Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0629

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/629 ón gCoimisiún an 12 Eanáir 2022 lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/583 a mhéid a bhaineann le coigeartú ar na tairseacha leachtachta agus ar an bpeircintíl trádála a úsáidtear chun an méid atá sonrach don ionstraim is infheidhme maidir le hionstraimí neamhchothromais áirithe a chinneadh (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2022/52

    IO L 115I, 13.4.2022, p. 1–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/629/oj

    13.4.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    LI 115/1


    RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/629 ÓN gCOIMISIÚN

    an 12 Eanáir 2022

    lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/583 a mhéid a bhaineann le coigeartú ar na tairseacha leachtachta agus ar an bpeircintíl trádála a úsáidtear chun an méid atá sonrach don ionstraim is infheidhme maidir le hionstraimí neamhchothromais áirithe a chinneadh

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 9(5), an tríú fomhír de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Leagtar amach i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/583 ón gCoimisiún (2) na ceanglais trédhearcachta is infheidhme maidir le bannaí, táirgí airgeadais struchtúraithe, lamháltais astaíochtaí agus díorthaigh. Chun cur chun feidhme rianúil na gceanglas sin a áirithiú, tugadh isteach leis an Rialachán Tarmligthe sin céimniú isteach bliantúil maidir le cur i bhfeidhm tairseacha trédhearcachta áirithe thar thréimhse 4 bliana, ó 2019 ar aghaidh. Leis an gcéimniú isteach sin, is féidir cur i bhfeidhm na n-oibleagáidí trédhearcachta comhfhreagracha a leathnú de réir a chéile. Baineann sé sin, go háirithe, leis an gcritéar maidir le “meánlíon laethúil na dtrádálacha” a úsáidtear chun bannaí a chinneadh a bhfuil margadh leachtach ann ina leith chomh maith leis na peircintílí trádála a úsáidtear chun an méid atá sonrach don ionstraim (SSTI) a chinneadh lena gceadaítear oibleagáidí trédhearcachta réamhthrádála a tharscaoileadh.

    (2)

    Faoin gcur chuige céimnithe sin, ní théitear ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile go huathoibríoch. Ceanglaítear ar an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) a mheasúnú bliantúil ar a iomchuí a bheadh sé dul ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Le measúnú ESMA, ní mór go ndéanfar anailís ar éabhlóid méideanna trádála i gcás na n-ionstraimí airgeadais lena mbaineann faoin gcéim reatha agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an dul ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile ar an leachtacht atá ar fáil agus ar rannpháirtithe margaidh araon a thuar. Más iomchuí, ceanglaítear ar ESMA caighdeán rialála athbhreithnithe a chur isteach lena gcoigeartaítear an tairseach chuig an gcéad chéim eile, mar aon lena thuarascáil.

    (3)

    Chuir ESMA a mheasúnú agus a chaighdeáin rialála athbhreithnithe faoi bhráid an Choimisiúin an 22 Iúil 2021. Tháinig ESMA ar an gconclúid gur measadh gur bannaí leachtacha iad idir 1,57 % agus 2,58 % de na bannaí arna dtrádáil idir an chéad agus an ceathrú ráithe de 2020, de réir na gcritéar a bhfuil feidhm leo i gcéim S2. Bheadh méadú thart ar 40 % i gceist le dul ar aghaidh chuig céim S3.

    (4)

    Maidir le SSTI, tháinig ESMA ar an gconclúid go ndéanfaidh aistriú ó chéim S2 go S3 difear den chuid is mó do thrádáil bannaí ceannasacha agus bannaí poiblí eile, ós rud é gurb é an méadú is mó a bheidh ann i gcás na n-ionstraimí sin. Is iondúil a dhéantar na hionstraimí sin a thrádáil, áfach, sa raon idir EUR 3 mhilliún agus EUR 6 mhilliún. Measann ESMA, dá bhrí sin, go gcoimeádfadh aistriú chuig céim S3 an SSTI réamhthrádála íseal go leor chun soláthraithe leachtachta a chosaint ar an tionchar ar an margadh a eascraíonn as orduithe móra, agus ag an am céanna á áirithiú go mbeadh níos mó bannaí leachtacha faoi réir trédhearcacht réamhthrádála.

    (5)

    Agus an measúnú a rinne ESMA, an leibhéal teoranta trédhearcachta sna margaí bannaí, na héifeachtaí teoranta ar iomaíocht sa mhargadh agus go mbeadh an tairseach fós íseal go leor chun soláthraithe leachtachta a chosaint ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag orduithe móra ar an margadh á gcur san áireamh, is iomchuí dul ar aghaidh chuig céim S3 maidir le bannaí a bhfuil margadh leachtach ann ina leith agus maidir leis an SSTI i gcás bannaí. Leis an aistriú chuig céim S3, ba cheart go méadófaí an leibhéal trédhearcachta atá ar fáil sa mhargadh bannaí gan aon tionchar diúltach a bheith ar leachtacht.

    (6)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/583 a leasú dá réir sin.

    (7)

    Is ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag ESMA atá an Rialachán seo bunaithe.

    (8)

    Tá comhairliúcháin phoiblí oscailte déanta ag ESMA maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, tá anailís déanta aige ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo ann agus d’iarr sé comhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3),

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/583

    Leasaítear Airteagal 17 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/583 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Chun na bannaí nach bhfuil margadh leachtach ann ina leith a chinneadh chun críocha Airteagal 6 agus de réir na modheolaíochta a shonraítear in Airteagal 13(1), pointe (b), glacfar leis an gcur chuige i leith an chritéir leachtachta ‘meánlíon laethúil na dtrádálacha’ agus ‘meánlíon laethúil na dtrádálacha’ a chomhfhreagraíonn do chéim S3 (seacht dtrádáil laethúla) á chur i bhfeidhm.”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    “3.   Chun an méid atá sonrach don ionstraim airgeadais a chinneadh chun críocha Airteagal 5 agus de réir na modheolaíochta a shonraítear faoi Airteagal 13(2), pointe (b)(i), úsáidfear an cur chuige maidir leis an bpeircintíl trádála a chuirfear i bhfeidhm agus an pheircintíl trádála a chomhfhreagraíonn do chéim S3 (an 50ú peircintíl) á cur i bhfeidhm.

    Chun an méid atá sonrach don ionstraim airgeadais a chinneadh chun críocha Airteagal 5 agus de réir na modheolaíochta a shonraítear faoi Airteagal 13(2), pointí (b)(ii) go (iv), úsáidfear an cur chuige maidir leis an bpeircintíl trádála a chuirfear i bhfeidhm agus an pheircintíl trádála a chomhfhreagraíonn do chéim S1 (an 30ú peircintíl) á cur i bhfeidhm.”.

    Airteagal 2

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Eanáir 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)   IO L 173, 12.6.2014, lch. 84.

    (2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/583 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le margaí in ionstraimí airgeadais a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála maidir le ceanglais trédhearcachta le haghaidh ionaid trádála agus gnólachtaí infheistíochta i leith bannaí, táirgí airgeadais struchtúraithe, lamháltais astaíochtaí agus díorthach (IO L 87, 31.3.2017, lch. 229).

    (3)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).


    Top