Europol, agus i gcás nach bhfuil siad údaraithe a thuilleadh na sonraí sin a phróiseáil san imscrúdú coiriúil sonrach a leanann gó fóill, dá dtagraítear i mír 1, i gcomhréir le ceanglais agus coimircí nós imeachta is infheidhme faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta, cuirfidh siad Europol ar an eolas faoi.

3.   Chomh fada agus a thacaíonn Europol leis an imscrúdú coiriúil sonrach a leanann go fóill dár soláthraíodh na sonraí imscrúdaitheacha i gcomhréir le mír 1, an chéad fhomhír, pointe (a), den Airteagal seo, is féidir le Europol, chun tacú leis an imscrúdú sin agus chun na críche sin amháin, sonraí imscrúdaitheacha a phróiseáil i gcomhréir le hAirteagal 18(2).

4.   Féadfaidh Europol na sonraí imscrúdaitheacha dár soláthraíodh i gcomhréir le mír 1, an chéad fhomhír, pointe (a), agus torthaí a chuid próiseála arna déanamh ar na sonraí sin a stóráil tar éis na tréimhse próiseála a leagtar amach i mír 3, arna iarraidh sin do sholáthraí na sonraí imscrúdaitheacha sin, chun fírinneacht, iontaofacht agus inrianaitheacht phróiseas na faisnéise coiriúla a áirithiú agus chun na críche sin amháin, agus gan ach chomh fada agus a bheidh na himeachtaí breithiúnacha a bhaineann leis an imscrúdú coiriúil sonrach sin dár soláthraíodh na sonraí ar siúl.

Féadfaidh soláthraithe na sonraí imscrúdaitheacha dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (a), nó, lena dtoil, Ballstát ina bhfuil imeachtaí breithiúnacha a bhaineann le himscrúdú coiriúil gaolmhar a leanann go fóill, a iarraidh ar Europol na sonraí imscrúdaitheacha agus torthaí a chuid anailíse oibríochtúla ar na sonraí sin a stóráil tar éis na tréimhse próiseála a leagtar amach i mír 3, chun fírinneacht, iontaofacht agus inrianaitheacht phróiseas na faisnéise coiriúla a áirithiú, agus gan ach chomh fada agus a bheidh na himeachtaí breithiúnacha a bhaineann le himscrúdú coiriúil gaolmhar ar siúl sa Bhallstát eile sin.

5.   Gan dochar do phróiseáil sonraí pearsanta faoi Airteagal 18(6a), déanfar sonraí pearsanta nach mbaineann leis na catagóirí d’ábhair sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II a choimeád deighilte go feidhmiúil ó shonraí eile agus ní cheadófar iad a phróiseáil ach i gcás inar comhréireach agus inar gá sin chun críocha mhír 3, mhír 4 agus mhír 6 den Airteagal seo.

Déanfaidh an Bord Bainistíochta, ag gníomhú dó ar mholadh ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus tar éis dul i gcomhairle le MECS, na coinníollacha a bhaineann le soláthar agus próiseáil sonraí pearsanta i gcomhréir le mír 3 agus mír 4 a shonrú.

6.   Beidh feidhm freisin ag míreanna 1 go 4 den Airteagal seo i gcás ina soláthraíonn tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 25(1), pointe (a), (b), nó (c), nó in Airteagal 25(4a), sonraí pearsanta do Europol agus ina soláthraíonn an tríú tír sin sonraí imscrúdaitheacha do Europol le haghaidh anailís oibríochtúil lena rannchuidítear le himscrúdú coiriúil sonrach i mBallstát amháin nó níos mó lena dtacaíonn Europol, ar choinníoll go bhfuair an tríú tír na sonraí i gcomhthéacs imscrúdú coiriúil i gcomhréir leis na ceanglais agus na coimircí nós imeachta is infheidhme faoina dlí náisiúnta coiriúil.

I gcás ina soláthróidh tríú tír sonraí imscrúdaitheacha do Europol i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, féadfaidh an tOifigeach Cosanta Sonraí, i gcás inarb iomchuí, fógra a thabhairt do MECS ina leith.

Fíoróidh Europol nach bhfuil an méid sonraí pearsanta dá dtagraítear sa chéad fhomhír díréireach go follasach i ndáil leis an imscrúdú coiriúil sonrach sa Bhallstát lena mbaineann. I gcás ina gcinnfidh Europol go bhfuil comhartha ann go bhfuil na sonraí díréireach go follasach nó go bhfuarthas iad agus cearta bunúsacha á sárú go follasach, ní dhéanfaidh Europol na sonraí a phróiseáil agus scriosfaidh sé iad.

Ní dhéanfaidh Europol sonraí pearsanta a phróiseáiltear de bhun na míre seo a rochtain ach amháin i gcás inar gá sin chun tacú leis an imscrúdú coiriúil sonrach dár soláthraíodh iad. Ní dhéanfar na sonraí pearsanta sin a chomhroinnt ach amháin laistigh den Aontas.”;

(11)

in Airteagal 19, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2:

“1.   Is Ballstát, comhlacht de chuid an Aontais, tríú tír nó eagraíocht idirnáisiúnta a sholáthraíonn faisnéis do Europol a chinnfidh an chríoch nó na críocha dá ndéanfar próiseáil ar an bhfaisnéis sin, i gcomhréir le hAirteagal 18.

I gcás nach gcomhlíonann soláthraí faisnéise dá dtagraítear sa chéad fhomhír an fhomhír sin, déanfaidh Europol, i gcomhaontú le soláthraí na faisnéise lena mbaineann, an fhaisnéis a phróiseáil chun ábharthacht na faisnéise sin a chinneadh, agus chun an chríoch nó na críocha dá ndéanfar tuilleadh próiseála uirthi a chinneadh freisin.

Ní dhéanfaidh Europol próiseáil ar fhaisnéis le haghaidh cuspóir atá difriúil ón gcuspóir ar cuireadh an fhaisnéis ar fáil ach amháin i gcás ina dtabharfaidh soláthraí na faisnéise údarás dó déanamh amhlaidh.

Faisnéis a sholáthraítear chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 18(2), pointí (a) go (d), féadfaidh Europol iad a phróiseáil freisin chun críoch Airteagal 18(2), pointe (e), i gcomhréir le hAirteagal 33a.

2.   Féadfaidh na Ballstáit, comhlachtaí de chuid an Aontais, tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, tráth a sholáthrófar faisnéis do Europol, aon srian ar rochtain uirthi nó ar an úsáid atá le baint aisti a chur in iúl, i dtéarmaí ginearálta nó i dtéarmaí sonracha, lena n-áirítear maidir le haistriú, tarchur, léirscriosadh nó díothú na faisnéise sin. I gcás ina mbeidh sé soiléir go bhfuil gá le srianta den sórt sin tar éis an fhaisnéis a sholáthar, cuirfidh siad Europol ar an eolas dá réir. Cloífidh Europol leis na srianta sin.”;

(12)

leasaítear Airteagal 20 mar a leanas:

(a)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“2a.   Faoi chuimsiú tionscadail anailíse oibríochtúla dá dtagraítear in Airteagal 18(3) agus faoi réir na rialacha agus na gcoimircí maidir le próiseáil sonraí pearsanta a leagtar amach sa Rialachán seo, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh an fhaisnéis a dhéanfaidh Europol inrochtana go díreach ag Ballstáit roghnaithe eile le haghaidh anailís oibríochtúil chomhpháirteach in imscrúduithe sonracha a leanann go fóill, gan dochar d’aon srianta a shonraítear de bhun Airteagal 19(2), agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach sna treoirlínte dá dtagraítear in Airteagal 18(7) á leanúint.”;

(b)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh:

“3.   I gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ní dhéanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, mír 2 agus mír 2a a rochtain ná a phróiseáil a thuilleadh ach chun an méid seo a leanas a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh:”;

(13)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 20a

Caidreamh le hOifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Eorpaigh

1.   Déanfaidh Europol caidreamh dlúth a bhunú agus a choimeád le OIPE. Faoi chuimsiú an chaidrimh sin, gníomhóidh Europol agus OIPE laistigh dá sainorduithe agus dá n-inniúlachtaí féin faoi seach. Chun na críche sin, tabharfaidh siad socrú oibre chun críche lena leagtar amach módúlachtaí an chomhair dá gcuid.

2.   Arna iarraidh sin do OIPE i gcomhréir le hAirteagal 102 de Rialachán (AE) 2017/1939, tacóidh Europol le himscrúduithe OIPE agus comhoibreoidh sé léis, trí fhaisnéis agus tacaíocht anailíseach a sholáthar, go dtí go gcinnfidh OIPE an ndéanfar an cás a ionchúiseamh nó a dhiúscairt.

3.   Chun faisnéis a sholáthar do OIPE faoi mhír 2 den Airteagal seo, déanfaidh Europol gach beart iomchuí chun a chur ar chumas OIPE rochtain indíreach a bheith aige ar bhonn córais ‘amas a fháil/gan amas a fháil’ ar shonraí a bhaineann le cionta a thagann faoi inniúlacht OIPE, dá bhforáiltear chun críocha Airteagal 18(2), pointe (a), pointe (b) agus pointe (c). Ní thabharfaidh an córas ‘amas a fháil/gan amas a fháil’ fógra ach amháin do Europol i gcás amais agus gan dochar d’aon srianta arna sonrú de bhun Airteagal 19(2) ag na soláthraithe faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 19(1).

I gcás amais, tionscnóidh Eurojust an nós imeachta trína bhféadfar an fhaisnéis ba chúis leis an mbrath a chomhroinnt, i gcomhréir leis an gcinneadh ó sholáthraí na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 19(1), agus sa mhéid gurb ábhartha na sonraí is cúis leis an amas don iarraidh a rinneadh de bhun mhír 2 den Airteagal seo.

4.   Tuairisceoidh Europol, gan moill mhíchuí, do OIPE aon iompar coiriúil a bhféadfadh OIPE a inniúlacht a fheidhmiú ina leith i gcomhréir le hAirteagal 22 agus Airteagal 25(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2017/1939 agus gan dochar d’aon srianta arna sonrú de bhun Airteagal 19(2) den Rialachán seo ag soláthraí na faisnéise.

I gcás ina dtuairisceoidh Europol do OIPE faoin gcéad fhomhír, tabharfaidh Europol fógra gan mhoill do na Ballstáit lena mbaineann.

I gcás inar sholáthair Ballstát faisnéis a bhaineann le hiompar coiriúil a bhféadfadh OIPE a hinniúlacht a fheidhmiú ina leith do Europol a léirigh srianta le húsáid na faisnéise sin de bhun Airteagal 19(2) den Rialachán seo, tabharfaidh Europol fógra do OIPE gurb ann do na srianta sin agus cuirfidh sé an t-ábhar faoi bhráid an Bhallstáit lena mbaineann. Rachaidh an Ballstát lena mbaineann i dteagmháil go díreach le OIPE chun Airteagal 24(1) agus (4) de Rialachán (AE) 2017/1939 a chomhlíonadh.”;

(14)

in Airteagal 21, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“8.   Má aithníonn Europol, le linn dó faisnéis a phróiseáil i ndáil le himscrúdú sonrach coiriúil nó tionscadal taighde agus nuálaíochta, faisnéis is ábhartha do ghníomhaíocht neamhdhleathach fhéideartha a dhéanann difear do leas airgeadais an Aontais, soláthróidh Europol an fhaisnéis sin gan mhoill do OLAF gan dochar d’aon srianta arna sonrú de bhun Airteagal 19(2) ag an mBallstát a sholáthair an fhaisnéis.

Nuair a soláthróidh Europol faisnéis do OLAF faoin gcéad fhomhír, tabharfaidh Europol fógra gan mhoill do na Ballstáit lena mbaineann.”;

(15)

in Airteagal 23, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

“7.   Beidh cosc ar Bhallstáit, ar chomhlachtaí de chuid an Aontais, ar thríú tíortha, ar eagraíochtaí idirnáisiúnta nó ar pháirtithe príobháideacha sonraí pearsanta atá i seilbh Europol a aistriú ar aghaidh mura mbeidh údarú tugtha go sainráite ag Europol roimh ré.”;

(16)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Roinn 2:

Sonraí pearsanta a aistriú agus a mhalartú”;

(17)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 24:

“Airteagal 24

Tarchur sonraí pearsanta chuig comhlachtaíde chuid an Aontais

1.   Ní dhéanfaidh Europol sonraí pearsanta a tharchur chuig comhlacht de chuid an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 71(2) de Rialachán (AE) 2018/1725 faoi réir aon srianta breise de bhun an Rialacháin seo, agus gan dochar d’Airteagal 67 den Rialachán seo, ach amháin má tá na sonraí sin comhréireach agus riachtanach i gcomhair fheidhmiú dlisteanach chúraimí an chomhlachta de chuid an Aontais a fhaigheann na sonraí pearsanta sin.

2.   Tar éis iarraidh ar tharchur sonraí pearsanta ó chomhlacht eile de chuid an Aontais, fíoróidh Europol inniúlacht an chomhlachta eile sin de chuid an Aontais. I gcás nach mbeidh Europol in ann a dheimhniú go bhfuil tarchur na sonraí pearsanta riachtanach i gcomhréir le mír 1, lorgóidh Europol tuilleadh faisnéise ón gcomhlacht iarrthach sin de chuid an Aontais.

Áiritheoidh an comhlacht iarrthach de chuid an Aontais gur féidir a fhíorú gur ghá na sonraí pearsanta a tharchur.

3.   Ní dhéanfaidh an comhlacht de chuid an Aontais a fhaigheann na sonraí pearsanta dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 a phróiseáil ach amháin chun na gcríoch dá ndearnadh iad a tharchur.”;

(18)

leasaítear Airteagal 25 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)

leasaítear an fhoclaíocht tosaigh mar a leanas:

“1.   Faoi réir srianta ar bith a shonraítear de bhun Airteagal 19(2) nó (3) agus gan dochar d’Airteagal 67, féadfaidh Europol sonraí pearsanta a aistriú chuig údaráis inniúla de chuid tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta, ar choinníoll go bhfuil an t-aistriú sin riachtanach chun go bhfeidhmeodh Europol a chúraimí, ar bhonn ceann amháin de na nithe seo a leanas:”;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

cinneadh ón gCoimisiún a ghlactar i gcomhréir le hAirteagal 36 de Threoir (AE) 2016/680, ar cinneadh é lena gcinntear go n-áirithíonn an tríú tír, críoch nó earnáil shonraithe amháin nó níos mó laistigh den tríú tír sin, nó an eagraíocht idirnáisiúnta i dtrácht leibhéal leordhóthanach cosanta (‘cinneadh leordhóthanachta’);”;

(b)

scriostar mír 3;

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“4a.   In éagmais cinneadh leordhóthanachta, féadfaidh an Bord Bainistíochta údarú a thabhairt do Europol sonraí pearsanta a aistriú chuig údarás inniúil de chuid tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta sna cásanna seo a leanas:

(a)

foráiltear do choimircí iomchuí i ndáil le sonraí pearsanta a chosaint in ionstraim atá ceangailteach ó thaobh dlí de, nó

(b)

tá measúnú déanta ag Europol ar na cúinsí ar fad a bhaineann le haistriú sonraí pearsanta agus chinn sé gurb ann do na coimircí iomchuí i ndáil leis na sonraí pearsanta a chosaint.”;

(d)

leasaítear mír 5 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh:

“De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, aistriú sonraí pearsanta nó catagóirí d’aistrithe sonraí pearsanta chuig údarás inniúil de chuid tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta a údarú de réir an cháis más rud é gur fíor an méid seo a leanas maidir leis an aistriú, nó leis an gcatagóir d’aistrithe:”;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

tá sé riachtanach leasanna dlisteanacha ábhair sonraí a chosaint;”;

(e)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

“8.   Cuirfidh Europol MECS ar an eolas faoi chatagóirí d’aistrithe faoi mhír 4a, pointe (b). I gcás ina ndéantar aistriú i gcomhréir le mír 4a nó 5, déanfar aistriú den sórt sin a dhoiciméadú agus cuirfear an doiciméadacht ar fáil do MECS arna iarraidh sin. Áireofar sna doiciméid taifead ar dháta agus ar am an aistrithe, agus faisnéis faoin údarás inniúil dá dtagraítear san Airteagal seo, faoin mbonn cirt leis an aistriú agus faoi na sonraí pearsanta a aistríodh.”;

(19)

leasaítear Airteagal 26 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

údarás de chuid tríú tír nó eagraíocht idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 25(1), pointe (a), (b) nó (c), nó in Airteagal 25(4a).”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   I gcás ina bhfaighidh Europol sonraí pearsanta go díreach ó thríú páirtithe, féadfaidh sé na sonraí pearsanta sin a phróiseáil i gcomhréir le hAirteagal 18 chun na haonaid náisiúnta uile lena mbaineann a shainaithint, dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), den Airteagal seo. Déanfaidh Europol na sonraí pearsanta agus torthaí ábhartha ar bith ar phróiseáil riachtanach na sonraí sin chun críche dlínse a shocrú a chur ar aghaidh chuig na haonaid náisiúnta lena mbaineann láithreach bonn. Féadfaidh Europol na sonraí pearsanta agus torthaí ábhartha ar phróiseáil riachtanach na sonraí sin chun críche dlínse a shocrú a chur ar aghaidh, i gcomhréir le hAirteagal 25 chuig pointí teagmhála agus chuig údaráis lena mbaineann, dá dtagraítear i mír 1, pointe (b) agus pointe (c), den Airteagal seo. Mura féidir le Europol aon aonaid náisiúnta lena mbaineann a shainaithint, nó más rud é go bhfuil na sonraí pearsanta ábhartha sainaitheanta curtha ar aghaidh aige cheana chuig na haonaid náisiúnta uile lena mbaineann faoi seach a sainaithníodh, agus mura bhfuil sé indéanta aonaid náisiúnta bhreise lena mbaineann a shainaithint, scriosfaidh sé na sonraí, mura gcuireann an t-aonad náisiúnta, pointe teagmhála nó údarás lena mbaineann na sonraí isteach arís chuig Europol i gcomhréir le hAirteagal 19(1) laistigh de 4 mhí tar éis an tarchuir nó an aistrithe.

Leagfar amach sna treoirlínte dá dtagraítear in Airteagal 18(7) critéir maidir le cibé an ionann nó nach ionann aonad náisiúnta Bhallstát bunaíochta an pháirtí phríobháidigh ábhartha agus aonad náisiúnta lena mbaineann.”;

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“2a.   Ní dhéanfaidh aon chomhoibriú a dhéanfaidh Europol le páirtithe príobháideacha dúbláil ar ghníomhaíochtaí AFAnna na mBallstát ná ní chuirfidh sé isteach ar na gníomhaíochtaí sin, ná ní bhainfidh sé le faisnéis atá le soláthar do AFAnna chun críocha Threoir (AE) 2015/849.”;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   I gcás ina bhfaigheann Europol sonraí pearsanta ó pháirtí príobháideach atá bunaithe i dtríú tír, ní chuirfidh Europol na sonraí sin agus torthaí a anailíse agus a fhíoraithe ar na sonraí sin ar aghaidh ach chuig Ballstát, nó chuig tríú tír lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagal 25(1), pointe (a), (b) nó (c) nó in Airteagal 25(4a).

Gan dochar don chéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh Europol na torthaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a aistriú chuig an tríú tír lena mbaineann de bhun Airteagal 25(5) nó (6).”;

(e)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5 agus mír 6:

“5.   Ní dhéanfaidh Europol sonraí pearsanta a tharchur ná a aistriú chuig páirtithe príobháideacha, seachas sna cásanna seo a leanas agus ar choinníoll go bhfuil fíorghá leis an tarchur nó an aistriú den sórt sin is agus go bhfuil sé comhréireach déanamh amhlaidh, a bheidh le cinneadh ar bhonn cás ar chás:

(a)

tá an tarchur nó an t-aistriú gan amhras chun leasa an ábhair sonraí;

(b)

tá géarghá leis an tarchur nó leis an aistriú ar mhaithe le coir atá ar tí a tharlú a chosc, agus sceimhlitheoireacht san áireamh, ar coir í a thagann faoi chuimsiú chuspóirí Europol;

(c)

tá géarghá le tarchur nó aistriú sonraí pearsanta atá ar fáil go poiblí chun an cúram dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (m), a chomhlíonadh agus comhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(i)

baineann an tarchur agus an t-aistriú le cás sonrach aonair;

(ii)

níl cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha na n-ábhar sonraí lena mbaineann níos tábhachtaí ná leas an phobail a d’éileodh go ndéanfaí na sonraí pearsanta sin a tharchur nó a aistriú sa chás lena mbaineann; nó

(d)

tá géarghá leis an tarchur nó leis an aistriú ionas gur féidir le Europol fógra a thabhairt don pháirtí príobháideach sin nach bhfuil an fhaisnéis a fuarthas imleor chun a chur ar chumas Europol na haonaid náisiúnta lena mbaineann a shainaithint, agus comhlíontar na coinníollacha a leanas:

(i)

déantar an tarchur nó an t-aistriú tar éis sonraí pearsanta a fháil go díreach ó pháirtí príobháideach i gcomhréir le mír 2;

(ii)

tá nasc soiléir idir an fhaisnéis atá in easnamh, dá bhféadfadh Europol tagairt a dhéanamh ina fhógra uaidh, agus an fhaisnéis a roinn an páirtí príobháideach sin roimhe seo;

(iii)

tá an fhaisnéis atá in easnamh, dá bhféadfadh Europol tagairt a dhéanamh ina fhógra uaidh, teoranta go docht don mhéid atá riachtanach do Europol chun na haonaid náisiúnta lena mbaineann a shainaithint.

Tá an tarchur nó an t-aistriú dá dtagraítear sa chéad fomhír den mhír seo faoi réir aon srianta a shonraítear de bhun Airteagal 19(2) nó (3) agus tá sé gan dochar d’Airteagal 67.

6.   Maidir le mír 5, pointe (a), pointe (b) agus pointe (d), den Airteagal seo, mura bhfuil an páirtí príobháideach lena mbaineann bunaithe laistigh den Aontas nó i dtríú tír dá dtagraítear in Airteagal 25(1), pointe (a), pointe (b) nó pointe (c), nó in Airteagal 25(4a), ní dhéanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an t-aistriú a údarú ach amháin má bhaineann na nithe a leanas leis an aistriú:

(a)

tá sé riachtanach chun leasanna bunúsacha an ábhair sonraí lena mbaineann nó duine eile a chosaint;

(b)

tá sé riachtanach chun leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí lena mbaineann a chosaint;

(c)

tá sé fíor-riachtanach chun bagairt thromchúiseach láithreach do shlándáil phoiblí Ballstáit nó tríú tír a chosc;

(d)

tá sé riachtanach i gcásanna aonair chun cion coiriúil ar leith a thagann faoi chuimsiú chuspóirí Europol a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh; nó

(e)

tá sé riachtanach i gcásanna aonair chun éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint, ar éilimh iad a bhaineann le cion coiriúil sonrach a thagann faoi chuimsiú chuspóirí Europol a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh.

Ní dhéanfar sonraí pearsanta a aistriú má chinneann an Stiúrthóir Feidhmiúcháin go bhfuil cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha an ábhair sonraí lena mbaineann níos tábhachtaí ná leas an phobail lena n-éilítear an aistriú dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (d) agus pointe (e), den mhír seo.”;

(f)

cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

“6a.   Gan dochar do mhír 5, pointe (a), pointe (c) agus pointe (d), den Airteagal seo agus do ghníomhartha eile dlí de chuid an Aontais, ní bheidh aistrithe ná tarchuir sonraí pearsanta faoi mhír 5 agus mír 6 córasach, ollmhór ná struchtúrach.

6b.   Féadfaidh Europol a iarraidh ar Bhallstáit, trína n-aonaid náisiúnta, sonraí pearsanta a fháil i gcomhréir lena ndlí náisiúnta, ó pháirtithe príobháideacha atá bunaithe nó a bhfuil ionadaí dlíthiúil acu ina gcríoch, chun críche na sonraí sin a chomhroinnt le Europol. Beidh iarrataí den sórt sin réasúnaithe agus beidh siad chomh beacht agus is féidir. Beidh sonraí pearsanta den sórt sin ar an leibhéal íogaireachta is lú dár féidir agus teoranta go docht don mhéid atá riachtanach agus comhréireach chun críche Europol a chumasú chun na haonaid náisiúnta lena mbaineann a shainaithint.

D’anneoin dhlínse na mBallstát ar an gcoir shonrach, áiritheoidh na Ballstáit gur féidir lena n-údaráis inniúla na hiarrataí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a phróiseáil i gcomhréir lena ndlí náisiúnta chun críche an fhaisnéis riachtanach a sholáthar do Europol ionas gur féidir leis na haonaid náisiúnta lena mbaineann a shainaithint.

6c.   Féadfar bonneagar Europol a úsáid le haghaidh malartuithe idir údaráis inniúla na mBallstát agus páirtithe príobháideacha i gcomhréir leis an dlí náisiúnta faoi seach. Leis na malartuithe sin, féadfar coireanna nach dtagann faoi chuimsiú chuspóirí Europol a chumhdach freisin.

I gcás ina n-úsáideann na Ballstáit bonneagar Europol le haghaidh malartú sonraí pearsanta a bhaineann le coireanna a thagann faoi chuimsiú chuspóirí Europol, féadfaidh siad rochtain a thabhairt do Europol ar na sonraí sin.

I gcás ina n-úsáideann na Ballstáit an bonneagar sin chun sonraí pearsanta a mhalartú maidir le coireanna nach dtagann faoi chuimsiú chuspóirí Europol, ní bheidh rochtain ag Europol ar na sonraí sin agus measfar gur próiseálaí é i gcomhréir le hAirteagal 87 de Rialachán (AE) 2018/1725.

Déanfaidh Europol measúnú ar na rioscaí slándála a bhaineann le páirtithe príobháideacha a cheadú a bhonneagar a úsáid, agus, i gcás inar gá, déanfaidh sé bearta coisctheacha agus maolaitheacha iomchuí a chur chun feidhme.”;

(g)

scriostar mír 9 agus mír 10;

(h)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“11.   Ullmhóidh Europol tuarascáil bhliantúil don Bhord Bainistíochta maidir leis na sonraí pearsanta a malartaíodh le páirtithe príobháideacha de bhun Airteagal 26, Airteagal 26a agus Airteagal 26b ar bhonn critéar meastóireachta cainníochtúil agus cáilíochtúil arna mbunú ag an mBord Bainistíochta.

Sa tuarascáil bhliantúil, áireofar samplaí sonracha de chásanna lena léirítear cén fáth a raibh na hiarrataí a rinne Europol i gcomhréir le mír 6b den Airteagal seo riachtanach chun a chuid cuspóirí a bhaint amach agus chun a chuid cúraimí a chomhlíonadh.

Cuirfear san áireamh sa tuarascáil bhliantúil oibleagáidí discréide agus rúndachta agus déanfar na samplaí a anaithnidiú a mhéid a bhaineann le sonraí pearsanta.

Chuirfear an tuarascáil bhliantúil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na gComhairle, an Choimisiúin agus na bparlaimintí náisiúnta.”;

(20)

cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas:

“Airteagal 26a

Malartú sonraí pearsanta le páirtithe príobháideacha i gcásanna géarchéime ar líne

1.   I gcásanna géarchéime ar líne, féadfaidh Europol sonraí pearsanta a fháil go díreach ó pháirtithe príobháideacha agus féadfaidh sé na sonraí pearsanta sin a phróiseáil i gcomhréir le hAirteagal 18.

2.   I gcás ina bhfaigheann Europol sonraí pearsanta ó pháirtí príobháideach atá bunaithe i dtríú tír, ní chuirfidh Europol na sonraí sin ná torthaí a chuid anailíse agus a fhíraithe ar na sonraí sin ar aghaidh ach amháin chuig Ballstát, nó chuig tríú tír lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagal 25(1), pointe (a), (b) nó (c), nó in Airteagal 25(4a).

Féadfaidh Europol torthaí a anailíse agus a fhíoraithe ar na sonraí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a aistriú chuig an tríú tír lena mbaineann de bhun Airteagal 25(5) nó (6).

3.   Féadfaidh Europol sonraí pearsanta a tharchur nó a aistriú chuig páirtithe príobháideacha, ar bhonn cás ar chás, faoi réir aon srianta a shonraítear de bhun Airteagal 19(2) nó (3) agus gan dochar d’Airteagal 67, i gcás ina bhfuil géarghá le tarchur nó aistriú a leithéidí de shonraí chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna ar líne, agus i gcás nach sáróidh cearta bunúsacha nó saoirsí na n-ábhar sonraí lena mbaineann leas an phobail lena n-éilítear go ndéanfar na sonraí pearsanta sin a tharchur nó a aistriú.

4.   I gcás nach bhfuil an páirtí príobháideach lena mbaineann bunaithe laistigh den Aontas nó i dtríú tír dá dtagraítear in Airteagal 25(1), pointe (a), (b) nó (c), nó in Airteagal 25(4a), éileofar údarú ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin don aistriú.

5.   Cuideoidh Europol leis na húdaráis inniúla, malartóidh sé faisnéis agus comhoibreoidh sé le húdaráis inniúla na mBallstát maidir le tarchur nó aistriú sonraí pearsanta chuig páirtithe príobháideacha faoi mhír 3 nó 4, go háirithe chun dúbláil iarrachta a sheachaint, chun comhordú a fheabhsú agus chun a sheachaint go gcuirfí isteach ar imscrúduithe sna Ballstáit éagsúla.

6.   Féadfaidh Europol a iarraidh ar Bhallstáit, trína n-aonaid náisiúnta i gcomhréir lena ndlí náisiúnta, sonraí pearsanta a fháil ó pháirtithe príobháideacha atá bunaithe nó a bhfuil ionadaí dlíthiúil acu ina gcríoch, chun críche na sonraí sin a chomhroinnt le Europol. Beidh iarrataí den sórt sin réasúnaithe agus beidh sí chomh beacht agus is féidir. Beidh na sonraí pearsanta sin ar an leibhéal íogaireachta is lú dár féidir agus beidh siad teoranta go docht don mhéid atá riachtanach agus comhréireach chun críche Europol a chumasú chun tacú leis na Ballstáit maidir le haghaidh a thabhairt ar chásanna géarchéime ar líne.

D’ainneoin dhlínse na mBallstát maidir le scaipeadh an ábhair a n-iarrann Europol na sonraí pearsanta ina leith, áiritheoidh Ballstáit go bhféadfaidh a n-údaráis inniúla na hiarrataí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a phróiseáil i gcomhréir lena ndlí náisiúnta chun críche an fhaisnéis riachtanach a sholáthar do Europol ionas gur féidir leis a chuspóirí a bhaint amach.

7.   Áiritheoidh Europol go ndéanfar taifid mhionsonraithe de gach aistriú de shonraí pearsanta mar aon leis na forais a bhí le haistrithe den sórt sin a choimeád i gcomhréir leis an Rialachán seo. Arna iarraidh sin do MECS, cuirfidh Europol na taifid sin ar fáil do MECS de bhun Airteagal 39a.

8.   Má dhéantar difear, leis na sonraí pearsanta a fhaightear nó a bheidh le haistriú, do leasanna Ballstáit, cuirfidh Europol aonad náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann ar an eolas láithreach.

Airteagal 26b

Malartú sonraí pearsanta le páirtithe príobháideacha chun aghaidh a thabhairt ar scaipeadh ar line ábhair mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne

1.   Féadfaidh Europol sonraí pearsanta a fháil go díreach ó pháirtithe príobháideacha agus féadfaidh sé na sonraí pearsanta sin a phróiseáil i gcomhréir le hAirteagal 18 chun aghaidh a thabhairt ar scaipeadh ar líne ábhair mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne, dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (y).

2.   I gcás ina bhfaigheann Europol sonraí pearsanta ó pháirtí príobháideach atá bunaithe i dtríú tír, ní chuirfidh Europol na sonraí sin agus torthaí a anailíse agus a fhíoraithe ar na sonraí sin ar aghaidh ach amháin chuig Ballstát, nó chuig tríú tír lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagal 25(1), pointe (a), pointe (b) nó pointe (c), nó in Airteagal 25(4a).

Féadfaidh Europol torthaí a anailíse agus a fhíoruithe ar na sonraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a aistriú chuig an tríú tír lena mbaineann de bhun Airteagal 25(5) nó (6).

3.   Féadfaidh Europol sonraí pearsanta a tharchur nó a aistriú chuig páirtithe príobháideacha, ar bhonn cás ar chás, faoi réir aon srianta a shonraítear de bhun Airteagal 19(2) nó (3) agus gan dochar d’Airteagal 67, i gcás ina bhfuil géarghá le tarchur nó aistriú a leithéidí de shonraí chun aghaidh a thabhairt ar scaipeadh ar líne ábhair mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (y), agus nach bhfuil cearta bunúsacha nó saoirsí na n-ábhar sonraí lena mbaineann níos tábhachtaí ná leas an phobail lena n-éilítear go ndéanfar na sonraí pearsanta sin a tharchur nó a aistriú.

4.   I gcás nach bhfuil an páirtí príobháideach lena mbaineann bunaithe laistigh den Aontas nó i dtríú tír dá dtagraítear in Airteagal 25(1), pointe (a), (b) nó (c), nó in Airteagal 25(4a), éileofar údarú ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin don aistriú.

5.   Cuideoidh Europol leis na húdaráis inniúla, malartóidh sé faisnéis agus comhoibreoidh sé le húdaráis inniúla na mBallstát maidir le tarchur nó aistriú sonraí pearsanta chuig páirtithe príobháideacha faoi mhír 3 nó mír 4, go háirithe chun dúbláil iarrachta a sheachaint, chun comhordú a fheabhsú agus chun a sheachaint go gcuirfí isteach ar imscrúduithe sna Ballstáit éagsúla.

6.   Féadfaidh Europol a iarraidh ar Bhallstáit, trína n-aonaid náisiúnta, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta, sonraí pearsanta a fháil ó pháirtithe príobháideacha, atá bunaithe nó a bhfuil ionadaí dlíthiúil acu ina gcríoch, chun críche na sonraí sin a chomhroinnt le Europol. Beidh iarrataí den sórt sin réasúnaithe agus beidh sé chomh beacht agus is féidir. Beidh sonraí pearsanta den sort sin ar an leibhéal íogaireachta is lú agus is féidir agus beidh siad teoranta go docht don mhéid atá comhréireach agus riachtanach chun críche Europol a chumasú chun aghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (y).

D’ainneoin dhlínse na mBallstát maidir le scaipeadh an ábhair a n-iarrann Europol na sonraí pearsanta ina leith, áiritheoidh na Ballstáit gur féidir le-húdaráis inniúla na mBallstát na hiarrataí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a phróiseáil i gcomhréir lena ndlí náisiúnta chun críche an fhaisnéis riachtanach a sholáthar do Europol ionas gur féidir leis a chuspóirí a bhaint amach.

7.   Áiritheoidh Europol go ndéanfar taifid mhionsonraithe de gach aistriú de shonraí pearsanta mar aon leis na forais a bhí le haistrithe den sórt sin a choimeád i gcomhréir leis an Rialachán seo. Arna iarraidh sin do MECS, cuirfidh Europol na taifid sin ar fáil do MECS de bhun Airteagal 39a.

8.   Má dhéantar dochar leis na sonraí pearsanta a fhaightear nó a bheidh le haistriú do leasanna Ballstáit, cuirfidh Europol aonad náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann ar an eolas láithreach bonn.”;

(21)

in Airteagal 27, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2:

“1.   A mhéid atá sé riachtanach do Europol a chuid cúraimí a chomhlíonadh, féadfaidh Europol faisnéis de thionscnamh daoine príobháideacha a fháil agus a phróiseáil.

Ní dhéanfaidh Europol sonraí pearsanta de thionscnamh daoine príobháideacha a phróiseáil ach amháin ar choinníoll go bhfaightear iad trí na nithe seo a leanas:

(a)

aonad náisiúnta i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;

(b)

pointe teagmhála tríú tír nó eagraíochta idirnáisiúnta de bhun Airteagal 25(1), pointe (c); nó

(c)

údarás de chuid tríú tír nó eagraíocht idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 25(1), pointe (a) nó (b) nó in Airteagal 25(4a).

2.   I gcás ina bhfaigheann Europol faisnéis, lena n-áirítear sonraí pearsanta, ó dhuine príobháideach a chónaíonn i dtríú tír nach tríú tír ídá dtagraítear in Airteagal 25(1), pointe (a) nó pointe (b), nó in Airteagal 25(4a), ní dhéanfaidh Europol an fhaisnéis sin a chur a aghaidh ach amháin chuig Ballstát nó chuig tríú tír den sórt sin.”;

(22)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil VI:

“COSAINT SONRAÍ”;

(23)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 27a

Próiseáil sonraí pearsanta ag Europol

1.   Gan dochar don Rialachán seo, beidh feidhm ag Airteagal 3 agus ag Caibidil IX de Rialachán (AE) 2018/1725 maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag Europol.

Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2018/1725, gan Caibidil IX san áireamh, maidir le próiseáil sonraí pearsanta riaracháin ag Europol.

2.   Tuigfear gurb ionann tagairtí do ‘shonraí pearsanta’ sa Rialachán seo agus tagairtí do ‘shonraí pearsanta oibríochtúla’ mar a shainítear in Airteagal 3, pointe (2), de Rialachán (AE) 2018/1725, mura bhforáiltear dá mhalairt sa Rialachán seo.

3.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta rialacha lena gcinnfear na teorainneacha ama do stóráil sonraí pearsanta riaracháin.”;

(24)

scriostar Airteagal 28;

(25)

leasaítear Airteagal 30 mar a leanas:

(a)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

“2.   Ní cheadófar próiseáil sonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibríocha nó trí mheáin eile, lena nochtfar tionscnamh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creidimh reiligiúnacha nó fealsúnachta, nó ballraíocht i gceardchumann, ná próiseáil sonraí géiniteacha, agus sonraí bithmhéadracha, chun críche duine nádúrtha a shainaithint go sainiúil, ná próiseáil sonraí a bhaineann le sláinte nó saol gnéis nó claonadh gnéis duine nádúrtha, ach amháin i gcás ina bhfuil sé comhréireach agus riachtanach go docht chun críocha tionscadal taighde agus nuálaíochta de bhun Airteagal 33a agus chun críocha oibríochtúla, faoi chuimsiú chuspóirí Europol, agus ach chun coireacht a thagann faoi chuimsiú chuspóirí Europol a chosc nó a chomhrac. Beidh an phróiseáil sin freisin faoi réir coimircí iomchuí a leagtar síos sa Rialachán seo maidir le cearta agus saoirsí an ábhair sonraí agus, cé is moite de shonraí bithmhéadracha arna bpróiseáil chun duine nádúrtha a shainaithint go sainiúil, ní cheadófar í ach má fhorlíonann na sonraí sin sonraí pearsanta eile arna bpróiseáil ag Europol.”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“2a.   Cuirfear an tOifigeach Cosanta Sonraí ar an eolas gan moill mhíchuí i gcás próiseáil sonraí pearsanta de bhun an Airteagail seo.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Is ag Europol amháin a bheidh rochtain dhíreach ar shonraí pearsanta dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2. Tabharfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin údarás mar is cuí do líon teoranta ball foirne de chuid Europol a mbeidh rochtain den sórt sin acu, má tá gá leis sin chun a gcuid cúraimí a chomhlíonadh.

D’anneoin na chéad fhomhíre, i gcás inar gá rochtain dhíreach ar shonraí pearsanta a thabhairt do bhaill foirne de chuid údaráis inniúla na mBallstát nó de chuid ghníomhaireachtaí an Aontais ar bhonn Theideal V CFAE chun a gcuid cúraimí a chomhlíonadh, sna gcásanna dá bhforáiltear in Airteagal 20(1) agus (2a) den Rialachán seo nó le haghaidh tionscadail taighde agus nuálaíochta i gcomhréir le hAirteagal 33a(2), pointe (d), den Rialachán seo, tabharfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin údarás mar is cuí do líon teoranta ball foirne den sórt sin rochtain den sórt sin a bheith acu.”;

(d)

scriostar mír 4;

(e)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   Ní tharchuirfear sonraí pearsanta dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 chuig na Ballstáit ná chuig comhlachtaí de chuid an Aontais, chuig tríú tíortha ná chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta, ach amháin má cheanglaítear sin faoi dhlí an Aontais nó má tá a leithéid de tharchur nó d’aistriú riachtanach i ndáiríre agus comhréireach i gcásanna aonair a bhaineann le coireacht a thagann faoi chuimsiú chuspóirí Europol agus i gcomhréir le Caibidil V.”;

(26)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 32:

“Airteagal 32

Slándáil na próiseála

Maidir le sásraí chun a áirithiú go dtabharfar aghaidh ar bhearta slándála ar fud theorainneacha na gcóras faisnéise, bunóidh an tAontas iad i gcomhréir le hAirteagal 91 de Rialachán (AE) 2018/1725 agus bunóidh na Ballstáit iad i gcomhréir le hAirteagal 29 de Threoir (AE) 2016/680.”;

(27)

scriostar Airteagal 33;

(28)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 33a

Próiseáil sonraí pearsanta le haghaidh taighde agus nuálaíochta

1.   Féadfaidh Europol sonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha a thionscadal taighde agus nuálaíochta ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas i leith phróiseáil na sonraí pearsanta sin:

(a)

go bhfuil fíorghá léi, agus go bhfuil bonn cirt cuí léi chun cuspóirí an tionscadail lena mbaineann a bhaint amach;

(b)

maidir le catagóirí speisialta de shonraí pearsanta, go bhfuil fíorghá léi agus go bhfuil sí faoi réir coimircí iomchuí, lena bhféadfaí bréagainmniú a áireamh.

Beidh prionsabal na trédhearcachta, prionsabal na hinmhínitheachta, prionsabal na cothroime agus prionsabal na cuntasachta ina mbonn leis an bpróiseáil a dhéanfaidh Europol ar shonraí pearsanta i gcomhthéacs tionscadal taighde agus nuálaíochta.

2.   Gan dochar do mhír 1, maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéantar i gcomhthéacs thionscadail taighde agus nuálaíochta Europol, beidh feidhm ag na coimircí seo a leanas:

(a)

maidir le haon tionscadal taighde agus nuálaíochta, éilítear údarú roimh ré ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, i gcomhairliúchán leis an Oifigeach Cosanta Sonraí agus leis an Oifigeach um Chearta Bunúsacha, bunaithe ar an méid seo a leanas:

(i)

tuairisc ar chuspóirí an tionscadail agus míniú ar an gcaoi a dtugann an tionscadal cúnamh do Europol nó d’údaráis inniúla na mBallstát agus iad ag gabháil dá gcúraimí;

(ii)

tuairisc ar an ngníomhaíocht phróiseála atá beartaithe, ina leagtar amach cuspóirí, raon feidhme agus fad na próiseála agus a mhéid is gá agus is comhréireach na sonraí pearsanta a phróiseáil, amhail réitigh nuálacha theicneolaíocha a fhiosrú agus a thástáil agus cruinneas thorthaí an tionscadail a áirithiú;

(iii)

tuairisc ar chatagóirí na sonraí pearsanta a bheidh le próiseáil;

(iv)

measúnú ar a mhéid a chomhlíontar na prionsabail cosanta sonraí a leagtar síos in Airteagal 71 de Rialachán (AE) 2018/1725, ar na teorainneacha ama chun na sonraí pearsanta a stóráil agus ar na coinníollacha le haghaidh na sonraí pearsanta a rochtain, agus

(v)

measúnú tionchair um chosaint sonraí, lena n-áirítear na rioscaí do chearta agus saoirsí uile na n-ábhar sonraí, an baol go mbeidh aon chlaontacht ann sna sonraí pearsanta a bheidh le húsáid i gcomhair oiliúint na n-algartam agus i dtoradh na próiseála, agus na bearta atá beartaithe chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin agus sáruithe ar chearta bunúsacha a sheachaint freisin;

(b)

cuirfear MECS ar an eolas roimh sheoladh an tionscadail;

(c)

rachfar i gcomhairle leis an mBord Bainistíochta nó cuirfear ar an eolas é sula seolfar an tionscadal, i gcomhréir leis na treoirlínte dá dtagraítear in Airteagal 18(7);

(d)

aon sonraí pearsanta atá le próiseáil i gcomhthéacs an tionscadail:

(i)

déanfar iad a chóipeáil go sealadach chuig timpeallacht próiseála sonraí ar leithligh, scoite amach agus cosanta laistigh de Europol chun an tionscadal sin a chur i gcrích;

(ii)

ní bheidh rochtain orthu ach ag baill foirne atá údaraithe go sonrach ag Europol i gcomhréir le hAirteagal 30(3) den Rialachán seo agus, faoi réir bearta slándála teicniúla, ag baill foirne, atá údaraithe go sonrach, de chuid údaráis inniúla na mBallstát agus de chuid ghníomhaireachtaí an Aontais arna mbunú ar bhonn Theideal V CFAE;

(iii)

ní dhéanfar iad a tharchur ná a aistriú;

(iv)

ní thiocfaidh bearta ná cinntí a dhéanann difear do na hábhair sonraí mar thoradh ar a bpróiseáil;

(v)

déanfar iad a scriosadh a luaithe agus a bheidh an tionscadal críochnaithe nó nuair a bheidh an teorainn ama chun na sonraí pearsanta a stóráil dulta in éag i gcomhréir le hAirteagal 31;

(e)

ní choimeádfar logaí ar phróiseáil na sonraí pearsanta i gcomhthéacs an tionscadail ar feadh 2 bhliain tar éis an tionscadal a thabhairt chun críche, ach amháin chun cruinneas thoradh na próiseála sonraí a dheimhniú agus le haghaidh trátha nach faide ná mar atá riachtanach chun na críche sin.

3.   Bunóidh an Bord Bainistíochta i ndoiciméad a bheidh ceangailteach raon feidhme ginearálta ceangailteach do thionscadail taighde agus nuálaíochta. Déanfar doiciméad den sórt sin a thabhairt cothrom le dáta i gcás inarb iomchuí agus cuirfear ar fáil é do MECS i dtreo is go bhféadfaidh sé maoirseacht a dhéanamh.

4.   Coinneoidh Europol doiciméad ina mbeidh tuairisc mhionsonraithe ar an bpróiseas agus ar an réasúnaíocht atá le hoiliúint, tástáil agus bailíochtú na n-algartam chun trédhearcacht an phróisis agus na n-algartam a áirithiú, lena n-áirítear a mhéid a chomhlíonann siad na coimircí dá bhforáiltear san Airteagal seo, agus ionas go bhfágfar gur féidir cruinneas na dtorthaí a fhíorú bunaithe ar úsáid algartam den sórt sin. Arna iarraidh sin, cuirfidh Europol an doiciméad sin ar fáil do pháirtithe leasmhara, lena n-áirítear na Ballstáit agus GGPC.

5.   Más Ballstát, comhlacht de chuid an Aontais, tríú tír nó eagraíocht idirnáisiúnta a sholáthair na sonraí pearsanta atá le próiseáil i gcomhair tionscadal taighde agus nuálaíochta, iarrfaidh Europol toiliú ó sholáthraí na sonraí sin i gcomhréir le hAirteagal 19(2), ach amháin má tá údarú roimh ré tugtha ag soláthraí na sonraí sin do phróiseáil den sórt sin chun críche tionscadail taighde agus nuálaíochta, i dtéarmaí ginearálta nó faoi réir coinníollacha sonracha.

Ní dhéanfaidh Europol sonraí i gcomhair tionscadail taighde agus nuálaíochta a phróiseáil gan toiliú ó sholáthraí na sonraí,. Féadfar an toiliú sin a tharraing siar tráth ar bith.”;

(29)

leasaítear Airteagal 34 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Gan dochar d’Airteagal 92 de Rialachán (AE) 2018/1725, i gcás sárú ar shonraí pearsanta, tabharfaidh Europol fógra maidir leis an sárú sin gan moill mhíchuí d’údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann, i gcomhréir le hAirteagal 7(5) den Rialachán seo, agus do sholáthraí na sonraí lena mbaineann chomh maith mura rud é go bhfuil drochsheans ann go mbeidh riosca ann do chearta agus saoirsí daoine nádúrtha mar gheall ar an sárú ar shonraí pearsanta”;

(b)

scriostar mír 3;

(30)

leasaítear Airteagal 35 mar a leanas:

(a)

scriostar mír 1 agus mír 2;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“Gan dochar d’Airteagal 93 de Rialachán (AE) 2018/1725, mura bhfuil sonraí teagmhála an ábhair sonraí lena mbaineann ag Europol, iarrfaidh sé ar sholáthraí na sonraí an sárú i ndáil le sonraí pearsanta a chur in iúl don ábhar sonraí lena mbaineann agus Europol a chur ar an eolas faoin gcinneadh a glacadh. Na Ballstáit a sholáthraíonn na sonraí, cuirfidh siad an sárú ar shonraí pearsanta in iúl don ábhar sonraí lena mbaineann i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.”;

(c)

scriostar mír 4 agus mír 5;

(31)

leasaítear Airteagal 36 mar a leanas:

(a)

scriostar mír 1 agus mír 2;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Féadfaidh aon ábhar sonraí ar mian leis nó léi an ceart chun rochtana a fheidhmiú dá dtagraítear in Airteagal 80 de Rialachán (AE) 2018/1725 ar shonraí pearsanta a bhaineann leis an ábhar sonraí sin iarraidh a dhéanamh chuige sin chuig an údarás a ceapadh don chuspóir sin sa Bhallstát dá rogha féin, nó chuig Europol. I gcás ina ndéantar an iarraidh chuig an údarás sin, déanfaidh sé an iarraidh sin a chur faoi bhráid Europol gan moill mhíchuí agus laistigh de mhí amháin óna fháil.”;

(c)

scriostar mír 6 agus mír 7;

(32)

leasaítear Airteagal 37 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Féadfaidh aon ábhar sonraí ar mian leis nó léi an ceart chun sonraí pearsanta a cheartú nó a léirscriosadh nó chun próiseáil a shrianadh maidir le sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi, dá dtagraítear in Airteagal 82 de Rialachán (AE) 2018/1725, iarraidh a dhéanamh chuige sin, tríd an údarás a ceapadh don chuspóir sin sa Bhallstát dá rogha féin, nó chuig Europol. Nuair a dhéantar an iarraidh chuig an t-údarás sin, déanfaidh sé an iarraidh sin a chur faoi bhráid Europol gan moill mhíchuí, agus laistigh de mhí amháin óna fáil.”;

(b)

scriostar mír 2;

(c)

cuirtear an méid a leanas seo in ionad mhír 3, mhír 4 agus mhír 5:

“3.   Gan dochar d’Airteagal 82(3) de Rialachán (AE) 2018/1725, déanfaidh Europol próiseáil na sonraí pearsanta a shrianadh seachas iad a scriosadh má bhíonn forais ann lena chreidiúint go bhféadfadh scriosadh difear a dhéanamh do leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí.

Ní dhéanfar sonraí srianta a phróiseáil ach amháin chun cearta an ábhair sonraí a chosaint, i gcás inar gá sin chun leasanna ríthábhachtacha an ábhair sonraí nó duine eile a chosaint, nó chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 82(3) de Rialachán (AE) 2018/1725.

4.   I gcás inar sholáthair tríú tíortha, eagraíochtaí idirnáisiúnta nó comhlachtaí de chuid an Aontais sonraí pearsanta dá dtagraítear i mír 1 agus mír 3 atá i seilbh Europol dó nó inar sholáthair páirtithe príobháideacha iad go díreach dó nó inar aisghabh Europol iad ó fhoinsí atá ar fáil go poiblí nó má tháinig na sonraí chun cinn mar thoradh ar anailísí Europol féin, déanfaidh Europol sonraí den sórt sin a cheartú, nó a scriosadh nó a bpróiseáil a shrianadh agus, i gcás inarb iomchuí, cuirfidh sé an méid sin in iúl do sholáthraithe na sonraí.

5.   I gcás inar sholáthair na Ballstáit sonraí pearsanta dá dtagraítear i mír 1 agus mír 3 atá i seilbh Europol go díreach dó, is iad na Ballstáit atá i gceist a dhéanfaidh sonraí den sórt sin a cheartú nó a scriosadh nó a bpróiseáil a bpróiseáil a shrianadh i gcomhar le Europol faoi chuimsiú a gcuid inniúlachtaí faoi seach.”;

(d)

scriostar mír 8 agus mír 9;

(33)

leasaítear Airteagal 38 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Próiseálfaidh Europol sonraí pearsanta ar bhealach a áiritheoidh gur féidir a bhfoinse, i gcomhréir le hAirteagal 17, a shuí.”;

(b)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh:

“2.   Beidh an fhreagracht as cruinneas na sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 71(1), pointe (d), de Rialachán (AE) 2018/1725 orthu seo a leanas:”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Beidh Europol freagrach as Rialachán (AE) 2018/1725 a chomhlíonadh maidir le sonraí pearsanta riaracháin agus as an Rialachán seo agus Airteagal 3 agus Caibidil IX de Rialachán (AE) 2018/1725 a chomhlíonadh maidir le sonraí pearsanta.”;

(d)

i mír 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú habairt:

“Áiritheofar slándáil malartuithe den chineál sin i gcomhréir le hAirteagal 91 de Rialachán (AE) 2018/1725.”;

(34)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 39:

“Airteagal 39

Réamhchomhairliúchán

1.   Gan dochar d’Airteagal 90 de Rialachán (AE) 2018/1725, ní bheidh feidhm ag réamhchomhairliúchán le MECS maidir le gníomhaíochtaí sonracha oibríochtúla nach n-áirítear leo aon chineál nua próiseála lena mbainfeadh ardriosca do chearta agus do shaoirsí na n-ábhar sonraí.

2.   Féadfaidh Europol oibríochtaí próiseála atá faoi réir réamhchomhairliúchán le MECS de bhun Airteagal 90(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 a thionscnamh mura rud é go bhfuil comhairle i scríbhinn tugtha ag MECS de bhun Airteagal 90(4) den Rialachán sin laistigh de na tréimhsí dá bhforáiltear san fhoráil sin, ar tréimhsí iad a thosaíonn ar dháta faighte na hiarrata tosaigh ar chomhairliúchán agus nach bhfuil le cur ar fionraí.

3.   I gcás ina bhfuil tábhacht shuntasach ag baint leis na hoibríochtaí próiseála dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo d’fheidhmiú chúraimí Europol agus má tá siad thar a bheith práinneach agus riachtanach chun bagairt láithreach coire a thagann faoi chuimsiú chuspóirí Europol a chosc agus a chomhrac nó leasanna ríthábhachtacha an ábhair sonraí nó duine eile a chosaint, féadfaidh Europol próiseáil a thionscnamh go heisceachtúil tar éis don réamhchomhairliúchán le MECS dá bhforáiltear in Airteagal 90(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 tosú agus sula mbeidh an tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 90(4) den Rialachán sin dulta in éag. Sa chás sin, cuirfidh Europol MECS ar an eolas sula gcuirfear tús le hoibríochtaí próiseála.

Cuirfear san áireamh go cúlghabhálach comhairle i scríbhinn ó MECS de bhun Airteagal 90(4) de Rialachán (AE) 2018/1725, agus déanfar slí dhéanta na próiseála a choigeartú dá réir.

Beidh an tOifigeach Cosanta Sonraí rannpháirteach i measúnú a dhéanamh ar phráinn na n-oibríochtaí próiseála sin sula rachaidh in éag an tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 90(4) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus déanfaidh sé nó sí formhaoirseacht ar an bpróiseáil i dtrácht.

4.   Coimeádfaidh MECS clár de gach oibríocht próiseála ar tugadh fógra dó nó di fúthu de bhun mhír 1. Ní bheidh an clár ar fáil go poiblí.”;

(35)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 39a

Taifid de chatagóirí na ngníomhaíochtaí próiseála

1.   Coimeádfaidh Europol taifead de chatagóirí uile na ngníomhaíochtaí próiseála a thagann faoina fhreagracht. Áireofar an fhaisnéis seo a leanas sa taifead sin:

(a)

sonraí teagmhála Europol agus ainm agus sonraí teagmhála a Oifigigh Cosanta Sonraí;

(b)

cuspóirí na próiseála;

(c)

tuairisc ar na catagóirí d’ábhair sonraí agus ar chatagóirí na sonraí pearsanta;

(d)

catagóirí na bhfaighteoirí ar nochtadh na sonraí pearsanta dóibh nó a nochtfar na sonraí pearsanta dóibh, lena n-áirítear faighteoirí i dtríú tíortha nó in eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(e)

i gcás inarb infheidhme, aistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tír, chuig eagraíocht idirnáisiúnta nó chuig páirtí príobháideach, lena n-áirítear sainaithint an fhaighteora sin;

(f)

i gcás inar féidir, na teorainneacha ama atá réamh-mheasta chun catagóirí éagsúla sonraí a léirscriosadh;

(g)

i gcás inar féidir, cur síos ginearálta ar na bearta slándála teicniúla agus eagraíochtúla dá dtagraítear in Airteagal 91 de Rialachán (AE) 2018/1725;

(h)

i gcás inarb infheidhme, úsáid próifílithe.

2.   Is i scríbhinn, lena n-áirítear i bhfoirm leictreonach, a bheidh an taifead dá dtagraítear i mír 1.

3.   Cuirfidh Europol an taifead dá dtagraítear i mír 1 ar fáil do MECS arna iarraidh sin. ”;

(36)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 40:

“Airteagal 40

Logáil

1.   I gcomhréir le hAirteagal 88 de Rialachán (AE) 2018/1725, coimeádfaidh Europol logaí dá chuid oibríochtaí próiseála. Ní bheifear in ann na logaí a mhodhnú.

2.   Gan dochar d’Airteagal 88 de Rialachán (AE) 2018/1725, má éilíonn aonad náisiúnta amhlaidh i gcás imscrúdú sonrach a bhaineann le rialacha um chosaint sonraí a chomhlíonadh, cuirfear na logaí dá dtagraítear i mír 1 ar fáil don aonad náisiúnta sin.”;

(37)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 41:

“Airteagal 41

An tOifigeach Cosanta Sonraí a ainmniú

1.   Ceapfaidh an Bord Bainistíochta Oifigeach Cosanta Sonraí, a bheidh ina bhall foirne nó ina ball foirne de chuid Europol a ainmneofar go sainiúil don phost sin amháin.

2.   Roghnófar an tOifigeach Cosanta Sonraí ar bhonn cháilíochtaí gairmiúla an duine agus, go háirithe, ar bhonn an saineolais atá ag an duine ar an dlí um chosaint sonraí agus ar chleachtais um chosaint sonraí agus ar bhonn an chumais atá aige nó aici na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 41b den Rialachán seo agus i Rialachán (AE) 2018/1725 a chur i gcrích.

3.   Ní bheidh mar thoradh ar roghnú an Oifigigh Cosanta Sonraí go gcruthófaí coinbhleacht leasa idir dualgais an Oifigigh mar Oifigeach Cosanta Sonraí agus dualgais oifigiúla eile ar bith, go háirithe maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

4.   Ní bhrisfidh an Bord Bainistíochta an tOifigeach Cosanta Sonraí as a phost nó as a post ná ní ghearrfar pionós air nó uirthi mar gheall ar a chúraimí nó a cúraimí a chur i gcrích.

5.   Foilseoidh Europol sonraí teagmhála an Oifigigh Cosanta Sonraí agus cuirfidh sé iad sin in iúl do MECS.”;

(38)

cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas:

“Airteagal 41a

Post an Oifigigh Cosanta Sonraí

1.   Áiritheoidh Europol go bhfuil baint ag an Oifigeach Cosanta Sonraí, go hiomchuí agus go tráthúil, le gach saincheist a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta.

2.   Tacóidh Europol leis an Oifigeach Cosanta Sonraí agus na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 41b á bhfeidhmiú aige nó aici trí na hacmhainní agus an fhoireann is gá a chur ar fáil chun na cúraimí sin a fheidhmiú agus trí rochtain ar shonraí pearsanta agus ar oibríochtaí próiseála a chur ar fáil, agus chun a shaineolas nó a saineolas a choimeád.

Chun tacú leis an Oifigeach Cosanta Sonraí agus na cúraimí á bhfeidhmiú aige nó aici, féadfar ball foirne de chuid Europol a ainmniú ina Oifigeach Cosanta Sonraí cúnta.

3.   Áiritheoidh Europol go ngníomhóidh an tOifigeach Cosanta Sonraí go neamhspleách agus nach bhfaighidh sé nó sí aon treoir maidir le feidhmiú a chúraimí nó a cúraimí.

Tuairisceoidh an tOifigeach Cosanta Sonraí go díreach don Bhord Bainistíochta.

4.   Féadfaidh ábhair sonraí dul i dteagmháil leis an Oifigeach Cosanta Sonraí maidir le haon saincheist a bhaineann le próiseáil a sonraí pearsanta agus maidir le feidhmiú a gceart faoin Rialachán seo agus faoi Rialachán (AE) 2018/1725.

Ní fhulaingeoidh aon duine dochar mar gheall ar ábhar ar a ndírítear aird an Oifigigh Cosanta Sonraí lena líomhnaítear gur tharla sárú ar fhorálacha an Rialacháin seo nó Rialachán (AE) 2018/1725.

5.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta rialacha cur chun feidhme maidir leis an Oifigeach Cosanta Sonraí. Bainfidh na rialacha cur chun feidhme sin go háirithe leis an nós imeachta roghnúcháin le haghaidh phost an Oifigigh Cosanta Sonraí, lena dhífhostú nó a dífhostú, lena chúraimí nó a cúraimí, lena dhualgais nó lena dualgais agus le cumhachtaí, agus le coimircí maidir lena neamhspleáchas.

6.   Beidh an tOifigeach Cosanta Sonraí agus a chuid nó a cuid foirne faoi cheangal na hoibleagáide maidir le rúndacht i gcomhréir le hAirteagal 67(1).

7.   Ceapfar an tOifigeach Cosanta Sonraí le haghaidh téarma 4 bliana agus beidh sé nó sí incháilithe le ceapadh arís.

8.   Mura gcomhlíonann an tOifigeach Cosanta Sonraí a thuilleadh na coinníollacha is gá chun dualgais an phoist a fheidhmiú, ní chuirfidh an Bord Bainistíochta an tOifigeach Cosanta Sonraí a chur as a phost nó as a post ach le cead ó MECS.

9.   Cláróidh an Bord Bainistíochta an tOifigeach Cosanta Sonraí agus an tOifigeach Cosanta Sonraí cúnta le MECS.

10.   Na forálacha is infheidhme maidir leis an Oifigeach Cosanta Sonraí, beidh feidhm acu mutatis mutandis maidir leis an Oifigeach Cosanta Sonraí cúnta.

Airteagal 41b

Cúraimí an Oifigigh Cosanta Sonraí

1.   Beidh na cúraimí seo a leanas go háirithe ag an Oifigeach Cosanta Sonraí maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil:

(a)

a áirithiú ar bhealach neamhspleách go gcomhlíonann Europol forálacha cosanta sonraí an Rialacháin seo agus Rialachán (AE) 2018/1725 agus na forálacha ábhartha um chosaint sonraí i rialacha inmheánacha Europol, lena n-áirítear faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo, Rialachán (AE) 2018/1725, forálacha de chuid an Aontais nó forálacha náisiúnta eile a bhaineann le cosaint sonraí, agus bheartais Europol, maidir le cosaint sonraí pearsanta, lena n-áirítear freagrachtaí a shannadh, ardú feasachta agus oiliúint a chur ar bhaill foirne a bhfuil baint acu le hoibríochtaí próiseála, agus iniúchtaí gaolmhara;

(b)

faisnéis agus comhairle a thabhairt do Europol agus do na baill foirne a phróiseálann sonraí pearsanta faoi na hoibleagáidí dá gcuid de bhun an Rialacháin seo, de bhun Rialachán (AE) 2018/1725 agus de bhun forálacha eile de chuid an Aontais nó forálacha náisiúnta maidir le cosaint sonraí;

(c)

comhairle a thabhairt nuair a iarrtar sin maidir leis an measúnú tionchair ar chosaint sonraí de bhun Airteagal 89 de Rialachán (AE) 2018/1725 agus faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht an measúnaithe tionchair ar chosaint sonraí;

(d)

taifead a choinneáil de sháruithe um chosaint sonraí agus comhairle a chur ar fáil nuair a iarrtar sin i ndáil leis an ngá atá le fógra a thabhairt nó é a chur in iúl gur tharla sárú i ndáil le sonraí pearsanta de bhun Airteagal 92 agus Airteagal 93 de Rialachán (AE) 2018/1725;

(e)

a áirithiú go gcoinnítear taifead faoi aistriú agus faoi fháil sonraí pearsanta i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(f)

arna iarraidh sin dóibh, a áirithiú go gcuirfear na hábhair sonraí ar an eolas faoina gcuid ceart faoin Rialachán seo agus faoi Rialachán (AE) 2018/1725;

(g)

comhoibriú le baill foirne Europol atá freagrach as nósanna imeachta, oiliúint agus comhairle faoi phróiseáil sonraí;

(h)

freagra a thabhairt ar iarrataí ó MECS, laistigh de réimse a inniúlachta nó a hinniúlachta, comhoibriú agus dul i gcomhairle le MECS, arna iarraidh sin do MECS nó ar a thionscnamh nó a tionscnamh féin;

(i)

comhoibriú le húdaráis inniúla na mBallstát, go háirithe le hOifigigh Cosanta Sonraí de chuid údaráis inniúla na mBallstát agus le húdaráis mhaoirseachta náisiúnta maidir le gnóthaí cosanta sonraí i réimse fhorfheidhmiú an dlí;

(j)

gníomhú mar phointe teagmhála do MECS maidir le saincheisteanna a bhaineann le próiseáil, lena n-áirítear an réamhchomhairliúchán faoi Airteagal 40 agus Airteagal 90 de Rialachán (AE) 2018/1725, agus comhairliúchán a dhéanamh, nuair is iomchuí, maidir le haon ábhar eile laistigh de réimse a inniúlachta nó a hinniúlachta;

(k)

tuarascáil bhliantúil a ullmhú agus an tuarascáil sin a chur in iúl don Bhord Bainistíochta agus do MECS;

(l)

a áirithiú nach ndéanfaidh na hoibríochtaí próiseála difear do chearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí.

2.   Féadfaidh an tOifigeach Cosanta Sonraí moltaí a dhéanamh leis an mBord Bainistíochta maidir le feabhas praiticiúil a chur ar an gcosaint sonraí agus comhairle a chur ar an Oifigeach maidir le forálacha i ndáil le cosaint sonraí a chur i bhfeidhm.

Féadfaidh an tOifigeach Cosanta Sonraí, ar a thionscnamh féin nó ar a tionscnamh féin nó arna iarraidh sin don Bhord Bainistíochta, imscrúdú a dhéanamh ar ábhair agus ar tharluithe a bhaineann go díreach lena chúram nó lena cúram agus a thagann chun a aire nó a haire, agus torthaí an imscrúduithe sin a thuairisciú ar ais don duine a d’iarr an t-imscrudú nó don Bhord Bainistíochta.

3.   Comhlíonfaidh an tOifigeach Cosanta Sonraí na feidhmeanna dá bhforáiltear ag Rialachán (AE) 2018/1725 maidir le sonraí pearsanta riaracháin.

4.   I bhfeidhmiú a chuid nó a cuid dualgas, beidh rochtain ag an Oifigeach Cosanta Sonraí agus ag baill foirne Europol a chuidíonn leis an Oifigeach Cosanta Sonraí ar na sonraí go léir a phróiseálann Europol agus ar áitribh uile Europol.

5.   Má mheasann an tOifigeach Cosanta Sonraí nár comhlíonadh forálacha an Rialacháin seo nó forálacha Rialachán (AE) 2018/1725 a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta riaracháin nó forálacha an Rialacháin seo nó Airteagal 3 agus Chaibidil IX den Rialachán (AE) 2018/1725 a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta, cuirfidh sé nó sí an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar an eolas faoi sin, agus iarrfaidh sé nó sí air nó uirthi an neamhchomhlíonadh a réiteach laistigh de thréimhse shonraithe.

Mura ndéanann an Stiúrthóir Feidhmiúcháin neamhchomhlíonadh na próiseála a réiteach laistigh den tréimhse shonraithe, cuirfidh an tOifigeach Cosanta Sonraí an Bord Bainistíochta ar an eolas. Freagróidh an Bord Bainistíochta laistigh de theorainn ama shonraithe arna comhaontú leis an Oifigeach Cosanta Sonraí. Mura gcuireann an Bord Bainistíochta an neamhchomhlíonadh i gceart laistigh den tréimhse shonraithe, cuirfidh an tOifigeach Cosanta Sonraí an t-ábhar faoi bhráid MECS.

Airteagal 41c

Oifigeach um Chearta Bunúsacha

1.   Déanfaidh an Bord Bainistíochta, ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, Oifigeach um Chearta Bunúsacha a ainmniú. Féadfaidh an tOifigeach um Chearta Bunúsacha sin a bheith ina bhall nó ina ball d’fhoireann Europol atá ann cheana agus ar cuireadh oiliúint speisialta orthu maidir le dlí agus cleachtas na gceart bunúsach.

2.   Déanfaidh an tOifigeach um Chearta Bunúsacha na cúraimí seo a leanas:

(a)

comhairle a chur ar Europol i gcás ina measfaidh sé nó sí gur gá déanamh amhlaidh nó arna iarraidh sin maidir le haon ghníomhaíocht de chuid Europol gan bac ná moill a chur ar na gníomhaíochtaí sin;

(b)

faireachán a dhéanamh ar a mhéid a chomhlíonann Europol cearta bunúsacha;

(c)

tuairimí neamhcheangailteacha a chur ar fáil maidir le socruithe oibre;

(d)

an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur ar an eolas faoi sháruithe féideartha ar chearta bunúsacha le linn ghníomhaíochtaí Europol;

(e)

urraim Europol do chearta bunúsacha i gcomhlíonadh a chúraimí agus a ghníomhaíochtaí a chur chun cinn;

(f)

aon chúraimí eile, i gcás ina bhforáiltear dóibh sa Rialachán seo.

3.   Áiritheoidh Europol nach bhfaighidh an tOifigeach Cosanta Sonraí aon treoir maidir le cur i gcrích a chúraimí nó a cúraimí.

4.   Ullmhóidh an tOifigeach um Chearta Bunúsacha go díreach don Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus foilseoidh sé nó sí tuarascálacha bliantúla ar a chuid gníomhaíochtaí nó ar a cuid gníomhaíochtaí, lena n-áirítear a mhéid a urramaítear cearta bunúsacha le gníomhaíochtaí Europol. Cuirfear na tuarascálacha sin ar fáil don Bhord Bainistíochta.

Airteagal 41d

Oiliúint um Chearta Bunúsacha

Baill foirne uile Europol a bhfuil baint acu le cúraimí oibríochtúla a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta, cuirfear oiliúint éigeantach orthu maidir le cearta agus saoirsí bunúsacha a chosaint, lena n-áirítear maidir le próiseáil sonraí pearsanta. Déanfar an oiliúint sin a fhorbairt i gcomhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA) a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 ón gComhairle (*12), agus le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL), a bunaíodh le Rialachán (AE) 2015/2219 ón Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*13).

(*12)  Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 ón gComhairle an 15 Feabhra 2007 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (IO L 53, 22.2.2007, lch. 1)."

(*13)  Rialachán (AE) 2015/2219 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL), agus a ghabhann ionad Chinneadh 2005/681/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear an cinneadh sin (IO L 319, 4.12.2015, lch. 1).”;"

(39)

in Airteagal 42, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2:

“1.   Chun críoch an fheidhm maoirseachta dá chuid a fheidhmiú, beidh rochtain ag na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 41 de Threoir (AE) 2016/680, ag áitreabh an aonaid náisiúnta nó na n-oifigeach idirchaidrimh, ar shonraí a chuireann a mBallstát faoi bhráid Europol i gcomhréir leis na nósanna imeachta náisiúnta ábhartha agus ar na logaí dá dtagraítear in Airteagal 40 den Rialachán seo.

2.   Beidh rochtain ag údaráis mhaoirseachta náisiúnta ar oifigí agus ar dhoiciméid a gcuid oifigeach idirchaidrimh féin faoi seach ag Europol.”;

(40)

leasaítear Airteagal 43 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

“1.   Beidh MECS freagrach as faireachán a dhéanamh ar fhorálacha an Rialacháin seo agus Rialachán (AE) 2018/1725 agus as a áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm iad i ndáil le cearta bunúsacha agus saoirsí daoine nádúrtha a chosaint maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag Europol, agus as comhairle a chur ar Europol agus ar ábhair sonraí maidir le gach ábhar a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta.”;

(b)

i mír 3, cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

“(j)

ordú a thabhairt don rialaitheoir nó don phróiseálaí oibríochtaí próiseála a chur i gcomhréir leis an Rialachán seo, i gcás inarb iomchuí, ar bhealach sonraithe agus laistigh de thréimhse shonraithe;

(k)

ordú a thabhairt sreabha sonraí chuig faighteoir i mBallstát, i dtríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta a fhionraí;

(l)

fíneáil riaracháin a ghearradh i gcás nach gcomhlíonann Europol ceann de na bearta dá dtagraítear i bpointí (c), (e), (f), (j) agus (k) den mhír seo, ag brath ar imthosca gach cáis aonair.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   Ullmhóidh MECS tuarascáil bhliantúil a maidir lena ghníomhaíochtaí nó lena gníomhaíochtaí maoirseachta i ndáil le Europol. Beidh an tuarascáil sin ina cuid de thuarascáil bhliantúil MECS dá dtagraítear in Airteagal 60 de Rialachán (AE) 2018/1725.

Iarrfaidh MECS ar na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta barúlacha a chur in iúl faoin chuid sin den tuarascáil bhliantúil sula ndéanfar an tuarascáil bhliantúil a ghlacadh. Cuirfidh MECS na barúlacha sin san áireamh go hiomlán agus déanfaidh sé tagairt dóibh sa tuarascáil bhliantúil.

Áireofar sa chuid sin den tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear sa dara fomhír faisnéis staidrimh maidir le gearáin, fiosrúcháin agus imscrúduithe, agus maidir le haistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tíortha agus chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta, cásanna réamhchomhairliúcháin le MECS, agus úsáid na gcumhachtaí a leagtar síos i mír 3 den Airteagal seo.”;

(41)

leasaítear Airteagal 44 mar a leanas,

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, déanfar maoirseacht chomhordaithe a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 62 de Rialachán (AE) 2018/1725. Bainfidh MECS úsáid as saineolas agus taithí na n-údarás maoirseachta náisiúnta agus a chuid nó a cuid dualgas, mar a leagtar amach in Airteagal 43(2) den Rialachán seo iad, á gcur i gcrích aige nó aici.

Agus cigireachtaí comhpháirteacha á ndéanamh acu i dteannta MECS, agus aird chuí á tabhairt do phrionsabal na coimhdeachta agus comhréireachta, beidh cumhachtaí ag comhaltaí agus foireann na n-údarás maoirseachta náisiúnta atá coibhéiseach leis na cumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 43(4) den Rialachán seo agus beidh siad faoi cheangal oibleagáid atá coibhéiseach leis an gceann a leagtar síos in Airteagal 43(6) den Rialachán seo.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   I gcásanna a bhaineann le sonraí de thionscnamh Ballstáit amháin nó níos mó, lena n-áirítear cásanna dá dtagraítear in Airteagal 47(2), rachaidh MECS i gcomhairle leis na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta lena mbaineann. Ní dhéanfaidh MECS beart breise sula gcuireann na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta sin a mbarúlacha in iúl do MECS, laistigh den sprioc ama a shonraíonn sé nó sí nach mbeidh níos giorra ná mí amháin agus níos faide ná 3 mhí ón uair a rachaidh MECS i gcomhairle leis na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta lena mbaineann. Cuirfidh MECS seasamh na n-údarás maoirseachta náisiúnta lena mbaineann san áireamh go hiomlán. Igcás nach bhfuil sé ar intinn ag MECS seasamh de chuid údaráis mhaoirseachta náisiúnta a leanúint, cuirfidh sé nó sí an t-údarás sin ar an eolas agus tabharfaidh sé nó sí údar cuí leis agus cuirfidh sé nó sí an t-ábhar faoi bhráid an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí.”;

(42)

scriostar Airteagal 45 agus Airteagal 46;

(43)

leasaítear Airteagal 47 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Beidh sé de cheart ag aon ábhar sonraí gearán a thaisceadh le MECS má mheasann sé nó sí nach bhfuil an Rialachán seo nó Rialachán (AE) 2018/1725 á gcomhlíonadh ag Europol agus iad ag próiseáil a chuid nó a cuid sonraí pearsanta.”;

(b)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

“2.   I gcás ina mbaineann gearán le cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 36 nó 37 den Rialachán seo nó in Airteagal 81 nó 82 de Rialachán (AE) 2018/1725, rachaidh MECS i gcomhairle le húdaráis mhaoirseachta náisiúnta an Bhallstáit a sholáthair na sonraí nó leis an mBallstát lena mbaineann go díreach.”;

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“5.   Cuirfidh MECS an t-ábhar sonraí ar an eolas faoin dul chun cinn a dhéantar maidir leis an ngearán agus faoi thoradh an ghearáin, mar aon leis an bhféidearthacht leigheas breithiúnach a fháil de bhun Airteagal 48.”;

(44)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 50:

“Airteagal 50

An ceart chun cúitimh

1.   Beidh sé de cheart ag aon duine a mbaineann damáiste ábhartha nó neamhábhartha dó nó di mar thoradh ar shárú ar an Rialachán seo cúiteamh a fháil i gcomhréir le hAirteagal 65 de Rialachán (AE) 2018/1725 agus Airteagal 56 de Threoir (AE) 2016/680.

2.   Maidir le haon díospóid idir Europol agus na Ballstáit i dtaca leis an bhfreagracht deiridh as cúiteamh arna dhámhachtain do dhuine dá ndearnadh díobháil ábhartha nó neamh-ábhartha i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, déanfar í a atreorú chuig an mBord Bainistíochta. Déanfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh i dtaobh na freagrachta sin trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí, gan dochar don cheart chun agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh sin i gcomhréir le hAirteagal 263 CFAE.”;

(45)

leasaítear Airteagal 51 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 3 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

“(d)

an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí Europol, dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (c), lena n-áirítear faisnéis ábhartha faoi ghníomhaíochtaí Europol agus na torthaí a fhaightear agus tacair mhóra sonraí á bpróiseáil, gan aon sonraí oibríochtúla a nochtadh agus gan dochar d’aon imscrúduithe a leanann go fóill;”;

(ii)

cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

“(f)

faisnéis bhliantúil de bhun Airteagal 26(11) maidir leis na sonraí pearsanta a mhalartaítear le páirtithe príobháideacha de bhun Airteagal 26, Airteagal 26a agus Airteagal 26b, lena n-áirítear measúnú ar éifeachtacht an chomhair, samplaí sonracha de chásanna lena léirítear an fáth go raibh na hiarrataí sin riachtanach agus comhréireach chun Europol a chumasú chun a chuid cuspóirí agus cúraimí a chomhlíonadh, agus, maidir le malartuithe sonraí pearsanta de bhun Airteagal 26b, líon na leanaí a sainaithníodh mar thoradh ar na malartuithe sin a mhéid atá an fhaisnéis sin ar fáil do Europol;

(g)

faisnéis bhliantúil maidir le líon na gcásanna ina raibh sé riachtanach do Europol sonraí pearsanta nach mbaineann leis na catagóirí d’ábhair sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II a phróiseáil chun tacú leis na Ballstáit in imscrúdú coiriúil sonrach a leanann go fóill i gcomhréir le hAirteagal 18a, maille le faisnéis faoi fhad agus torthaí na próiseála, lena n-áirítear samplaí de na cásanna sin a léiríonn cén fáth a raibh an phróiseáil sonraí sin riachtanach agus comhréireach;

(h)

faisnéis bhliantúil faoi aistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tíortha agus chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta de bhun Airteagal 25(1) nó Airteagal 25(4a) arna miondealú de réir an bhunúis dlí, agus faoi líon na gcásanna inar údaraigh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, de bhun Airteagal 25(5), aistriú nó catagóirí aistrithe sonraí pearsanta i dtaca le himscrúdú coiriúil sonrach a leanann go fóill chuig tríú tíortha nó chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta, lena n-áirítear faisnéis faoi na tíortha lena mbaineann agus faoi fhad an údaraithe;

(i)

faisnéis bhliantúil faoi líon na gcásanna inar mhol Europol go bhféadfaí foláirimh faisnéise a iontráil i gcomhréir le hAirteagal 4(1), pointe (t), lena n-áirítear samplaí sonracha de chásanna lena léirítear cén fáth ar moladh iontráil na bhfoláireamh sin;

(j)

faisnéis bhliantúil faoi líon na dtionscadal taighde agus nuálaíochta arna ndéanamh, lena n-áirítear faisnéis faoi chuspóirí na dtionscadal sin, catagóirí na sonraí pearsanta a próiseáladh, na coimircí breise a úsáideadh, lena n-áirítear íoslaghdú sonraí, na riachtanais forfheidhmithe dlí a bhféachtar leis na tionscadail sin le haghaidh a thabhairt orthu agus toradh na dtionscadal sin;

(k)

faisnéis bhliantúil maidir le líon na gcásanna inar bhain Europol úsáid as próiseáil shealadach i gcomhréir le hAirteagal 18(6a) agus, i gcás inarb infheidhme, líon na gcásanna inar cuireadh síneadh leis an tréimhse próiseála;

(l)

faisnéis bhliantúil maidir le líon agus cineálacha na gcásanna inar próiseáladh catagóirí speisialta sonraí pearsanta, de bhun Airteagal 30(2).

Déanfar na samplaí dá dtagraítear i bpointe (f) agus pointe (i) a anaithnidiú a mhéid a bhaineann le sonraí pearsanta.

Déanfar na samplaí dá dtagraítear i bpointe (g) a anaithnidiú a mhéid a bhaineann le sonraí pearsanta, gan aon sonraí oibríochtúla a nochtadh agus gan dochar d’aon imscrúduithe a leanann go fóill.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   Féadfaidh GGPC conclúidí achoimre a dhréachtú maidir leis an bhfaireachán polaitiúil ar ghníomhaíochtaí Europol, lena n-áirítear moltaí sonracha neamhcheangailteacha a dhíriú chuig Europol, agus na conclúidí sin a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na bparlaimintí náisiúnta. Cuirfidh Parlaimint na hEorpa na conclúidí sin ar aghaidh, chun críocha faisnéise, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig Europol.”;

(46)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 52a

Fóram Comhchomhairleach

1.   Déanfaidh GGPC fóram comhchomhairleach a bhunú chun cúnamh a thabhairt dó„ arna iarraidh sin dó, trí chomhairle neamhspleácha a sholáthar dó maidir le hábhair cheart bunúsach.

Féadfaidh GGPC agus an Stiúrthóir Feidhmiúcháin dul i gcomhairle leis an bhfóram comhchomhairleach maidir le haon ábhar a bhaineann le cearta bunúsacha.

2.   Cinnfidh GGPC comhdhéanamh an fhóraim chomhchomhairligh, a mhodhanna oibre agus an bealach ina ndéanfar faisnéis a tharchur chuig an bhfóram comhchomhairleach.”;

(47)

in Airteagal 58, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 9:

“9.   Beidh feidhm ag Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 maidir le haon tionscadail tógála ar cosúil go mbeidh impleachtaí móra acu do bhuiséad Europol.”;

(48)

leasaítear Airteagal 60 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí a fháil maidir le cuntais shealadacha Europol do bhliain N, de bhun Airteagal 246 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*14), déanfaidh oifigeach cuntasaíochta Europol cuntais chríochnaitheacha Europol don bhliain sin a tharraingt suas. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cuntais chríochnaitheacha faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta chun tuairim a fháil.

(*14)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).”;"

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 9:

“9.   Arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa, cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin aon fhaisnéis is gá chun nós imeachta urscaoilte a chur i bhfeidhm go rianúil do bhliain N, i gcomhréir le hAirteagal 106(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa.”;

(49)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 61:

“Airteagal 61

Rialacha Airgeadais

1.   Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, glacfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le Europol. Ní imeoidh siad ó Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 mura rud é go mbeidh gá leis an imeacht sin go sonrach le haghaidh oibriú Europol agus mura mbeidh toiliú tugtha ag an gCoimisiún roimh ré.

2.   Féadfaidh Europol deontais a bhaineann le comhlíonadh a chuid cuspóirí agus cúraimí a chur i gcrích a dhámhachtain.

3.   Féadfaidh Europol deontais a dhámhachtain ar Bhallstáit, gan glao ar thograí, maidir le gníomhaíochtaí a dhéanamh a thagann faoi chuimsiú chuspóirí agus chúraimí Europol.

4.   I gcás ina mbeidh údar cuí leis chun críocha oibríochtúla, i ndiaidh údarú ón mBord Bainistíochta, féadfar na costais infheistíochta iomlána a bhaineann le trealamh agus bonneagar a chumhdach le tacaíocht airgeadais.

Leis na rialacha airgeadais dá dtagraítear i mír 1, féadfar na critéir a shonrú faoina bhféadfar tacaíocht airgeadais na costais infheistíochta iomlána dá dtagraítear sa chéad fomhír den mhír seo a chumhdach.

5.   I dtaca leis an tacaíocht airgeadais atá le tabhairt do ghníomhaíochtaí na bhfoirne comhpháirteacha um imscrúdú, bunóidh Eurojust agus Europol i gcomhpháirt na rialacha agus na coinníollacha faoina ndéanfar iarratais ar thacaíocht den sórt sin a phróiseáil.”;

(50)

leasaítear Airteagal 68 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Faoin 29 Meitheamh 2027 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht, go háirithe ar thionchar, éifeachtacht agus éifeachtúlacht Europol agus ar thionchar, éifeachtacht agus éifeachtúlacht a chleachtas oibre. Féadfaidh an mheastóireacht díriú go háirithe ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann struchtúr, oibríocht, réimse gníomhaíochta agus cúraimí Europol a mhodhnú, agus ar na himpleachtaí airgeadais a ghabhfadh le haon mhodhnú den sórt sin.”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“3.   Faoin 29 Meitheamh 2025, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, ina mbeidh meastóireacht agus measúnú ar thionchar oibríochtúil chur chun feidhme na gcúraimí dá bhforáiltear sa Rialachán seo, go háirithe in Airteagal 4(1), pointe (t), Airteagal 18(2), pointe (e), Airteagal 18(6a), agus Airteagail 18a, 26, 26a agus 26b, maidir le cuspóirí Europol. Sa tuarascáil, déanfar measúnú ar thionchar na gcúraimí sin ar shaoirsí agus cearta bunúsacha dá bhforáiltear sa Chairt. Sa tuarascáil freisin, beidh anailís costais is tairbhe ar leathnú chúraimí Europol.”;

(51)

cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas:

“Airteagal 74a

Socruithe idirthréimhseacha maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil mar thaca le himscrúdú coiriúil sonrach a leanann go fóill

1.   I gcás inar sholáthair Ballstát, OIPE nó Eurojust sonraí pearsanta nach mbaineann leis na catagóirí d’ábhair sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II do Europol roimh an 28 Meitheamh 2022, féadfaidh Europol na sonraí pearsanta sin a phróiseáil i gcomhréir le hAirteagal 18a sna cásanna seo a leanas:

(a)

cuireann an Ballstát lena mbaineann, OIPE nó Eurojust ar an eolas, faoin 29 Meán Fómhair 2022, go bhfuil sé údaraithe na sonraí pearsanta sin a phróiseáil, i gcomhréir le ceanglais agus coimircí nós imeachta is infheidhme faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta, san imscrúdú coiriúil a leanann go fóill ar iarr sé tacaíocht Europol ina leith nuair a sholáthair sé na sonraí ar dtús;

(b)

iarrann an Ballstát lena mbaineann, OIPE nó Eurojust ar Europol, faoin 29 Meán Fómhair 2022, tacú leis an imscrúdú coiriúil a leanann go fóill dá dtagraítear i bpointe (a); agus

(c)

measann Europol, i gcomhréir le hAirteagal 18a(1), pointe (b), nach féidir tacú leis an imscrúdú coiriúil a leanann go fóill dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo gan sonraí pearsanta nach gcomhlíontar Airteagal 18(5) leo a phróiseáil.

Déanfar an measúnú dá dtagraítear i bpointe (c) den mhír seo a thaifeadadh agus a sheoladh chuig MECS mar eolas nuair a scoireann Europol de bheith ag tacú leis an imscrúdú coiriúil sonrach gaolmhar.

2.   I gcás nach gcomhlíonann Ballstát, OIPE nó Eurojust ceann amháin nó níos mo de na ceanglais a leagtar amach i mír 1, pointe (a) agus pointe (b) den Airteagal seo, maidir le sonraí pearsanta nach mbaineann leis na catagóirí d’ábhair sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II a sholáthair sé do Europol roimh an 28 Meitheamh 2022, nó i gcás nach gcomhlíonann Ballstát, OIPE, nó Eurojust mír 1, pointe (c) den Airteagal seo, ní dhéanfaidh Europol na sonraí pearsanta sin a phróiseáil i gcomhréir le hAirteagal 18a, ach gan dochar d’Airteagal 18(5) agus d’Airteagal 74b, déanfaidh Europol na sonraí pearsanta sin a scriosadh faoin 29 Deireadh Fómhair 2022.

3.   I gcás inar sholáthair tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 18a(6) sonraí pearsanta nach mbaineann leis na catagóirí d’ábhair sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II do Europol roimh an 28 Meitheamh 2022, féadfaidh Europol na sonraí pearsanta sin a phróiseáil i gcomhréir le hAirteagal 18a(6) sna cásanna seo a leanas:

(a)

sholáthair an tríú tír na sonraí pearsanta chun tacú le himscrúdú coiriúil sonrach i mBallstát amháin nó níos mó a dtacaíonn Europol leis;

(b)

fuair an tríú tír na sonraí i gcomhthéacs imscrúdú coiriúil i gcomhréir leis na ceanglais nós imeachta agus coimircí is infheidhme faoina dlí coiriúil náisiúnta;

(c)

cuireann an tríú tír in iúl do Europol, faoin 29 Meán Fómhair 2022, go bhfuil údarás aici na sonraí pearsanta sin a phróiseáil san imscrúdú coiriúil ar mar chuid de a fuair sí na sonraí;

(d)

measann Europol, i gcomhréir le hAirteagal 18a(1), pointe (b), nach féidir tacú leis an imscrúdú coiriúil sonrach dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo gan sonraí pearsanta nach gcomhlíontar Airteagal 18(5) leo a phróiseáil agus déantar an measúnú sin a thaifeadadh agus a sheoladh chuig MECS mar eolas nuair a scoireann Europol de bheith ag tacú leis an imscrúdú coiriúil sonrach gaolmhar; agus

(e)

fíoraíonn Europol, i gcomhréir le hAirteagal 18a(6), nach bhfuil an méid sonraí pearsanta díréireach go follasach i ndáil leis an imscrúdú coiriúil sonrach dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo i mBallstát amháin nó níos mó a dtacaíonn Europol leis.

4.   I gcás nach gcomhlíonann tríú tír an ceanglas a leagtar amach i mír 3, pointe (c) den Airteagal seo, maidir le sonraí pearsanta nach mbaineann leis na catagóirí d’ábhair sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II, a sholáthar sí do Europol roimh an 28 Meitheamh 2022, nó i gcás nach gcomhlíontar aon cheann de na ceanglais eile a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo, ní dhéanfaidh Europol na sonraí pearsanta sin a phróiseáil i gcomhréir le hAirteagal 18a(6), ach gan dochar d’Airteagal 18(5) agus d’Airteagal 74b, déanfaidh Europol na sonraí pearsanta sin a scriosadh faoin 29 Deireadh Fómhair 2022.

5.   I gcás inar sholáthair Ballstát, OIPE nó Eurojust sonraí pearsanta nach mbaineann leis na catagóirí d’ábhair sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II do Europol roimh an 28 Meitheamh 2022, féadfaidh sé a iarraidh ar Europol, faoin 29 Meán Fómhair 2022, na sonraí sin a stóráil mar aon le toradh phróiseáil Europol ar na sonraí sin i gcás inar gá sin chun fírinneacht, iontaofacht agus inrianaitheacht an phróisis faisnéise coiriúla a áirithiú. Coimeádfaidh Europol sonraí pearsanta nach mbaineann leis na catagóirí d’ábhair sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II deighilte go feidhmiúil ó shonraí eile agus ní phróiseálfaidh sé na sonraí sin ach amháin chun fírinneacht, iontaofacht agus inrianaitheacht an phróisis faisnéise coiriúla a áirithiú, agus ní dhéanfaidh sé iad a phróiseáil ach fad a bheidh na himeachtaí breithiúnacha ar siúl a bhaineann leis an imscrúdú coiriúil ar soláthraíodh na sonraí sin ina leith.

6.   I gcás ina bhfuair Europol sonraí pearsanta nach mbaineann leis na catagóirí d’ábhair sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II roimh an 28 Meitheamh 2022, ní dhéanfaidh Europol na sonraí sin a stóráil chun fírinneacht, iontaofacht agus inrianaitheacht an phróisis faisnéise coiriúla a áirithiú mura n-iarrtar sin i gcomhréir le mír 5. In éagmais iarraidh den sórt sin, déanfaidh Europol na sonraí pearsanta sin a scriosadh faoin 29 Deireadh Fómhair 2022.

Airteagal 74b

Socruithe idirthréimhseacha a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta atá i seilbh Europol

Gan dochar d’Airteagal 74a, i gcás sonraí pearsanta a fuair Europol roimh an 28 Meitheamh 2022, beidh Europol in ann a fhíorú an mbaineann na sonraí pearsanta sin le ceann de na catagóirí d’ábhair sonraí a leagtar amach in Iarscríbhinn II. Chuige sin, féadfaidh Europol réamhanailís a dhéanamh ar na sonraí pearsanta sin ar feadh tréimhse nach faide ná 18 mí ón dáta a fuarthas na sonraí den chéad uair nó, i gcásanna a bhfuil údar leo agus le húdarú roimh ré ó MECS, ar feadh tréimhse is faide.

Ní rachaidh uastréimhse próiseála na sonraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír thar 3 bliana ón lá a fhaigheann Europol na sonraí.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 8 Meitheamh 2022.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. BEAUNE


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Bealtaine 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 24 Bealtaine 2022.

(2)  Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53).

(3)  Cinneadh 2008/617/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le feabhas a chur ar an gcomhar idir aonaid idirghabhála speisialta Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i gcásanna géarchéime (IO L 210, 6.8.2008, lch. 73).

(4)  Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 (an Gníomh um Chibearshlándáil)) (IO L 151, 7.6.2019, lch. 15).

(5)  Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta chun leibhéal ard coiteann slándála líonra agus córas faisnéise a áirithiú ar fud an Aontais (IO L 194, 19.7.2016, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus breithiúnais i ngnóthaí coiriúla, lena leasaítear Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún (IO L 312, 7.12.2018, lch. 56).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2013 lena mbunaítear sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú agus lena n-aisghairtear an Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 16 Meán Fómhair 1998 lena mbunaítear Buanchoiste um measúnú agus cur chun feidhme Schengen (IO L 295, 6.11.2013, lch. 27).

(8)  Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 lena gcuirtear ar bun creat maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a scagadh (IO L 79I, 21.3.2019, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(11)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).

(12)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).

(13)  Rialachán (AE) 2021/784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le haghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne (IO L 172, 17.5.2021, lch. 79).

(14)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(15)  IO C 143, 23.4.2021, lch. 6.


Top