EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D1958

Cinneadh (AE) 2022/1958 ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2022 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Macadóine Thuaidh maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Macadóine Thuaidh

ST/12894/2022/INIT

IO L 270, 18.10.2022, p. 1–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/1958/oj

18.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 270/1


CINNEADH (AE) 2022/1958 ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Deireadh Fómhair 2022

maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Macadóine Thuaidh maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Macadóine Thuaidh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2), pointí (b) agus (d), agus Airteagal 79(2), pointe (c), i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 73(3) de Rialachán (AE) 2019/1896 (1), in imthosca ina bhfuil gá le foirne bainistithe teorainneacha ó bhuanchór an gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a imscaradh i dtríú tír ina bhfeidhmeoidh na baill de na foirne cumhachtaí feidhmiúcháin, tá an tAontas chun comhaontú stádais a thabhairt i gcrích leis an tríú tír lena mbaineann ar bhonn Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

(2)

An 29 Iúil 2022, thug an Chomhairle údarás don Choimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht le Poblacht na Macadóine Thuaidh chun teacht ar chomhaontú maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Macadóine Thuaidh (“an Comhaontú”).

(3)

Tugadh an chaibidlíocht chun críche go rathúil nuair a cuireadh inisealacha leis an gComhaontú.

(4)

Is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (2); Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm,

(5)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, Prótacal atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Cinneadh seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse 6 mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an gCinneadh seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

(6)

Ba cheart an Comhaontú a shíniú, agus an dearbhú atá i gceangal leis maidir leis an Íoslainn, an Iorua, an Eilvéis agus Lichtinstéin a fhormheas, thar ceann an Aontais,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, údaraítear an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Macadóine Thuaidh maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Macadóine Thuaidh (“an Comhaontú”) a shíniú thar ceann an Aontais, faoi réir an Comhaontú sin a thabhairt i gcrích. (3)

Airteagal 2

Déanfar an Dearbhú atá i gceangal leis an gCinneadh seo a fhormheas thar ceann an Aontais.

Airteagal 3

Leis seo, údaraítear d’Uachtarán na Comhairle an duine/na daoine a ainmniú a mbeidh sé de chumhacht aige/acu an Comhaontú a shíniú, thar ceann an Aontais.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 13 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. BLAŽEK


(1)  Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1).

(2)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

(3)  Foilseofar téacs an Chomhaontaithe in éineacht leis an gcinneadh maidir lena thabhairt i gcrích.


DEARBHÚ MAIDIR LEIS AN ÍOSLAINN, RÍOCHT NA hIORUA, CÓNAIDHM NA hEILVÉISE AGUS PRIONSACHT LICHTINSTÉIN

Tugann na Páirtithe sa Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Macadóine Thuaidh maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Macadóine Thuaidh dá n-aire an dlúthchaidreamh idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na hIorua, an Íoslainn, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin, go háirithe de bhua Chomhaontuithe an 18 Bealtaine 1999 agus an 26 Deireadh Fómhair 2004 maidir le comhlachas na dtíortha sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt.

I gcúinsí den sórt sin, is inmhianaithe go ndéanfadh údaráis Ríocht na hIorua, an Íoslainn, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin, ar thaobh amháin, agus Poblacht na Macadóine Thuaidh, ar an taobh eile, comhaontuithe déthaobhacha a thabhairt i gcrích gan mhoill maidir le gníomhaíochtaí arna gcur i gcrích ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Macadóine Thuaidh i dtéarmaí atá comhchosúil le gníomhaíochtaí an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Macadóine Thuaidh maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Macadóine Thuaidh.


Top