Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0463

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/463 ón gCoimisiún an 22 Márta 2022 lena gceartaítear an leagan Gearmáinise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 lena leagtar síos bearta mionsonraithe chun na bunchaighdeáin chomhchoiteanna maidir le slándáil eitlíochta a chur chun feidhme (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2022/1683

    IO L 94, 23.3.2022, p. 3–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/463/oj

    23.3.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 94/3


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/463 ÓN gCOIMISIÚN

    an 22 Márta 2022

    lena gceartaítear an leagan Gearmáinise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 lena leagtar síos bearta mionsonraithe chun na bunchaighdeáin chomhchoiteanna maidir le slándáil eitlíochta a chur chun feidhme

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse slándála na heitlíochta sibhialta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2320/2002 (1), agus go háirithe Airteagal 4(3) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Sa leagan Gearmáinise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 ón gCoimisiún (2), tá earráid i bpointe 1.1.2.3, an chéad abairt, den Iarscríbhinn, earráid a athraíonn brí na forála.

    (2)

    Dá bhrí sin, ba cheart an leagan Gearmáinise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 a cheartú dá réir. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile.

    (3)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 19 de Rialachán (CE) Uimh. 300/2008,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    (ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge)

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Márta 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 97, 9.4.2008, lch. 72.

    (2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 ón gCoimisiún an 5 Samhain 2015 lena leagtar síos bearta mionsonraithe le haghaidh chur chun feidhme na mbunchaighdeán comhchoiteann maidir le slándáil eitlíochta (IO L 299, 14.11.2015, lch. 1).


    Top