Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0934

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/934 ón gCoimisiún an 16 Meitheamh 2022 lena gcuirtear allmhairí de rothaí bóthair alúmanaim áirithe de thionscnamh Mharacó faoi réir clárú

    C/2022/3874

    IO L 162, 17.6.2022, p. 27–30 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/934/oj

    17.6.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 162/27


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/934 ÓN gCOIMISIÚN

    an 16 Meitheamh 2022

    lena gcuirtear allmhairí de rothaí bóthair alúmanaim áirithe de thionscnamh Mharacó faoi réir clárú

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (“an bun-Rialachán”), agus go háirithe Airteagal 14(5a) de,

    Tar éis na Ballstáit a chur ar an eolas,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 17 Samhain 2021, d’fhógair an Coimisiún Eorpach (“an Coimisiún”), trí fhógra a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2) (“an fógra tionscnaimh”), go dtionscnófaí imeacht frithdhumpála maidir le hallmhairí de rothaí bóthair alúmanaim áirithe de thionscnamh Mharacó, tar éis do Chomhlachas Monaróirí Rothaí na hEorpa (“an gearánaí”) gearán a dhéanamh thar ceann táirgeoirí a bhfuil níos mó ná 25 % de tháirgeacht iomlán an Aontais acu de rothaí bóthair alúmanaim áirithe.

    1.   AN TÁIRGE ATÁ FAOI RÉIR CLÁRÚ

    (2)

    Is é táirge atá faoi réir clárú rothaí bóthair alúmanaim na mótarfheithiclí atá faoi cheannteidil 8701 go 8705, bíodh a ngabhálais feistithe orthu nó ná bíodh agus bíodh boinn feistithe orthu nó ná bíodh (“an táirge lena mbaineann”).

    (3)

    Aicmítear an táirge lena mbaineann faoi chóid AC ex 8708 70 10 agus ex 8708 70 50 faoi láthair (cóid TARIC: 8708701015, 8708701050, 8708705015 agus 8708705050). Is chun críoch na faisnéise amháin a thugtar na cóid AC agus TARIC. Tá raon feidhme an imscrúdaithe seo faoi réir shainiú an táirge faoi imscrúdú mar a luaitear thuas.

    2.   AN FORAS LE CLÁRÚ A DHÉANAMH

    (4)

    De réir Airteagal 14(5a) den bhun-Rialachán, déanfaidh an Coimisiún allmhairí a chlárú le linn na tréimhse réamhnochta faoi Airteagal 19a den bhun-Rialachán ionas go bhféadfar bearta a chur i bhfeidhm ina dhiaidh sin ar na hallmhairí sin ó dháta clárúcháin den sórt sin ar aghaidh, mura mbeidh go leor fianaise aige nach gcloítear leis na ceanglais faoi Airteagal 10(4)(c) nó faoi Airteagal 10(4)(d) den bhun-Rialachán.

    (5)

    D'fhíoraigh an Coimisiún an raibh na hallmhaireoirí ar an eolas faoin dumpáil i dtaobh mhéid na dumpála agus na díobhála líomhainte nó cruthaithe, nó ar cheart iad a bheith ar an eolas faoi. Rinne sé anailís freisin féachaint an raibh ardú suntasach breise ann ó thaobh allmhairí, ab ardú ba dhócha a bhainfeadh an bonn go tromchúiseach d'éifeacht cheartaitheach na dleachta frithdhumpála a bheadh le cur i bhfeidhm, i bhfianaise uainiú, méide agus cúinsí eile a bhain leis an ardú suntasach sin.

    (6)

    Rinne an Coimisiún scrúdú amhlaidh ar an bhfianaise a bhí ar fáil dó i bhfianaise Airteagal 10(4) den bhun-Rialachán. Chuaigh an Coimisiún i muinín sonraí allmhairí mar a léirítear i dTábla 1, i measc nithe eile, chun críocha na hanailíse seo.

    2.1.   Eolas na n-allmhaireoirí ar an dumpáil, ar mhéid na dumpála agus ar an díobháil líomhainte

    (7)

    Tá fianaise leormhaith ag an gCoimisiún go bhfuil allmhairí ó Mharacó den táirge lena mbaineann á ndumpáil.

    (8)

    San fhógra tionscnaimh faoin imeacht seo a foilsíodh an 17 Samhain 2021 cuireadh i dtábhacht gur suntasach an corrlach dumpála a ríomhadh, mar atá, 14 %. Chuir an fhianaise sa ghearán tacaíocht leormhaith ar fáil ag an gcéim sin go bhfuil na táirgeoirí onnmhairiúcháin i mbun dumpála.

    (9)

    Ina theannta sin, cuireadh fianaise leormhaith ar fáil sa ghearán ar dhíobháil líomhainte do thionscal an Aontais, díobháil lena n-áirítear laghdú ar a sciar den mhargadh agus forbairt dhiúltach ar phríomhtháscairí feidhmíochta eile i leith thionscail an Aontais.

    (10)

    De bhua an fógra tionscnaimh a bheith foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, is doiciméad poiblí é a bhfuil rochtain ag gach allmhaireoir air. Thairis sin, tá rochtain ag allmhaireoirí, ina gcáil mar pháirtithe leasmhara san imscrúdú, ar an leagan neamhrúnda den ghearán agus ar an gcomhad neamhrúnda. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún go raibh na hallmhaireoirí ar an eolas, ar an mbonn sin, faoi na cleachtais dumpála a líomhnaíodh, faoi mhéid na gcleachtas sin, agus faoin díobháil líomhainte, sin nó gur cheart iad a bheith ar an eolas fúthu.

    (11)

    Ar bhonn an mhéid thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach bhfuil aon fhianaise ann nár cloíodh leis an gceanglas in Airteagal 10(4)(c) den bhun-Rialachán.

    2.2.   Ardú suntasach breise sna hallmhairí

    (12)

    Ar bhonn sonraí staidrimh ar a dtugtar achoimre i dTábla 1 thíos, shuigh an Coimisiún gur tháinig méadú 43 % ar an líon rothaí bóthair alúmanaim a allmhairíodh go dtí an tAontas ó Mharacó le linn na tréimhse ón 1 Nollaig 2021 go dtí an 30 Aibreán 2022, i.e. tar éis thionscnamh an cháis, i gcomparáid leis an tréimhse ón 1 Nollaig 2020 go dtí an 30 Aibreán 2021, i.e. an tréimhse chéanna bliain roimhe sin, ar cuid den tréimhse imscrúdaithe í (is í an tréimhse ón 1 Deireadh Fómhair 2020 go dtí an 30 Meán Fómhair 2021 an tréimhse imscrúdaithe). Sa bhreis air sin, bhí meánmhéid míosúil na n-allmhairí go dtí an tAontas ó Mharacó sa tréimhse ón 1 Nollaig 2021 go dtí an 30 Aibreán 202292 300 aonad níos mó ná meánmhéid míosúil na n-allmhairí go dtí an tAontas le linn na tréimhse imscrúdaithe.

    (13)

    Dá bhrí sin, i bhfianaise an ardaithe shuntasaigh breise sin sna hallmhairí ón tír lena mbaineann, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach bhfuil aon fhianaise ann nár cloíodh leis an gceanglas sin.

    Tábla 1

     

    1 Nollaig 2020 - 30 Aibreán 2021

    1 Nollaig 2021 - 30 Aibreán 2022

    Δ

    Meán míosúil 1 Nollaig 2020-30 Aibreán 2021

    Meán míosúil 1 Nollaig 2021 – 30 Aibreán 2022

    Méideanna allmhairí (píosaí)

    1 068 018

    1 529 755

    +43  %

    213 604

    305 951

    Foinse: Bunachar sonraí faireachais an Choimisiúin le haghaidh Aibreáin 2022, bunachar sonraí Comext Eurostat le haghaidh na míonna eile Cóimheas tiontaithe kg/aonad: 11,3 kg/aonad

    2.3.   An bonn a bhaint d'éifeacht cheartaitheach na dleachta

    (14)

    Mar a shuitear i roinn 2.2, tháinig ardú suntasach breise ar allmhairí an táirge lena mbaineann ó tionscnaíodh an imscrúdú seo. Is ionann an t-ardú sin agus thart ar 92 300 roth alúmanaim breise in aghaidh na míosa i gcomparáid leis an líon rothaí alúmanaim a allmhairíodh ó Mharacó le linn na tréimhse imscrúdaithe. An t-ardú sin amháin, is ionann é agus thart ar 2 % de thomhaltas an Aontais le linn na tréimhse imscrúdaithe.

    (15)

    De réir na sonraí allmhairiúcháin ar a dtugtar achoimre i dtábla 2 thíos, bhí an meánphraghas allmhairiúcháin in aghaidh an rotha ar an táirge lena mbaineann le linn na tréimhse ón 1 Nollaig 2021 go dtí an 30 Aibreán 2022 14,8 % níos airde ná an meánphraghas allmhairiúcháin ó Mharacó a tugadh faoi deara le linn na tréimhse imscrúdaithe. Caithfear a chur san áireamh, áfach, go mbaineann thart ar 50 % de chostas táirgthe ARW leis an alúmanam príomhúil agus go bhfuil an praghas díola innéacsaithe le praghas an alúmanaim ar Mhalartán Miotal Londan. Thug an Coimisiún dá aire gur mhéadaigh meánphraghas an alúmanaim 50 % sa tréimhse imscrúdaithe i gcomparáid leis an tréimhse ó mhí na Nollag 2021 go mí Aibreáin 2022. Dá bhrí sin, samhlaíonn sé nach léirítear sa mhéadú 14,8 % ar an bpraghas ach cuid de mhéadú an chostais táirgthe, agus, mar sin, gur féidir fós go gcuirfidh na hallmhairí díolacháin thionscal an Aontais faoi bhrú.

    Tábla 2

     

    Tréimhse an imscrúdaithe

    Nollaig 2021 – Aibreán 2022

    Δ

    Meánphraghsanna allmhairiúcháin míosúla (EUR/píosa)

    44,7

    51,3

    +14,8  %

    Foinse: Bunachar sonraí faireachais an Choimisiúin le haghaidh Aibreáin 2022, bunachar sonraí Comext Eurostat le haghaidh na míonna eile

    (16)

    Ar an mbonn sin, shuigh an Coimisiún nár léirigh an fhianaise i gcomhad nár cloíodh leis an gceanglas sin.

    2.4.   Conclúid

    (17)

    I bhfianaise an mhéid atá thuas, shuigh an Coimisiún nach bhfuil aon fhianaise dhochloíte ann a léiríonn nach raibh údar le hallmhairí an táirge lena mbaineann a chlárú le linn na tréimhse réamhnochta sa chás seo. Ó foilsíodh an fógra tionscnaimh, tráth a bhí na táirgeoirí onnmhairiúcháin ar an eolas faoin dumpáil líomhainte agus faoin díobháil líomhainte, nó ba cheart iad a bheith ar an eolas faoi, tháinig ardú breise ar allmhairí an táirge lena mbaineann i gcaoi a bhféadfaí an bonn a bhaint d’éifeacht cheartaitheach na ndleachtanna frithdhumpála, le linn na tréimhse réamhnochta freisin.

    (18)

    Dá réir sin, i gcomhréir le hAirteagal 14(5a) den bhun-Rialachán, déanfaidh an Coimisiún allmhairí an táirge lena mbaineann a chlárú le linn na tréimhse réamhnochta.

    3.   NÓS IMEACHTA

    (19)

    Iarrtar ar na páirtithe leasmhara uile a gcuid tuairimí a chur in iúl i scríbhinn agus fianaise thacaíochta a chur ar fáil. Thairis sin, féadfaidh an Coimisiún éisteacht le páirtithe leasmhara, ar choinníoll go ndéanfaidh siad iarraidh i scríbhinn agus go gcuirfidh siad in iúl go bhfuil cúiseanna ar leith ann le héisteacht a thabhairt dóibh.

    4.   CLÁRÚ

    (20)

    Faoi Airteagal 14(5a) den bhun-Rialachán, déanfaidh an Coimisiún allmhairí an táirge lena mbaineann a chlárú le linn na tréimhse réamhnochta de bhun Airteagal 19a den bhun-Rialachán, mura mbeidh go leor fianaise ann nach gcloítear leis na ceanglais faoi Airteagal 10(4)(c) agus (d).

    (21)

    Aon dliteanas a bheadh ann amach anseo, is as torthaí críochnúla an imscrúdaithe frithdhumpála seo a thiocfadh sé. Sna líomhaintí sa ghearán inar iarradh an t-imscrúdú a thionscnamh, meastar meánchorrlach dumpála thart ar 14 % agus meánleibhéal díothaithe díobhála suas le 43 % a bheith ann i gcás an táirge lena mbaineann. Meastar méid an dliteanais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo ar na leibhéil sin ar bhonn an ghearáin, eadhon 14 % mar chion de luach allmhairiúcháin CAL an táirge lena mbaineann

    5.   PRÓISEÁIL SONRAÍ PEARSANTA

    (22)

    Is i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a dhéileálfar le haon sonraí pearsanta a bailíodh san imscrúdú seo (3).

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    1.   Leis seo, tugtar treoir do na húdaráis chustaim, de bhun Airteagal 14(5a) de Rialachán (AE) 2016/1036, na céimeanna iomchuí a ghlacadh chun allmhairí rothaí bóthair alúmanaim áirithe de thionscnamh Mharacó a bhaineann leis na mótarfheithiclí atá faoi cheannteidil 8701 go 8705, bíodh a ngabhálais feistithe orthu nó ná bíodh agus bíodh boinn feistithe orthu nó ná bíodh, rothaí a thagann faoi chuimsiú chóid AC ex 8708 70 10 agus ex 8708 70 50 faoi láthair (cóid TARIC: 8708701015, 8708701050, 8708705015 agus 8708705050), a chlárú.

    2.   Rachaidh an clárú in éag ceithre seachtaine tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Meitheamh 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

    (2)  IO C 464, 17.11.2021, lch. 19.

    (3)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE, IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.


    Top