EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D1401

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1401 ón gCoimisiún an 12 Lúnasa 2022 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1698 a mhéid a bhaineann le caighdeáin Eorpacha maidir le hearraí áirithe cúraim leanaí, troscán leanaí, trealamh gleacaíochta, lastóirí, agus trealamh teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2022/5866

IO L 213, 16.8.2022, p. 59–64 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/1401/oj

16.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 213/59


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1401 ÓN gCOIMISIÚN

an 12 Lúnasa 2022

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1698 a mhéid a bhaineann le caighdeáin Eorpacha maidir le hearraí áirithe cúraim leanaí, troscán leanaí, trealamh gleacaíochta, lastóirí, agus trealamh teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig 2001 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (1), agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 4(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 3(2) de Threoir 2001/95/CE, measfar go bhfuil táirge sábháilte a mhéid a bhaineann leis na rioscaí agus na catagóirí riosca a chumhdaítear leis na caighdeáin náisiúnta ábhartha nuair a chomhlíonann sé caighdeáin náisiúnta dheonacha lena dtrasuitear caighdeáin Eorpacha, ar fhoilsigh an Coimisiún a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 4 den Treoir sin.

(2)

Le litir M/264 an 16 Nollaig 1997, rinne an Coimisiún iarraidh ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (“CEN”) caighdeáin Eorpacha a ullmhú a bhaineann le sábháilteacht earraí cúraim leanaí (“iarraidh M/264”).

(3)

Ar bhonn na hiarrata sin, ghlac CEN caighdeán EN 716-1:2017 “Furniture — Children’s cots and folding cots for domestic use — Part 1: Safety requirements” [Troscán – Cliabháin do leanaí agus cliabháin infhillte le haghaidh úsáid tí – Cuid 1: Ceanglais sábháilteachta] agus, ina theannta sin, caighdeán comhdhlúite EN 716-1:2017+AC:2019, lena n-áirítear ceartúchán AC:2019. Comhlíonann caighdeán comhdhlúite EN 716-1:2017+AC:2019 an ceanglas sábháilteachta ginearálta a leagtar amach i dTreoir 2001/95/CE. Ba cheart, dá bhrí sin, an tagairt do chaighdeán EN 716-1:2017+AC:2019 a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(4)

An 27 Iúil 2011, ghlac an Coimisiún Cinneadh 2011/479/AE (2) maidir leis na ceanglais sábháilteachta atá le comhlíonadh ag na caighdeáin Eorpacha le haghaidh trealamh gleacaíochta.

(5)

Le litir M/507 an 5 Meán Fómhair 2012, d’iarr an Coimisiún ar CEN caighdeáin Eorpacha maidir le trealamh gleacaíochta a ullmhú. Ar bhonn na hiarrata sin, ghlac CEN caighdeán EN 914:2008 “Gymnastic equipment — Parallel bars and combination asymmetric/parallel bars — Requirements and test methods including safety” [Trealamh gleacaíochta — Barraí comhthreomhara agus barraí comhcheangail neamhshiméadracha/comhthreomhara — Ceanglais agus modhanna tástála lena n-áirítear sábháilteacht], ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (3).

(6)

Agus eolas nua agus forbairt an mhargaidh á chur san áireamh, dhréachtaigh CEN caighdeán nua EN 914:2020 a chomhlíonann an ceanglas sábháilteachta ginearálta a leagtar amach i dTreoir 2001/95/CE. Dá bhrí sin, ba cheart an tagairt don chaighdeán sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh in ionad na tagartha do chaighdeán EN 914:2008.

(7)

An 2 Iúil 2010, ghlac an Coimisiún Cinneadh 2010/376/AE (4) maidir leis na ceanglais sábháilteachta atá le comhlíonadh ag caighdeáin Eorpacha le haghaidh táirgí áirithe i dtimpeallacht chodlata leanaí.

(8)

Le litir M/497 an 20 Deireadh Fómhair 2011, d’iarr an Coimisiún ar CEN caighdeáin Eorpacha a ullmhú maidir le sábháilteacht earraí cúraim leanaí, braisle 2 — rioscaí sa timpeallacht chodlata. Ar bhonn na hiarrata sin, ghlac CEN caighdeán EN 1130-1:1996 “Furniture — Cribs and cradles for domestic use — Part 1: Safety requirements” [Troscán — Cruibeanna agus cliabháin le haghaidh úsáid tí — Cuid 1: Ceanglais sábháilteachta] agus EN 1130-2:1996 “Furniture — Cribs and cradles for domestic use — Part 2: Test methods” [Troscán — Cruibeanna agus cliabháin le haghaidh úsáid tí — Cuid 2: Modhanna tástála]. Foilsíodh na tagairtí do na caighdeáin sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (5).

(9)

Agus eolas nua agus forbairt an mhargaidh á chur san áireamh, ghlac CEN caighdeán nua EN 1130:2019 “Children’s furniture – Cribs – Safety requirements and test methods” [Troscán do leanaí – Cruibeanna – Ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála] a chomhlíonann an ceanglas sábháilteachta ginearálta a leagtar amach i dTreoir 2001/95/CE. Dá bhrí sin, ba cheart an tagairt do chaighdeán EN 1130:2019 a chur in ionad na dtagairtí do chaighdeáin EN 1130-1:1996 agus EN 1130-2:1996.

(10)

Ansin dhréachtaigh CEN ceartúchán EN 1130:2019/AC:2020 chun an giorrúchán ceimiceach don Mhangainéis a cheartú. Dá bhrí sin, chun a áirithiú go gcuirfear EN 1130:2019 i bhfeidhm i gceart, is iomchuí an tagairt do cheartúchán EN 1130:2019/AC:2020 a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh in éineacht le EN 1130:2019.

(11)

An 7 Márta 2013, ghlac an Coimisiún Cinneadh 2013/121/AE (6) maidir leis na ceanglais sábháilteachta atá le comhlíonadh ag caighdeáin Eorpacha le haghaidh suíocháin áirithe do leanaí.

(12)

An 22 Iúil 2014, ghlac an Coimisiún Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2014) 5058 final (7) maidir le hiarraidh ar chaighdeánú ar na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeáin Eorpacha a dhréachtú le haghaidh suíocháin áirithe do leanaí (“iarraidh M/527”).

(13)

Ar bhonn na hiarrata sin, ghlac CEN caighdeán nua EN 1272:2017 “Child care articles – Table mounted chairs – Safety requirements and test methods” [Earraí cúraim leanaí – Cathaoireacha atá suite ar tháblaí – Ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála] a chomhlíonann an ceanglas sábháilteachta ginearálta a leagtar amach i dTreoir 2001/95/CE. Ba cheart, dá bhrí sin, an tagairt do chaighdeán EN 1272:2017 a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(14)

Ar bhonn iarraidh M/264„ ghlac CEN caighdeán nua EN 1400:2013+A2:2018 “Child use and care articles – Soothers for babies and young children – Safety requirements and test methods” [Earraí cúraim leanaí agus úsáide leanaí – Gobáin súraic do bhabaithe agus leanaí óga – Ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála] a chomhlíonann an ceanglas sábháilteachta ginearálta a leagtar amach i dTreoir 2001/95/CE. Ba cheart, dá bhrí sin, an tagairt do chaighdeán EN 1400:2013+A2:2018 a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(15)

Ar bhonn iarraidh M/264, dhréachtaigh CEN ceartúchán EN 1466:2014/AC:2015 “Child use and care articles - Carry cots and stands - Safety requirements and test methods” [Earraí cúraim leanaí agus úsáide leanaí — Cliabháin iompair agus seastáin — Ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála] go EN 1466:2014. Foilsíodh an tagairt do chaighdeán EN 1466:2014 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (8). Ós rud é go bhfuil ceartúcháin theicniúla san áireamh i gceartúchán EN 1466:2014/AC:2015, agus chun a áirithiú go gcuirfear EN 1466:2014 i bhfeidhm i gceart agus go comhsheasmhach, is iomchuí an tagairt do cheartúchán EN 1466:2014/AC:2015 a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh mar aon le EN 1466:2014 a foilsíodh roimhe sin.

(16)

Le litir M/266 an 16 Nollaig 1997, d’iarr an Coimisiún ar CEN caighdeáin a ullmhú i ndáil le lastóirí maidir le sábháilteacht tomhaltóirí agus leanaí. Ar bhonn na hiarrata sin, ghlac CEN caighdeán EN ISO 9994:2006 “Lighters — Safety specificaton” [Lastóirí — Sonraíocht sábháilteachta] (ISO 9994:2005). Foilsíodh an tagairt do chaighdeán EN ISO 9994:2006 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (9).

(17)

Agus eolas nua á chur san áireamh, ghlac CEN an caighdeán nua EN ISO 9994:2019 “Lighters - Safety specification” [Lastóirí - Sonraíocht sábháilteachta] ISO 9994:2018 a chomhlíonann an ceanglas sábháilteachta ginearálta a leagtar amach i dTreoir 2001/95/CE. Dá bhrí sin, ba cheart an tagairt do chaighdeán EN ISO 9994:2019 a chur in ionad na tagartha do EN ISO 9994:2006.

(18)

Ar bhonn iarraidh M/527, ghlac CEN an caighdeán nua EN 14988:2017+A1:2020 “Children’s high chairs – Requirements and test methods” [Ardchathaoireacha do leanaí – Ceanglais agus modhanna tástála] a chomhlíonann an ceanglas sábháilteachta ginearálta a leagtar amach i dTreoir 2001/95/CE. Ba cheart, dá bhrí sin, an tagairt do chaighdeán EN 14988:2017+A1:2020 a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(19)

Ar bhonn iarraidh M/527, ghlac CEN an caighdeán nua EN 16120:2012+A2:2016 “Child use and care articles - Chair mounted seat” [Earraí cúraim leanaí agus úsáide leanaí - Suíochán atá suite ar chathaoir] a chomhlíonann an ceanglas sábháilteachta ginearálta a leagtar amach i dTreoir 2001/95/CE. Ba cheart, dá bhrí sin, an tagairt do chaighdeán EN 16120:2012+A2:2016 a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(20)

An 23 Meitheamh 2009, ghlac an Coimisiún Cinneadh 2009/490/CE (10) maidir leis na ceanglais sábháilteachta atá le comhlíonadh ag caighdeáin Eorpacha le haghaidh seinnteoirí ceoil pearsanta.

(21)

Le litir M/452 an 28 Meán Fómhair 2009, rinne an Coimisiún iarraidh ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (“Cenelec”) caighdeáin Eorpacha a tharraingt suas le haghaidh seinnteoirí ceoil pearsanta. Ar bhonn na hiarrata sin, ghlac Cenelec an caighdeán EN IEC 62368-1:2020 maidir le “Audio/video, information and communication technology equipment - Part 1: Safety requirements” [Trealamh teicneolaíochta fuaime/físeáin, faisnéise agus cumarsáide — Cuid 1: Ceanglais sábháilteachta] agus, ina theannta sin, an leasú EN IEC 62368-1:2020/A11:2020. Moltar EN IEC 62368-1:2020 mar aon leis an leasú a rinneadh air, A11:2020, a chomhlíonann an ceanglas sábháilteachta ginearálta a leagtar amach i dTreoir 2001/95/CE. Ba cheart tagairt na tagartha sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh in ionad na dtagairtí EN 60065:2002 “Audio, video and similar electronic apparatus — Safety requirements” [Fuaime, físeán agus gaireas leictreonach comhchosúil — Ceanglais sábháilteachta] agus EN 60950-1:2006 “Information technology equipment — Safety — Part 1: General requirements” [Trealamh teicneolaíochta faisnéise — Sábháilteacht — Cuid 1: Ceanglais ghinearálta]. Mar sin féin, ba cheart foilsiú na dtagairtí sin a theorannú do chlásail 3.3.19 “Neamhchosaint ar thorann” agus do chlásail 10.6 “Coimirciú i gcoinne foinsí fuinnimh fuaime”, ós rud é go bhfuil cuspóir Chinneadh 2009/490/CE ón gCoimisiún teoranta d’áirithiú nach mbeadh baol éisteachta ann mar gheall ar neamhchosaint ar thorann ó sheinnteoirí ceoil phearsanta.

(22)

Foilsítear tagairtí do chaighdeáin Eorpacha a glacadh chun tacú le Treoir 2001/95/CE le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1698. Chun a áirithiú gur in aon ghníomh amháin a liostaítear na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2001/95/CE, ba cheart na tagairtí ábhartha do chaighdeáin nua, do leasuithe agus do cheartúcháin ar chaighdeáin a chuimsiú i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1698.

(23)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1698 a leasú dá réir sin.

(24)

Le comhlíonadh an chaighdeáin náisiúnta ábhartha lena dtrasuitear an caighdeán Eorpach ar foilsíodh a thagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, glactar leis go bhfuil sábháilteacht ann a mhéid a bhaineann leis na rioscaí agus na catagóirí riosca a chumhdaítear leis an gcaighdeán náisiúnta ábhartha ó dháta foilsithe na tagartha don chaighdeán Eorpach in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe.

(25)

Tá na bearta dá bhforáiltear leis an gCinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bunaíodh de bhun Airteagal 15 de Threoir 2001/95/CE,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1698 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Lúnasa 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 11, 15.1.2002, lch. 4.

(2)  Cinneadh 2011/479/AE ón gCoimisiún an 27 Iúil 2011 maidir leis na ceanglais sábháilteachta atá le comhlíonadh ag caighdeáin Eorpacha le haghaidh trealamh gleacaíochta de bhun Threoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 197, 29.7.2011, lch. 13).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1698 ón gCoimisiún an 9 Deireadh Fómhair 2019 maidir le caighdeáin chomhchuibhithe le haghaidh táirgí arna ndréachtú chun tacú le Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 259, 10.10.2019, lch. 65).

(4)  Cinneadh 2010/376/AE ón gCoimisiún an 2 Iúil 2010 maidir leis na ceanglais sábháilteachta atá le comhlíonadh ag caighdeáin Eorpacha le haghaidh táirgí áirithe i dtimpeallacht chodlata leanaí de bhun Threoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 170, 6.7.2010, lch. 39).

(5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1698 ón gCoimisiún.

(6)  Cinneadh 2013/121/AE ón gCoimisiún an 7 Márta 2013 maidir leis na ceanglais sábháilteachta atá le comhlíonadh ag caighdeáin Eorpacha le haghaidh suíocháin áirithe do leanaí de bhun Threoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 65, 8.3.2013, lch. 23).

(7)  Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2014) 5058 ón gCoimisiún an 22 Iúil 2014 maidir le hiarraidh ar chaighdeánú ar na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeáin Eorpacha a dhréachtú le haghaidh suíocháin áirithe do leanaí chun tacú le Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(8)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1698 ón gCoimisiún.

(9)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1698 ón gCoimisiún.

(10)  Cinneadh 2009/490/CE ón gCoimisiún an 23 Meitheamh 2009 maidir leis na ceanglais sábháilteachta atá le comhlíonadh ag caighdeáin Eorpacha le haghaidh seinnteoirí ceoil pearsanta de bhun Threoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 161, 24.6.2009, lch. 38).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(1)

cuirtear isteach an ró seo a leanas:

“1a.

EN 716-1:2017+AC:2019

Furniture - Children’s cots and folding cots for domestic use - Part 1: Safety requirements” [Troscán — Cliabháin do leanaí agus cliabháin infhillte le haghaidh úsáid tí — Cuid 1: Ceanglais sábháilteachta];

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad ró 3:

“3.

EN 914:2020

Gymnastic equipment - Parallel bars and combination asymmetric/parallel bars - Requirements and test methods including safety” [Trealamh gleacaíochta — Barraí comhthreomhara agus barraí comhcheangail neamhshiméadracha/comhthreomhara — Ceanglais agus modhanna tástála lena n-áirítear sábháilteacht];

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad rónna 11 agus 12:

“11.

EN 1130:2019

Children’s furniture - Cribs - Safety requirements and test methods" [Troscán leanaí — Cruibeanna — Ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála]

EN 1130:2019/AC:2020”;

(4)

cuirtear isteach an ró seo a leanas:

“12a.

EN 1272:2017

Child care articles - Table mounted chairs - Safety requirements and test methods” [Earraí cúraim leanaí - Cathaoireacha atá suite ar bhoird - Ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála];

(5)

cuirtear isteach an ró seo a leanas:

“13a.

EN 1400:2013+A2:2018

Child use and care articles - Soothers for babies and young children - Safety requirements and test methods” [Earraí cúraim leanaí agus úsáide leanaí — Gobáin súraic do bhabaithe agus do leanaí óga — Ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála];

(6)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad ró 14:

“14.

EN 1466:2014

Child use and care articles - Carry cots and stands - Safety requirements and test methods [Earraí cúraim leanaí agus úsáide leanaí — Cliabháin iompair agus seastáin — Ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála];

EN 1466:2014/AC:2015”;

(7)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad ró 27:

“27.

EN ISO 9994:2019

Lighters - Safety specification [Lastóirí — Sonraíocht sábháilteachta] (ISO 9994:2018)”;

(8)

cuirtear isteach na rónna seo a leanas:

“48a.

EN 14988:2017+A1:2020

Children’s high chairs - Requirements and test methods [Cathaoireacha arda do leanaí — Ceanglais agus modhanna tástála]

48b.

EN 16120:2012+A2:2016

Child use and care articles - Chair mounted seat” [Earraí cúraim leanaí agus úsáíde leanaí - Suíochán atá suite ar chathaoir];

(9)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad rónna 66 agus 67:

“66.

EN IEC 62368-1:2020

Audio/video, information and communication technology equipment - Part 1: Safety requirements [Trealamh fuaime/físeáin, teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide — Cuid 1: Ceanglais sábháilteachta]

EN IEC 62368-1:2020/A11:2020

Fógra: ní bhaineann an foilseachán seo ach le clásail 3.3.19 ‘Neamhchosaint ar thorann’ agus 10.6 ‘Coimirciú i gcoinne foinsí fuinnimh fuaime’ de EN IEC 62368-1:2020/A11:2020.”.


Top