Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0149

    Rialachán (AE) 2022/149 ón gComhairle an 3 Feabhra 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 101/2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe i gcoinne daoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide sa Túinéis

    ST/5360/2022/INIT

    IO L 25, 4.2.2022, p. 7–8 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/149/oj

    4.2.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 25/7


    RIALACHÁN (AE) 2022/149 ÓN gCOMHAIRLE

    an 3 Feabhra 2022

    lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 101/2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe i gcoinne daoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide sa Túinéis

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

    Ag féachaint do Chinneadh 2011/72/CBES ón gComhairle an 31 Eanáir 2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe i gcoinne daoine agus eintitis áirithe i bhfianaise na staide sa Túinéis (1),

    Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán (AE) Uimh. 101/2011 ón gComhairle (2), cuirtear calcadh sócmhainní de bhun Chinneadh 2011/72/CBES i gcoinne daoine agus eintitis áirithe a aithníodh mar dhaoine nó mar eintitis atá freagrach as míleithreasú chistí Stáit na Túinéise chun bhfeidhme.

    (2)

    An 3 Feabhra 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/154 (3), lena leasaítear Cinneadh 2011/72/CBES a mhéid a bhaineann le coinníollacha ar a bhféadfar leanúint de chistí duine éagtha a chalcadh.

    (3)

    Tagann an leasú sin faoi raon feidhme an Chonartha agus, dá bhrí sin, tá gá le gníomh rialála ar leibhéal an Aontais chun é a chur chun feidhme, go háirithe d’fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach a áirithiú sna Ballstáit go léir.

    (4)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 101/2011 a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 101/2011 mar a leanas:

    (1)

    cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

    “Airteagal 2a

    I gcás éag duine a liostaítear in Iarscríbhinn I:

    (a)

    i gcás ina ndearnadh ciontú coiriúil i leith míleithreasú cistí Stáit i gcoinne an duine sin sular éag sé nó sí, leanfar de na cistí agus de na hacmhainní eacnamaíocha ba leis an duine sin nó a bhí ina sheilbh nó faoina rialú a chalcadh go dtí go ndéanfar orduithe cúirte chun cistí an Stáit míleithreasaithe a aisghabháil agus go dtí go ndéanfar íoc fíneálacha a fhorghníomhú;

    (b)

    i gcás nach ndearnadh aon chiontú coiriúil den sórt sin i gcoinne an duine sin sular éag sé nó sí, leanfar de na cistí agus de na hacmhainní eacnamaíocha ba leis an duine sin nó a bhí faoina úinéireacht, ina sheilbh nó faoina rialú a chalcadh ar feadh tréimhse réasúnach ama, faoi réir Airteagal 12(5). Má thionscnaítear caingean shibhialta nó riaracháin laistigh den tréimhse sin chun cistí Stáit míleithreasaithe a aisghabháil, fanfaidh na cistí agus na hacmhainní eacnamaíocha ba leis an duine sin nó a bhí faoina úinéireacht, ina sheilbh nó faoina rialú calctha go dtí go ndíbhfear an chaingean sin nó, má sheastar léi, go dtí go mbeidh ordú na cúirte chun na cistí míleithreasaithe a aisghabháil forghníomhaithe.”;

    (2)

    in Airteagal 12, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

    “5.   Déanfaidh an Chomhairle an liosta in Iarscríbhinn I a leasú de réir mar is gá a luaithe a shuífidh sí nach bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 2a maidir le calcadh cistí agus acmhainní eacnamaíocha ba leis an duine éagtha nó a bhí faoina úinéireacht, ina sheilbh nó faoina rialú, nach bhfuil na coinníollacha sin á gcomhlíonadh a thuilleadh.”.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Feabhra 2022.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J.-Y. LE DRIAN


    (1)  IO L 28, 2.2.2011, lch. 62.

    (2)  Rialachán (AE) Uimh. 101/2011 ón gComhairle an 4 Feabhra 2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe i gcoinne daoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide sa Túinéis (IO L 31, 5.2.2011, lch. 1).

    (3)  Cinneadh (CBES) 2022/154 ón gComhairle an 3 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2011/72/CBES a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus ar eintitis áirithe i bhfianaise na staide sa Túinéis (féach leathanach 2022/154 den Iris Oifigiúil seo).


    Top