Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D1286

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1286 ón gCoimisiún an 15 Iúil 2022 maidir le hinfheidhmeacht Airteagal 34 de Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dámhachtain conarthaí chun soláthar miondíola leictreachais agus gáis do chustaiméirí beaga san Ísiltír a shaothrú (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 4872 ) (Is é an téacs san Ollainnis amháin atá barántúil) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2022/4872

    IO L 195, 22.7.2022, p. 95–103 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/1286/oj

    22.7.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 195/95


    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1286 ÓN gCOIMISIÚN

    an 15 Iúil 2022

    maidir le hinfheidhmeacht Airteagal 34 de Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dámhachtain conarthaí chun soláthar miondíola leictreachais agus gáis do chustaiméirí beaga san Ísiltír a shaothrú

    (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 4872 )

    (Is é an téacs san Ollainnis amháin atá barántúil)

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnáil an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (1), agus go háirithe Airteagal 35(3) de,

    Tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach um Chonarthaí Poiblí,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    1.   FÍORAIS

    (1)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir le tuairim an Choiste Chomhairligh um Chonarthaí Poiblí.

    (2)

    An 30 Eanáir 2017, chuir Eneco B.V. (Eneco) agus N.V. Nuon Energy (Nuon) iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin de bhun Airteagal 35(1) de Threoir 2014/25/AE (“an iarraidh”). Leis an iarraidh comhlíontar na ceanglais fhoirmiúla a leagtar amach in Airteagal 1(1) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1804 ón gCoimisiún (2) agus in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin.

    (3)

    Is é Vattenfall AB, cuideachta neamhliostaithe atá faoi úinéireacht Stát na Sualainne, a shealbhaíonn na scaireanna iomlána in Nuon. Dá thoradh sin, meastar gur eintiteas conarthach é Nuon de réir bhrí Airteagal 4(2) de Threoir 2014/25/AE. Tar éis athrú úinéireachta i Márta 2020 (díoladh an chuideachta, a bhí faoi úinéireacht rialtas áitiúil san Ísiltír roimhe sin, le comhfhiontar comhdhéanta de Mitsubishi Corporation agus Chubu Electric Power), ní mheastar gur eintiteas conarthach é Eneco a thuilleadh.

    (4)

    Baineann an iarraidh leis na gníomhaíochtaí maidir le soláthar miondíola leictreachais do chustaiméirí beaga (teaghlaigh chomh maith le húsáideoirí tionsclaíocha agus tráchtála beaga atá nasctha leis an eangach ísealvoltais ag a bhfuil nasc ina bhfuil uastoilleadh naisc nach mó ná 3 * 80A) agus soláthar miondíola gáis do chustaiméirí beaga (teaghlaigh agus gnólachtaí beaga atá nasctha leis an líonra gáis ina bhfuil uastoilleadh naisc nach mó ná 40 m3).

    (5)

    I gcomhréir le pointe 1(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2014/25/AE, ós rud é gur féidir saor-rochtain ar an margadh a thoimhdiú ar bhonn na chéad fhomhíre d’Airteagal 34(3) den Treoir sin, ní mór don Choimisiún Cinneadh Cur Chun Feidhme a ghlacadh maidir leis an iarraidh laistigh de 90 lá oibre. Ós rud é nach raibh seasamh réasúnaithe ná seasamh a bhfuil bunús leis agus arna ghlacadh ag údarás náisiúnta neamhspleách ag gabháil leis an iarraidh, de réir bhrí Airteagal 35(2) de Threoir 2014/25/AE, chuir an Coimisiún údaráis na hÍsiltíre ar an eolas faoin iarraidh agus d’éiligh sé faisnéis bhreise an 24 Márta 2017. Tharchuir údaráis na hÍsiltíre an freagra ar an iarraidh sin ar fhaisnéis mar ríomhphoist, an 19 Meitheamh 2017. Measadh go raibh an fhreagairt neamhiomlán agus dá thoradh sin d’iarr an Coimisiún soiléirithe breise an 27 Iúil 2017, agus sholáthair údaráis na hÍsiltíre an 25 Meán Fómhair 2017 iad.

    (6)

    Ós rud é go raibh an fhaisnéis a bhí ar fáil fós neamh-leordhóthanach chun go bhféadfaidh an Coimisiún a thuairim maidir le neamhchosaint na ngníomhaíochtaí ar iomaíocht a ghlacadh, seoladh iarrataí breise ar fhaisnéis chuig údaráis na hÍsiltíre an 21 Nollaig 2017 agus an 2 Márta 2018. Sheol údaráis na hÍsiltíre freagra an 11 Deireadh Fómhair 2021.

    (7)

    Chuir Nuon iarraidh a bhí modhnaithe go substaintiúil isteach an 24 Eanáir 2022. Chomhaontaigh an Coimisiún agus an t-iarratasóir gur cheart don Choimisiún Cinneadh Cur Chun Feidhme a ghlacadh faoin 15 Iúil 2022.

    2.   CREAT DLÍTHIÚIL

    (8)

    Tá feidhm ag Treoir 2014/25/AE maidir le dámhachtain conarthaí a bheartaítear chun gníomhaíochtaí a bhaineann le soláthar miondíola leictreachais agus gáis a chumasú [dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointe (a), den Treoir sin], mura bhfuil na gníomhaíochtaí sin díolmhaithe de bhun Airteagal 34 den Treoir sin.

    (9)

    Le hAirteagal 34 de Threoir 2014/25/AE, foráiltear nach bhfuil conarthaí a bheartaítear chun feidhmiú gníomhaíochta lena mbaineann an Treoir sin a chumasú le bheith faoi réir na Treorach sin más rud é, sa Bhallstát ina ndéantar í, go bhfuil an ghníomhaíocht neamhchosanta go díreach ar iomaíocht ar mhargaí nach bhfuil rochtain srianta orthu. Déantar neamhchosaint dhíreach ar iomaíocht a mheasúnú ar bhonn critéir oibiachtúla, agus saintréithe sonracha na hearnála lena mbaineann á gcur san áireamh.

    3.   MEASÚNÚ

    3.1.   Saor-rochtain ar an margadh

    (10)

    Meastar go bhfuil rochtain ar mhargadh neamhshrianta má rinne an Ballstát na gníomhartha dlí ábhartha de chuid an Aontais lena n-osclaítear earnáil ar leith nó cuid di a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm. Liostaítear na gníomhartha dlí sin in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2014/25/AE. Treoir 2019/944/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), lena n-aisghairtear Treoir 2009/72/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), tá sí infheidhme maidir leis an earnáil leictreachais, cé go bhfuil Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) infheidhme maidir leis an earnáil gáis.

    (11)

    Rinne an Ísiltír Treoracha 2019/944/AE agus 2009/73/CE a thrasuí sa dlí náisiúnta trí Acht Leictreachais na hÍsiltíre (6) (Elektriciteitswet) agus Acht Gáis na hÍsiltíre (7) (Gaswet). Dá dhroim sin, agus i gcomhréir le hAirteagal 34(3), an chéad fhomhír, de Threoir 2014/25/AE, meastar nach bhfuil rochtain ar an margadh srianta ar chríoch iomlán na hÍsiltíre.

    3.2.   Neamhchosaint dhíreach ar iomaíocht

    (12)

    Ní mór meastóireacht a dhéanamh ar neamhchosaint dhíreach ar iomaíocht ar bhonn táscairí éagsúla, nach bhfuil aon cheann díobh cinntitheach, per se. I leith na margaí lena mbaineann an Cinneadh seo, is é atá i sciar na bpríomhghníomhaithe den mhargadh ar mhargadh ar leith critéar amháin ba cheart a chur san áireamh. I bhfianaise shaintréithe na margaí lena mbaineann, ba cheart critéir bhreise a chur san áireamh freisin amhail an líon gníomhaithe margaidh, leachtacht margaí mórdhíola, rátaí malartaithe na gcustaiméirí nó rialáil praghsanna a bheith ann.

    (13)

    Ní dochar an Cinneadh seo do chur i bhfeidhm rialacha iomaíochta an Aontais agus do fhorálacha i réimsí eile de dhlí an Aontais. Go háirithe, cé nach mór na critéir agus an mhodheolaíocht a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar neamhchosaint dhíreach ar iomaíocht faoi Airteagal 34 de Threoir 2014/25/AE a bheith i gcomhréir le forálacha an Chonartha maidir le hiomaíocht, ní gá go mbeidh siad comhionann leo sin a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh faoi Airteagal 101 nó Airteagal 102 den Chonradh ná faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (8), mar a dheimhnigh an Chúirt Ghinearálta (9).

    (14)

    Is é is aidhm don Chinneadh seo a shuí cé acu atá nó nach bhfuil na gníomhaíochtaí lena mbaineann an iarraidh, i margaí nach bhfuil rochtain srianta orthu de réir bhrí Airteagal 34 de Threoir 2014/25/AE, neamhchosanta ar leibhéal iomaíochta lena n-áirithítear, in éagmais an smachta soláthair freisin atá mar thoradh ar na rialacha soláthair mionsonraithe a leagtar síos i dTreoir 2014/25/AE, go ndéanfar soláthar le haghaidh shaothrú na ngníomhaíochtaí lena mbaineann ar bhealach trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach bunaithe ar chritéir lena ligtear do cheannaitheoirí an réiteach atá ar an gceann is buntáistí go heacnamaíoch ar an bhforiomlán a shainaithint.

    (15)

    Sa chomhthéacs sin, is den tábhacht rud a choinneáil i gcuimhne, is é sin, nach bhfuil na gníomhartha margaidh uile sna margaí lena mbaineann faoi réir rialacha soláthair phoiblí. Sa chás seo, meastar nach bhfuil ach Nuon ina eintiteas conarthach de réir bhrí Airteagal 4 de Threoir 2014/25/AE agus dá réir sin tá sé faoi réir rialacha soláthair phoiblí.

    3.2.1.   Margaí táirgí ábhartha

    (16)

    De réir fasaigh ón gCoimisiún (10), is féidir na margaí táirgí ábhartha seo a leanas a idirdhealú san earnáil leictreachais: (i) giniúint agus soláthar mórdhíola; (ii) tarchur; (iii) dáileadh agus (iv) soláthar mórdhíola do chustaiméirí deiridh (11). San earnáil gáis, is féidir na margaí táirgí seo a leanas a idirdhealú: (i) margadh réamhtheachtach (taiscéaladh le haghaidh amhola agus gás nádúrtha); (ii) margaí mórdhíola (réamhtheachtacha agus iartheachtacha); (iii) margadh miondíola, rud is féidir a shainmhíniú mar ghás a dhíol agus a mhargú le custaiméirí deiridh agus a dháileadh orthu (12).

    (17)

    Is ann d’ocht cinn de chuideachtaí dáileacháin réigiúnacha nó Oibreoirí Córais Dáileacháin (“OCDanna”) san earnáil leictreachais agus gáis san Ísiltír: Cogas Infra & Beheer, Enduris, Enexis, Liander, Endinet, RENDO Netbeheer, Stedin Netbeheer agus Westland Infra Netbeheer. Is féidir go mbeidh na limistéir ina n-iompraíonn OCDanna leictreachas éagsúil leis na limistéir ina n-iompraíonn siad gás. Ó léirscaoileadh na margaí fuinnimh, áirithíodh oibriú neamhspleách OCDanna le sraith rialacha i gcomhréir le reachtaíocht earnála an Aontais. Rinne reachtóir na hÍsiltíre díchuachadh úinéireachta iomlán a shainordú ar leibhéal OCD. Dheimhnigh údaráis na hÍsiltíre (13) gurb amhlaidh atá gach OCD díchuachta ar bhonn dleathach agus úinéireachta ó ghineadóirí agus soláthróirí faoi láthair.

    Soláthar miondíola leictreachais

    (18)

    A mhéid a bhaineann le soláthar leictreachais do chustaiméirí deiridh, ina chinntí roimhe sin rinne an Coimisiún idirdhealú idir soláthar do chustaiméirí beaga (teaghlaigh agus gnólachtaí beaga) atá nasctha le heangacha dáileacháin ísealvoltais agus soláthar do chustaiméirí tionsclaíocha móra a bhíonn nasctha de ghnáth le heangach dáileacháin ardvoltais agus meánvoltais (tomhaltóirí tionsclaíocha agus tráchtála móra) (14). Baineann an t-idirdhealú sin leis na ceanglais agus na próifílí éagsúla ar thaobh an éilimh agus leis na seirbhísí agus na teicneolaíochtaí éagsúla ar thaobh an tsoláthair (15).

    (19)

    Sna cinntí roimhe sin, rinne Údarás na hÍsiltíre le haghaidh Tomhaltóirí agus Margaí (Autoriteit Consument & Markt – “ACM”) idirdhealú freisin idir soláthar do chustaiméirí mionscála (16) agus soláthar do chustaiméirí mórscála (17). Thug ACM chun suntais gur tugadh údar leis an idirdhealú sin le difríochtaí i dtéarmaí díolacháin agus margaíochta, praghsála agus seachadta, patrúin mhalartaithe éagsúla, difríochtaí ar thaobh an éilimh agus ceadúnas ar leithligh is gá le haghaidh gach cineáil custaiméara.

    (20)

    Baineann an iarraidh seo le custaiméirí beaga, i.e. teaghlaigh chomh maith le húsáideoirí tionsclaíocha agus tráchtála beaga atá nasctha leis an eangach ísealvoltais ina bhfuil uastoilleadh naisc nach mó ná 3 * 80A.

    Soláthar miondíola gáis

    (21)

    Ina Chinntí roimhe sin, rinne an Coimisiún idirdhealú idir na margaí seo a leanas: gás nádúrtha a sholáthar don mhéid seo a leanas: (i) gléasraí cumhachta gásadhainte (18); (ii) custaiméirí tionsclaíocha móra (19) agus (iii) custaiméirí beaga (20). D’fhéadfaí an chatagóir dheiridh, bunaithe ar anailís de réir an cháis, a roinnt a thuilleadh i soláthar gáis nádúrtha don mhéid seo a leanas: (i) teaghlaigh agus (ii) custaiméirí tráchtála (21).

    (22)

    I gcinntí roimhe sin, rinne ACM idirdhealú idir soláthar gáis nádúrtha do chustaiméirí beaga agus soláthar do chustaiméirí móra agus stáisiúin chumhachta (22). D’áitigh ACM go raibh coinníollacha iomaíocha éagsúil sa dá mhargadh a mhéid a bhaineann le próifíl cheannacháin, praghsanna agus malartú. Amhail i gcás soláthar miondíola leictreachais, bhí gá le ceadúnas sonrach le haghaidh gach cineáil custaiméara.

    (23)

    Léirigh ACM freisin go bhféadfaí foroinnt bhreise fhéideartha den mhargadh a dhéanamh chun gás nádúrtha a sholáthar, agus sin ar bhonn cáilíocht an gháis (23), idir gás calrach íseal (“L-ghás”) a bhíonn in úsáid ag custaiméirí beaga de ghnáth agus gás calrach ard (“H-ghás”) a úsáideann custaiméirí móra agus beaga araon.

    (24)

    Baineann an iarraidh seo le custaiméirí beaga, i.e. teaghlaigh agus gnólachtaí beaga ina bhfuil uastoilleadh naisc nach mó ná 40 m3.

    Conclúid

    (25)

    I bhfianaise na bhfachtóirí a scrúdaítear faoi aithrisí 15 go 23, chun measúnú a dhéanamh ar cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 34 de Threoir 2014/25/AE, agus gan dochar do chur i bhfeidhm dlí eile de chuid an Aontais, measann an Coimisiún gurb iad na margaí maidir le soláthar miondíola leictreachais do chustaiméirí beaga agus soláthar miondíola gáis do chustaiméirí beaga na margaí táirgí ábhartha.

    3.2.2.   Margaí geografacha ábhartha

    Soláthar miondíola leictreachais

    (26)

    Shuigh an Coimisiún roimhe sin (24) go raibh na margaí le haghaidh soláthar miondíola leictreachais san Ísiltír de chineál náisiúnta ó thaobh raon feidhme de.

    (27)

    Ó thaobh geografach de, ina chleachtas roimhe sin (25), na margaí táirgí ábhartha in earnáil sholáthar miondíola an leictreachais, shainmhínigh ACM iad mar mhargaí atá náisiúnta ó thaobh raon feidhme de.

    (28)

    De réir na faisnéise a fuarthas ó údaráis na hÍsiltíre (26), is ann do thart ar 55 sholáthróir leictreachais ghníomhacha san Ísiltír agus tá siad uile gníomhach ar an leibhéal náisiúnta.

    (29)

    Chun measúnú a dhéanamh ar cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 34 de Threoir 2014/25/AE, agus gan dochar do chur i bhfeidhm dlí eile de chuid an Aontais, measann an Coimisiún gur de chineál náisiúnta ó thaobh raon feidhme de an margadh geografach ábhartha le haghaidh soláthar miondíola leictreachais do chustaiméirí beaga.

    Soláthar miondíola gáis

    (30)

    Rinne an Coimisiún na margaí le haghaidh soláthar miondíola gáis, lena n-áirítear foranna féideartha breise, a shainmhíniú go ginearálta mar mhargaí atá náisiúnta ó thaobh feidhme de, ar choinníoll go ndéantar iad a léirscaoileadh go hiomlán (27).

    (31)

    Ó thaobh geografach de, ina chleachtas roimhe sin (28), na margaí táirgí ábhartha in earnáil sholáthar miondíola an gháis, shainmhínigh ACM iad mar mhargaí náisiúnta ó thaobh raon feidhme de.

    (32)

    De réir na faisnéise a fuarthas ó údaráis na hÍsiltíre (29), is ann do 55 sholáthróir gáis ghníomhacha san Ísiltír agus tá siad uile gníomhach ar an leibhéal náisiúnta.

    (33)

    Chun measúnú a dhéanamh ar cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 34 de Threoir 2014/25/AE, agus gan dochar do chur i bhfeidhm dlí eile de chuid an Aontais, measann an Coimisiún gur de chineál náisiúnta ó thaobh raon feidhme de an margadh geografach ábhartha le haghaidh soláthar miondíola gáis do chustaiméirí beaga.

    3.2.3.   Anailís mhargaidh

    (34)

    Ghlac an Coimisiún cinntí éagsúla cheana (30) lena ndíolmhaítear soláthar miondíola leictreachais agus gáis i roinnt Ballstát ó chur i bhfeidhm rialacha soláthair phoiblí. Bunóidh an Coimisiún a mheasúnú ar na critéir seo a leanas go háirithe: an líon rannpháirtithe margaidh, sciar comhroinnte na ngnóthas is mó den mhargadh, ráta malartaithe tomhaltóirí deiridh, leachtacht na margaí mórdhíola agus rialáil praghsanna.

    3.2.3.1.   An líon gníomhaithe margaidh agus sciartha na ngnóthas is mó den mhargadh

    (35)

    De réir údaráis na hÍsiltíre (31), is ann do 55 sholáthróir ghníomhacha ar an leibhéal náisiúnta ar an margadh miondíola leictreachais agus ar an margadh miondíola gáis.

    (36)

    De réir na hiarrata seo (32), tá costas iomlán na hiontrála sa mhargadh le haghaidh soláthar miondíola leictreachais agus gáis íseal agus ní bacainn roimh iontráil é sin.

    (37)

    I gcinntí roimhe sin (33), mheas an Coimisiún, maidir leis an margadh soláthair miondíola, go raibh sciar iomlán na dtrí ghnóthas is mó den mhargadh ábhartha. D’fhéadfaí a mheas go raibh bearta comhchruinniúcháin eile ábhartha freisin. Gné ar leith ba ea nach raibh ach gníomhaí amháin sa mhargadh faoi réir rialacha soláthair phoiblí.

    Soláthar miondíola leictreachais do chustaiméirí beaga

    (38)

    Nuon faoi réir na rialacha soláthair phoiblí, cé gurb amhlaidh nach bhfuil a dhá iomaitheoir is mó, Essent agus Eneco, faoina réir. De réir na faisnéise arna soláthar ag údaráis na hÍsiltíre (34), lean sciartha na bpríomhsholáthróirí den mhargadh de bheith measartha cobhsaí le linn na tréimhse 2017-2020: Laghdaigh sciar Nuon den mhargadh ó 27 % go 25 %, laghdaigh sciar Eneco den mhargadh ó 25 % go 22 % agus laghdaigh sciar Essent den mhargadh ó 27 % go 26 %.

    (39)

    Ar an bhforiomlán, laghdaigh sciar comhdhlúite na dtrí mhiondíoltóir is mó den mhargadh ar mhargadh na hÍsiltíre le haghaidh soláthar miondíola leictreachais ó 79 % in 2017 go 73 % in 2020.

    Soláthar miondíola gáis do chustaiméirí beaga

    (40)

    De réir na faisnéise arna soláthar ag údaráis na hÍsiltíre (35), lean sciartha na bpríomhsholáthróirí den mhargadh de bheith measartha cobhsaí le linn na tréimhse 2017-2020: Laghdaigh sciar Nuon den mhargadh ó 27 % go 25 %, laghdaigh sciar Eneco den mhargadh ó 25 % go 22 % agus lean sciar Essent den mhargadh de bheith gan athrú ag 27 %.

    (41)

    Ar an bhforiomlán, laghdaigh sciar comhdhlúite na dtrí mhiondíoltóir is mó den mhargadh ar mhargadh na hÍsiltíre le haghaidh soláthar miondíola gáis ó 79 % in 2017 go 74 % in 2020.

    3.2.3.2   Rátaí malartaithe tomhaltóirí deiridh

    (42)

    Meastar gur táscaire ábhartha ar éifeachtacht iomaíochta é an líon custaiméirí a mhalartaíonn chuig soláthróir eile (malartú seachtrach) nó chuig taraif nó conradh eile laistigh den soláthróir céanna (malartú inmheánach). I gcinntí roimhe sin (36), rinne an Coimisiún anailís ar an malartú seachtrach go príomha.

    (43)

    Déantar formhór na gcustaiméirí beaga san Ísiltír a sholáthar trí chonarthaí débhreosla, rud a thugann le tuiscint go bhfaigheann siad gás agus leictreachas araon ó sholáthróir amháin.

    (44)

    Bhí an ráta malartaithe seachtrach le haghaidh soláthar miondíola leictreachais agus gáis san Ísiltír ag dul in airde i gcónaí, ó 17 % in 2017 go 21 % in 2020 (37).

    (45)

    De réir na faisnéise poiblí atá ar fáil (38), sheas na rátaí malartaithe inmheánacha le haghaidh custaiméirí beaga do 8 % le haghaidh leictreachais agus gáis in 2020.

    (46)

    Léiríonn na rátaí malartaithe sin go bhfuil custaiméirí beaga toilteanach malartú agus go bhfuil roghanna malartacha bailí ann chun a riachtanais a bhaineann leis an soláthar leictreachais agus gáis a chomhlíonadh.

    3.2.3.3   Leachtacht na margaí leictreachais agus gáis mórdhíola

    (47)

    Is féidir leictreachas agus gás a thrádáil ar chineálacha éagsúla margaí mórdhíola: ar mhalartáin chumhachta nó ardáin trádála iltaobhacha agus/nó i dtrádáil dhéthaobhach thar an gcuntar (OTC). Is éard is malartáin chumhachta ann ardáin a úsáideann gníomhaithe sa mhargadh chun ceannacháin agus díolacháin leictreachais a chaibidliú. Trádáiltear gás i moil gháis leachtacha freisin. Leis na socruithe sin soláthraítear margadh oscailte, eagraítear iomaíocht agus bunaítear praghas tagartha trédhearcach le haghaidh rannpháirtithe sa mhargadh.

    (48)

    Margadh is ea an margadh mórdhíola atá díreach réamhtheachtach maidir leis an margadh miondíola. Cé go mbaineann miondíoltóirí áirithe le grúpaí atá comhtháite go hingearach, níl a sócmhainní giniúna féin ag roinnt miondíoltóirí leictreachais. Foinsíonn na miondíoltóirí sin leictreachas sa mhargadh mórdhíola d’fhonn é a athdhíol sa mhargadh miondíola atá in iomaíocht leis na miondíoltóirí atá comhtháite go hingearach. Dá bhrí sin, príomhchoinníoll le haghaidh margaí miondíola iomaíocha is ea margaí mórdhíola iomaíocha leachtacha agus dea-fheidhmiúla, inar féidir le miondíoltóirí gan sócmhainní giniúna leictreachas a fhoinsiú go héasca ag praghsanna iomaíocha, mar a dtéann miondíoltóirí atá comhtháite go hingearach agus go neamhingearach in iomaíocht ar comhchéim. Tá moil gháis leachtaigh mar bhonn taca faoi fheidhmiú an mhargaidh ar roinnt bealaí agus áirithítear leo gur féidir le hiontrálaithe nua rochtain ar ghás a dhaingniú ar an leibhéal mórdhíola.

    (49)

    Tháinig ACM ar an gconclúid ina thuarascáil leachtachta (39) gur mhéadaigh leachtacht mhargadh leictreachais mórdhíola na hÍsiltíre (e.g. toirteanna trádála níos airde, luaineacht praghsanna níos ísle agus raon difríochta níos lú idir tairiscint agus iarraidh) le linn na tréimhse 2009-2013. Tá toirteanna níos airde agus leachtacht fheabhsaithe ina gcuidiú chun go bhfeidhmeoidh na margaí mórdhíola ar bhealach níos fearr, agus cumasaítear do rannpháirtithe sa mhargadh leo cinntí éifeachtúla a dhéanamh agus leictreachas á cheannach nó á dhíol. In 2020, bhí margadh mórdhíola na hÍsiltíre thart ar 3 huaire níos mó ná tomhaltas náisiúnta agus, i gcomparáid leis sin, bhí sé thart ar 1.5 uair níos mó ná an tomhaltas sin in 2015 (40).

    (50)

    Measann an Coimisiún gur shroich leachtacht mhargadh leictreachais mórdhíola na hÍsiltíre leibhéal atá leordhóthanach ionas nach é atá ann bacainn a fhágann go mbeidh soláthar miondíola leictreachais do chustaiméirí teaghlaigh faoi réir neamhchosaint dhíreach ar iomaíocht.

    (51)

    Léirítear an leibhéal iomaíochta i margadh gáis mórdhíola na hÍsiltíre go háirithe le feidhmiú na Saoráide Aistrithe Teideal (TTF), mol trádála gáis mhórdhíola na hÍsiltíre. Leis an tuarascáil is déanaí ó ACER maidir le feidhmiú an mhargaidh mhórdhíola gáis (41) (“tuarascáil ACER”) léirítear go bhfuil leachtacht ard ag TTF agus gur mhéadaigh an leachtacht sin le blianta beaga anuas (42). Leis an tuarascáil léirítear freisin an próiseas trédhearcach agus éifeachtúil maidir le socrú praghsanna ag TTF, as a leanann raonta difríochta ísle idir tairiscint agus iarraidh (43).

    (52)

    Le Tuarascáil ACER dírítear ar mhargadh mórdhíola gáis na hÍsiltíre mar dhea-shampla (44), sna téarmaí seo a leanas: “Leanann TTF san Ísiltír agus NBP sa Ríocht Aontaithe de bheith ar an dá mhol trádála is leachtaí agus is iomaíche agus seasann siad d’fhormhór na réamhghníomhaíochta trádála gáis san Aontas.”

    (53)

    I bhfianaise na saintréithe thuas, measann an Coimisiún go bhfuil leachtacht mhargadh gáis mórdhíola na hÍsiltíre leordhóthanach chun a cheadú do sholáthróirí nua teacht isteach sa mhargadh agus ní bacainn atá inti a fhágann go mbeidh soláthar miondíola gáis do chustaiméirí beaga faoi réir neamhchosaint dhíreach ar iomaíocht.

    3.2.3.4.   Rialáil praghsanna

    Soláthar miondíola leictreachais agus gáis do chustaiméirí beaga

    (54)

    Tá praghas an tsoláthair leictreachais agus gáis do chustaiméirí deiridh comhdhéanta de 1) cáin fuinnimh, 2) costas líonra, 3) cíos méadair, 4) CBL agus 5) costas soláthair (45). Cé go bhfuil na chéad cheithre eilimint rialáilte, níl an costas soláthair rialáilte.

    3.2.3.5.   Eilimintí eile

    (55)

    Nuon comhtháite go hingearach san earnáil leictreachais agus tá sé gníomhach i margadh na hÍsiltíre le haghaidh táirgeadh agus mórdhíol leictreachais (sciar 16,8 % den mhargadh) agus i margadh na hÍsiltíre le haghaidh soláthar miondíola leictreachais agus gáis.

    (56)

    I measc na n-oibreoirí nach bhfuil faoi réir na rialacha soláthair phoiblí, tá Eneco agus Essent comhtháite go hingearach freisin, agus sciartha 4,6 % agus 13 % den mhargadh acu ó thaobh toilleadh suiteáilte sa mhargadh le haghaidh táirgthe agus mórdhíola (46).

    (57)

    D’ainneoin comhtháthú ingearach san earnáil leictreachais, ní hamhlaidh atá seasamh margaidh Nuon ar na leibhéil táirgeachta agus mhórdhíola araon ina bhacainn a fhágann go mbeidh soláthar miondíola leictreachais do chustaiméirí beaga neamhchosanta go díreach ar iomaíocht. Ar an mbealach céanna, i bhfianaise na margaí mórdhíola gáis leachtaigh, ní ann d’aon bhacainn shuntasach a fhágann go mbeidh soláthar miondíola gáis do chustaiméirí beaga teaghlaigh neamhchosanta go díreach ar iomaíocht.

    4.   CONCLÚIDÍ

    (58)

    A mhéid a bhaineann le soláthar miondíola leictreachais do chustaiméirí beaga san Ísiltír, is féidir achoimre a dhéanamh ar an staid mar a leanas: tá sciar na dtrí ghníomhaí is mó den mhargadh ag dul i laghad; tá an ráta malartaithe ard agus ag dul i méid; ní ann d’aon rialú praghsanna úsáideora deiridh ná níl feidhmiú an mhargaidh mhórdhíola ina bhacainn a fhágann go mbeidh an margadh miondíola le haghaidh custaiméirí beaga neamhchosanta ar iomaíocht.

    (59)

    A mhéid a bhaineann le soláthar miondíola gáis do chustaiméirí beaga san Ísiltír, is féidir achoimre a dhéanamh ar an staid dá réir sin mar a leanas: tá sciar na dtrí ghníomhaí is mó den mhargadh ag dul i laghad; tá an ráta malartaithe ard; ní ann d’aon rialú praghsanna úsáideora deiridh agus tá leachtacht an mhargaidh mhórdhíola ard.

    (60)

    I bhfianaise na bhfachtóirí a scrúdaítear in aithrisí 34 go 57, ba cheart a mheas go ndéantar an coinníoll maidir le neamhchosaint dhíreach ar iomaíocht a leagtar síos in Airteagal 34(1) de Threoir 2014/25/AE a chomhlíonadh i leith soláthar miondíola leictreachais agus gáis do chustaiméirí beaga san Ísiltír.

    (61)

    Tá an Cinneadh seo bunaithe ar an staid dhlíthiúil agus fhíorasach ó Eanáir 2017 go Deireadh Fómhair 2021 mar atá de réir na faisnéise arna cur isteach ag Nuon agus údaráis na hÍsiltíre. Is féidir go ndéanfar athbhreithniú air mura gcomhlíontar coinníollacha infheidhmeachta Airteagal 34(1) de Threoir 2014/25/AE a thuilleadh de dheasca athruithe suntasacha sa staid dhlíthiúil nó fhíorasach.

    (62)

    Ós rud é go leanann gníomhaíochtaí áirithe a bhaineann le soláthar miondíola leictreachais agus gáis de bheith faoi réir Threoir 2014/25/AE, meabhraítear gur cheart déileáil le conarthaí soláthair lena gcumhdaítear gníomhaíochtaí éagsúla i gcomhréir le hAirteagal 6 den Treoir sin. Ciallaíonn sin, i gcás ina bhfuil eintiteas conarthach ag gabháil do sholáthar “measctha”, ar soláthar é sin a úsáidtear chun tacú le feidhmíocht gníomhaíochtaí atá díolmhaithe ó chur i bhfeidhm Threoir 2014/25/AE agus gníomhaíochtaí nach bhfuil díolmhaithe uaidh sin, nach mór aird a thabhairt ar na gníomhaíochtaí ar lena n-aghaidh a bheartaítear an conradh go príomha. I gcás soláthar measctha den sórt sin, i gcás inarb é an príomhchuspóir atá ann tacú le gníomhaíochtaí nach bhfuil díolmhaithe, tá forálacha Threoir 2014/25/AE le cur i bhfeidhm. I gcás nach féidir, go hoibiachtúil, an ghníomhaíocht ar lena haghaidh a bheartaítear an conradh go príomha a chinneadh, ní mór an conradh a dhámhachtain i gcomhréir leis na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 6(3) de Threoir 2014/25/AE.

    (63)

    Le hAirteagal 16 de Threoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (47) maidir le dámhachtain conarthaí lamháltais meabhraítear go ndéantar foráil maidir le díolúine ó chur i bhfeidhm na Treorach sin le haghaidh lamháltais arna ndámhachtain ag eintitis chonarthacha i gcás, le haghaidh an Bhallstáit ina bhfuil na lamháltais le déanamh, inar bunaíodh de bhun Airteagal 35 de Threoir 2014/25/AE go bhfuil an ghníomhaíocht neamhchosanta go díreach ar iomaíocht i gcomhréir le hAirteagal 34 de Threoir 2014/25/AE. Ós rud é gur thángthas ar an gconclúid go bhfuil na gníomhaíochtaí a bhaineann le soláthar miondíola leictreachais agus gáis do chustaiméirí beaga neamhchosanta go díreach ar iomaíocht, conarthaí lamháltais a bheartaítear chun feidhmíocht na ngníomhaíochtaí sin a chumasú san Ísiltír, déanfar iad a eisiamh ó raon feidhme chur i bhfeidhm Threoir 2014/23/AE,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Ní bheidh feidhm ag Treoir 2014/25/AE maidir le conarthaí arna ndámhachtain ag eintitis chonarthacha agus a bheartaítear chun soláthar miondíola leictreachais agus gáis do chustaiméirí beaga a chumasú san Ísiltír.

    Airteagal 2

    Is ar Ríocht na hÍsiltíre atá an Cinneadh seo dírithe.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Iúil 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    Thierry BRETON

    Comhalta den Choimisiún


    (1)  IO L 94, 28.3.2014, lch. 243.

    (2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1804 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2016 maidir leis na rialacha mionsonraithe i dtaca le cur i bhfeidhm Airteagail 34 agus 35 de Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnáil an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist (IO L 275, 12.10.2016, lch. 39).

    (3)  Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125).

    (4)  Treoir 2009/72/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa leictreachas agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/54/CE (IO L 211, 14.8.2009, lch 55).

    (5)  Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/55/CE (IO L 211, 14.8.2009, lch. 94).

    (6)  Wet van 12-7-2012, Stb. 2012, 334 en Inwerkingtredingsbesluit van 12-7-2012, Stb. 2012, 336.

    (7)  Wet van 12-7-2012, Stb. 2012, 334 en Inwerkingtredingsbesluit van 12-7-2012, Stb. 2012, 336.

    (8)  Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (Rialachán um Chumaisc CE) (IO L 24, 29.1.2004, lch. 1).

    (9)  Breithiúnas an 27 Aibreán 2016, Österreichische Post AG v. An Coimisiún, T-463/14, ECLI:EU:T:2016:243, mír 28.

    (10)  Cás COMP M. 4110 E.ON/ENDESA, 25.4.2006, míreanna 10 agus 11; Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1674 ón gCoimisiún an 15 Meán Fómhair 2016 lena ndíolmhaítear soláthar miondíola leictreachais agus gáis sa Ghearmáin ó chur i bhfeidhm Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 253, 17.9.2016, lch. 6).

    (11)  M.3440 — EDP/ENI/GDP, 9.12.2004, mír 56.

    (12)  M. 4180 Gaz de France/Suez, 14.11.2006, mír 63; M.3868 — DONG/Elsam/Energi E2, 14.3.2006, mír 193 et seq.; M. 3440 — EDP/ENI/GDP,9.12.2004, mír 215 et seq.; M.5740 — Gazprom/A2A/JOF,16.6.2010, mír 17 et seq.

    (13)  Litir ó údaráis na hÍsiltíre chuig an gCoimisiún? an 25 Meán Fómhair 2017.

    (14)  M.3440 — EDP/ENI/GDP, 9.12.2004, mír 73; M.2947 — Verbund/EnergieAllianz, 11.6.2003, mír 35.

    (15)  M.5496 — VATTENFALL/NUON ENERGY, 22.6.2009, mír 12.

    (16)  Ar na custaiméirí mionscála tá teaghlaigh agus custaiméirí teaghlaigh beaga.

    (17)  Cinneadh ACM Cás 6017 Nuon/Essent an 21 Bealtaine 2007, mír 53. Sa chinneadh (diúltach) sin, tháinig ACM ar an gconclúid go mbeadh comhchruinniú ann ar mhargaí éagsúla, lena n-áirítear soláthar do thomhaltóirí miondíola.

    (18)  Cás COMP/M.4180 GDF/Suez, 14.11.2006, míreanna 362-367.

    (19)  Cás COMP/M.4180 GDF/Suez, 14.11.2006, míreanna 78-81.

    (20)  Cás COMP/M.3440 EDP/GDP/ENI, 9.12.2004.

    (21)  Cás COMP/M.4180 GDF/Suez, 14.11.2006, míreanna 78-81, agus cás COMP/M.3696 E.ON/MOL21.12.2005, míreanna 122-124.

    (22)  Cinneadh ACM Cás 5975 Essent/Westland 13.3.2007, mír 18 agus Cinneadh ACM Cás 6017 Nuon/Essent, 21.5.2007, mír 56.

    (23)  Cinneadh ACM, Cás 5724 Electrabel/Rendo, míreanna 25 agus 26 agus Cinneadh ACM, Cás 5975 Essent/Westland, 13.3.2007, mír 19. Féach freisin Cinneadh ACM, Nuon/Essent, 21.5.2007, mír 61.

    (24)  M. 5467 — RWE/Essent, 23.6.2009, mír 61.

    (25)  Cinneadh ACM Cás Nuon/Essent, 21.5.2007, mír 107.

    (26)  Litir ó údaráis na hÍsiltíre chuig an gCoimisiún an 19 Meitheamh 2017.

    (27)  M.5224 – EDF/British Energy, 22.12.2008; COMP/M.4180 – Gaz de France/Suez, 14.11.2006 agus COMP/M.3696 – E.ON/MOL, 21.12.2005.

    (28)  Cinneadh ACM Cás 5975 Essent/Westland, 13.3.2007, mír 26.

    (29)  Litir ó údaráis na hÍsiltíre an 19 Meitheamh 2017.

    (30)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1674 ón gCoimisiún an 15 Meán Fómhair 2016 lena ndíolmhaítear soláthar miondíola leictreachais agus gáis sa Ghearmáin ó chur i bhfeidhm Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 253, 17.9.2016, lch. 6); Cinneadh 2010/403/CE ón gCoimisiún an 14 Iúil 2010 lena ndéantar táirgeadh agus mórdhíol leictreachais i Macrachrois Thuaidh na hIodáile agus miondíol leictreachais le custaiméirí deiridh atá nasctha leis an eangach meánvoltais, ardvoltais agus an-ardvoltais san Iodáil a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm Threoir 2004/17/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena gcomhordaítear na nósanna imeachta um sholáthar de chuid eintiteas a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist (IO L 186, 20.7.2010, lch. 44).

    (31)  Litir ó Údaráis na hÍsiltíre an 19 Meitheamh 2017.

    (32)  Roinn 5.3.3 den iarraidh.

    (33)  Litir ó údaráis na hÍsiltíre an 19 Meitheamh 2017.

    (34)  Litir ó údaráis na hÍsiltíre an 11 Deireadh Fómhair 2021.

    (35)  Tuarascáil ACER maidir le feidhmiú mhargadh mórdhíola an gháis in 2020 [ACER Report on the functioning of the gas wholesale market 2020] https://documents.acer.europa.eu/en/Electricity/Market%20monitoring/Documents/MMR%202020%20Summary%20-%20Final.pdf

    (36)  Tuarascáil ACER maidir le feidhmiú mhargadh mórdhíola an gháis in 2020 [ACER Report on the functioning of the gas wholesale market 2020] https://documents.acer.europa.eu/en/Electricity/Market%20monitoring/Documents/MMR%202020%20Summary%20-%20Final.pdf

    (37)  ACER Annual Report on the Results of Monitoring the Internal Electricity and Natural Gas Markets in 2020 - Energy Retail Markets and Consumer Protection Volume, lch. 44.

    (38)  ACER Annual Report on the Results of Monitoring the Internal Electricity and Natural Gas Markets in 2020 - Energy Retail Markets and Consumer Protection Volume, lch. 45.

    (39)  ACM, 2014 Liquidity Report Wholesale markets for natural gas and electricity, https://www.acm.nl/en/publications/publication/13483/2014-Liquidity-Report-wholesale-markets-for-natural-gas-and-electricity

    (40)  Ba é a bhí sa toirt iomlán a trádáladh san Ísiltír in 2015 175 TWh. Ba é sin suim 44 TWh (spota) + 61 TWh (todhchaíochtaí tríd an malartú) + 70 TWh (margaí OTC eile). Ba é a bhí sa tomhaltas leictreachais iomlán 113 TWh. Dá bhrí sin, ba é a bhí sa chóimheas idir an toirt iomlán a trádáladh agus an tomhaltas iomlán thart ar 1,5 (175 TWh/113 TWh). Tagann sonraí 2020 ó thuarascáil ráithiúil an Choimisiúin Eorpaigh maidir le margaí leictreachais Eorpacha, an ceathrú ráithe de 2020, lch. 20 https://ec.europa.eu/energy/sites/default/files/quarterly_report_on_european_electricity_markets_q4_2020.pdf

    (41)  Tuarascáil ACER maidir le feidhmiú an mhargaidh mhórdhíola gáis 2020 https://documents.acer.europa.eu/en/Electricity/Market%20monitoring/Documents/MMR%202020%20Summary%20-%20Final.pdf

    (42)  Tuarascáil ACER maidir le feidhmiú an mhargaidh mhórdhíola gáis 2016, lch. 24, mír 83.

    (43)  Tuarascáil ACER maidir le feidhmiú an mhargaidh mhórdhíola gáis 2016, lch. 30, mír 94.

    (44)  Tuarascáil ACER maidir le feidhmiú an mhargaidh mhórdhíola gáis 2016, lch. 5, mír 5.

    (45)  Tuarascálacha ACM maidir le treochtaí oibríochta margaidh agus muinín tomhaltóirí sa mhargadh fuinnimh le haghaidh an dara leath de 2015, lch. 22.

    (46)  Rinneadh anailís ar an margadh seo chun críocha na hiarrata díolúine le haghaidh táirgeadh agus mórdhíol leictreachais san Ísiltír dá dtagraítear i bhfonóta 2.

    (47)  Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le dámhachtain conarthaí lamháltais (IO L 94, 28.3.2014, lch. 1).


    Top