This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D2357
Commission Implementing Decision (EU) 2022/2357 of 1 December 2022 amending Implementing Decision (EU) 2019/451 as regards the harmonised standard for retroreflecting road studs (Text with EEA relevance)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2357 ón gCoimisiún an 1 Nollaig 2022 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/451 a mhéid a bhaineann leis an gcaighdeán comhchuibhithe maidir le stodaí bóthair ais-fhrithchaiteacha (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2357 ón gCoimisiún an 1 Nollaig 2022 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/451 a mhéid a bhaineann leis an gcaighdeán comhchuibhithe maidir le stodaí bóthair ais-fhrithchaiteacha (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2022/8601
IO L 311, 2.12.2022, p. 165–167
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 32019D0451 | Cur le | iarscríbhinn I pointe 7 | 02/12/2022 |
2.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 311/165 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2357 ÓN gCOIMISIÚN
an 1 Nollaig 2022
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/451 a mhéid a bhaineann leis an gcaighdeán comhchuibhithe maidir le stodaí bóthair ais-fhrithchaiteacha
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú agus lena n-aisghairtear Treoir 89/106/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 17(5) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 305/2011, úsáidfidh monaróirí na modhanna agus na critéir dá bhforáiltear sna caighdeáin chomhchuibhithe, caighdeáin ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht táirgí foirgníochta a chumhdaítear leis na caighdeáin sin i ndáil lena mbuntréithe. |
(2) |
I litir M/111 an 29 Lúnasa 1996, d’iarr Coimisiún ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) agus ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (CENELEC) go ndréachtófaí caighdeáin chomhchuibhithe chun tacú le Treoir 89/106/CEE ón gComhairle (2) (“an sainordú”). Ceadaítear leis an sainordú athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin chomhchuibhithe arna ndréachtú ar a bhonn. |
(3) |
Chun na forbairtí teicniúla a chur san áireamh chomh maith le ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 305/2011, rinne CEN athbhreithniú ar chaighdeán comhchuibhithe EN 1463-1:2009 atá ann cheana maidir le stodaí bóthair ais-fhrithchaiteacha, caighdeán ar foilsíodh tagairt dó i dteachtaireacht ón gCoimisiún (2018/C 092/06) (3). Is é an toradh a bhí air sin gur glacadh caighdeán comhchuibhithe athbhreithnithe EN 1463-1:2021 maidir le stodaí bóthair ais-fhrithchaiteacha. |
(4) |
I gcaighdeán comhchuibhithe athbhreithnithe EN 1463-1:2021 tá modhanna feabhsaithe chun feidhmíocht na dtáirgí foirgníochta lena mbaineann a mheasúnú. Ina theannta sin, is gá foclaíocht forálacha áirithe a fheabhsú chun a áirithiú go ndéanfar iad a léirmhíniú i gceart agus go haonfhoirmeach i ngach Ballstát. Ba ghá freisin táirgí caighdeánacha arna suiteáil ar bhonn sealadach a bhaint ó raon feidhme na dtáirgí sin ós rud é nach táirgí foirgníochta iad na táirgí sin chun críocha Rialachán (AE) Uimh. 305/2011. Dá bhrí sin, cuireann an caighdeán athbhreithnithe go mór leis an tsábháilteacht ar bhóithre agus le bacainní teicniúla ar thrádáil a bhaint. |
(5) |
Rinne an Coimisiún measúnú féachaint an bhfuil an caighdeán comhchuibhithe arna athbhreithniú ag CEN, an bhfuil an caighdeán sin i gcomhréir leis an sainordú ábhartha agus le Rialachán (AE) Uimh. 305/2011. |
(6) |
An caighdeán comhchuibhithe arna athbhreithniú ag CEN, tá sé i gcomhréir leis an sainordú ábhartha agus le Rialachán (AE) Uimh. 305/2011. Dá bhrí sin, is iomchuí an tagairt don chaighdeán sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
(7) |
In Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/451 ón gCoimisiún (4), liostaítear na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Rialachán (AE) Uimh. 305/2011. Dá bhrí sin, ba cheart an tagairt do chaighdeán comhchuibhithe EN 1463-1:2021 a chuimsiú san Iarscríbhinn sin. |
(8) |
I gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán (AE) Uimh. 305/2011, tá tréimhse chómhaireachtála le sonrú maidir le gach caighdeán comhchuibhithe a ghlacann áit caighdeán comhchuibhithe eile. |
(9) |
Ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/451 a leasú dá réir sin. |
(10) |
Ionas go mbeidh na monaróirí in ann leas a bhaint as an gcaighdeán comhchuibhithe athbhreithnithe a luaithe is féidir, ba cheart go dtiocfadh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/451 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 1 Nollaig 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 88, 4.4.2011, lch. 5.
(2) Treoir 89/106/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1988 chun dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le táirgí foirgníochta a chomhfhogasú (IO L 40, 11.2.1989, lch. 12).
(3) Teachtaireacht ón gCoimisiún faoi chuimsiú chur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú agus lena n-aisghairtear Treoir 89/106/CEE ón gComhairle (Foilsiú teideal caighdeán comhchuibhithe agus tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe faoi reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais) (IO C 92, 9.3.2018, lch. 139).
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/451 ón gCoimisiún an 19 Márta 2019 maidir leis na caighdeáin chomhchuibhithe i ndáil le táirgí foirgníochta a dréachtaíodh chun tacú le Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 77, 20.3.2019, lch. 80).
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/451, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach:
Uimhir |
An tagairt don chaighdeán |
An tagairt don chaighdeán ar glacadh a áit |
Tús na tréimhse cómhaireachtála (ll.mm.bbbb.) |
Deireadh na tréimhse cómhaireachtála (ll.mm.bbbb.) |
“7. |
EN 1463-1:2021 Ábhair mharcála bóthair — Stodaí bóthair ais-fhrithchaiteacha — Cuid 1: Ceanglais feidhmíochta tosaigh |
EN 1463-1:2009 Ábhair mharcála bóthair — Stodaí bóthair ais-fhrithchaiteacha — Cuid 1: Ceanglais feidhmíochta tosaigh |
2.12.2022 |
2.12.2023”. |