Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D1969

Cinneadh (CBES) 2022/1969 ón gComhairle an 17 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/489 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Idirphlé idir Béalgrád agus Pristine agus do shaincheisteanna réigiúnacha eile de chuid na mBalcán Thiar

ST/12738/2022/INIT

IO L 270, 18.10.2022, p. 92–92 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/1969/oj

18.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 270/92


CINNEADH (CBES) 2022/1969 ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Deireadh Fómhair 2022

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/489 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Idirphlé idir Béalgrád agus Pristine agus do shaincheisteanna réigiúnacha eile de chuid na mBalcán Thiar

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 33 agus Airteagal 31(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 2 Aibreán 2020, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú go gceapfaí Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) don Idirphlé idir Béalgrád agus Pristine agus do shaincheisteanna réigiúnacha eile de chuid na mBalcán Thiar.

(2)

An 2 Aibreán 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/489 (1) lena gceaptar Miroslav LAJČÁK mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (“ISAE”) don Idirphlé idir Béalgrád agus Pristine agus do shaincheisteanna réigiúnacha eile de chuid na mBalcán Thiar. Cuireadh síneadh le sainordú ISAE roinnt uaireanta, an uair dheireanach le Cinneadh (CBES) 2022/1240 ón gComhairle (2), agus tá sé le dul in éag an 31 Lúnasa 2024.

(3)

Tar éis cúraimí áirithe EULEX Kosovo a aistriú go sealadach chuig ISAE don Idirphlé idir Béalgrád agus Pristine agus do shaincheisteanna réigiúnacha eile de chuid na mBalcán Thiar, ba cheart acmhainní breise a leithdháileadh ar ISAE. Dá bhrí sin, ba cheart an méid tagartha airgeadais a oiriúnú dá réir sin.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 5(1) de Chinneadh (CBES) 2020/489, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

“Is é EUR 5 200 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheartaítear chun an caiteachas a bhaineann le sainordú ISAE don tréimhse ón 1 Meán Fómhair 2022 go dtí an 31 Lúnasa 2024 a chumhdach.”

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 17 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh (CBES) 2020/489 ón gComhairle an 2 Aibreán 2020 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Idirphlé idir Béalgrád agus Pristine agus do shaincheisteanna réigiúnacha eile de chuid na mBalcán Thiar (IO L 105, 3.4.2020, lch. 3).

(2)  Cinneadh (CBES) 2022/1240 ón gComhairle an 18 Iúil 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/489 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Idirphlé idir Béalgrád agus Pristine agus do shaincheisteanna réigiúnacha eile de chuid na mBalcán Thiar (IO L 190, 19.7.2022, lch. 131).


Top