Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D1430

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1430 ón gCoimisiún an 24 Lúnasa 2022 maidir leis an iarraidh ar chlárú an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal “Call to achieve a tobacco-free environment and the first European tobacco-free generation by 2030” [Glao ar thimpeallacht atá saor ó thobac agus an chéad ghlúin Eorpach atá saor ó thobac a bhaint amach faoi 2030], de bhun Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméid C(2022) 5968) (Is é an téacs Béarla amháin atá barántúil)

    C/2022/5968

    IO L 221, 26.8.2022, p. 103–104 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/1430/oj

    26.8.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 221/103


    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1430 ÓN gCOIMISIÚN

    an 24 Lúnasa 2022

    maidir leis an iarraidh ar chlárú an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal “Call to achieve a tobacco-free environment and the first European tobacco-free generation by 2030” [Glao ar thimpeallacht atá saor ó thobac agus an chéad ghlúin Eorpach atá saor ó thobac a bhaint amach faoi 2030], de bhun Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméid C(2022) 5968)

    (Is é an téacs Béarla amháin atá barántúil)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh (1), agus go háirithe Airteagal 6(2) agus (3) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Cuireadh iarraidh ar chlárú an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal “Call to achieve a tobacco-free environment and the first European tobacco-free generation by 2030” faoi bhráid an Choimisiúin an 29 Meitheamh 2022.

    (2)

    Is iad seo a leanas cuspóirí an tionscnaimh mar a chuir na heagraithe in iúl iad: “Is í paindéim an tobac an phríomhchúis bháis atá inseachanta. Déanann bunanna toitíní ar na tránna dochar comhshaoil don aigéan agus dá fhiadhúlra, tá siad ina gcúis le tinte sna coillte, agus truaillíonn siad an ithir agus an t-uisce. Chun na glúnta nua a shábháil ó andúil sa tobac, in éineacht le bheith ag gníomhú go láidir i gcoinne an bhaoil comhshaoil a eascraíonn as bunanna toitíní, agus leis an gcomhrac in aghaidh an chaithimh, is gá an méid seo a leanas a dhéanamh: (1) an chéad ghlúin Eorpach atá saor ó thobac faoi 2028 a chur chun cinn, trí dheireadh a chur le díol tobac agus táirgí nicitín le saoránaigh a rugadh ó 2010 i leith; (2) líonra Eorpach de thránna agus de bhruacha abhann atá saor ó thobac agus ó bhunanna a chruthú, rud a dhéanfaidh na spásanna sin níos sláintiúla agus níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de; (3) líonra Eorpach de pháirceanna náisiúnta atá saor ó thobac agus ó bhunanna a bhunú, rud a dhéanfaidh na háiteanna sin níos sláintiúla agus a laghdóidh an truailliú agus an baol tinte; (4) spásanna faoin aer atá saor ó dheatach agus ó ghal a leathnú, go háirithe iad siúd a mbíonn mionaoisigh ag dul iontu (páirceanna, linnte snámha, ócáidí agus lárionaid spórt, seónna, agus áiteanna suí amuigh i mbialanna); (5) deireadh a chur le fógraíocht tobac agus láithreacht tobac i léiriúcháin chlosamhairc, ar na meáin shóisialta, agus aghaidh a thabhairt go sonrach ar fhógraíocht neamhfhollas trí thionchairí agus suíomh táirgí; (6) tionscadail taighde agus fhorbartha (T&F) maidir le galair a eascraíonn as úsáid tobac a mhaoiniú chun a bprognóis a fheabhsú agus chun iad a dhéanamh inleighis.”

    (3)

    A mhéid a bhaineann leis an nglao ar ghníomhaíocht chun an chéad chuspóir agus an cúigiú cuspóir den tionscnamh a chur chun feidhme, chun glúin atá saor ó thobac faoi 2028 a chur chun cinn agus chun deireadh a chur le fógraíocht agus láithreacht tobac i léiriúcháin chlosamhairc, tá an chumhacht ag an gCoimisiún tograí a chur i láthair le haghaidh gníomhartha dlí lena gcuirfí toirmeasc ar dhíol agus ar fhógraíocht táirgí tobac áirithe ar bhonn Airteagal 114 den Chonradh.

    (4)

    A mhéid a bhaineann leis an nglao ar ghníomhaíocht chun an dara, an tríú agus an ceathrú cuspóir den tionscnamh a chur chun feidhme, chun líonra Eorpach de thránna atá saor ó thobac agus ó bhunanna a chruthú, páirceanna náisiúnta atá saor ó thobac agus ó bhunanna a bhunú, agus spásanna faoin aer atá saor ó dheatach agus ó ghal a leathnú, tá an chumhacht ag an gCoimisiún tograí a chur i láthair le haghaidh gníomhartha dlí ar bhonn Airteagal 192 den Chonradh.

    (5)

    A mhéid a bhaineann leis an nglao ar ghníomhaíocht chun an séú cuspóir den tionscnamh a chur chun feidhme, chun tionscadail taighde agus fhorbartha (T&F) maidir le galair a eascraíonn as úsáid tobac a mhaoiniú, tá an Misean Ailse ina mhórchuid d’infheistíocht an Aontais i dtaighde agus nuálaíocht maidir leis an ailse i gcomhthéacs an chláir “Fís Eorpach — an Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht 2021-2027” (2).

    (6)

    Ar na cúiseanna sin, níl aon chuid den tionscnamh ann ar follas nach dtagann sí faoi chumhachtaí an Choimisiúin chun togra a thíolacadh le haghaidh gníomh dlí de chuid an Aontais chun na Conarthaí a chur chun feidhme.

    (7)

    Is conclúid é sin atá gan dochar don mheasúnú ar cé acu a chomhlíonfaí nó nach gcomhlíonfaí, sa chás seo, na coinníollacha coincréiteacha substainteacha is gá le go ngníomhódh an Coimisiún, coinníollacha lena n-áirítear comhlíonadh phrionsabail na comhréireachta agus na coimhdeachta, sin agus comhoiriúnacht le cearta bunúsacha.

    (8)

    Tá fianaise iomchuí curtha ar fáil ag an ngrúpa eagraithe go gcomhlíonann sé na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 5(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2019/788 agus gur i gcomhréir le hAirteagal 5(3), an chéad fhomhír, den Rialachán sin atá na teagmhálaithe ainmnithe aige.

    (9)

    Ní tionscnamh é ar follas é a bheith míchuí, suaibhreosach ná cráiteach, ná ní follas go bhfuil sé contrártha do luachanna an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach ná do na cearta a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

    (10)

    Dá bhrí sin, ba cheart an tionscnamh dar teideal “Call to achieve a tobacco-free environment and the first European tobacco-free generation by 2030” a chlárú.

    (11)

    An chonclúid go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le clárú faoi Airteagal 6(3) de Rialachán (AE) 2019/788, ní rud í a thugann le tuiscint go ndearbhaíonn an Coimisiún ar bhealach ar bith go bhfuil ábhar an tionscnaimh cruinn fíorasach, agus is é grúpa eagraithe an tionscnaimh amháin atá freagrach as an méid sin. Ní chuireann ábhar an tionscnaimh ach tuairimí an ghrúpa eagraithe in iúl, agus ní féidir a dhéanamh amach ar aon bhealach gurb iad tuairimí an Choimisiúin a léiríonn sé,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    An tionscnamh dar teideal “Call to achieve a tobacco-free environment and the first European tobacco-free generation by 2030”, déanfar an tionscnamh sin a chlárú.

    Airteagal 2

    Is chuig grúpa eagraithe an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal “Call to achieve a tobacco-free environment and the first European tobacco-free generation by 2030”, grúpa a bhfuil Raquel FERNANDEZ MEGINA agus Francisco RODRIGUEZ LOZANO ag gníomhú thar a cheann, a dhírítear an Cinneadh seo.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Lúnasa 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    Věra JOUROVÁ

    Leas-Uachtarán


    (1)  IO L 130, 17.5.2019, lch. 55.

    (2)  Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).


    Top