This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R0343
Commission Regulation (EU) 2022/343 of 24 January 2022 establishing a fisheries closure for common sole in areas 7h, 7j and 7k for vessels flying the flag of France
Rialachán (AE) 2022/343 ón gCoimisiún an 24 Eanáir 2022 lena mbunaítear iamh iascach le haghaidh sól coiteann i limistéir 7h, 7j agus 7k i gcás soithí a bhfuil bratach na Fraince ar foluain acu
Rialachán (AE) 2022/343 ón gCoimisiún an 24 Eanáir 2022 lena mbunaítear iamh iascach le haghaidh sól coiteann i limistéir 7h, 7j agus 7k i gcás soithí a bhfuil bratach na Fraince ar foluain acu
C/2022/420
IO L 62, 1.3.2022, p. 9–11
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2021
1.3.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 62/9 |
RIALACHÁN (AE) 2022/343 ÓN gCOIMISIÚN
an 24 Eanáir 2022
lena mbunaítear iamh iascach le haghaidh sól coiteann i limistéir 7h, 7j agus 7k i gcás soithí a bhfuil bratach na Fraince ar foluain acu
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú (1), agus go háirithe Airteagal 36(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Leagtar síos le Rialachán (AE) 2021/92 ón gComhairle (2) cuótaí le haghaidh 2021. |
(2) |
De réir na faisnéise a fuair an Coimisiún, tá an cuóta le haghaidh 2021 ídithe ag gabhálacha an stoic sól coiteann i limistéir 7h, 7j agus 7k ag soithí a bhfuil bratach na Fraince ar foluain acu nó soithí atá cláraithe sa Fhrainc. |
(3) |
Is gá, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar ghníomhaíochtaí áirithe iascaireachta a bhaineann leis an stoc sin. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ídiú cuótaí
Maidir leis an gcuóta iascaireachta a chionroinntear ar an bhFrainc le haghaidh an stoic sól coiteann i limistéir 7h, 7j agus 7k le haghaidh 2021 dá dtagraítear san Iarscríbhinn, measfar é a bheith ídithe ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Toirmisc
1. Cuirfear toirmeasc, ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn, ar iascaireacht an stoic sin dá dtagraítear in Airteagal 1 ag soithí a bhfuil bratach na Fraince ar foluain acu nó atá cláraithe sa Fhrainc. Beidh toirmeasc go háirithe ar iasc a lorg agus ar threalamh iascaireachta a chur ar uisce, a úsáid nó a tharraingt chun iascaireacht a dhéanamh ar an stoc sin.
2. Maidir le hiasc nó táirgí iascaigh ón stoc sin a ghabh na soithí sin a thrasloingsiú, a choinneáil ar bord, a phróiseáil ar bord, a aistriú, a chur i gcaighean, a ramhrú agus a thabhairt i dtír, leanfaidh an méid sin de bheith údaraithe le haghaidh gabhálacha a tógadh roimh an dáta sin.
3. Maidir le gabhálacha neamhbheartaithe speiceas ón stoc sin a ghabhann na soithí sin, tabharfar ar bord na soithí iascaireachta agus coinneofar ar bord iad, agus déanfar iad a thaifeadadh, a thabhairt i dtír agus a chomhaireamh i gcoinne cuótaí i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Eanáir 2022.
Thar ceann an Choimisiúin,
Ar son an Uachtaráin,
Virginijus SINKEVIČIUS
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) 2021/92 ón gComhairle an 28 Eanáir 2021 lena socraítear le haghaidh 2021 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad (IO L 31, 29.1.2021, lch. 31).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).
IARSCRÍBHINN
Uimh. |
26/TQ92 |
Ballstát |
an Fhrainc |
Stoc |
SOL/7HJK. |
Speiceas |
An sól coiteann (Solea solea) |
Limistéar |
7h, 7j agus 7k |
Dáta deiridh |
17.12.2021 |