Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D1846

    Cinneadh (AE) 2022/1846 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2022 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís a bhaineann le síneadh a chur leis an bPrótacal lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís

    ST/5657/2022/INIT

    IO L 256, 4.10.2022, p. 3–4 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/1846/oj

    Related international agreement

    4.10.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 256/3


    CINNEADH (AE) 2022/1846 ÓN gCOMHAIRLE

    an 29 Meán Fómhair 2022

    maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís a bhaineann le síneadh a chur leis an bPrótacal lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43 de, i gcomhar le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2022/614 (2) ón gComhairle, síníodh an Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís a bhaineann le síneadh a chur leis an bPrótacal lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís (3) (“an Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha”) an 5 Aibreán 2022, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí.

    (2)

    Is iad cuspóirí an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha cur ar chumas an Aontais agus Phoblacht Oileán Mhuirís leanúint de bheith ag obair le chéile chun beartas iascaigh inbhuanaithe agus saothrú fónta acmhainní iascaigh in uiscí Oileán Mhuirís a chur chun cinn agus ligean do shoithí de chuid an Aontais a gcuid gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh sna huiscí sin.

    (3)

    Ba cheart an Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha a fhormheas,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leis seo, déantar an Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís a bhaineann le síneadh a chur leis an bPrótacal lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís a fhormheas thar ceann an Aontais.

    Airteagal 2

    Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear i bpointe (10) den Chomhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha. (4)

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Meán Fómhair 2022.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. SÍKELA


    (1)  Toiliú ón 13 Meán Fómhair 2022.

    (2)  Cinneadh (AE) 2022/614 ón gComhairle an 11 Feabhra 2022, maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís a bhaineann le síneadh a chur leis an bPrótacal lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís (IO L 115, 13.4.2022, lch. 43).

    (3)  IO L 115, 13.4.2022, lch. 45.

    (4)  Foilseoidh Ardrúnaíocht na Comhairle dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.


    Top