Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D2422

    Cinneadh (AE) 2022/2422 ón gCoimisiún an 5 Nollaig 2022 maidir le comhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe a chuir an Chipir isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais le haghaidh an tríú tréimhse thagartha (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 8719) (Is é an téacs Gréigise amháin atá barántúil) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2022/8719

    IO L 318, 12.12.2022, p. 107–115 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/2422/oj

    12.12.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 318/107


    CINNEADH (AE) 2022/2422 ÓN gCOIMISIÚN

    an 5 Nollaig 2022

    maidir le comhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe a chuir an Chipir isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais le haghaidh an tríú tréimhse thagartha

    (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 8719)

    (Is é an téacs Gréigise amháin atá barántúil)

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 lena leagtar síos an creat chun an t-aerspás Eorpach aonair a chruthú (an Creatrialachán) (1), agus go háirithe Airteagal 11(3), pointe (c), de,

    Ag féachaint do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2019 lena leagtar síos scéim feidhmíochta agus muirearaithe san aerspás Eorpach aonair agus lena n-aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 390/2013 agus (AE) Uimh. 391/2013 (2), agus go háirithe Airteagal 15(2) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    BREITHNITHE GINEARÁLTA

    (1)

    De bhun Airteagal 10 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tá na Ballstáit le pleananna feidhmíochta ceangailteacha a tharraingt suas, ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal na mbloc feidhme aerspáis (“FABanna”), pleananna nach mór spriocanna feidhmíochta ceangailteacha a chuimsiú iontu i leith gach tréimhse tagartha den scéim feidhmíochta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna gréasáin. Ní mór na spriocanna feidhmíochta sin a bheith comhsheasmhach leis na spriocanna ar fud an Aontais arna nglacadh ag an gCoimisiún i leith na tréimhse tagartha lena mbaineann.

    (2)

    Leagadh spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais le haghaidh an tríú tréimhse thagartha (“TT3”) síos i dtosach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 ón gCoimisiún (3). Ós rud é gur tarraingíodh suas na spriocanna feidhmíochta sin ar fud an Aontais agus na dréachtphleananna feidhmíochta TT3 a chuir na Ballstáit isteach ina dhiaidh sin i mí Dheireadh Fómhair 2019 sular tharla ráig phaindéim COVID-19 i mí an Mhárta 2020, níor cuireadh san áireamh iontu an laghdú suntasach ar an aerthrácht i ngeall ar na bearta a rinne na Ballstáit agus tríú tíortha chun an phaindéim a shrianadh.

    (3)

    Mar fhreagairt ar thionchar phaindéim COVID-19 ar sholáthar na seirbhísí aerloingseoireachta, leagadh amach bearta eisceachtúla le haghaidh TT3, de mhaolú ar fhorálacha Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1627 ón gCoimisiún (4). Ghlac an Coimisiún, an 2 Meitheamh 2021, Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 (5) lena leagtar spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe ar fud an Aontais amach le haghaidh TT3. Ar an mbonn sin, i mí Dheireadh Fómhair 2021 chuir na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin dréachtphleananna feidhmíochta ina raibh spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe áitiúla le haghaidh TT3.

    (4)

    Is chuig an mBeilg, an Ghearmáin, an Ghréig, an Fhrainc, an Chipir, an Laitvia, Lucsamburg, Málta, an Ísiltír, an Rómáin agus an tSualainn a díríodh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/728 ón gCoimisiún (6). Maidir le dréachtphlean feidhmíochta na Cipire le haghaidh TT3, chinn an Coimisiún nach bhfuil na spriocanna feidhmíochta faoi bhealach costéifeachtúlachta agus acmhainneachta comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais agus d’eisigh sé moltaí maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar na spriocanna sin.

    (5)

    Mar fhreagairt ar chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin a thosaigh an 24 Feabhra 2022, d’fhorchuir an tAontas bearta sriantacha lena gcuirtear toirmeasc ar aeriompróirí na Rúise, ar aon aerárthach atá cláraithe sa Rúis agus ar aon aerárthach nach aerárthach de chuid na Rúise é atá cláraithe nó atá cairtfhostaithe, nó atá faoi rialú ar shlí eile, ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht de chuid na Rúise faoi thuirlingt i gcríoch an Aontais, éirí de thalamh uaithi nó eitilt thairsti. Tháinig athruithe ar an aerthrácht in aerspás na hEorpa mar thoradh ar na bearta sriantacha sin agus ar na frithbhearta a ghlac an Rúis. Rinneadh difear géar do Bhallstáit áirithe leis an laghdú mór ar líon na dtraseitiltí san aerspás atá faoina gcúram. Ar leibhéal uile-Aontais, áfach, tá an tionchar breathnaithe ar an líon eitiltí teoranta i gcodarsnacht leis an laghdú géar a tháinig ar an aerthrácht ar fud na hEorpa mar gheall ar ráig phaindéim COVID-19.

    (6)

    An 13 Iúil 2022, chuir an Chipir dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe le haghaidh TT3 (“an dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe”) faoi bhráid an Choimisiúin lena mheasúnú.

    (7)

    Tá tuarascáil curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag an gcomhlacht um athbhreithniú ar an bhfeidhmíocht a thugann cúnamh don Choimisiún maidir le cur chun feidhme na scéime feidhmíochta de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, agus sa tuarascáil sin ón gcomhlacht tá comhairle maidir leis an measúnú ar an dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe.

    (8)

    De bhun Airteagal 15(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, rinne an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta áitiúla atá sa phlean feidhmíochta athbhreithnithe ar bhonn na gcritéar measúnaithe a leagtar síos i bpointe 1 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, agus imthosca áitiúla á gcur san áireamh. Maidir le gach príomhréimse feidhmíochta agus maidir leis na spriocanna feidhmíochta gaolmhara, rinne an Coimisiún a mheasúnú a chomhlánú trí athbhreithniú a dhéanamh ar na heilimintí a leagtar amach i bpointe 2 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

    (9)

    Cuirtear an t-athrú sna himthosca dá dtagraítear in aithris (5) san áireamh sa réamhaisnéis tráchta bhonnlíne ó Sheirbhís Staidrimh agus Réamhaisnéise Eurocontrol (“STATFOR”), a foilsíodh i mí an Mheithimh 2022. Ar bhonn na réamhaisnéise sin, tugann an Coimisiún dá aire go meastar nach rachaidh athruithe díobhálacha ar thrácht le linn TT3 mar thoradh ar chogadh na Rúise san Úcráin i bhfeidhm ar an gCipir.

    (10)

    Ós rud é nach bhfuil aon aerfort sa Chipir a thagann faoi raon feidhme Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 i leith TT3, níl aon sprioc feidhmíochta áitiúil maidir le seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt ina dréachtphlean feidhmíochta. Dá bhrí sin, na torthaí atá sa Chinneadh seo, is le seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach amháin a bhaineann siad.

    MEASÚNÚ ÓN gCOIMISIÚN

    Measúnú ar na spriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta na sábháilteachta

    (11)

    Maidir le príomhréimse feidhmíochta na sábháilteachta, rinne an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna a chuir an Chipir faoina bhráid maidir le héifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta a dhéanann na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta (“ANSPanna”), ar bhonn an chritéir a leagtar síos i bpointe 1.1 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

    (12)

    Is iad seo a leanas na spriocanna feidhmíochta sábháilteachta áitiúla arna moladh ag an gCipir i leith éifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta, arna miondealú de réir na gcuspóirí bainistíochta sábháilteachta agus arna sloinneadh mar leibhéil cur chun feidhme:

    An Chipir

    Spriocanna maidir le héifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta, arna sloinneadh mar leibhéal cur chun feidhme i raon idir leibhéil A agus D de chuid Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh

    An soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta lena mbaineann

    Cuspóir na bainistíochta sábháilteachta

    2022

    2023

    2024

    Spriocanna ar fud an Aontais

    (2024)

    CYATS

    Beartas agus cuspóirí sábháilteachta

    C

    C

    C

    C

    Bainistíocht riosca sábháilteachta

    D

    D

    D

    D

    Dearbhú sábháilteachta

    C

    C

    C

    C

    Cur chun cinn sábháilteachta

    C

    C

    C

    C

    Cultúr sábháilteachta

    C

    C

    C

    C

    (13)

    Na spriocanna feidhmíochta sábháilteachta arna moladh ag an gCipir le haghaidh an tsoláthraí seirbhísí aerloingseoireachta, is é sin CYPRUS Air Navigation Services (“CYATS”), tá siad i gcomhréir leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais le haghaidh gach bliana den tréimhse thagartha.

    (14)

    Tugann an Coimisiún dá aire go leagtar amach leis an ndréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe na bearta le haghaidh CYATS chun na spriocanna sábháilteachta áitiúla a bhaint amach, amhail an t-athbhreithniú agus an t-uasdátú ar na próisis um bainistiú athruithe, treoirlínte maidir le beartais chultúir agus baill foirne bhreise chun tacú le cuspóirí sábháilteachta a bhaint amach.

    (15)

    Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí (12) go (14), agus de bhrí nach mór na spriocanna feidhmíochta sábháilteachta ar fud an Aontais a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 a bhaint amach faoi bhliain dheireanach TT3, is é sin 2024, ba cheart a mheas, maidir leis na spriocanna a chuimsítear sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe, go bhfuil siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais i bpríomhréimse feidhmíochta na sábháilteachta.

    Measúnú ar na spriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil

    (16)

    Maidir le príomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil, rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna a chuir an Chipir isteach maidir le meánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír, ar bhonn an chritéir a leagtar síos i bpointe 1.2 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Dá réir sin, cuireadh na spriocanna atá beartaithe sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe i gcomparáid leis na luachanna tagartha ábhartha le haghaidh éifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach a leagtar amach i bplean feabhsúcháin líonra aerbhealaí na hEorpa a bhí ar fáil nuair a glacadh na spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe ar fud an Aontais le haghaidh TT3, is é sin an 2 Meitheamh 2021.

    (17)

    I gcás na bliana féilire 2020, ní dhearnadh athbhreithniú le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 ar an sprioc feidhmíochta ar fud an Aontais le haghaidh TT3 i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil, sprioc a leagadh amach i dtosach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 sular tharla ráig phaindéim COVID-19, toisc go raibh an tréimhse le haghaidh chur i bhfeidhm na sprice sin imithe in éag agus, dá bhrí sin, go raibh sí curtha chun feidhme go críochnaitheach cheana, rud a d’fhág nárbh fhéidir coigeartuithe cúlghabhálacha a dhéanamh. Ar an gcuma chéanna, ní fhéadfaí na spriocanna feidhmíochta comhshaoil áitiúla le haghaidh 2021 a leag na Ballstáit síos sna dréachtphleananna feidhmíochta i mí Dheireadh Fómhair 2021 a mhodhnú go cúlghabhálach sna dréachtphleananna feidhmíochta athbhreithnithe. Dá bhrí sin, an measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta comhshaoil áitiúla leis na spriocanna feidhmíochta comhfhreagracha ar fud an Aontais, ba cheart é a dhéanamh i leith na mblianta féilire 2022, 2023, agus 2024.

    (18)

    Is iad seo a leanas na spriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil arna moladh ag an gCipir, mar aon leis na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha le haghaidh TT3 ó phlean feabhsúcháin líonra aerbhealaí na hEorpa, arna sloinneadh mar mheánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír:

    An Chipir

    2022

    2023

    2024

    Spriocanna i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil, arna sloinneadh mar mheánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír

    3,84  %

    3,84  %

    3,84  %

    Luachanna tagartha

    3,84  %

    3,84  %

    3,84  %

    (19)

    Tugann an Coimisiún faoi deara gurb ionann na spriocanna comhshaoil arna moladh ag an gCipir agus na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha le haghaidh na mblianta féilire 2022, 2023 agus 2024.

    (20)

    Tugann an Coimisiún dá aire gur chuir an Chipir isteach, sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe, bearta chun na spriocanna feidhmíochta comhshaoil áitiúla a bhaint amach faoi 2024, ar bearta iad a chomhlíonann go príomha na ceanglais dhlíthiúla atá ann cheana faoi dhlí an Aontais agus a chuimsíonn plean aistrithe le haghaidh loingseoireacht fheidhmíochtbhunaithe, Céim 1 d’Aerspás Saorbhealaigh na Cipire (“NICFRA”) a chur chun feidhme i mí an Mhárta 2023 idir leibhéil eitilte 205 agus 660, chomh maith le feabhsuithe leanúnacha a chur ar an líonra bealaí laistigh de réigiún faisnéise eitilte na Niocóise.

    (21)

    Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí (18), (19) agus (20), ba cheart a mheas go bhfuil na spriocanna a chuimsítear sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil.

    Measúnú ar na spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta

    (22)

    Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/728 nach raibh na spriocanna acmhainneachta faoi bhealach atá beartaithe agus a chuimsítear sa dréachtphlean feidhmíochta a cuireadh isteach in 2021 maidir leis an meánmhoill ar bhainistíocht na sreibhe aerthráchta (“ATFM”) faoi bhealach in aghaidh na heitilte, i gcomhréir leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais. Mhol an Chipir spriocanna athbhreithnithe acmhainneachta faoi bhealach ina dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe.

    (23)

    I gcás na bliana féilire 2020, ní dhearnadh athbhreithniú le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 ar an sprioc feidhmíochta ar fud an Aontais le haghaidh TT3 i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta, sprioc a leagadh amach i dtosach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 sular tharla ráig phaindéim COVID-19, toisc go raibh an tréimhse le haghaidh chur i bhfeidhm na sprice sin imithe in éag agus, dá bhrí sin, go raibh sí curtha chun feidhme go críochnaitheach cheana, rud a d’fhág nárbh fhéidir coigeartuithe cúlghabhálacha a dhéanamh. Ar an gcuma chéanna, ní fhéadfaí na spriocanna feidhmíochta acmhainneachta áitiúla le haghaidh 2021 a leag na Ballstáit síos sna dréachtphleananna feidhmíochta a cuireadh isteach i mí Dheireadh Fómhair 2021 a mhodhnú go cúlghabhálach ina ndréachtphleananna feidhmíochta athbhreithnithe. Dá bhrí sin, an measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta acmhainneachta áitiúla leis na spriocanna feidhmíochta comhfhreagracha ar fud an Aontais, ba cheart é a dhéanamh i leith na mblianta féilire 2022, 2023, agus 2024.

    (24)

    Léirítear sa tábla thíos dréachtspriocanna feidhmíochta tosaigh achmhainneachta TT3 faoi bhealach le haghaidh limistéar muirearaithe na Cipire, mar atá sa dréachtphlean feidhmíochta a cuireadh isteach in 2021, na spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe, agus na luachanna tagartha comhfhreagracha ón bPlean Oibríochtaí Gréasáin a bhí ar fáil tráth a glacadh na spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe ar fud an Aontais le haghaidh TT3, is é sin an 2 Meitheamh 2021.

    An Chipir

    2022

    2023

    2024

    Spriocanna acmhainneachta tosaigh faoi bhealach (atá sa dréachtphlean feidhmíochta a cuireadh isteach in 2021), arna sloinneadh ina nóiméid mhoille ATFM in aghaidh na heitilte

    0,30

    0,40

    0,30

    Spriocanna acmhainneachta faoi bhealach (atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe), arna sloinneadh ina nóiméid mhoille ATFM in aghaidh na heitilte

    0,16

    0,15

    0,15

    Luachanna tagartha

    0,16

    0,15

    0,15

    (25)

    Rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna acmhainneachta athbhreithnithe faoi bhealach a chuir an Chipir isteach bunaithe ar an gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.3 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, trí na spriocanna sin a chur i gcomparáid leis na luachanna tagartha ábhartha a leagtar amach sa Phlean Oibríochtaí Gréasáin a bhí ar fáil an 2 Meitheamh 2021. Tugann an Coimisiún faoi deara gurb ionann na spriocanna acmhainneachta arna moladh ag an gCipir agus na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha le haghaidh na mblianta féilire 2022, 2023 agus 2024.

    (26)

    Tugann an Coimisiún dá aire gur chuir an Chipir i láthair sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe na bearta chun na spriocanna acmhainneachta áitiúla faoi bhealach a bhaint amach. Cuimsítear leis na bearta sin earcú rialtóirí aerthráchta nua (“ATCOnna”) lena gcumasaítear méadú ar an líon coibhéisí lánaimseartha ATCO atá i seirbhís ag an lárionad rialaithe limistéir. Go háirithe, tuairiscíonn an Chipir sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe gur thángthas ar chomhaontú le comhlachtaí ionadaíocha foirne i mí na Nollag 2021 chun oiliúint ATCO a fheabhsú agus solúbthacht am oibre ATCO a mhéadú. Tugann an Coimisiún faoi deara freisin go ndearna an Chipir athbhreithniú ar a pleanáil tosaigh maidir le ATCOnna in oibríochtaí le haghaidh na mblianta féilire 2022 agus 2023, rud a fhágann go bhfuil 4 FTE breise beartaithe don dá bhliain féilire sin. Ina theannta sin, déantar foráil sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe maidir le hinfheistíochtaí móra in uasghrádú bhonneagar BAT chun oibriú earnálacha breise rialaithe aerthráchta a chumasú, clár i ndáil le barr feabhais oibríochtúil a chur chun feidhme i gcomhar leis an mBainisteoir Gréasáin, bearta um athstruchtúrú aerspáis agus bearta chun sreabhadh aerthráchta agus bainistíocht acmhainneachta a fheabhsú.

    (27)

    Tugann an Coimisiún faoi deara, i gcomparáid leis an dréachtphlean feidhmíochta a cuireadh isteach in 2021, gur chuir an Chipir bearta breise ábhartha feabhsaithe acmhainneachta i láthair, bearta a mholtar freisin i bPlean Oibríochtaí Gréasáin mhí Mheán Fómhair 2021.

    (28)

    Ag féachaint do na barúlacha roimhe seo, measann an Coimisiún gur thug an Chipir aghaidh leordhóthanach ar na moltaí a leagtar amach in Airteagal 2 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/728 maidir leis an athbhreithniú ar a spriocanna feidhmíochta acmhainneachta.

    (29)

    Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí (24) go (28), ba cheart a mheas go bhfuil na spriocanna a chuimsítear sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta.

    Measúnú ar spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe i bpríomhréimse feidhmíochta na costéifeachtúlachta

    (30)

    Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/728 nach raibh na spriocanna costéifeachtúlachta faoi bhealach atá beartaithe agus a chuimsítear sa dréachtphlean feidhmíochta a cuireadh isteach in 2021 i gcomhréir leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais. Mhol an Chipir spriocanna athbhreithnithe costéifeachtúlachta faoi bhealach mar chuid dá dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe.

    (31)

    Sa tábla thíos léirítear na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta tosaigh TT3 faoi bhealach le haghaidh limistéar muirearaithe na Cipire, mar atá sa dréachtphlean feidhmíochta a cuireadh isteach in 2021, agus na spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe comhfhreagracha atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe a cuireadh isteach in 2022.

    Limistéar muirearaithe faoi bhealach na Cipire

    Luach bonnlíne 2014

    Luach bonnlíne 2019

    2020 - 2021

    2022

    2023

    2024

    Spriocanna tosaigh costéifeachtúlachta faoi bhealach (atá sa dréachtphlean feidhmíochta a cuireadh isteach in 2021) arna sloinneadh mar chostas aonaid faoi bhealach arna chinneadh (i dtéarmaí réadacha ar phraghsanna 2017)

    32,94 EUR

    26,61 EUR

    49,85 EUR

    34,14 EUR

    32,52 EUR

    32,26 EUR

    Spriocanna costéifeachtúlachta faoi bhealach athbhreithnithe (atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe) arna sloinneadh mar chostas aonaid faoi bhealach arna chinneadh (i dtéarmaí réadacha ar phraghsanna 2017)

    32,94 EUR

    26,61 EUR

    49,85 EUR

    30,92 EUR

    29,35 EUR

    29,11 EUR

    (32)

    Tugann an Coimisiún faoi deara go ndearna an Chipir athbhreithniú ar a spriocanna costéifeachtúlachta áitiúla le haghaidh na tréimhse ó 2022 go 2024, rud as a dtagann laghdú 9,7 % ar an gcostas aonaid foriomlán arna chinneadh (“DUC”) sna blianta féilire sin agus laghdú 6.6 % le linn TT3 ina iomláine, i gcomparáid leis an dréachtphlean feidhmíochta a cuireadh isteach in 2021. Eascraíonn na laghduithe DUC sin as an réamhaisnéis tráchta níos airde a úsáideadh sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe le haghaidh na mblianta féilire 2022, 2023 agus 2024 agus ón athbhreithniú anuas ar na costais arna gcinneadh i dtéarmaí réadacha ar phraghsanna 2017 le haghaidh na mblianta féilire sin.

    (33)

    Sa tábla thíos cuirtear i láthair na hathruithe ar an réamhaisnéis tráchta le haghaidh na mblianta féilire 2022, 2023 agus 2024. Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil an réamhaisnéis tráchta a úsáideadh sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe bunaithe ar réamhaisnéis tráchta bhonnlíne STATFOR Eurocontrol le haghaidh mhí an Mheithimh 2022.

    Limistéar muirearaithe faoi bhealach na Cipire

    2022

    2023

    2024

    Réamhaisnéis tosaigh tráchta (atá sa dréachtphlean feidhmíochta a cuireadh isteach in 2021), arna sloinneadh ina mílte aonad seirbhíse faoi bhealach

    1 789

    2 083

    2 169

    Réamhaisnéis nuashonraithe tráchta (atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe), arna sloinneadh ina mílte aonad seirbhíse faoi bhealach

    1 837

    2 129

    2 235

    Difríocht

    +2,7  %

    +2,2  %

    +3,0  %

    (34)

    Léirítear sa tábla thíos na costais athbhreithnithe arna gcinneadh le haghaidh na mblianta féilire 2022, 2023 agus 2024, arna sloinneadh i dtéarmaí réadacha ar phraghsanna 2017.

    Limistéar muirearaithe faoi bhealach na Cipire

    2022

    2023

    2024

    Costais tosaigh arna gcinneadh i dtéarmaí réadacha ar phraghsanna 2017 (atá sa dréachtphlean feidhmíochta a cuireadh isteach in 2021)

    61  mhilliún EUR

    68  milliún EUR

    70  milliún EUR

    Costais athbhreithnithe arna gcinneadh i dtéarmaí réadacha ar phraghsanna 2017 (atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe)

    57  milliún EUR

    62  mhilliún EUR

    65  mhilliún EUR

    Difríocht

    -7,0  %

    -7,8  %

    -7,0  %

    (35)

    Is éard atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe réamhaisnéis bhoilscithe nuashonraithe i ndáil leis an gCipir le haghaidh na mblianta féilire 2022, 2023 agus 2024, mar a leagtar amach sa tábla seo a leanas.

    Limistéar muirearaithe faoi bhealach na Cipire

    2022

    2023

    2024

    Innéacs tosaigh boilscithe, agus an t-athrú réamh-mheasta bliain ar bhliain ar bhoilsciú idir lúibíní (sonraí atá sa dréachtphlean feidhmíochta a cuireadh isteach in 2021)

    102,6

    (0,8  %)

    103,8

    (1,2  %)

    105,3

    (1,4  %)

    Innéacs boilscithe athbhreithnithe, lena ngabhann an t-athrú bliain ar bhliain ar bhoilsciú idir lúibíní (na sonraí atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe)

    109,1

    (5,3  %)

    111,6

    (2,3  %)

    113,9

    (2,0  %)

    (36)

    Tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil na costais na Cipire arna gcinneadh i dtéarmaí ainmniúla le haghaidh na mblianta féilire 2022, 2023 agus 2024 níos ísle ná mar atá sa dréachtphlean feidhmíochta a cuireadh isteach in 2021, d’ainneoin an athbhreithnithe aníos sa réamhaisnéis bhoilscithe.

    Limistéar muirearaithe faoi bhealach na Cipire

    2022

    2023

    2024

    Costais tosaigh arna gcinneadh i dtéarmaí ainmniúla (atá sa dréachtphlean feidhmíochta a cuireadh isteach in 2021)

    62  mhilliún EUR

    69  milliún EUR

    72  mhilliún EUR

    Costais athbhreithnithe arna gcinneadh i dtéarmaí ainmniúla (atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe)

    EUR 60  milliún

    EUR 67  milliún

    EUR 71  mhilliún

    Difríocht

    -3,1  %

    -3,2  %

    -2,1  %

    (37)

    Rinne an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna costéifeachtúlachta athbhreithnithe arna moladh ag an gCipir, bunaithe ar na critéir a leagtar síos i bpointí 1.4(a), (b) agus (c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

    (38)

    Maidir leis an gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.4(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara gur measa treocht faoi bhealach an DUC ar leibhéal an limistéir muirearaithe le linn TT3, mar atá, +2.3 %, ná an treocht ar fud an Aontais le linn na tréimhse céanna, mar atá, + 1.0 %. Tugann an Coimisiún dá aire gur feabhas é sin, áfach, ar threocht DUC +4.9 % arna ríomh ar bhonn na ndréachtphleananna feidhmíochta a cuireadh isteach in 2021.

    (39)

    Maidir leis an gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.4(b) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara go sáraíonn treocht fhadtéarmach faoi bhealach an DUC le linn TT2 agus TT3 ar leibhéal an limistéir muirearaithe, mar atá - 1,4 %, an treocht ar fud an Aontais le linn na tréimhse céanna, mar atá - 1,3 %. Tugann an Coimisiún dá aire gur feabhas é sin ar threocht fhadtéarmach DUC -0,2 % arna ríomh ar bhonn an dhréachtphlean feidhmíochta cuireadh isteach in 2021.

    (40)

    Maidir leis an gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.4(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil luach bonnlíne DUC na Cipire, arna shloinneadh ar phraghsanna 2017, mar atá, EUR 26.61, 4,7 % níos ísle ná meánluach bonnlíne an ghrúpa comparáide, mar atá, EUR 27.91, arna shloinneadh ar phraghsanna 2017.

    (41)

    Mar a shonraítear in aithris (39), bíonn treocht fhadtéarmach DUC mar thoradh ar spriocanna costéifeachtúlachta athbhreithnithe na Cipire, treocht a sháraíonn an treocht chomhfhreagrach ar fud an Aontais. Ina theannta sin, tá DUC athbhreithnithe na Cipire le haghaidh 2024 níos ísle ná an luach bonnlíne le haghaidh 2014, rud a léiríonn laghdú ar an DUC le linn RP2 agus RP3. Ag tagairt d’aithris (40), léiríonn an Chipir feidhmíocht mhaith chostéifeachtúlachta i ndáil leis an luach bonnlíne le haghaidh 2019 atá níos ísle ná meán comhfhreagrach an ghrúpa comparáide. Ar deireadh, tugann an Coimisiún dá aire gur laghdaigh an Chipir, ina dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe, na costais arna gcinneadh le haghaidh TT3 i dtéarmaí réadacha agus ainmniúla araon, agus go bhfuil sé beartaithe aici san am céanna freastal ar thrácht breise ar bhonn na réamhaisnéise nuashonraithe tráchta le haghaidh TT3. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún nach bhfágann an diall ón treocht DUC ar fud an Aontais i leith TT3 dá dtagraítear in aithris (38) cosc ar chomhsheasmhacht a bhunú leis na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta ar fud an Aontais i ndáil leis an gCipir.

    (42)

    Measann an Coimisiún, dá bhrí sin, gur thug an Chipir aghaidh leordhóthanach ar na moltaí a leagtar amach in Airteagal 3 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/728 maidir leis an athbhreithniú ar a spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta.

    (43)

    Ar bhonn na dtorthaí in aithrisí (31) go (42), ba cheart a mheas go bhfuil na spriocanna a chuimsítear sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais i bpríomhréimse feidhmíochta na costéifeachtúlachta.

    CONCLÚIDÍ

    (44)

    I bhfianaise a bhfuil thuas, chinn an Coimisiún go bhfuil na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta a chuir an Chipir isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 agus a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, tá siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais i leith an tríú tréimhse thagartha a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891.

    Airteagal 2

    Dírítear an Cinneadh seo chuig Poblacht na Cipire.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Nollaig 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    Adina-Ioana VĂLEAN

    Comhalta den Choimisiún


    (1)   IO L 96, 31.3.2004, lch. 1.

    (2)   IO L 56, 25.2.2019, lch. 1.

    (3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 ón gCoimisiún an 29 Bealtaine 2019 lena leagtar síos spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais le haghaidh an líonra um bainistíocht aerthráchta i ndáil leis an tríú tréimhse thagartha dar tús an 1 Eanáir 2020 agus dar críoch an 31 Nollaig 2024 (IO L 144, 3.6.2019, lch. 49).

    (4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1627 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2020 maidir le bearta eisceachtúla i ndáil leis an tríú tréimhse thagartha (2020-2024) den scéim feidhmíochta agus muirearaithe san aerspás Eorpach aonair de dheasca phaindéim COVID-19 (IO L 366, 4.11.2020, lch. 7).

    (5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2021 lena leagtar síos spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais Eorpaigh le haghaidh an líonra um bainistíocht aerthráchta i leith an tríú tréimhse thagartha (2020-2024) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 (IO L 195, 3.6.2021, lch. 3).

    (6)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/728 ón gCoimisiún an 13 Aibreán 2022 maidir le neamhréir spriocanna feidhmíochta áirithe atá sna dréachtphleananna feidhmíochta náisiúnta agus sna dréachtphleananna feidhmíochta bloic feidhme aerspáis arna gcur isteach ag an mBeilg, an Ghearmáin, an Ghréig, an Fhrainc, an Chipir, an Laitvia, Lucsamburg, Málta, an Ísiltír, an Rómáin agus an tSualainn de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais don tríú tréimhse thagartha agus lena leagtar amach moltaí maidir leis na spriocanna sin a athbhreithniú (IO L 135, 12.5.2022, lch. 4).


    IARSCRÍBHINN

    Na spriocanna feidhmíochta a chuimsítear sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe a chuir an Chipir isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 agus a fuarthas amach go bhfuil siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais le haghaidh an tríú tréimhse thagartha

    PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA NA SÁBHÁILTEACHTA

    Éifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta

    An Chipir

    Spriocanna maidir le héifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta, arna sloinneadh mar leibhéal cur chun feidhme i raon idir leibhéil A agus D de chuid EASA

    An soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta lena mbaineann

    Cuspóir na bainistíochta sábháilteachta

    2022

    2023

    2024

    CYATS

    Beartas agus cuspóirí sábháilteachta

    C

    C

    C

    Bainistíocht riosca sábháilteachta

    D

    D

    D

    Dearbhú sábháilteachta

    C

    C

    C

    Cur chun cinn sábháilteachta

    C

    C

    C

    Cultúr sábháilteachta

    C

    C

    C

    PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA AN CHOMHSHAOIL

    Meánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír

    An Chipir

    2022

    2023

    2024

    Spriocanna i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil, arna sloinneadh mar mheánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír

    3,84  %

    3,84  %

    3,84  %

    PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA NA hACMHAINNEACHTA

    Meánmhoill ATFM eitilte faoi bhealach ina nóiméid in aghaidh na heitilte

    An Chipir

    2022

    2023

    2024

    Spriocanna acmhainneachta athbhreithnithe faoi bhealach, arna sloinneadh ina nóiméid mhoille ATFM in aghaidh na heitilte

    0,16

    0,15

    0,15

    PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA NA COSTÉIFEACHTÚLACHTA

    Costas aonaid arna chinneadh le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach

    Limistéar muirearaithe faoi bhealach na Cipire

    Luach bonnlíne 2014

    Luach bonnlíne 2019

    2020 - 2021

    2022

    2023

    2024

    Spriocanna costéifeachtúlachta faoi bhealach athbhreithnithe , arna sloinneadh mar chostas aonaid faoi bhealach arna chinneadh (i dtéarmaí réadacha ar phraghsanna 2017)

    32,94 EUR

    26,61 EUR

    49,85 EUR

    30,92 EUR

    29,35 EUR

    29,11 EUR


    Top