Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022L0905

    Treoir Cur Chun Feidhme (AE) 2022/905 ón gCoimisiún an 9 Meitheamh 2022 lena leasaítear Treoracha 2003/90/CE agus 2003/91/CE a mhéid a bhaineann leis na prótacail chun scrúdú a dhéanamh ar chineálacha áirithe speiceas plandaí talmhaíochta agus speiceas glasraí (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2022/3646

    IO L 157, 10.6.2022, p. 1–8 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dir_impl/2022/905/oj

    10.6.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 157/1


    TREOIR CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/905 ÓN gCOIMISIÚN

    an 9 Meitheamh 2022

    lena leasaítear Treoracha 2003/90/CE agus 2003/91/CE a mhéid a bhaineann leis na prótacail chun scrúdú a dhéanamh ar chineálacha áirithe speiceas plandaí talmhaíochta agus speiceas glasraí

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Threoir 2002/53/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an gcatalóg choiteann de chineálacha de speicis plandaí talmhaíochta (1), agus go háirithe Airteagal 7(2), pointe (a) agus pointe (b) de,

    Ag féachaint do Threoir 2002/55/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le síol glasraí a mhargú (2), agus go háirithe Airteagal 7(2), pointe (a) agus pointe (b) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Is é is aidhm do Threoracha 2003/90/CE (3) agus 2003/91/CE (4) ón gCoimisiún a áirithiú go gcomhlíonann na cineálacha speiceas plandaí talmhaíochta agus speiceas glasraí a chuireann na Ballstáit ina gcatalóga náisiúnta na prótacail a bhunaigh an Oifig Chomhphobail um Chineálacha Plandaí (CPVO). Go háirithe, is é is aidhm do na Treoracha sin a áirithiú go gcomhlíonfar na rialacha maidir leis na saintréithe atá le cumhdach mar íoscheanglas le haghaidh scrúdú a dhéanamh ar chineálacha áirithe speiceas plandaí talmhaíochta agus glasraí. I gcás na speiceas nach gcumhdaítear le prótacail CPVO, is é is aidhm do na Treoracha sin a áirithiú go gcomhlíonfar treoirlínte an Aontais Idirnáisiúnta um Chosaint Cineálacha nua Plandaí (“UPOV”).

    (2)

    Bhunaigh CPVO prótacail bhreise agus tá nuashonrú déanta aige ar na cinn atá ann cheana, go háirithe maidir le garbhfhéar, meidic na mbó, meidic ghainimh, tiomóid bheag, tiomóid, seamair dhearg, fíorchnáib, seagal, triteacál, biatas bán nó seardas, cabáiste saváí, cabáiste bán agus cabáiste dearg, siocaire duilleach, mealbhacán uisce, mealbhacán, finéal, leitís oigheargheal, tráta, spionáiste, agus fréamhstoic trátaí. Ba cheart na forbairtí sin a léiriú i ndlí an Aontais.

    (3)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Treoracha 2003/90/CE agus 2003/91/CE a leasú dá réir.

    (4)

    Cuirfidh na Ballstáit na rialacha nua i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2023. Mar sin féin, i gcás cineálacha áirithe nár glacadh lena n-áireamh sa Chatalóg Choiteann de chineálacha de speicis plandaí talmhaíochta nó glasraí, cuireadh tús le scrúduithe oifigiúla, nach bhfuil tugtha chun críche go fóill, roimh an 1 Eanáir 2023 i gcomhréir le Treoir 2003/90/CE nó Treoir 2003/91/CE mar a bhí siad sular leasaíodh iad leis an Treoir seo. Ionas nach gcuirfear isteach ar na scrúduithe sin, ba cheart iad a bheith faoi réir na rialacha sin roimhe seo.

    (5)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Treoir seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

    TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasuithe ar Threoir 2003/90/CE

    Cuirtear an téacs a leagtar amach i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo in ionad Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2003/90/CE.

    Airteagal 2

    Leasuithe ar Threoir 2003/91/CE

    Cuirtear an téacs a leagtar amach i gCuid B den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo in ionad na nIarscríbhinní a ghabhann le Treoir 2003/91/CE.

    Airteagal 3

    Trasuí

    1.   Na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 31 Nollaig 2022 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl láithreach don Choimisiún. Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2023 ar aghaidh.

    Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

    2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

    Airteagal 4

    Bearta idirthréimhseacha

    I gcás scrúduithe oifigiúla ar chineálacha a tosaíodh roimh an 1 Eanáir 2023 ach nach bhfuil tugtha chun críche go fóill, beidh feidhm ag Treoracha 2003/90/CE agus 2003/91/CE mar a bhí sular leasaíodh iad leis an Treoir seo maidir leis na scrúduithe sin.

    Airteagal 5

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Airteagal 6

    Seolaithe

    Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Meitheamh 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 193, 20.7.2002, lch. 1.

    (2)  IO L 193, 20.7.2002, lch. 33.

    (3)  Treoir 2003/90/CE ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2003 lena leagtar amach bearta cur chun feidhme chun críoch Airteagal 7 de Threoir 2002/53/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le saintréithe íosta atá le cumhdach leis an scrúdú agus na coinníollacha íosta le haghaidh scrúdú a dhéanamh ar chineálacha áirithe de speicis plandaí talmhaíochta (IO L 254, 8.10.2003, lch. 7).

    (4)  Treoir 2003/91/CE ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2003 lena leagtar amach bearta cur chun feidhme chun críoch Airteagal 7 de Threoir 2002/55/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na saintréithe íosta atá le cumhdach leis an scrúdú agus na coinníollacha íosta le haghaidh scrúdú a dhéanamh ar chineálacha áirithe de speicis glasraí (IO L 254, 8.10.2003, lch. 11).


    IARSCRÍBHINN

    CUID A

    “IARSCRÍBHINN I

    Liosta speiceas dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (a), nach mór dóibh prótacail theicniúla CPVO a chomhlíonadh  (*1)

    Ainm eolaíoch

    Ainm coiteann

    Prótacal CPVO

    Dactylis glomerata L.

    Garbhfhéar

    TP 31/1 an 25.3.2021

    Festuca arundinacea Schreb.

    Feisciú ard

    TP 39/1 an 1.10.2015

    Festuca filiformis Pourr.

    Feisciú sléibhe

    TP 67/1 an 23.6.2011

    Festuca ovina L.

    Féar caorach

    TP 67/1 an 23.6.2011

    Festuca pratensis Huds.

    Feisciú móinéir

    TP 39/1 an 1.10.2015

    Festuca rubra L.

    Feisciú dearg

    TP 67/1 an 23.6.2011

    Festuca trachyphylla (Hack.) Hack.

    Feisciú crua

    TP 67/1 an 23.6.2011

    Lolium multiflorum Lam.

    Seagalach Iodálach ilbhláthach

    TP 4/2 an 19.3.2019

    Lolium perenne L.

    Seagalach bhuan

    TP 4/2 an 19.3.2019

    Lolium x hybridum Hausskn.

    Seagalach hibrideach

    TP 4/2 an 19.3.2019

    Medicago sativa L.

    Meidic na mbó

    TP /6/1 an 22.12.2021

    Medicago x varia T. Martyn

    Meidic ghainimh

    TP 6/1 an 22.12.2021

    Phleum nodosum L.

    Tiomóid bheag

    TP 34/1 an 22.12.2021

    Phleum pratense L.

    Tiomóid

    TP 34/1 an 22.12.2021

    Pisum sativum L. (partim)

    Pis mhachaire

    TP 7/2 Athbhreithniú 3 Ceartaithe an 16.3.2020

    Poa pratensis L.

    Cuise mín

    TP 33/1 an 15.3.2017

    Trifolium pratense L.

    Seamair dhearg

    TP 5/1 an 22.12.2021

    Vicia faba L.

    Pónaire mhachaire

    TP 8/1 an 19.3.2019

    Vicia sativa L.

    Peasair chapaill

    TP 32/1 an 19.4.2016

    Brassica napus L. var. napobrassica (L.) Rchb.

    Svaeid

    TP 89/1 an 11.3.2015

    Raphanus sativus L. var. oleiformis Pers.

    Raidis farae

    TP 178/1 an 15.3.2017

    Brassica napus L. (partim)

    Ráib svaeid

    TP 36/3 an 21.4.2020

    Cannabis sativa L.

    Fíorchnáib

    TP 276/2 an 1.2.2022

    Glycine max (L.) Merr.

    Pónaire shoighe

    TP 80/1 an 15.3.2017

    Gossypium spp.

    Cadás

    TP 88/2 an 11.12.2020

    Helianthus annuus L.

    Lus na gréine

    TP 81/1 an 31.10.2002

    Linum usitatissimum L.

    Líon/Ros lín

    TP 57/2 an 19.3.2014

    Sinapis alba L.

    Sceallagach

    TP 179/1 an 15.3.2017

    Avena nuda L.

    Mionchoirce lom, coirce gan cháithleach

    TP 20/3 an 6.3.2020

    Avena sativa L. (ina bhfuil A. byzantina K. Koch)

    Coirce agus coirce dearg

    TP 20/3 an 6.3.2020

    Hordeum vulgare L.

    Eorna

    TP 19/5 an 19.3.2019

    Oryza sativa L.

    Rís

    TP 16/3 an 1.10.2015

    Secale cereale L.

    Seagal

    TP 58/1 Athbhreithniú an 27.4.2022

    Sorghum bicolor (L.) Moench subsp. bicolor

    Sorgam

    TP 122/1 an 19.3.2019

    Sorghum bicolor (L.) Moench subsp. drummondii (Steud.) de Wet ex Davidse

    Sorgam Súdánach

    TP 122/1 an 19.3.2019

    Sorghum bicolor (L.) Moench subsp. bicolor x Sorghum bicolor (L.) Moench subsp. drummondii (Steud.) de Wet ex Davidse

    Hibridí a eascraíonn as crosphórú Sorghum bicolor subsp. bicolor agus Sorghum bicolor subsp. drummondii

    TP 122/1 an 19.3.2019

    xTriticosecale Wittm. ex A. Camus

    Hibridí a eascraíonn as crosphórú speicis den ghéineas Triticum agus speicis den ghéineas Secale

    TP 121/3 an 27.4.2022

    Triticum aestivum L. subsp. aestivum

    Cruithneacht

    TP 3/5 an 19.3.2019

    Triticum turgidum L. subsp. durum (Desf.) van Slageren

    Cruithneacht chrua (dúram)

    TP 120/3 an 19.3.2014

    Zea mays L. (partim)

    Arbhar Indiach

    TP 2/3 an 11.3.2010

    Solanum tuberosum L.

    Práta

    TP 23/3 an 15.3.2017

    IARSCRÍBHINN II

    Liosta speiceas dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (b), nach mór dóibh treoirlínte tástála UPOV a chomhlíonadh  (*2)

    Ainm eolaíoch

    Ainm coiteann

    Treoirlíne UPOV

    Beta vulgaris L.

    Biatas farae

    TG/150/3 an 4.11.1994

    Agrostis canina L.

    Feorainn shlim

    TG/30/6 an 12.10.1990

    Agrostis gigantea Roth

    Feorainn dhubh

    TG/30/6 an 12.10.1990

    Agrostis stolonifera L.

    Muiríneach reatha

    TG/30/6 an 12.10.1990

    Agrostis capillaris L.

    Feorainn mhín

    TG/30/6 an 12.10.1990

    Bromus catharticus Vahl

    Brómas machaire

    TG/180/3 an 4.4.2001

    Bromus sitchensis Trin.

    Brómas Alascach

    TG/180/3 an 4.4.2001

     

     

     

    xFestulolium Asch. et Graebn.

    Hibridí a eascraíonn as crosphórú speicis den ghéineas Festuca agus speicis den ghéineas Lolium

    TG/243/1 an 9.4.2008

    Lotus corniculatus L.

    Crobh éin

    TG 193/1 an 9.4.2008

    Lupinus albus L.

    Lúipín bán

    TG/66/4 an 31.3.2004

    Lupinus angustifolius L.

    Lúipín caol

    TG/66/4 an 31.3.2004

    Lupinus luteus L.

    Lúipín buí

    TG/66/4 an 31.3.2004

    Medicago doliata Carmign.

    Meidic spíondíreach

    TG/228/1 an 5.4.2006

    Medicago italica (Mill.) Fiori

    Meidic dhioscach

    TG/228/1 an 5.4.2006

    Medicago littoralis Rohde ex Loisel.

    Meidic chladaigh/Meidic thrá

    TG/228/1 an 5.4.2006

    Medicago lupulina L.

    Triuf

    TG/228/1 an 5.4.2006

    Medicago murex Willd.

    Meidic spíonach

    TG/228/1 an 5.4.2006

    Medicago polymorpha L.

    Meidic leadánach

    TG/228/1 an 5.4.2006

    Medicago rugosa Desr.

    Meidic rocach

    TG/228/1 an 5.4.2006

    Medicago scutellata (L.) Mill.

    Meidic sheilide/Meidic scéithe

    TG/228/1 an 5.4.2006

    Medicago truncatula Gaertn.

    Meidic bharrscoite

    TG/228/1 an 5.4.2006

    Trifolium repens L.

    Seamair bhán

    TG/38/7 an 9.4.2003

    Trifolium subterraneum L.

    Seamair faoi thalamh

    TG/170/3 an 4.4.2001

    Phacelia tanacetifolia Benth.

    Cloigín gorm Calafoirniach

    TG/319/1 an 5.4.2017

    Arachis hypogaea L.

    Pis talún

    TG/93/4 an 9.4.2014

    Brassica juncea (L.) Czern

    Praiseach dhonn

    TG/335/1 an 17.12.2020

    Brassica rapa L. var. silvestris (Lam.) Briggs

    Ráib tornapa

    TG/185/3 an 17.4.2002

    Carthamus tinctorius L.

    Cróch bréige

    TG/134/3 an 12.10.1990

    Papaver somniferum L.

    Poipín

    TG/166/4 an 9.4.2014

    CUID B

    “IARSCRÍBHINN I

    Liosta speiceas dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (a), nach mór dóibh prótacail theicniúla CPVO a chomhlíonadh  (*3)

    Ainm eolaíoch

    Ainm coiteann

    Prótacal CPVO

    Allium cepa L. (grúpa Cepa)

    Oinniún agus Scailliún

    TP 46/2 an 1.4.2009

    Allium cepa L. (grúpa Aggregatum)

    Seallóid

    TP 46/2 an 1.4.2009

    Allium fistulosum L.

    Ciobúl

    TP 161/1 an 11.3.2010

    Allium porrum L.

    Cainneann

    TP 85/2 an 1.4.2009

    Allium sativum L.

    Gairleog

    TP 162/1 Ceartaithe an 25.3.2004

    Allium schoenoprasum L.

    Síobhas

    TP 198/2 an 11.3.2015

    Apium graveolens L.

    Soilire

    TP 82/1 an 13.3.2008

    Apium graveolens L.

    Soiliriac

    TP 74/1 an 13.3.2008

    Asparagus officinalis L.

    Lus súgach

    TP 130/2 an 16.2.2011

    Beta vulgaris L.

    Biatas lena n-áirítear biatas Cheltenham

    TP 60/1 an 1.4.2009

    Beta vulgaris L.

    Biatas bán nó Seardas

    TP 106/2 an 14.4.2021

    Brassica oleracea L.

    Cál catach

    TP 90/1 an 16.2.2011

    Brassica oleracea L.

    Cóilis

    TP 45/2 Athbhreithniú 2 an 21.3.2018

    Brassica oleracea L.

    Brocailí nó brocailí Calabrach

    TP 151/2 Athbhreithniú 2 an 21.4.2020

    Brassica oleracea L.

    Bachlóga Bruiséile

    TP 54/2 Athbhreithniú an 15.3.2017

    Brassica oleracea L.

    Cálráib

    TP 65/1 Athbhreithniú an 15.3.2017

    Brassica oleracea L.

    Cabáiste saváí, cabáiste bán agus cabáiste dearg

    TP 48/3 Athbhreithniú 2 an 25.3.2021

    Brassica rapa L.

    Cabáiste Síneach

    TP 105/1 an 13.3.2008

    Capsicum annuum L.

    Sillí nó piobar

    TP 76/2 Athbhreithniú 2 Ceartaithe an 21.4.2020

    Cichorium endivia L.

    Searbhán cas agus searbhán muc

    TP 118/3 an 19.3.2014

    Cichorium intybus L.

    Siocaire tionsclaíoch

    TP 172/2 an 1.12.2005

    Cichorium intybus L.

    Siocaire duilleach

    TP 154/1 Athbhreithniú 2 Ceartaithe an 14.4.2021

    Cichorium intybus L.

    Siocaire bánduille

    TP 173/2 an 21.3.2018

    Citrullus lanatus (Thunb.) Matsum. et Nakai

    Mealbhacán uisce

    TP 142/2 Athbhreithniú an 14.4.2021

    Cucumis melo L.

    Mealbhacán

    TP 104/2 Athbhreithniú 2 an 25.3.2021

    Cucumis sativus L.

    Cúcamar agus gircín

    TP 61/2 Athbhreithniú 2 an 19.3.2019

    Cucurbita maxima Duchesne

    Gurd

    TP 155/1 an 11.3.2015

    Cucurbita pepo L.

    Mearóg nó cúirséad

    TP 119/1 Athbhreithniú an 19.3.2014

    Cynara cardunculus L.

    Bliosán cruinn agus cardún

    TP 184/2 Athbhreithniú an 6.3.2020

    Daucus carota L.

    Cairéad agus cairéad farae

    TP 49/3 an 13.3.2008

    Foeniculum vulgare Mill.

    Finéal

    TP 183/2 an 14.4.2021

    Lactuca sativa L.

    Leitís

    TP 13/6 Athbhreithniú 3 an 27.4.2022

    Solanum lycopersicum L.

    Tráta

    TP 44/4 Athbhreithniú 5 an 14.4.2021

    Petroselinum crispum (Mill.) Nyman ex A. W. Hill

    Peirsil

    TP 136/1 Ceartaithe an 21.3.2007

    Phaseolus coccineus L.

    Pónaire reatha

    TP 9/1 an 21.3.2007

    Phaseolus vulgaris L.

    Mionphónaire Fhrancach agus pónaire Fhrancach dhreaptha

    TP 12/4 an 27.2.2013

    Pisum sativum L. (partim)

    Pis rocach, pis chruinn agus pis mhilis

    TP 7/2 Athbhreithniú 3 Ceartaithe an 16.3.2020

    Raphanus sativus L.

    Raidis, meacan dubh

    TP 64/2 Athbhreithniú Ceartaithe an 11.3.2015

    Rheum rhabarbarum L

    Biabhóg

    TP 62/1 an 19.4.2016

    Scorzonera hispanica L.

    Salsabh dubh

    TP 116/1 an 11.3.2015

    Solanum melongena L.

    Ubhthoradh

    TP 117/1 an 13.3.2008

    Spinacia oleracea L.

    Spionáiste

    TP 55/5 Athbhreithniú 4 an 27.4.2022

    Valerianella locusta (L.) Laterr.

    Sailéad uain nó ceathrú uain

    TP 75/2 an 21.3.2007

    Vicia faba L. (partim)

    Pónaire leathan

    TP 206/1 an 25.3.2004

    Zea mays L. (partim)

    Grán milis agus grán rósta

    TP 2/3 an 11.3.2010

    Solanum habrochaites S. Knapp & D.M. Spooner; Solanum lycopersicum L. x Solanum habrochaites S. Knapp & D.M. Spooner; Solanum lycopersicum L. x Solanum peruvianum (L.) Mill.; Solanum lycopersicum L. x Solanum cheesmaniae (L. Ridley) Fosberg; Solanum pimpinellifolium L. x Solanum habrochaites S. Knapp & D.M. Spooner

    Fréamhstoic trátaí

    TP 294/1 Athbhreithniú 5 an 14.4.2021

    Cucurbita maxima Duchesne x Cucurbita moschata Duchesne

    Hibridí idirspeiceasacha de Cucurbita maxima Duchesne x Cucurbita moschata Duchesne lena n-úsáid mar fhréamhstoic

    TP 311/1 an 15.3.2017

    IARSCRÍBHINN II

    Liosta speiceas dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (b), nach mór dóibh treoirlínte tástála UPOV a chomhlíonadh  (*4)

    Ainm eolaíoch

    Ainm coiteann

    Treoirlíne UPOV

    Brassica rapa L.

    Tornapa

    TG/37/10 an 4.4.2001


    (*1)  Tá téacs na bprótacal sin le fáil ar shuíomh gréasáin CPVO (www.cpvo.europa.eu).

    (*2)  Tá téacs na dtreoirlínte sin le fáil ar shuíomh gréasáin UPOV (www.upov.int).

    (*3)  Tá téacs na bprótacal sin le fáil ar shuíomh gréasáin CPVO (www.cpvo.europa.eu).

    (*4)  Tá téacs na dtreoirlínte sin le fáil ar shuíomh gréasáin UPOV (www.upov.int).


    Top