Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022H0901(20)

    Moladh ón gComhairle an 12 Iúil 2022 maidir le Clár Náisiúnta 2022 um Athchóiriú de chuid na hOstaire in agus ina dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár Cobhsaíochta 2022 de chuid na hOstaire

    ST/9767/2022/INIT

    IO C 334, 1.9.2022, p. 162–170 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    1.9.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 334/162


    MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

    an 12 Iúil 2022

    maidir le Clár Náisiúnta 2022 um Athchóiriú de chuid na hOstaire in agus ina dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár Cobhsaíochta 2022 de chuid na hOstaire

    (2022/C 334/20)

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 121(2) agus 148(4) de,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir leis an bhfaireachas ar shuíomhanna buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú (1), a neartú, agus go háirithe Airteagal 5(2) de,

    Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

    Ag féachaint do na rúin ó Pharlaimint na hEorpa,

    Ag féachaint do chonclúidí na Comhairle Eorpaí,

    Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Fostaíochta,

    Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais,

    Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chosaint Shóisialta,

    Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Beartas Eacnamaíoch,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Tháinig Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), lenar bunaíodh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, i bhfeidhm an 19 Feabhra 2021. Leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, cuirtear tacaíocht airgeadais ar fáil chun athchóirithe agus infheistíocht a chur chun feidhme, ar athchóirithe agus infheistíocht í a mhaoiníonn an tAontas ó thaobh buiséid de. Cuireann sé leis an téarnamh eacnamaíoch agus le cur chun feidhme athchóirithe inbhuanaithe a chuireann leis an bhfás agus le hinfheistíocht, go háirithe chun na haistrithe glasa agus digiteacha a chur chun cinn, agus athléimneacht agus fás ionchasach gheilleagair na mBallstát a neartú ag an am céanna. Cuidíonn sé freisin le hairgeadas poiblí inbhuanaithe a neartú agus borradh a chur faoin bhfás agus faoi chruthú post sa mheántéarma agus san fhadtéarma. Tabharfar an ranníocaíocht uasta airgeadais in aghaidh an Bhallstáit faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta cothrom le dáta i mí an Mheithimh 2022, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2021/241.

    (2)

    An 24 Samhain 2021, ghlac an Coimisiún an Suirbhé Bliantúil ar Fhás Inbhuanaithe, rud a chuir tús le Seimeastar Eorpach 2022 chun beartas eacnamaíoch a chomhordú. Thug sí aird chuí ar Ghealltanas Sóisialta Porto a síníodh an 7 Bealtaine 2021 chun Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a d’fhógair Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún an 17 Samhain 2017 a chur chun feidhme a thuilleadh. D’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach tosaíochtaí an tSuirbhé Bhliantúil ar Fhás Inbhuanaithe 2022 an 25 Márta 2022. An 24 Samhain 2021, ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), ghlac an Coimisiún freisin an Tuarascáil maidir leis an Sásra Foláirimh, ar tuarascáil í nár sainaithníodh an Ostair inti mar cheann de na Ballstáit a mbeadh grinn-athbhreithniú ag teastáil ina leith. Ar an dáta céanna, ghlac an Coimisiún moladh freisin le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro agus togra le haghaidh Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht 2022, lena ndéantar anailís ar chur chun feidhme na dTreoirlínte Fostaíochta agus ar phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Ghlac an Chomhairle an Moladh maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro (4) (“Moladh 2022 maidir leis an limistéar euro”) an 5 Aibreán 2022 agus an Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht an 14 Márta 2022.

    (3)

    Le hionradh na Rúise ar an Úcráin, i ndiaidh na paindéime domhanda, tá athrú suntasach tagtha ar an gcomhthéacs geopholaitiúil agus eacnamaíoch. Tá tionchar an ionraidh ar gheilleagair na mBallstát le sonrú, inter alia, trí phraghsanna fuinnimh, bia agus amhábhair níos airde, agus trí ionchais fáis níos laige. Luíonn na praghsanna fuinnimh go trom, go háirithe, ar na teaghlaigh is leochailí a bhfuil cónaí orthu i mbochtaineacht fuinnimh nó atá i mbaol na bochtaineachta fuinnimh, chomh maith leis na gnólachtaí is leochailí ó thaobh praghsanna fuinnimh de. Tá rabharta daoine ag teacht isteach atá ag teitheadh ón Úcráin gan fasach le feiceáil san Aontas freisin. Bhí tionchar neamhshiméadrach ag na héifeachtaí eacnamaíocha, a d’eascair as cogadh foghach na Rúise, ar na Ballstáit. Sa chomhthéacs sin, an 4 Márta 2022, le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle (5), cuireadh Treoir 2001/55/CE ón gComhairle (6) i ngníomh den chéad uair, lena dtugtar an ceart chun fanacht go dleathach san Aontas do dhaoine easáitithe ón Úcráin, chomh maith le rochtain ar oideachas agus oiliúint, ar mhargadh an tsaothair, ar chúram sláinte, ar thithíocht agus ar leas sóisialta.

    (4)

    Agus an staid eacnamaíoch agus gheopholaitiúil atá ag athrú go tapa á cur san áireamh, athbhunaíonn an Seimeastar Eorpach a bheartas eacnamaíoch agus fostaíochta ar bhonn leathan in 2022, agus forbraítear é ag an am céanna i gcomhréir le ceanglais chur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, mar a leagtar amach sa Suirbhé Bliantúil Fáis Inbhuanaithe 2022. Tá cur chun feidhme na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta a glacadh ríthábhachtach chun cuspóirí comhordaithe an bheartais eacnamaíoch faoin Seimeastar Eorpach a bhaint amach, ós rud é go dtugtar aghaidh sna pleananna ar fhothacar suntasach ar a laghad de na moltaí tírshonracha ábhartha a eisíodh i dtimthriallta Sheimeastar Eorpach 2019 agus 2020. Tá moltaí tírshonracha 2019 agus 2020 fós chomh ábhartha céanna maidir le pleananna téarnaimh agus athléimneachta arna n-athbhreithniú, arna dtabhairt cothrom le dáta nó arna leasú i gcomhréir le hAirteagail 14, 18 agus 21 de Rialachán (AE) 2021/241, sa bhreis ar aon mholtaí tírshonracha arna n-eisiúint suas go dtí an dáta a chuirtear isteach pleananna téarnaimh agus athléimneachta den sórt sin atá athbhreithnithe, nuashonraithe nó leasaithe.

    (5)

    Tá clásal éalaithe ginearálta an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis gníomhach ó Mhárta 2020. I dTeachtaireacht uaidh an 3 Márta 2021 dar teideal One year since the outbreak of COVID-19: fiscal policy response [Aon bhliain amháin ó thosaigh COVID-19: freagairt an bheartais fhioscaigh], leag an Coimisiún amach a thuairim gur cheart an cinneadh maidir le clásal ginearálta éalaithe a dhíghníomhachtú nó a chur i bhfeidhm go leanúnach a dhéanamh mar mheasúnú foriomlán ar staid an gheilleagair, agus leibhéal na gníomhaíochta eacnamaíche san Aontas nó sa limistéar euro i gcomparáid leis an leibhéal réamh-ghéarchéime (deireadh 2019) mar phríomhchritéar cainníochtúil. Mar gheall ar éiginnteacht mhéadaithe agus rioscaí láidre taobh thiar den ionchas eacnamaíoch i gcomhthéacs an chogaidh san Eoraip, is gá clásal éalaithe ginearálta an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis a leathnú go gcuirfear síneadh le clásal éalaithe ginearálta an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis le linn 2023.

    (6)

    De réir an chur chuige atá sa Mholadh ón gComhairle an 18 Meitheamh 2021 (7) ina dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár Cobhsaíochta 2021 na hOstaire, is fearr an staid fhioscach fhoriomlán a thomhas mar an t-athrú ar chaiteachas príomha (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim agus gan bearta sealadacha éigeandála a bhaineann le géarchéim COVID-19 a áireamh), ach caiteachas arna mhaoiniú le tacaíocht neamh-inaisíoctha (deontais) ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ó chistí eile de chuid an Aontais a áireamh, i gcoibhneas leis an bhfás féideartha meántéarmach (8). Agus níos faide ná an staid fhioscach fhoriomlán, d’fhonn a mheas an bhfuil an beartas fioscach náisiúnta stuama agus an bhfuil a chomhdhéanamh fabhrach do théarnamh inbhuanaithe a bheidh comhsheasmhach leis na haistrithe glasa agus digiteacha, tabharfar aird freisin ar an éabhlóid ar phríomhchaiteachas reatha (9) arna mhaoiniú go náisiúnta (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim agus gan bearta sealadacha éigeandála a bhaineann le géarchéim COVID-19 a áireamh) agus ar an infheistíocht.

    (7)

    An 2 Márta 2022, ghlac an Coimisiún teachtaireacht lena gcuirtear treoir leathan ar fáil maidir le beartas fioscach in 2023 (“an treoir fhioscach”) a raibh sé mar aidhm léi tacú le hullmhú Chláir na mBallstát um Chobhsaíocht agus um Chóineasú agus comhordú beartais a neartú ar an gcaoi sin. Thug an Coimisiún dá aire, go mbeadh sé iomchuí in 2023, ar bhonn an ionchas maicreacnamaíoch a bhí ann i réamhaisnéis gheimhridh 2022, aistriú ó staid fhioscach chomhiomlán tacaíochta in 2020-2022 go staid fhioscach chomhiomlán a bheadh neodrach tríd is tríd, agus go bhfuil sé réidh chun freagairt don staid eacnamaíoch atá ag teacht chun cinn. D‘fhógair an Coimisiún gur cheart leanúint de dhifreáil a dhéanamh idir na moltaí fioscacha do 2023 idir na Ballstáit agus iarmhairtí trastíortha a d’fhéadfadh a bheith ann a chur san áireamh. D’iarr an Coimisiún ar na Ballstáit an treoir ina gCláir um Chobhsaíocht agus um Chóineasú a léiriú. Gheall an Coimisiún go ndéanfadh sé dlúthfhaireachán ar na forbairtí eacnamaíocha agus go n-athróidh sé a threoir beartais de réir mar is gá agus ar a dhéanaí ina phacáiste earraigh den Seimeastar Eorpach a bheidh ann ag deireadh mhí na Bealtaine 2022.

    (8)

    Maidir leis an treoir fhioscach, cuirtear san áireamh sna moltaí fioscacha do 2023 an t-ionchas eacnamaíoch atá ag dul in olcas, an éiginnteacht mhéadaithe agus rioscaí níos ísle, agus an boilsciú níos airde i gcomparáid le réamhaisnéis gheimhridh 2022 ón gCoimisiún. I bhfianaise na mbreithnithe sin, ní mór don fhreagairt fhioscach infheistíocht phoiblí a leathnú i gcomhair na n-aistrithe glasa agus digiteacha agus na slándála fuinnimh, agus cumhacht ceannaigh na dteaghlach is leochailí a choimeád ar bun chun tionchar na dteithe praghsanna fuinnimh a mhaolú agus chun an brú boilscithe a theorannú ón dara babhta trí bhearta spriocdhírithe agus sealadacha. Ní mór don bheartas fioscach leanúint de bheith ag dul in oiriúint do na cúinsí atá ag athrú go tapa, lena n-áirítear dúshláin a eascraíonn as cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine i ndáil le cosaint agus slándáil, agus ní mór dó idirdhealú a dhéanamh idir na Ballstáit de réir a staide fioscaí agus eacnamaíche, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann lena nochtadh don ghéarchéim agus le rabhartaí daoine easáitithe ón Úcráin.

    (9)

    An 30 Aibreán 2021, chuir an Ostair a plean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta faoi bhráid an Choimisiúin, i gcomhréir le hAirteagal 18(1) de Rialachán (AE) 2021/241. De bhun Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2021/241, rinne an Coimisiún measúnú ar ábharthacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhleanúnachas an phlean téarnaimh agus athléimneachta, i gcomhréir leis na treoirlínte measúnaithe a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin. An 13 Iúil 2021, ghlac an Chomhairle a Cinneadh Cur Chun Feidhme maidir leis an measúnú ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta don Ostair a fhormheas (10). Tá scaoileadh na dtráthchodanna ag brath ar chinneadh a bheith glactha ag an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 24(5) de Rialachán (AE) 2021/241, cinneadh ina luaitear go bhfuil an Ostair tar éis na ngarspriocanna agus na spriocanna ábhartha a leagtar amach sa Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle a chomhlíonadh go sásúil. Glactar leis le comhlíonadh sásúil nach ndearnadh gnóthú na ngarspriocanna agus na spriocanna roimhe sin a aisiompú.

    (10)

    An 27 Aibreán 2022, thíolaic an Ostair a Clár Náisiúnta 2022 um Athchóiriú agus a Clár Cobhsaíochta 2022, i gcomhréir leis an spriocdháta a bunaíodh in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1466/97. Rinneadh measúnú ar an dá chlár le chéile chun na naisc eatarthu a chur san áireamh. I gcomhréir le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) 2021/241, léiríonn Clár Náisiúnta 2022 um Athchóiriú freisin tuairisciú débhliantúil na hOstaire ar an dul chun cinn atá déanta maidir lena plean téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme.

    (11)

    D’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil tíre 2022 maidir leis an Ostair an 23 Bealtaine 2022. Rinneadh measúnú sa tuarascáil ar an dul chun cinn atá déanta ag an Ostair maidir le haghaidh a thabhairt ar na moltaí tírshonracha ábhartha a ghlac an Chomhairle in 2019, 2020 agus 2021, agus breathnaíodh ar chur chun feidhme phlean téarnaimh agus athléimneachta na hOstaire, ag cur leis an scórchlár téarnaimh agus athléimneachta. Ar bhonn na hanailíse sin, sainaithníodh sa tuarascáil tíre bearnaí i ndáil leis na dúshláin sin nach dtugtar aghaidh orthu, nó nach dtugtar aghaidh orthu ach i bpáirt, sa phlean téarnaimh agus athléimneachta, chomh maith le dúshláin nua agus dúshláin atá ag teacht chun cinn, lena n-áirítear na dúshláin sin a eascraíonn as ionradh na Rúise ar an Úcráin. Rinneadh measúnú inti freisin ar an dul chun cinn atá déanta ag an Ostair maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme agus ar spriocanna ceannlíne an Aontais maidir le fostaíocht, scileanna agus laghdú bochtaineachta a bhaint amach, chomh maith leis an dul chun cinn maidir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach.

    (12)

    An 23 Bealtaine 2022, d’eisigh an Coimisiún tuarascáil faoi Airteagal 126(3) den Chonradh. Pléadh staid bhuiséadach na hOstaire sa tuarascáil sin, ós rud é gur sháraigh a heasnamh ginearálta rialtais in 2021 luach tagartha an Chonartha, arb é 3 % den olltáirgeacht intíre (OTI) é. Thángthas ar an gconclúid sa tuarascáil nár comhlíonadh an critéar fiachais. I gcomhréir leis an teachtaireacht an 2 Márta 2022, níor mhol an Coimisiún nósanna imeachta nua maidir le heasnamh iomarcach a oscailt in earrach na bliana 2022 agus déanfaidh sé athmheasúnú ar oscailt fhéideartha nósanna imeachta den chineál sin san fhómhar 2022.

    (13)

    I Moladh uaithi an 20 Iúil 2020 (11), mhol an Chomhairle don Ostair gach beart is gá a dhéanamh in 2020 agus 2021, i gcomhréir leis an gclásal éalaithe ginearálta, chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar phaindéim COVID-19, chun an geilleagar a chothú agus chun tacú leis an téarnamh ina dhiaidh sin. Mhol sí freisin go saothródh an Ostair, nuair a cheadaíonn na dálaí eacnamaíocha, beartais fhioscacha arb é is aidhm dóibh suíomhanna fioscacha meántéarmacha stuama a bhaint amach agus inbhuanaitheacht fiachais a áirithiú, agus an infheistíocht a fheabhsú ag an am céanna. In 2021, de réir na sonraí a bhailíochtaigh Eurostat, thit easnamh ginearálta rialtas na hOstaire ó 8,0 % de OTI in 2020 go 5,9 %. Thacaigh freagairt an bheartais fhioscaigh ón Ostair leis an téarnamh eacnamaíoch in 2021, agus tháinig méadú ar bhearta sealadacha éigeandála ó 4,8 % de OTI in 2020 go 4,3 % in 2021. Bhí na bearta a ghlac an Ostair in 2021 i gcomhréir leis an Moladh ón gComhairle an 20 Iúil 2020. Den chuid is mó, bhí na bearta buiséadacha lánroghnacha a ghlac an rialtas in 2020 agus 2021 sealadach nó comhoiriúnaithe le bearta fritháirimh. Ag an am céanna, ní raibh roinnt de na bearta lánroghnacha a ghlac an rialtas le linn na tréimhse 2020 go 2021 sealadach ná comhoiriúnaithe le bearta fritháirimh, arb éard atá iontu go príomha faoiseamh cánach suntasach a tugadh do theaghlaigh agus do chorparáidí tríd an athchóiriú ar cháin “éiceashóisialta”. De réir na sonraí a bhailíochtaigh Eurostat, thit fiachas ginearálta an rialtais ó 83,3 % de OTI in 2020 go 82,8 % de OTI in 2021.

    (14)

    Tá an cás maicreacnamaíoch atá mar bhuntaca leis na réamh-mheastacháin bhuiséadacha i gClár Cobhsaíochta 2022 réalaíoch. Tá sé tuartha ag an rialtas go méadóidh fíor-OTI faoi 3,9 % in 2022 agus 2,0 % in 2023. I gcomparáid leis sin, réamh-mheastar i réamhaisnéis an earraigh 2022 ón gCoimisiún go mbeidh fíorfhás de 3,9 % ar OTI ann in 2022 agus 1,9 % in 2023. Ina Chlár Cobhsaíochta 2022, measann an rialtas go laghdóidh an t-easnamh ceannlíne go 3,1 % de OTI in 2022 agus go 1,5 % in 2023. Léiríonn an laghdú in 2022 go príomha fás láidir na gníomhaíochta eacnamaíche agus leachtú fhormhór na mbeart éigeandála. In éagmais beart eile, amhail na bearta sin a bhaineann le praghsanna ardaithe fuinnimh, bheadh an t-easnamh laghdaithe níos mó fós. De réir Chlár Cobhsaíochta 2022, meastar go laghdóidh cóimheas fiachais ghinearálta an rialtais le OTI go 80,0 % in 2022, agus go laghdóidh sé go 77,1 % in 2023. Bunaithe ar bhearta beartais atá aitheanta ag scoithdháta na réamhaisnéise, tuartar i réamhaisnéis an earraigh 2022 ón gCoimisiún easnamh rialtais do 2022 agus 2023 de 3,1 % de OTI agus 1,5 % faoi seach. Tá sé sin beagán níos airde ná an barrachas atá tuartha i gClár Cóineasaithe 2022. I réamhaisnéis an earraigh 2022 ón gCoimisiún, tuartar go mbeidh cóimheas fiachais ghinearálta an rialtais le OTI ar aon dul le 80,0 % in 2022 agus 77,5 % in 2023. De réir réamhaisnéis an earraigh 2022 ón gCoimisiún, is é 1,2 % an fás aschuir féideartha measta sa mheántéarma (meánfhás 10 mbliana). Mar sin féin, ní áirítear sa mheastachán sin tionchar na n-athchóirithe atá mar chuid den phlean téarnaimh agus athléimneachta agus lena bhféadfar borradh a chur faoi fhás ionchasach na hOstaire.

    (15)

    In 2022, chuir an rialtas deireadh le formhór na mbeart a glacadh mar fhreagairt ar ghéarchéim COVID-19, sa chaoi is go meastar go laghdóidh na bearta sealadacha éigeandála ó 4,3 % de OTI in 2021 go 1,1 % in 2022. Tá tionchar ag na bearta a glacadh chun tionchar eacnamaíoch agus sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh a chomhrac ar an easnamh rialtais, a mheastar a bheith cothrom le 0,4 % de OTI in 2022 agus cothrom le 0,2 % de OTI in 2023 i réamhaisnéis an earraigh 2022 ón gCoimisiún. (12) Is éard atá sna bearta sin den chuid is mó aistrithe sóisialta chuig teaghlaigh bhochta, ciorruithe ar chánacha indíreacha ar thomhaltas fuinnimh, agus bearta faoisimh sealadacha i gcomhair comaitéirí i gcomhthéacs cánacha ioncaim phearsanta. Fógraíodh na bearta sin mar bhearta sealadacha. Mar sin féin, i gcás ina bhfanfaidh praghsanna fuinnimh ag leibhéal ardaithe in 2023, d’fhéadfaí leanúint le cuid de na bearta sin. Tá tionchar ag na costais a bhaineann le cosaint shealadach a thabhairt do dhaoine easáitithe ón Úcráin ar an easnamh rialtais freisin, rud a thuartar i réamhaisnéis an earraigh 2022 ón gCoimisiún ag 0,3 % de OTI in 2022 agus 0,4 % in 2023 (13).

    (16)

    I Moladh uaithi an 18 Meitheamh 2021, mhol an Chomhairle go gcoinneodh an Ostair staid fhioscach thacúil in 2022, lena n-áirítear ón spreagadh a cuireadh ar fáil leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, agus go gcaomhnódh sí infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta. Mhol an Chomhairle freisin go saothródh an Ostair, nuair is féidir sin sna dálaí eacnamaíocha, beartas fioscach atá dírithe ar shuíomhanna fioscacha stuama meántéarmacha a bhaint amach agus an inbhuanaitheacht fhioscach a áirithiú sa mheántéarma, agus an tráth céanna, feabhas a chur ar an infheistíocht chun borradh a chur faoin acmhainneacht fáis.

    (17)

    In 2022, bunaithe ar réamhaisnéis an earraigh 2022 ón gCoimisiún agus lena n-áirítear an fhaisnéis a ionchorpraítear i gClár Cobhsaíochta 2022 na hOstaire, meastar go mbeidh an staid fhioscach tacúil ag – 1,2 % de OTI, mar a mhol an Chomhairle (14). Tá sé beartaithe ag an Ostair tacaíocht leanúnach a chur ar fáil don téarnamh trí leas a bhaint as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta chun infheistíocht bhreise a mhaoiniú mar a mhol an Chomhairle. Meastar go mbeidh méadú 0,1 pointe céatadáin de OTI in 2022, i gcomparáid le 2021, ar an ranníocaíocht dhearfach le gníomhaíocht eacnamaíoch de chaiteachas arna mhaoiniú ag deontais faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus cistí eile de chuid an Aontais. Tuartar go gcuirfidh infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta ranníocaíocht mhéadaitheach ar fáil don staid fhioscach de 0,3 pointe céatadáin in 2022 (15). Dá bhrí sin, tá sé beartaithe ag an Ostair infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta a chaomhnú, mar a mhol an Chomhairle. Ag an am céanna, meastar go soláthróidh an fás ar chaiteachas reatha príomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta (glan ar bhearta nua ioncaim) in 2022 ranníocaíocht fhorleathnaithe de 0,5 pointe céatadáin don staid fhioscach fhoriomlán. Áirítear leis sin tionchar breise na mbeart chun aghaidh a thabhairt ar an tionchar eacnamaíoch agus sóisialta a bheidh ag an méadú ar phraghsanna fuinnimh (0,4 % de OTI) chomh maith leis na costais a bhaineann le cosaint shealadach a thabhairt do dhaoine easáitithe ón Úcráin (0,3 % de OTI).

    (18)

    In 2023, tuartar go mbeidh an staid fhioscach i réamhaisnéis an earraigh 2022 ón gCoimisiún 0,4 % de OTI ar an mbonn nach mbeidh aon athrú beartais ann (16). Meastar go leanfaidh an Ostair de bheith ag úsáid na ndeontas ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta in 2023 chun infheistíocht bhreise a mhaoiniú chun tacú leis an téarnamh. Meastar go bhfanfaidh an ranníocaíocht dhearfach le gníomhaíocht eacnamaíoch de chaiteachas arna mhaoiniú ag deontais faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus faoi chistí eile de chuid an Aontais cobhsaí i gcomparáid le 2022. Réamh-mheastar go gcuirfidh infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta ranníocaíocht chrapthach ar fáil don staid fhioscach dar méid 0,4 pointe céatadáin in 2023 (17). Ag an am céanna, meastar go gcuirfidh fás an phríomhchaiteachais reatha arna mhaoiniú go náisiúnta (glan ar bhearta nua ioncaim) in 2023 rannchuidiú neodrach den chuid is mó de 0,0 pointe céatadáin leis an staid fhioscach fhoriomlán. Áirítear leis an rannchuidiú suntasach leathnaithe sin tionchar breise na mbeart chun aghaidh a thabhairt ar thionchar eacnamaíoch agus sóisialta an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh (0,2 % de OTI) chomh maith leis na costais a bhaineann le cosaint shealadach a thabhairt do dhaoine easáitithe ón Úcráin (0,1 % de OTI).

    (19)

    I gClár Cobhsaíochta 2022, meastar go laghdóidh easnamh ginearálta an rialtais de réir a chéile go 0,7 % de OTI in 2024 agus go 0,3 % faoi 2025. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe go bhfanfaidh an easnamh ginearálta an rialtais faoi bhun 3 % de OTI ó 2023 ar aghaidh go dtí deireadh thréimhse an chláir. Leis na réamh-mheastacháin sin glactar le laghdú ar chaiteachas poiblí don tréimhse ionchasach seo (ó 50,4 % de OTI in 2023 go 49,6 % in 2024 agus 49,4 % in 2025). De réir Chlár Cobhsaíochta 2022, meastar go laghdóidh cóimheas fiachais ghinearálta an rialtais le OTI faoi 2025, go háirithe agus méadú go 74,5 % ann in 2024, agus laghdú go 72,1 % in 2025. De réir anailís an Choimisiúin, is cosúil gur meánrioscaí iad na rioscaí maidir le hinbhuanaitheacht fiachais sa mheántéarma.

    (20)

    Tá meánrioscaí ag an Ostair don inbhuanaitheacht fhioscach sa mheántéarma agus san fhadtéarma, arb é an brú buiséadach is cúis leis an daonra atá ag dul in aois go príomha. Táthar ag súil go dtiocfaidh laghdú ar an gcóimheas idir an daonra atá in aois oibre (daoine idir 20 agus 64 bliana d’aois) agus daoine fásta níos sine ó thriúr oibrithe go thart ar bheirt oibrithe in aghaidh an duine os cionn 65 bliana d’aois sa 50 bliain amach romhainn. Ar an iomlán, de réir chás riosca na meithle um aosú i dTuarascáil 2021 maidir le hAosú a d’eisigh an Coimisiún, meastar go méadóidh an caiteachas poiblí ar chúram fadtéarmach ó 1,8 % de OTI in 2019 go 2,3 % de OTI in 2030. Chomh maith le forbairtí déimeagrafacha, táthar ag súil freisin go mbeidh ról ag an ngá le dianchúram mar gheall ar thinnis a bhaineann le seanaois chun costais an chúraim fhadtéarmaigh a ardú. Fógraíodh athchóiriú cuimsitheach ar an gcóras cúraim fhadtéarmaigh ach tá sé fós ar feitheamh. Go dtí seo, rinne tascfhórsa tiomnaithe achoimre ar na príomhthógairí ó chomhairliúchán poiblí. De réir thuarascáil an tascfhórsa, ceann de thosaíochtaí an athchóirithe is ea rialú comhordaithe ar an gcóras a bhunú. Áirítear leis sin sannadh soiléir freagrachtaí ar fud leibhéal rialtais agus trédhearcacht maidir le foinse agus úsáid cistí.

    (21)

    Tá neamhréir shuntasach idir freagrachtaí caiteachais agus freagrachtaí tiomsaithe ioncaim ar an leibhéal fonáisiúnta mar phríomhthréith de fheidearálacha fioscacha na hOstaire. Seachas bheith ag brath ar neamhspleáchas cánach, cothaíonn córas casta comhroinnte cánach agus aistrithe idir-rialtasacha buiséid fhonáisiúnta. Cuireann sé sin bac ar an trédhearcacht fhioscach agus ar an gcuntasacht pholaitiúil, agus is beag dreasacht atá ann do chaiteachas poiblí éifeachtúil. Ós rud é go bhfuil gá fós leis an athchóiriú, ba cheart aghaidh a thabhairt air sa chaibidlíocht don chéad Acht um Chaidreamh Fioscach Idir-rialtasach eile, a bhfuiltear ag súil leis go gcuirfear tús leis i mí na Nollag 2022. Chomh maith le hathchóiriú a dhéanamh ar an gcreat fioscach náisiúnta, trí úsáid níos fearr a bhaint as athbhreithnithe ar chaiteachas, is féidir feabhas a chur ar éifeachtacht agus ar éifeachtúlacht an chaiteachais phoiblí toisc go gcuidíonn siad sin le grinnscrúdú a dhéanamh ar leithdháiltí airgeadais i gcoinne tosaíochtaí polaitiúla.

    (22)

    Tá deis fós ag córas cánach na hOstaire feabhas a chur ar chothroime agus ar sholáimhsitheacht an fháis. Príomhthréith den chóras cánach is ea ualach ard ar shaothar a eascraíonn as cánacha párolla agus ranníocaíochtaí slándála sóisialta, agus is fostaithe agus fostóirí araon a sheasann ranníocaíochtaí slándála sóisialta. Cuireann sé sin bac ar phoist a chruthú. Ag an am céanna, tá rátaí cánach imeallacha arda mar dhídhreasacht do dhaoine a bheith ag obair go háirithe ag deireadh níos ísle dháileadh an ioncaim agus don dara duine a shaothraíonn i dteaghlach. Céim sa treo ceart is ea an t-athchóiriú ar cháin éiceashóisialta a glacadh le déanaí agus is tionscadal tábhachtach faoi chuimsiú phlean téarnaimh agus athléimneachta na hOstaire é tabhairt isteach praghas CO2 d’earnálacha nach gcumhdaítear leis an gcóras trádála astaíochtaí. Mar sin féin, tá dúshláin struchtúracha fós ann. Tá deis ann na costais saothair nach mbaineann le pá a laghdú tuilleadh chun borradh a chur faoi chruthú post agus faoi sholáthar saothair, go háirithe i gcás saothraithe ar ioncam íseal. Ach úsáid níos fearr a bhaint as cánacha atá fabhrach don fhás, d’fhéadfaí an spás buiséadach is gá a chruthú agus cothroime an chórais chánach a fheabhsú.

    (23)

    I gcomhréir le hAirteagal 19(3), pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/241 agus critéar 2.2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin, áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta sraith fhairsing athchóirithe agus infheistíochtaí a threisíonn a chéile agus a bhfuil amchlár táscach ag gabháil leo maidir lena gcur chun feidhme a bheidh le tabhairt chun críche faoin 31 Lúnasa 2026. Cuidítear, leis sin, le dul i ngleic leis na dúshláin eacnamaíocha agus shóisialta ar fad nó le fothacar suntasach de na dúshláin eacnamaíocha agus shóisialta a leagtar amach sna moltaí tírshonracha a chuir an Chomhairle faoi bhráid na hOstaire sa Seimeastar Eorpach in 2019 agus 2020, chomh maith le haon mholtaí tírshonracha a eisítear go dtí an dáta a ghlacfar plean téarnaimh agus athléimneachta. Go háirithe, cuidíonn na bearta sa phlean le haghaidh a thabhairt ar fhothacar suntasach de na moltaí tírshonracha a sainaithníodh le blianta beaga anuas i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh. Cuideoidh na hathruithe atá beartaithe ar an gcóras cánach le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus, ag an am céanna, cuideoidh siad le cánacha a bhogadh ó shaothar agus gnéithe éiceolaíocha agus sóisialta á gcur san áireamh ag an am céanna. D’fhéadfadh rannpháirtíocht na mban i margadh an tsaothair leas a bhaint as infhaighteacht fheabhsaithe ar shaoráidí ardchaighdeáin luathchúraim leanaí. Tugtar aghaidh go páirteach freisin ar an dúshlán a aithnítear le fada maidir leis an mbearna phinsin idir na hinscní. Cuirfear an t-aistriú glas chun cinn trí infheistíocht in (i) éifeachtúlacht fuinnimh, (ii) foinsí in-athnuaite fuinnimh, (iii) dícharbónú na tionsclaíochta, (iv) an bhithéagsúlacht agus (v) an geilleagar ciorclach, maille le hathchóirithe gaolmhara, lena n-áirítear athchóiriú a dhéanamh ar an gcreat tacaíochta d’fhoinsí in-athnuaite agus deireadh a chur de réir a chéile le córais téimh ola. Cuideoidh an plean freisin le hacmhainn dhigiteach na bhfiontar a mhéadú go suntasach. Laghdófar an t-ualach riaracháin ar ghnólachtaí trí bhíthin pointí digiteacha maidir le rochtain aonair.

    (24)

    Táthar ag súil go gcuideoidh cur chun feidhme phlean téarnaimh agus athléimneachta na hOstaire le tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh maidir leis na haistrithe glasa agus digiteacha. Is ionann bearta chun tacú le cuspóirí aeráide san Ostair agus 58,7 % de leithdháileadh iomlán an phlean téarnaimh agus athléimneachta, agus is ionann bearta lena dtacaítear le cuspóirí digiteacha agus 52,8 % de leithdháileadh airgeadais iomlán an phlean téarnaimh agus athléimneachta. Le cur chun feidhme iomlán an phlean téarnaimh agus athléimneachta, i gcomhréir leis na garspriocanna agus na spriocanna ábhartha, cuideofar leis an Ostair teacht chuici féin go pras ó thitim na géarchéime COVID-19, agus leanfaidh sé dá teacht aniar a neartú. Tá rannpháirtíocht chórasach na gcomhpháirtithe sóisialta agus na ngeallsealbhóirí ábhartha eile tábhachtach i gcónaí chun an plean téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme go rathúil, chomh maith le beartais eacnamaíocha agus fostaíochta eile a théann níos faide ná an plean téarnaimh agus athléimneachta, chun a áirithiú go mbeidh úinéireacht leathan ar an gclár oibre foriomlán beartais.

    (25)

    An 2 Bealtaine 2022, d’fhormheas an Coimisiún Comhaontú Comhpháirtíochta na hOstaire dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18). An 21 Deireadh Fómhair 2021, thíolaic an Ostair a cláir maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) agus an Ciste um Aistriú Cóir dá bhforáiltear sa Rialachán sin, agus chuir seirbhísí an Choimisiúin a gcuid barúlacha ar ais ar an 4 Eanáir 2022. Níor chuir an Ostair a clár um Chiste Sóisialta Plus na hEorpa isteach go fóill. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/1060, tá an Ostair leis na moltaí tírshonracha ábhartha a chur san áireamh i gclársceidealú chistí an bheartais chomhtháthaithe le haghaidh 2021-2027. Is réamhriachtanas é sin chun éifeachtacht na tacaíochta airgeadais atá le fáil ó chistí an bheartais chomhtháthaithe a fheabhsú agus chun uasmhéadú a dhéanamh ar bhreisluach na tacaíochta sin, agus comhordú, comhlántacht agus comhleanúnachas idir cistí an bheartais chomhtháthaithe sin agus ionstraimí agus cistí eile de chuid an Aontais á gcur chun cinn ag an am céanna. Tá cur chun feidhme rathúil na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta agus cláir beartais chomhtháthaithe ag brath freisin ar dheireadh a chur le bacainní ar an infheistíocht chun tacú leis na haistrithe glasa agus digiteacha agus le forbairt chríochach chothrom.

    (26)

    Chomh maith leis na dúshláin eacnamaíocha agus shóisialta a dtugtar aghaidh orthu sa phlean téarnaimh agus athléimneachta, tá roinnt dúshlán breise os comhair na hOstaire a bhaineann le margadh an tsaothair. Chuir córas láidir cosanta sóisialta na hOstaire agus bearta forleathana beartais teorainn le tionchar sóisialta phaindéim COVID-19. Tá ag éirí go maith leis an Ostair i dtaca leis an gcuid is mó de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, ach tá roinnt dúshlán fós ann. Áirítear go háirithe ar na dúshláin sin acmhainneacht tearcúsáidte na mban, oibrithe ísealcháilithe, oibrithe níos sine agus daoine a mbaineann cúlra imirceach leo. Tá fadhbanna ar leith ag baint leis sin i bhfianaise easpa lucht saothair oilte. Dá mbainfí leas as acmhainneacht tearcúsáidte na ngrúpaí sin, d’fhéadfaí an brú ar mhargadh saothair na hOstaire a laghdú.

    (27)

    Cé go bhfuil ráta fostaíochta na mban i bhfad os cionn mheán an Aontais Eorpaigh, is í an Ostair an dara háit is airde san Aontas maidir le fostaíocht pháirtaimseartha na mban. In 2021, d’oibrigh 49,9 % de mhná na hOstaire go páirtaimseartha, i gcomparáid le meán an Aontais de 28,3 %. Fágann sin go bhfuil acmhainneacht shuntasach ann rannpháirtíocht na mban i margadh an tsaothair a neartú go lánaimseartha. Is deacair do mháithreacha páirt níos gníomhaí a ghlacadh sa mhargadh saothair mar gheall ar sholáthar teoranta cúraim leanaí atá inacmhainne agus ar ardchaighdeán. Níl ach 21,1 % de leanaí faoi 3 bliana d’aois i gcúram leanaí foirmiúil, ceann de na rátaí is ísle san Aontas agus i bhfad ó sprioc Barcelona a leag an Chomhairle Eorpach sos in 2002 de 33 % de leanaí faoi bhun 3 bliana d’aois a bheith i gcúram leanaí foirmiúil. Is iad an sciar ard den obair pháirtaimseartha, mar aon le ró-ionadaíocht na mban in earnálacha ina bhfuil pá íseal, na príomhthosca a chuireann leis an mbearna ard pá inscne san Ostair agus an bhearna phinsin idir na hinscní atá sách ard. Chuir paindéim COVID-19 a thuilleadh leis na héagothromaíochtaí sin a bhaineann le hinscne, agus tá sciar suntasach de mhná ann a chuireann oibleagáidí oibre agus cúraim le chéile. Chun a áirithiú go mbainfear úsáid níos fearr as acmhainneacht na mban i margadh an tsaothair, tá sé ríthábhachtach cur le soláthar cúraim leanaí ar ardchaighdeán trí chaighdeáin cháilíochta a ardú, uaireanta oscailte níos faide a chur ar fáil do chúram leanaí agus dul i ngleic le dídhreasachtaí chun líon na n-uaireanta oibre a mhéadú (e.g. trí dhreasachtaí cánach a fheabhsú).

    (28)

    D’fhéadfaí roinnt grúpaí faoi mhíbhuntáiste a chomhtháthú níos fearr i margadh an tsaothair, go háirithe oibrithe ar bheagán oiliúna agus oibrithe níos sine, agus oibrithe a mbaineann cúlra imirceach leo. Tá beagnach leath de na daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach san Ostair tar éis críochnú sa mheánscoil íochtarach (Pflichtschule) ar a mhéad. Tá rannpháirtíocht íseal i margadh an tsaothair i gcónaí i measc daoine a mbaineann cúlra imirceach leo, agus tá leibhéal 12,7 pointe céatadáin níos ísle ann ná mar a bhí ag cónaitheoirí a rugadh ó dhúchas in 2020. Tá fadhbanna ag baint leis sin go háirithe ós rud é gur gnách gurb iad na tuismitheoirí a bhíonn ag brath go háirithe ar thorthaí oideachais, ar dheiseanna fostaíochta agus ar na leibhéil ioncaim a bheidh ann amach anseo do leanaí san Ostair. Leis na bearta i bplean téarnaimh agus athléimneachta na hOstaire chun athsciliú agus uas-sciliú a chur chun cinn, tabharfar aghaidh ar na dúshláin sin trí thacú le hoiliúint d’oibrithe ar bheagán oiliúna agus do dhaoine atá dífhostaithe go fadtéarmach. Ag an am céanna, ní théann na bearta atá beartaithe i ngleic go hiomlán leis an bhfadhb rannpháirteachais i measc daoine a mbaineann cúlra imirceach leo agus daoine ar bheagán oiliúna. Ina theannta sin, ní mór torthaí oideachais do na grúpaí sin a fheabhsú i bhfad níos luaithe sa saol. Tá gá fós le deiseanna breise athoiliúna agus foghlama ar feadh an tsaoil d’oibrithe de gach aois.

    (29)

    Tá an easpa scileanna atá ag dul i méid (Fachkräftemangel) ag éirí níos dúshlánaí do chuideachtaí a bhíonn ag brath ar ghairmithe ardcháilithe, amhail saineolaithe teicneolaíochta faisnéise (TF) chomh maith le gairmithe a bhfuil ardscileanna acu i gcomhair imscaradh an fhuinnimh in-athnuaite atá ag dul i méid. Is iliomad iad na cúiseanna leis an nganntanas saothair ardoilte agus chuir paindéim COVID-19 go mór leo. D’fhéadfadh deiseanna méadaithe do dhaoine éirimiúla ardoilte ó thar lear poist nach féidir le lucht saothair na hOstaire ná lucht saothair an Aontais a líonadh a dhéanamh níos éasca. Faoi láthair, tá ualach suntasach riaracháin i gceist leis na nósanna imeachta atá i bhfeidhm ar chuideachtaí ar mian leo oibrithe a fhostú ó lasmuigh den Aontas, rud a fhágann go bhfuil sé deacair an tallann eachtrach is gá a mhealladh. Cuireann sé sin bac ar fhás táirgiúlachta, go háirithe i gcás na hearnála seirbhísí agus go háirithe in earnáil na TF. Ní raibh an t-athchóiriú a rinneadh in 2019 agus 2020 ar “mearscéim” na hOstaire le haghaidh lucht saothair oilte ó thíortha nach ón Aontas Eorpach iad (Rot-Weiß-Rot-Karte) éifeachtach ó thaobh dul i ngleic leis an dúshlán foriomlán. D’fhéadfaí tuilleadh beart a dhéanamh dá bhrí sin chun cur ar chumas cuideachtaí oibrithe oilte a fhostú ar bhealach níos fearr ó thar lear. Áirítear leis sin na nósanna imeachta a dhéanamh níos gasta agus díriú níos mó ar riachtanais aonair cuideachtaí.

    (30)

    Mar fhreagairt ar an sainordú ó Cheannairí Stáit nó Rialtais an Aontais a leagtar amach i nDearbhú Versailles, tá sé mar aidhm ag an togra ón gCoimisiún le haghaidh phlean REPowerEU deireadh a chur de réir a chéile le spleáchas an Aontais ar allmhairiú breosla iontaise ón Rúis a luaithe is féidir. Chun na críche sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún na tionscadail, na hinfheistíochtaí agus na hathchóirithe is oiriúnaí ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal an Aontais a shainaithint i gcomhphlé leis na Ballstáit. Is é is aidhm do na bearta sin an spleáchas foriomlán ar bhreoslaí iontaise a laghdú agus allmhairí breosla iontaise a aistriú ón Rúis.

    (31)

    De dheasca na bhforbairtí geopholaitiúla a tharla mar thoradh ar ionradh na Rúise ar an Úcráin, tá baol ann do shlándáil sholáthairtí fuinnimh na hOstaire. Tá an Ostair ag brath go mór ar allmhairí gáis ón Rúis. In 2020, d’iompórtáil an Ostair tuairim is 80 % dá hallmhairí gáis ón Rúis, i gcomparáid le meán 44 % san Aontas Eorpach. Is ionann gás freisin agus sciar suntasach d’éileamh fuinnimh na hOstaire (22,7 %, beagán faoi bhun mheán an Aontais de 24,4 %), don tomhaltas tionsclaíoch agus don téamh den chuid is mó. Mar sin féin, is lú spleáchas na hOstaire ar an Rúis le haghaidh ola (10 % dá hamhola ón Rúis, i bhfad níos ísle ná meán an Aontais de 26 %). (19) Chun an spleáchas ar ghás na Rúise a laghdú, beidh sé ríthábhachtach an soláthar fuinnimh a éagsúlú agus cur leis an tsolúbthacht agus leis an acmhainn sreafa aistreo i dtaca leis an idirnascacht fhairsing atá ann cheana le Ballstáit eile. Moltar infheistíochtaí nua bonneagair agus líonraí a bhaineann le gás a bheith slán i gcás inar féidir, d’fhonn a n-inbhuanaitheacht fhadtéarmach a éascú trí bhreoslaí inbhuanaithe a chur in ionad breoslaí inbhuanaithe amach anseo. Áirítear freisin ar spleáchas ar ghás na Rúise a laghdú infheistíocht a dhéanamh i dtáirgeadh gás in-athnuaite, (amhail hidrigin in-athnuaite agus bithmheatán inbhuanaithe) ionas gur féidir gás nádúrtha a ionadú, go háirithe in earnálacha agus i réigiúin is leochailí ó thaobh suaitheadh an tsoláthair de. Thairis sin, tá foinsí fuinnimh in-athnuaite breise, amhail fuinneamh geotheirmeach, fós tearcúsáidte agus d’fhéadfaí iad a fhiosrú tuilleadh.

    (32)

    In 2020, b’ionann sciar na bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh i dtomhaltas deiridh fuinnimh na hOstaire agus 37 %, sciar a bhí os cionn na sprice 34 % don bhliain chéanna. Leis an athchóiriú a rinneadh in 2021 ar thacaíocht d’fhoinsí in-athnuaite fuinnimh, a áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta, cruthaíodh an creat is gá chun sciar an fhuinnimh in-athnuaite i dtomhaltas leictreachais a mhéadú. Leis an athchóiriú, beifear in ann 27 TWh den acmhainn bhliantúil giniúna leictreachais ó fhoinsí in-athnuaite a bhaint amach faoi 2030 agus, dá bhrí sin, cuideoidh sé leis an sprioc 100 % a bhaint amach faoi 2030 (ó 81 % faoi láthair in 2020). Mar sin féin, cuirtear isteach ar infheistíocht san fhuinneamh in-athnuaite mar gheall ar phleanáil fhada spásúlachta agus nósanna imeachta ceada, fadhb a eascraíonn as roinnt chasta cumhachtaí idir leibhéal an rialtais chónaidhme agus réigiúnach, agus as fadhbanna foirne sa riarachán. D’fhonn freastal ar an méadú atá beartaithe ar ghiniúint cumhachta in-athnuaite fuinnimh, d’fhéadfadh an Ostair machnamh a dhéanamh ar infheistíocht sa bhonneagar gréasáin (amhail stóráil, dáileadh agus tarchur) a mhéadú ar bhealach suntasach agus ar a áirithiú go gcuirfí an bonneagar sin in úsáid go tráthúil. Má mhéadaítear leibhéal na huaillmhéine maidir le héifeachtúlacht fuinnimh in earnáil an fhoirgnimh agus in earnáil na tionsclaíochta, laghdófar an spleáchas ar bhreoslaí iontaise. I straitéis athchóirithe fhadtéarmach na hOstaire leagtar amach garspriocanna soiléire do 2050 agus féachtar le dícharbónú 80 % a dhéanamh ar a stoc foirgneamh. Cuirfidh a phlean téarnaimh agus athléimneachta dlús le deireadh a chur de réir a chéile le coirí breosla iontaise san earnáil foirgníochta agus cuirfear teicneolaíocht téimh in-athnuaite nó téamh ceantair ina n-ionad. Mar sin féin, tá spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh na hOstaire do 2030 íseal agus d’fhéadfadh an tír dlús a chur leis an infheistíocht in athchóiriú domhain foirgneamh, téamh in-athnuaite a chur in ionad breosla iontaise agus an t-ídiú fuinnimh a bhainistiú ar bhealach níos fearr trí dhigiteáil áirgiúlachta (amhail méadair chliste agus teirmeastait). Ag an am céanna, chuideodh iarrachtaí breise chun próisis thionsclaíocha a dhícharbónú, lena n-áirítear trí gháis in-athnuaite, leis an éileamh ar ghás a laghdú agus le gnólachtaí a chosaint ar luaineacht praghsanna. Beidh gá le méadú breise ar an uaillmhian maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus chun foinsí in-athnuaite agus éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú chun go mbeidh an Ostair ag teacht le cuspóirí “Oiriúnach do 55”.

    (33)

    Cé go mbeidh costais shuntasacha athstruchtúrúcháin i roinnt earnálacha mar thoradh ar dhlús a chur leis an aistriú i dtreo neodracht aeráide agus ar shiúl ó bhreoslaí iontaise, is féidir leis an Ostair úsáid a bhaint as an Sásra um Aistriú Cóir i gcomhthéacs an bheartais chomhtháthaithe chun tionchar socheacnamaíoch an aistrithe a mhaolú sna réigiúin is mó atá buailte. Ina theannta sin, is féidir leis an Ostair leas a bhaint as Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20), chun deiseanna fostaíochta a fheabhsú agus comhtháthú sóisialta a neartú.

    (34)

    I bhfianaise mheasúnú an Choimisiúin, scrúdaigh an Chomhairle Clár Cobhsaíochta 2022 agus léirítear a tuairim (21) i moladh (1).

    (35)

    I bhfianaise na dlúthnaisc idir geilleagair Bhallstáit an limistéir euro agus a rannchuidiú comhchoiteann le feidhmiú an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta, mhol an Chomhairle go ngníomhódh Ballstáit an limistéir euro, lena n-áirítear trína bpleananna téarnaimh agus athléimneachta, chun na moltaí atá leagtha amach i moladh 2022 maidir leis an limistéir euro a chur chun feidhme. I gcás na hOstaire, léirítear é sin go háirithe i moltaí (1), (2) agus (3).

    Ag MOLADH LEIS SEO go nglacfaidh an Ostair gníomhaíocht in 2022 agus 2023 chun:

    1.   

    In 2023, a áirithiú go mbeidh fás an phríomhchaiteachais reatha arna mhaoiniú go náisiúnta i gcomhréir le seasamh foriomlán neodrach beartais, agus tacaíocht leanúnach shealadach spriocdhírithe á cur san áireamh do theaghlaigh agus do ghnólachtaí is leochailí ó thaobh praghsanna fuinnimh de agus do dhaoine atá ag teitheadh ón Úcráin. Réidh chun an caiteachas reatha a chur in oiriúint don staid atá ag teacht chun cinn. Infheistíocht phoiblí a leathnú le haghaidh na n-aistrithe glasa agus digiteacha agus le haghaidh na slándála fuinnimh, lena gcuirtear san áireamh an tionscadal REPowerEU, lena n-áirítear trí leas a bhaint as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus as cistí eile de chuid an Aontais. Le linn na tréimhse tar éis 2023, saothrófar beartas fioscach atá dírithe ar shuíomhanna fioscacha meántéarmacha stuama a bhaint amach. Leordhóthanacht agus inbhuanaitheacht fhioscach an chórais cúraim fhadtéarmaigh a áirithiú. Caidreamh fioscach agus freagrachtaí fioscacha a shimpliú agus a réasúnú thar shraitheanna rialtais agus freagrachtaí airgeadais agus caiteachais a ailíniú. Feabhas a chur ar an meascán cánach chun tacú le fás cuimsitheach, inbhuanaithe.

    2.   

    Dul ar aghaidh le cur chun feidhme a phlean téarnaimh agus athléimneachta, i gcomhréir leis na garspriocanna agus na spriocanna a áirítear i gCinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 13 Iúil 2021. An chaibidlíocht leis an gCoimisiún maidir le doiciméid chlársceidealaithe an bheartais chomhtháthaithe le haghaidh 2021-2027 a chur i gcrích go tapa d’fhonn tús a chur lena gcur chun feidhme.

    3.   

    Rannpháirtíocht na mban i margadh an tsaothair a threisiú, lena n-áirítear trí sheirbhísí cúraim leanaí ar ardchaighdeán a fheabhsú, agus torthaí mhargadh an tsaothair a fheabhsú do ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste.

    4.   

    Spleáchas foriomlán ar bhreoslaí iontaise a laghdú, agus allmhairí breoslaí iontaise a éagsúlú, trí dhlús a chur le húsáid an fhuinnimh in-athnuaite agus an bhonneagair is gá, go háirithe trí phleanáil agus trí chuíchóiriú breise a dhéanamh ar nósanna imeachta ceadaithe, agus trí éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú, go háirithe sna hearnálacha tionscail agus tógála, agus trí dhlús a chur leis na soláthairtí fuinnimh mar aon le solúbthacht agus acmhainn sreafa cúltreo na n-idirnasc a mhéadú.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 12 Iúil 2022.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    Z. STANJURA


    (1)  IO L 209, 2.8.1997, lch. 1.

    (2)  Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).

    (3)  Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú (IO L 306, 23.11.2011, lch. 25).

    (4)  Moladh ón gComhairle an 5 Aibreán 2022 maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro (IO C 153, 7.4.2022, lch. 1).

    (5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle an 4 Márta 2022 lena mbunaítear gurb ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE, agus a bhfuil d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach (IO L 71, 4.3.2022, lch. 1).

    (6)  Treoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir na Ballstáit agus na daoine sin á nglacadh isteach acu agus na hiarmhairtí lena mbaineann á mbraistint (IO L 212, 7.8.2001, lch. 12).

    (7)  Moladh ón gComhairle an 18 Meitheamh 2021 ina dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár Cobhsaíochta 2021 na hOstaire (IO C 304, 29.7.2021, lch. 93).

    (8)  Is meastacháin ón gCoimisiún iad na meastacháin ar an staid fhioscach agus a comhpháirteanna sa Mholadh seo bunaithe ar na toimhdí is bunús le réamhaisnéis an earraigh 2022 ón gCoimisiún. Sna meastacháin ón gCoimisiún ar fhás ionchasach meántéarmach, ní áirítear tionchar dearfach na n-athchóirithe atá mar chuid den phlean téarnaimh agus athléimneachta agus lena bhféadfar borradh a chur faoin bhfás a d’fhéadfadh a bheith ann.

    (9)  Ní mhaoinítear iad le deontais faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta ná le cistí eile de chuid an Aontais.

    (10)  10159/2021; 10159/2021 ADD 1; 10159/2021 COR 1.

    (11)  Moladh ón gComhairle an 20 Iúil 2020 maidir le Clár Náisiúnta 2020 um Athchóiriú de chuid na hOstaire agus ina dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár Cobhsaíochta 2020 de chuid na hOstaire (IO C 282, 26.8.2020, lch. 129).

    (12)  Is ionann na figiúirí agus leibhéal chostais bhuiséadacha bhliantúla na mbeart sin a rinneadh ó fhómhar 2021, lena n-áirítear ioncam agus caiteachas reatha chomh maith le — i gcás inarb ábhartha — bearta caiteachais chaipitil.

    (13)  Glactar leis go mbeidh líon iomlán na ndaoine easáitithe ón Úcráin go dtí an tAontas Eorpach chomh hard le 6 mhilliún duine de réir a chéile faoi dheireadh 2022, agus meastar a ndáileadh geografach bunaithe ar mhéid an diaspóra atá ann cheana, ar dhaonra coibhneasta an Bhallstáit ghlactha, agus ar dháileadh iarbhír na ndaoine easáitithe ón Úcráin ar fud an Aontais ó mhí an Mhárta 2022. I gcás costais bhuiséadacha in aghaidh an duine, tá meastacháin bunaithe ar shamhail mhicreashamhlú Euromod Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin, agus an dá aistriú airgid á gcur san áireamh d’fhéadfadh daoine a bheith incháilithe do shochair chomhchineáil, amhail oideachas agus cúram sláinte.

    (14)  Freagraíonn comhartha diúltach (dearfach) den táscaire do bharrachas (easnamh) fáis ar chaiteachas príomhúil i gcomparáid le fás eacnamaíoch meántéarmach, lena léirítear beartas fioscach fairsing (crapthach).

    (15)  Réamh-mheastar go soláthróidh caiteachas caipitil eile arna mhaoiniú go náisiúnta ranníocaíocht leathnaithe de 0,4 pointe céatadáin de OTI. Is é is cúis leis sin, den chuid is mó, cúlchiste straitéiseach gáis a chur ar bun mar atá leagtha amach i gClár Cobhsaíochta 2022 freisin.

    (16)  Freagraíonn comhartha diúltach (dearfach) den táscaire do bharrachas (easnamh) fáis ar chaiteachas príomhúil i gcomparáid le fás eacnamaíoch meántéarmach, lena léirítear beartas fioscach fairsing (crapthach).

    (17)  Réamh-mheastar go gcuirfidh caiteachas caipitil eile arna mhaoiniú go náisiúnta ranníocaíocht neodrach ar fáil.

    (18)  Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).

    (19)  Eurostat (2020), sciar allmhairí na Rúise os cionn allmhairí iomlána gáis nádúrtha, amhola agus guail chrua. Tá meán AE27 bunaithe ar allmhairí lasmuigh de AE27. Ó mhí an Mhárta 2022 i leith, chuir an Ostair stop le hamhola a allmhairiú ón Rúis.

    (20)  Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 231, 30.6.2021, lch. 21).

    (21)  Faoi Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1466/97.


    Top