Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D2335

    Cinneadh (AE) 2022/2335 ón gComhairle an 28 Samhain 2022 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2015/2169 maidir le cur i gcrích an Chomhaontaithe Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile

    ST/12600/2022/INIT

    IO L 309, 30.11.2022, p. 6–7 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/2335/oj

    30.11.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 309/6


    CINNEADH (AE) 2022/2335 ÓN gCOMHAIRLE

    an 28 Samhain 2022

    lena leasaítear Cinneadh (AE) 2015/2169 maidir le cur i gcrích an Chomhaontaithe Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91, Airteagal 100(2), Airteagal 167(3) agus Airteagal 207 i gcomhar le hAirteagal 218(6), pointe (a)(v) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 1 Deireadh Fómhair 2015, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2015/2169 (1) maidir le cur i gcrích an Chomhaontaithe Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile.

    (2)

    Leis an bPrótacal maidir le Comhar Cultúrtha (“an Prótacal”) (2), atá i gceangal leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile (3) (“an Comhaontú”), bunaítear an creat ina bhfuil na Páirtithe le comhoibriú ar mhaithe le malartuithe a éascú maidir le gníomhaíochtaí cultúrtha, earraí agus seirbhísí, lena n-áirítear malartuithe san earnáil chlosamhairc.

    (3)

    Áirítear sa Phrótacal forálacha maidir le teidlíocht i ndáil le comhléiriúcháin closamhairc chun tairbhe a bhaint as scéimeanna na bPáirtithe faoi seach sa Chomhaontú.

    (4)

    De bhun Airteagal 5(8), pointe (b), den Phrótacal, tar éis thréimhse thosaigh 3 bliana, déanfar an teidlíocht a athnuachan go ceann tréimhsí leantacha eile den fhad céanna, mura gcuireann Páirtí deireadh leis an teidlíocht trí fhógra i scríbhinn a thabhairt ar a laghad 3 mhí sula rachaidh an tréimhse thosaigh nó aon tréimhse dá héis sin in éag.

    (5)

    I gcomhréir le hAirteagal 3(1) de Chinneadh (AE) 2015/2169, tá an Coimisiún le fógra a thabhairt do Phoblacht na Cóiré má bhíonn rún ag an Aontas gan síneadh a chur le tréimhse na teidlíochta chun comhléiriúcháin, ach amháin má aontaíonn an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, 4 mhí roimh dheireadh thréimhse na teidlíochta sin, leanúint ar aghaidh leis an teidlíocht.

    (6)

    Ina breithiúnas an 1 Márta 2022 i gcás C-275/20, an Coimisiún v an Chomhairle (4), chinn an Chúirt Bhreithiúnais nach raibh an nós imeachta a bhunaítear in Airteagal 3(1) de Chinneadh (AE) 2015/2169 i gcomhréir le hAirteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) sa mhéid go gcuireann sé de cheangal ar an gComhairle vótáil d’aon toil. Ba cheart gurbh í an riail vótála a leagtar síos in Airteagal 218(8) CFAE, an chéad fhomhír, eadhon vótáil trí thromlach cáilithe sa Chomhairle, an riail vótála is infheidhme maidir le cinntí a ghlacadh amhail na cinntí siúd a bheartaítear le hAirteagal 3(1) de Chinneadh (AE) 2015/2169.

    (7)

    Dá bhrí sin, ba cheart an ceanglas atá ar an gComhairle gníomhú d’aon toil chun cinneadh a dhéanamh maidir le leanúint leis an teidlíocht a scriosadh.

    (8)

    I gcomhréir le hAirteagal 266 CFAE, chun an breithiúnas a chur chun feidhme go gasta, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm ar dháta a ghlactha,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    In Airteagal 3(1) de Chinneadh (AE) 2015/2169, scriostar an tríú habairt.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh Bhruiséil, an 28 Samhain 2022.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    V. BALAŠ


    (1)  Cinneadh (AE) 2015/2169 ón gComhairle an 1 Deireadh Fómhair 2015 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile (IO L 307, 25.11.2015, lch. 2).

    (2)  IO L 127, 14.5.2011, lch. 1418.

    (3)  IO L 127, 14.5.2011, lch. 6.

    (4)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 1 Márta 2022, an Coimisiún v an Chomhairle, C-275/20, ECLI:EU:C:2022:142.


    Top