This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D1953
Commission Implementing Decision (EU) 2022/1953 of 7 October 2022 on greenhouse gas emissions covered by Decision No 406/2009/EC of the European Parliament and of the Council for the year 2020 for each Member State
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1953 ón gCoimisiún an 7 Deireadh Fómhair 2022 maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a chumhdaítear le Cinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le haghaidh na bliana 2020 i gcomhair gach Ballstáit
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1953 ón gCoimisiún an 7 Deireadh Fómhair 2022 maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a chumhdaítear le Cinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le haghaidh na bliana 2020 i gcomhair gach Ballstáit
C/2022/6994
IO L 269, 17.10.2022, p. 17–19
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force: This act has been changed. Current consolidated version: 29/06/2023
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modified by | 32023D1318 | Athchur | iarscríbhinn colún tábla 2 Téacs | 29/06/2023 |
17.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 269/17 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1953 ÓN gCOIMISIÚN
an 7 Deireadh Fómhair 2022
maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a chumhdaítear le Cinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le haghaidh na bliana 2020 i gcomhair gach Ballstáit
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le sásra chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus chun faisnéis eile atá ábhartha don athrú aeráide a thuairisciú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 280/2004/CE (1), agus go háirithe Airteagal 19(6) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Leagtar síos i gCinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) na leithdháileacháin bhliantúla astaíochtaí i gcomhair gach Ballstáit le haghaidh gach bliain den tréimhse 2013 go 2020 agus sásra chun comhlíonadh na dteorainneacha sin a mheasúnú go bliantúil. Leagtar amach i gCinneadh 2013/162/AE ón gCoimisiún (3) leithdháileacháin bhliantúla astaíochtaí na mBallstát agus iad arna sloinneadh i dtonaí de choibhéis CO2. Socraítear na coigeartuithe ar na leithdháileacháin bhliantúla astaíochtaí i gcomhair gach Ballstáit i gCinneadh Cur Chun Feidhme 2013/634/AE ón gCoimisiún (4). |
(2) |
Déantar foráil in Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 maidir le nós imeachta chun athbhreithniú a dhéanamh ar fhardail astaíochtaí gás ceaptha teasa na mBallstát chun measúnú a dhéanamh i dtaca le comhlíonadh Chinneadh Uimh. 406/2009/CE. An t-athbhreithniú bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 19(2) de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013, rinneadh é ar bhonn na sonraí maidir le hastaíochtaí le haghaidh na bliana 2020 a tuairiscíodh don Choimisiún i mí an Mhárta 2022 i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos i gCaibidil III de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 749/2014 ón gCoimisiún (5) agus in Iarscríbhinn XVI a ghabhann leis an Rialachán sin. |
(3) |
Agus an ríomh á dhéanamh maidir le méid iomlán na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a chumhdaítear le Cinneadh Uimh. 406/2009/CE le haghaidh na bliana 2020 i gcomhair gach Ballstáit, ba cheart aird a thabhairt ar na ceartúcháin theicniúla agus na meastacháin athbhreithnithe a ríomhadh le linn an athbhreithnithe bhliantúil mar atá sna tuarascálacha deiridh maidir le hathbhreithniú arna dtarraingt suas de bhun Airteagal 35(2) de Rialachán (AE) Uimh. 749/2014 agus ba cheart na ceartúcháin agus na meastacháin sin a chur san áireamh. |
(4) |
Ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe chun go mbeidh sé ailínithe le forálacha Airteagal 19(7) de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 lena socraítear gurb é dáta foilsithe an Chinnidh seo túsphointe na tréimhse 4 mhí a mbeidh cead lena linn ag na Ballstáit úsáid a bhaint as na sásraí solúbthachta faoi Chinneadh Uimh. 406/2009/CE, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo suim iomlán na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a chumhdaítear le Cinneadh Uimh. 406/2009/CE i gcomhair gach Ballstáit le haghaidh na bliana 2020 a eascraíonn as na sonraí fardail ceartaithe ar chríochnú don athbhreithniú bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 19(2) de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Deireadh Fómhair 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 165, 18.6.2013, lch. 13.
(2) Cinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le hiarrachtaí na mBallstát chun a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú ionas go gcomhlíonfaí gealltanais an Chomhphobail maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú go dtí 2020 (IO L 140, 5.6.2009, lch. 136).
(3) Cinneadh 2013/162/AE ón gCoimisiún an 26 Márta 2013 maidir le leithdháileacháin bhliantúla astaíochtaí na mBallstát a chinneadh le haghaidh na tréimhse ó 2013 go 2020 de bhun Chinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 90, 28.3.2013, lch. 106).
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/634/AE ón gCoimisiún an 31 Deireadh Fómhair 2013 maidir le leithdháileacháin bhliantúla astaíochtaí na mBallstát a choigeartú le haghaidh na tréimhse ó 2013 go 2020 de bhun Chinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 292, 1.11.2013, lch. 19).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 749/2014 ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2014 maidir le struchtúr, formáid, próisis tíolactha agus athbhreithniú na faisnéise arna tuairisciú ag na Ballstáit de bhun Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 203, 11.7.2014, lch. 23).
IARSCRÍBHINN
Ballstát |
Astaíochtaí gás ceaptha teasa a chumhdaítear le Cinneadh Uimh. 406/2009/CE, le haghaidh na bliana 2020 (tonaí de choibhéis dé-ocsaíde carbóin) |
an Bheilg |
64 904 157 |
an Bhulgáir |
25 735 613 |
an tSeicia |
58 650 330 |
an Danmhairg |
30 835 287 |
an Ghearmáin |
407 410 808 |
an Eastóin |
5 934 829 |
Éire |
44 721 180 |
an Ghréig |
42 893 855 |
an Spáinn |
184 188 341 |
an Fhrainc |
307 767 715 |
an Chróit |
16 518 244 |
an Iodáil |
254 001 457 |
an Chipir |
4 243 155 |
an Laitvia |
8 436 245 |
an Liotuáin |
14 042 972 |
Lucsamburg |
7 687 843 |
an Ungáir |
43 906 325 |
Málta |
1 311 233 |
an Ísiltír |
90 196 821 |
an Ostair |
46 543 211 |
an Pholainn |
205 093 211 |
an Phortaingéil |
38 536 930 |
an Rómáin |
77 123 535 |
an tSlóivéin |
9 754 284 |
an tSlóvaic |
18 877 704 |
an Fhionlainn |
28 120 096 |
an tSualainn |
29 384 094 |
an Ríocht Aontaithe |
298 936 220 |