Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D0696

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/696 ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2022 lena ndeonaítear maolú arna iarraidh ag Éirinn de bhun Threoir 91/676/CEE ón gComhairle maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú de bharr níotráití ó fhoinsí talmhaíochta (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 2596) (Is ag na téacsanna sa Bhéarla agus sa Ghaeilge a bheidh an t-údarás agus acu siúd amháin)

    C/2022/2596

    IO L 129, 3.5.2022, p. 37–45 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/696/oj

    3.5.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 129/37


    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/696 ÓN gCOIMISIÚN

    an 29 Aibreán 2022

    lena ndeonaítear maolú arna iarraidh ag Éirinn de bhun Threoir 91/676/CEE ón gComhairle maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú de bharr níotráití ó fhoinsí talmhaíochta

    (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 2596)

    (Is ag na téacsanna sa Bhéarla agus sa Ghaeilge a bheidh an t-údarás agus acu siúd amháin)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Threoir 91/676/CEE ón gComhairle an 12 Nollaig 1991 maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú de bharr níotráití ó fhoinsí talmhaíochta (1), agus go háirithe mír 2, an tríú fomhír, d’Iarscríbhinn III a ghabhann léi,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Treoir 91/676/CEE leagtar síos rialacha maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú de bharr níotráití ó fhoinsí talmhaíochta.

    (2)

    Le mír 2 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 91/676/CEE, maidir leis na Ballstáit a bhfuil sé beartaithe acu níos mó aoileach beostoic ná 170 kg de nítrigin in aghaidh an heicteáir a úsáid, suitear go bhfuil na Ballstáit sin chun méideanna a shocrú ionas nach ndéanfar dochar do bhaint amach na spriocanna a shonraítear in Airteagal 1 den Treoir sin. Beidh údar cuí leis na méideanna sin ar bhonn critéar oibiachtúil.

    (3)

    An 22 Deireadh Fómhair 2007 ghlac an Coimisiún Cinneadh 2007/697/CE (2) lena ndeonaítear maolú arna iarraidh ag Éirinn de bhun Threoir 91/676/CEE chun úsáid aoiligh beostoic a cheadú suas le teorainn 250 kg de nítrigin/ha in aghaidh na bliana, faoi choinníollacha áirithe, ar fheirmeacha ar féarthalamh 80 % díobh ar a laghad, i gcomhthéacs Chlár Gníomhaíochta na hÉireann, a chuir Éire chun feidhme trí bhíthin Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Dea-Chleachtais Talmhaíochta maidir le Cosaint Uiscí) 2006 (3).

    (4)

    An 24 Feabhra 2011 ghlac an Coimisiún Cinneadh 2011/127/AE (4) lena leasaítear Cinneadh 2007/697/CE agus lenar cuireadh síneadh leis an maolú go dtí an 31 Nollaig 2013, i gcomhthéacs Chlár Gníomhaíochta na hÉireann a chuir Éire chun feidhme trí bhíthin Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Dea-Chleachtais Talmhaíochta maidir le hUiscí a Chosaint) 2010 (5).

    (5)

    An 27 Feabhra 2014, ghlac an Coimisiún Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/112/AE (6) lena ndeonaítear maolú arna iarraidh ag Éirinn de bhun Threoir 91/676/CEE chun úsáid aoiligh beostoic a cheadú suas le teorainn 250 kg de nítrigin/ha in aghaidh na bliana, faoi choinníollacha áirithe, ar fheirmeacha ar féarthalamh 80 % díobh ar a laghad, i gcomhthéacs Chlár Gníomhaíochta na hÉireann, a chuir Éire chun feidhme trí bhíthin Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Dea-Chleachtais Talmhaíochta maidir le Cosaint Uiscí) 2014 (7).

    (6)

    An 8 Feabhra 2018, ghlac an Coimisiún Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/209 (8) lena ndeonaítear maolú arna iarraidh ag Éirinn de bhun Threoir 91/676/CEE chun úsáid aoiligh beostoic a cheadú suas le teorainn 250 kg de nítrigin/ha in aghaidh na bliana, faoi choinníollacha áirithe, ar fheirmeacha ar féarthalamh 80 % díobh ar a laghad, i gcomhthéacs Chlár Gníomhaíochta na hÉireann, a chuir Éire chun feidhme trí bhíthin Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Dea-Chleachtais Talmhaíochta maidir le Cosaint Uiscí) 2017 (9). Chuaigh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/209 in éag an 31 Nollaig 2021.

    (7)

    Bhain an maolú a deonaíodh le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/209, in 2020, le 6 016 fheirm, arb é atá iontu go garbh 4,9 % den líon iomlán gabháltais ag a bhfuil féaránaigh, 15,9 % den líon iomlán aonad beostoic agus 9,6 % den ghlanlimistéar talmhaíochta iomlán in Éirinn.

    (8)

    Chuir Éire iarraidh isteach chuig an gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2021 ar shíneadh a chur leis an maolú faoi mhír (2), an tríú fomhír, d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 91/676/CEE.

    (9)

    I gcomhréir le Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Dea-Chleachtas Talmhaíochta maidir le Cosaint Uiscí) 2022 (10), ghlac Éire clár gníomhaíochta nua ina bhfuil bearta breise treisithe chun cuspóirí Threoir 91/676/CEE a chomhlíonadh.

    (10)

    I gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Threoir 91/676/CEE, cuireann Éire clár gníomhaíochta i bhfeidhm maidir lena críoch iomlán.

    (11)

    Léiríonn na sonraí a chuir Éire ar fáil i gcomhthéacs na hoibleagáide tuairiscithe a cheanglaítear le hAirteagal 10 de Threoir 91/676/CEE go raibh cáilíocht mhaith go ginearálta sna huiscí sa tréimhse 2016-2019. Maidir leis sin, bhí meántiúchain níotráite faoi bhun 50 mg/l ag 98,5 % de na stáisiúin faireacháin screamhuisce in Éirinn, agus bhí meántiúchain níotráite faoi bhun 25 mg/l ag 81,5 % de na stáisiúin faireacháin sin. Bhí meántiúchain níotráite faoi bhun 50 mg/l ag gach stáisiún faireacháin uisce dromchla in Éirinn, agus bhí meántiúchain níotráite faoi bhun 25 mg/l ag 99,2 % de na stáisiúin faireacháin sin. Thairis sin, thuairiscigh 14 % de na stáisiúin faireacháin uisce dromchla gurbh ann don eotrófú agus thuairiscigh 10 % acu go raibh riosca eotrófaithe ann. Maidir leis na treochtaí, thuairiscigh 37,5 % de na stáisiúin faireacháin screamhuisce méadú ar thiúchain níotráite, thuairiscigh 45,5 % acu treochtaí cobhsaí agus thuairiscigh 17 % acu treochtaí laghdaitheacha. A mhéid a bhaineann le huisce dromchla, thuairiscigh 11,1 % de na stáisiúin faireacháin méadú ar thiúchain níotráite, thuairiscigh 86,2 % acu treochtaí cobhsaí agus thuairiscigh 2,8 % acu treochtaí laghdaitheacha.

    (12)

    Tá méadú tagtha ar an líon beostoic in Éirinn le blianta beaga anuas. Tháinig méadú 4,78 % ar an líon eallaí, 2,81 % ar an líon muc agus 0,54 % ar an líon caorach idir an tréimhse 2012-2015 agus an tréimhse 2016-2019, agus lean sé sin na treochtaí méadaitheacha sa tréimhse tuairiscithe roimhe sin. Ba é 117 kg de nítrigin/ha, i gcomparáid le 104 kg de nítrigin/ha sa tréimhse 2012-2015, an meánualú nítrigine ó aoileach beostoic sa tréimhse 2016-2018. Ba é an meánualú fosfair sa tréimhse 2016-2018 14 kg d’fhosfar/ha i gcomparáid le 15 kg d’fhosfar/ha sa tréimhse 2012-2015. Tháinig méadú 13 % ar úsáid leasacháin nítrigine ceimicí sa tréimhse 2016-2019 i gcomparáid leis an tréimhse 2012-2015. Tháinig méadú 24 % ar úsáid leasacháin fosfair cheimicigh sa tréimhse 2016-2019 i gcomparáid leis an tréimhse 2012-2015. Ba é an meánbharrachas fosfair sa tréimhse 2016-2018 23,1 kg d’fhosfar/ha i gcomparáid le 20 kg d’fhosfar/ha sa tréimhse 2012-2015. Ba é an meánbharrachas nítrigine sa tréimhse 2016-2018 62,3 kg de nítrigin/ha i gcomparáid le 44,8 kg de nítrigin/ha sa tréimhse 2012-2015.

    (13)

    Féarthalamh is ea 92 % den talamh talmhaíochta in Éirinn. Ar an iomlán, déantar feirmeoireacht fhairsing ar 67 % den talamh agus dá bhrí sin, tá ráta stocála sách íseal agus ionchur íseal leasacháin aige, déantar 33 % de a shaothrú faoi chláir agra-chomhshaoil agus ní dhéantar dianfheirmeoireacht ach ar 14 % de. Úsáidtear 6,6 % de le haghaidh talmhaíocht arúil. Is é 78,3 kg de nítrigin/ha agus 8,6 kg d’fhosfar/ha an mheánúsáid leasacháin cheimicigh ar fhéarthalamh.

    (14)

    De bharr aeráid na hÉireann, lena mbaineann báisteach bhliantúil a thiteann go cothrom i gcaitheamh na bliana agus raon teochta bliantúil atá measartha cúng, bíonn séasúr fada fáis féir idir 330 lá in aghaidh na bliana san iardheisceart agus thart ar 250 lá in aghaidh na bliana san oirthuaisceart (11).

    (15)

    Léiríonn an fhaisnéis tacaíochta a chuireann Éire i láthair go bhfuil údar leis an 250 kg de nítrigin/ha in aghaidh na bliana atá beartaithe ar fheirmeacha ar féarthalamh 80 % díobh ar a laghad ar bhonn critéar oibiachtúil, amhail séasúir fhada fáis agus táirgeacht ard féir lena ngabhann glacadh ard nítrigine.

    (16)

    Tar éis scrúdú a dhéanamh ar an iarraidh ó Éirinn i gcomhréir le mír 2, an tríú fomhír, d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 91/676/CEE, agus i bhfianaise Chlár Gníomhaíochta na hÉireann chomh maith leis an taithí a fuarthas ón maolú dá bhforáiltear i gCinnteadh 2007/697/CE, agus Cinntí Cur Chun Feidhme 2014/112/AE agus (AE) 2018/209, measann an Coimisiún nach ndéanfaidh an méid aoiligh atá beartaithe ag Éirinn, a chomhfhreagraíonn do 250 kg de nítrigin/ha in aghaidh na bliana, dochar do bhaint amach na gcuspóirí a leagtar amach i dTreoir 91/676/CEE, faoi réir coinníollacha diana áirithe ar cheart feidhm a bheith acu maidir le feirmeoirí a chumhdaítear le húdarú.

    (17)

    I bhfianaise na sonraí dá dtagraítear in aithrisí 11 go 13, ba cheart na coinníollacha dá bhforáiltear sa Chinneadh seo a neartú i gcomparáid leis na coinníollacha dá bhforáiltear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/209. Ba cheart na coinníollacha arna mbunú chomh maith leis na córais faireacháin agus rialaithe a bheith leormhaith chun a áirithiú go bhfuil an maolú seo ag teacht le spriocanna na Treorach Réime maidir le hUisce (12), uaillmhian mhéadaithe an Rialacháin maidir le Comhroinnt Díchill (13) chomh maith le cuspóirí mianaidhme an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip maidir leis an truailliú cothaitheach.

    (18)

    Ba cheart bearta breise a ghlacadh maidir le húsáid aoiligh agus leasachán eile. Trí bhíthin na mbeart sin, ba cheart cur le bainistiú cothaitheach a fheabhsú trí thoirchiú barrfheabhsaithe agus úsáid theoranta leasachán. Ba cheart na bearta a liostaítear sa Chinneadh seo a bheith sa bhreis ar na bearta atá á gcur i bhfeidhm cheana tríd an gCód Dea-Chleachtas Talmhaíochta.

    (19)

    Ba cheart rialuithe riaracháin bliantúla agus iniúchtaí ar an bhfód a mhéadú go 10 % d’fheirmeacha a bhaineann tairbhe as údarú. Ba cheart iniúchtaí ar an bhfód a bhunú ar mhodheolaíocht fhónta, lena n-áirítear measúnú riosca, rialuithe randamacha agus torthaí rialuithe na mblianta roimhe sin. Ba cheart do na húdaráis náisiúnta athbhreithniú a dhéanamh ar an gclár iniúchta talmhaíochta arna dhéanamh ag na húdaráis áitiúla agus ar na hacmhainní is gá chun na hiniúchtaí a dhéanamh. Ba cheart smachtbhannaí athchomhairleacha (lena n-áirítear smachtbhannaí eacnamaíocha) a chur i bhfeidhm. Ba cheart obair leantach a dhéanamh ar ghearáin nó ar thuairiscí faoi neamhchomhlíonadh ó shaoránaigh, eagraíochtaí neamhrialtasacha nó sceithirí eolais.

    (20)

    Ba cheart d’údaráis na hÉireann athbhreithniú 2 bhliain a dhéanamh in 2023 ar cháilíocht an uisce, lena n-áirítear tiúchan níotráite agus stádas trófach. I limistéir ina léirítear leis na sonraí faireacháin treochtaí atá ag dul in olcas nó staid truaillithe nó baol truaillithe maidir le tiúchain níotráite nó eotrófú, ó 2024 ar aghaidh, ba cheart an t-uasmhéid aoiligh is infheidhme, a fhéadfar úsáid, a laghdú go 220 kg de nítrigin/ha.

    (21)

    Leanfaidh na ceanglais faireacháin ar thiúchan níotráite agus ar stádas trófach i gcomhréir le Treoir 91/676/CEE d’fheidhm a bheith acu. Ba cheart an t-athbhreithniú 2 bhliain a bheith bunaithe ar shonraí ón bhfaireachán sin. Beidh gá le faireachán breise agus tuairisciú bliantúil sna réimsí a chumhdaítear leis an maolú.

    (22)

    I dTreoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), leagtar síos rialacha ginearálta maidir leis an mBonneagar d’Fhaisnéis Spáis san Aontas a bhunú chun críocha bheartais chomhshaoil an Aontais agus chun críoch beartas nó gníomhaíochtaí a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar an gcomhshaol. I gcás inarb infheidhme, ba cheart an fhaisnéis spáis arna bailiú de bhun an Chinnidh seo a bheith i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach sa Treoir sin. Chun an t-ualach riaracháin a laghdú agus comhleanúnachas sonraí a fheabhsú, ba cheart d’Éirinn, agus na sonraí is gá á mbailiú aici faoin gCinneadh seo, úsáid a bhaint as an bhfaisnéis arna giniúint faoin gCóras Comhtháite Riaracháin agus Rialaithe arna bhunú de bhun Theideal V, Caibidil II, de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15).

    (23)

    Tá an maolú dá bhforáiltear sa Chinneadh seo gan dochar d’oibleagáidí na hÉireann Treoir 92/43/CEE ón gComhairle (16) a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear an rialú ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gCás C-293/17 Coöperatie Mobilisation for the Environment agus Vereniging Leefmilieu (17), go háirithe maidir le léirmhíniú Airteagal 6(3) den Treoir sin.

    (24)

    Is coinníollacha sainordaitheacha iad na coinníollacha a leagtar síos in Airteagail 6 go 9 den Chinneadh seo maidir leis na feirmeacha féarthalún uile a bhaineann tairbhe as údarú faoin maolú. Dá bhrí sin, meastar gur caighdeáin agus ceanglais shainordaitheacha iad na coinníollacha sin arna mbunú sa dlí náisiúnta le haghaidh na n-eintiteas sin de réir bhrí Airteagal 12 agus Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18).

    (25)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Níotráití a bunaíodh de bhun Airteagal 9 de Threoir 91/676/CEE,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Maolú

    Maidir leis an maolú a d’iarr Éire le litir dar dáta an 14 Deireadh Fómhair 2021, chun úsáid méid nítrigine ó aoileach beostoic atá níos mó ná an méid dá bhforáiltear i mír 2, an dara fomhír, an chéad abairt, d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 91/676/CEE a cheadú, eadhon 170 kg de nítrigin, deonaítear an maolú sin faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagail 4 go 12 den Chinneadh seo.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    Chun críoch an Chinnidh seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (a)

    ciallaíonn “féar” féarthalamh buan nó talamh féaraigh shealadaigh atá ina thalamh féaraigh níos lú ná 4 bliana;

    (b)

    ciallaíonn “feirmeacha féarthalún” gabháltais inar féar é 80 % nó níos mó den limistéar talmhaíochta atá ar fáil chun aoileach a úsáid air;

    (c)

    ciallaíonn “féaránaigh” eallach (cé is moite de laonna feola), fianna, ceirbhidigh, gabhair agus capaill;

    (d)

    ciallaíonn “dáileacht” gort aonair nó grúpa gort atá aonchineálach maidir le curaíocht, an cineál ithreach agus cleachtais toirchithe;

    (e)

    ciallaíonn “plean toirchithe” plean a dhéantar roimh ré faoi úsáid bheartaithe agus infhaighteacht cothaitheach;

    (f)

    ciallaíonn “cuntas toirchithe” an comhardú cothaitheach bunaithe ar fhíorúsáid agus ar ghlacadh cothaitheach;

    (g)

    ciallaíonn “coimín” dáileacht talún atá i seilbh beirt nó níos mó i scaireanna sonraithe nó i gcomhpháirt, dáileacht talún a ceannaíodh ó thús ó Choimisiún Talún na hÉireann faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh, lena n-áirítear talamh ar a bhfuil cearta féaraigh ag beirt nó níos má nó an ceart chun móin a bhaint.

    Airteagal 3

    Raon feidhme

    Beidh feidhm ag an maolú arna dheonú de bhun Airteagal 1 maidir le feirmeacha féarthalún ar deonaíodh údarú ina leith i gcomhréir le hAirteagal 5 (“an t-údarú”)

    Airteagal 4

    Úsáid agus gealltanas bliantúil

    1.   Maidir le feirmeoirí féarthalún ar mian leo leas a bhaint as maolú, cuirfidh siad iarratas ar údarú isteach chuig na húdaráis inniúla gach bliain chun aoileach beostoic ina bhfuil suas le 250 kg de nítrigin/ha a úsáid in aghaidh na bliana. Beidh dearbhú san iarratas ina luafar go ngéillfidh an feirmeoir féarthalún do na rialuithe dá bhforáiltear in Airteagal 11.

    2.   San iarratas dá dtagraítear i mír 1, gabhfaidh an t-iarratasóir air féin, i scríbhinn, na coinníollacha a leagtar síos in Airteagail 6 go 9 a chomhlíonadh.

    Airteagal 5

    Údaruithe a dheonú

    Maidir le húdaruithe chun méid aoiligh beostoic ina bhfuil suas le 250 kg de nítrigin/ha a úsáid in aghaidh na bliana ar fheirmeacha féarthalún, beidh siad faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagail 6 go 9.

    Airteagal 6

    Coinníollacha maidir le húsáid aoiligh agus leasachán eile

    1.   An méid aoiligh beostoic ó fhéaránaigh a úsáidtear ar an talamh gach bliain ar fheirmeacha féarthalún, lena n-áirítear an t-aoileach ó na hainmhithe féin, ní bheidh sé níos mó ná 250 kg de nítrigin/ha in aghaidh na bliana, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos i míreanna 2 go 6 den Airteagal seo. Ó 2024 ar aghaidh, mar thoradh ar an athbhreithniú 2 bhliain, ní bheidh an t-uasmhéid sin níos mó ná 220 kg de nítrigin/ha in aghaidh na bliana sna limistéir dá dtagraítear in Airteagal 12.

    2.   Ní bheidh an t-ionchur iomlán nítrigine níos mó ná an t-éileamh ionchasach ar chothaithigh maidir le gach barr ná an t-uasráta toirchithe is infheidhme maidir le feirmeacha féarthalún mar a leagtar síos sa Chlár Gníomhaíochta um Níotráití, agus cuirfear san áireamh san ionchur sin an soláthar ón ithir. Déanfar an úsáid iomlán nítrigine a dhifreáil ar bhonn an ráta stocála agus táirgiúlacht féarthalún.

    3.   Déanfar plean toirchithe a ullmhú agus a choimeád le haghaidh gach feirme féarthalún. Beidh tuairisc sa phlean toirchithe ar uainíocht barr na talún feirme agus ar an gcaoi a bhfuil sé beartaithe aoileach agus leasacháin eile a úsáid. Beidh an plean sin le fáil ar an bhfeirm féarthalún le haghaidh gach bliana féilire, roimh an 1 Márta den bhliain sin. Áireofar sa phlean sin ar a laghad na nithe seo a leanas:

    (a)

    plean uainíochta na mbarr lena sonraítear an méid seo a leanas:

    (i)

    acraíocht na ndáileachtaí ar a bhfuil féar;

    (ii)

    acraíocht na ndáileachtaí ar a bhfuil barra seachas féar;

    (iii)

    sracléarscáil lena léirítear suíomh na ndáileachtaí aonair;

    (b)

    an líon beostoic ar an bhfeirm féarthalún;

    (c)

    tuairisc ar an tithíocht agus ar an gcóras stórála aoiligh, lena n-áirítear toirt na stórála aoiligh atá ar fáil;

    (d)

    ríomh ar an nítrigin agus ar an bhfosfar aoiligh a tháirgtear ar an bhfeirm féarthalún;

    (e)

    méid, cineál agus saintréithe an aoiligh a sheachadtar lasmuigh den fheirm féarthalún nó chuig an bhfeirm féarthalún;

    (f)

    na riachtanais ionchasacha maidir le nítrigin agus fosfar i ndáil le barra le haghaidh gach dáileachta;

    (g)

    torthaí anailíse ithreach a bhaineann leis an stádas ithreach i ndáil le nítrigin agus fosfar, má tá siad ar fáil;

    (h)

    cineál an leasacháin atá le húsáid;

    (i)

    ríomh na nítrigine agus an fhosfair ó aoileach a úsáidfear le haghaidh gach dáileachta;

    (j)

    ríomh le haghaidh gach dáileachta ar an nítrigin agus ar an bhfosfar ó leasacháin cheimiceacha agus ó leasacháin eile a úsáidfear.

    Déanfar an plean toirchithe a athbhreithniú tráth nach déanaí ná 7 lá tar éis aon athrú ar chleachtais talmhaíochta ar an bhfeirm féarthalún.

    Déanfar cuntais toirchithe, lena n-áirítear faisnéis a bhaineann le bainistíocht ionchur nítrigine agus fosfair agus le bainistíocht fuíolluisce, a ullmhú agus a choimeád do gach feirm féarthalún. Cuirfear na cuntais sin isteach chuig an údarás inniúil le haghaidh gach bliana féilire faoin 31 Márta sa bhliain ina dhiaidh sin.

    Glacfar clár aolta bunaithe ar phlean bainistithe cothaitheach agus a bhaineann le torthaí anailíse ithreach.

    4.   Ní leathfar aoileach beostoic san fhómhar sula ndéanfar an féar a shaothrú.

    5.   Úsáidfear 50 % ar a laghad den sciodar a tháirgtear ar an bhfeirm féarthalún faoin 15 Meitheamh. Bainfear úsáid as trealamh leata sciodair ag a bhfuil astaíochtaí ísle gach uair a leatar sciodar.

    6.   Ní bheidh an lamháltas ráta stocála i limistéir choimín os cionn 50 kg de nítrigin/ha. Ní cheadófar leasachán ceimiceach i limistéir choimín.

    Airteagal 7

    Coinníollacha maidir le sampláil agus anailís ithreach

    1.   Déanfar anailís thréimhsiúil ar nítrigin agus ar fhosfar in ithir ar gach feirm féarthalún.

    2.   Déanfar sampláil agus anailís uair amháin gach 4 bliana ar a laghad i gcás gach cineáil limistéir ag a bhfuil gnéithe comhchosúla maidir le huainíocht na mbarr agus saintréithe na hithreach.

    3.   Déanfar anailís amháin ar a laghad in aghaidh gach 5 heicteár d’fheirm féarthalún.

    4.   Beidh torthaí na hanailíse tréimhsiúla ar nítrigin agus ar fhosfar in ithir ar fáil lena n-iniúchadh ag an bhfeirm féarthalún.

    Airteagal 8

    Coinníollacha maidir le bainistíocht talún

    1.   Feirmeoirí ar mian leo féarthalamh a threabhadh, déanfaidh siad amhlaidh idir an 1 Márta agus an 31 Bealtaine.

    2.   Cuirfear barr a bhfuil éileamh ard nítrigine aige go díreach i ndiaidh féar treafa ar gach cineál ithreach agus tráth nach déanaí ná 3 seachtaine tar éis an féar a threabhadh.

    3.   Ní áireofar le huainíocht na mbarr plandaí léagúmacha ná plandaí eile lena bhfosaítear nítrigin san atmaisféar. Ní bheidh feidhm aige sin, áfach, maidir le seamair i bhféarthalamh a bhfuil níos lú ná 50 % de faoi sheamair agus plandaí léagúmacha eile atá fo-churtha le féar.

    4.   Déanfar ar a laghad 1,5 kg/ha de shíolta seimre nocht nó ar a laghad 2,5 kg/ha de mhillíní seimre a ionchorprú i ngach athshíoladh nua féir ar an bhfeirm féarthalún.

    5.   Beidh dáileachtaí feistithe le fálta lena n-áiritheofar go mbeidh achar íosta 1,5 méadar idir beostoc agus sruthchúrsaí, agus cuirfear pointí ólacháin isteach ag achar íosta 20 méadar ó shruthchúrsa.

    Airteagal 9

    Coinníoll maidir le beostoc a bheathú

    Ceadófar gach bliain idir an 15 Aibreán agus an 30 Meán Fómhair uasmhéid 15 % de phróitéin amh i mbeathú tiubhaithe le haghaidh féaránach.

    Airteagal 10

    Faireachán

    1.   Áiritheoidh na húdaráis inniúla go ndéanfar léarscáileanna a tharraingt suas gach bliain ina léireofar an méid seo a leanas:

    (a)

    céatadán na bhfeirmeacha féarthalún i ngach contae a chumhdaítear le húdaruithe;

    (b)

    céatadán na mbeostoc i ngach contae a chumhdaítear le húdaruithe;

    (c)

    an céatadán den talamh talmhaíochta i ngach contae a chumhdaítear le húdaruithe;

    (d)

    úsáid áitiúil talún.

    2.   Déanfaidh na húdaráis inniúla faireachán ar uisce creasa fhréamhaithe, ar uisce dromchla agus ar screamhuisce. Déanfaidh siad freisin, faoi choinníollacha maolaithe agus faoi choinníollacha neamh-mhaolaithe araon, sonraí a sholáthar don Choimisiún maidir le nítrigin agus fosfar sa chrios fréamhaithe agus maidir le tiúchain níotráite i screamhuisce agus in uisce dromchla.

    3.   Déanfar an faireachán ar scála gort-feirme agus trí fhaireachán a dhéanamh ar dhobharcheantair thalmhaíochta. Beidh na láithreacha faireacháin ionadaíoch do na príomhchineálacha ithreach agus do na príomhleibhéil déine, do na cleachtais fhorleathana toirchithe agus do na príomhbharra.

    4.   Déanfaidh na húdaráis inniúla faireachán treisithe ar uisce i ndobharcheantair thalmhaíochta atá i ngaireacht do na dobharlaigh is leochailí.

    5.   Déanfaidh na húdaráis inniúla suirbhéanna ar úsáid áitiúil talún, ar uainíocht barr agus ar chleachtais talmhaíochta d’fheirmeacha féarthalún a chumhdaítear le húdaruithe.

    6.   Úsáidfear an fhaisnéis agus na sonraí a bhailítear ón anailís cothaitheach, dá dtagraítear in Airteagal 7(1), (2) agus (3), chun ríomhanna samhailbhunaithe a dhéanamh ar mhéid na gcaillteanas níotráite agus fosfair ó fheirmeacha féarthalún a chumhdaítear le húdaruithe.

    Airteagal 11

    Rialuithe

    1.   Déanfaidh na húdaráis inniúla rialuithe riaracháin i ndáil le gach iarratas ar údarú chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagail 6 go 9. I gcás ina léirítear nach gcomhlíontar na coinníollacha sin, diúltófar don iarratas agus cuirfear na cúiseanna leis an diúltú in iúl don iarratasóir. Gach bliain, déanfaidh na húdaráis inniúla rialuithe riaracháin ar 10 % ar a laghad de na feirmeacha féarthalún a chumhdaítear le húdaruithe a mhéid a bhaineann le húsáid talún, an líon agus an cineál beostoic agus táirgeadh agus onnmhairiú aoiligh.

    2.   Bunóidh na húdaráis inniúla clár maidir le hiniúchtaí ar an bhfód a dhéanamh, ar bhonn riosca agus a mhinice is iomchuí, ar fheirmeacha féarthalún a chumhdaítear le húdaruithe, agus torthaí rialuithe na mblianta roimhe sin á gcur san áireamh, mar aon le torthaí rialuithe ginearálta randamacha den reachtaíocht lena dtrasuitear Treoir 91/676/CEE agus aon fhaisnéis eile lena bhféadfaí neamhchomhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagail 6 go 9 a léiriú. Gach bliain, déanfar iniúchadh ar an bhfód ar 10 % ar a laghad de na feirmeacha féarthalún a chumhdaítear le húdaruithe chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagail 6 go 9.

    3.   I gcás ina mbunaítear, in aon bhliain, nach gcomhlíonann feirm féarthalún a chumhdaítear le húdarú na coinníollacha a leagtar amach in Airteagail 6 go 9, déanfar pionós a ghearradh ar shealbhóir an údaraithe i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta agus ní bheidh sé incháilithe d’údarú an bhliain dar gcionn.

    4.   Tabharfar na cumhachtaí agus na modhanna is gá do na húdaráis inniúla chun a fhíorú go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le húdarú arna dheonú faoin gCinneadh seo chun a fhíorú go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagail 6 go 9 roimh údarú a dheonú faoin gCinneadh seo agus ina dhiaidh sin.

    Airteagal 12

    Athbhreithniú 2 bhliain

    1.   Cuirfidh na húdaráis inniúla isteach, faoin 30 Meitheamh 2023, in éineacht leis an tuarascáil ar a dtugtar tuairisc in Airteagal 13, a chomhfhreagraíonn don bhliain 2022, iarscríbhinn ina bhfuil torthaí an fhaireacháin ar thiúchain níotráití screamhuisce agus uiscí dromchla agus stádas trófach na ndobharlach dromchla, de réir an líonra faireacháin agus cheanglais Threoir 91/676/CEE maidir le Níotráití agus lena n-áirítear ar a laghad léarscáileanna a thaispeánann na limistéir sin óna bhfuil draenáil isteach in uiscí i gcás ina léirítear sna sonraí faireacháin seo a leanas:

    (a)

    meánluachanna tiúchana níotráite os cionn 50 mg/l nó treochtaí méadaithe tiúchana níotráití i gcomparáid le 2021;

    (b)

    stádas “Eotrófach” nó stádas “d’fhéadfadh sé éirí eotrófach” in éineacht le treocht chobhsaí nó treocht atá ag dul in olcas i gcomparáid le 2021.

    Measfar go bhfuil na huiscí a shainaithnítear le pointe (a) nó le pointe (b) den chéad fhomhír truaillithe, go bhfuil siad i mbaol truaillithe nó go léiríonn siad treochtaí atá ag dul in olcas. Cumhdóidh na sonraí chun meastachán a dhéanamh ar na meánluachanna an tréimhse ón 1 Eanáir 2020 go dtí an 31 Nollaig 2022. Chun treochtaí a mheasúnú, déanfar na sonraí ó 2021 agus ó 2022 a chur i gcomparáid le chéile.

    2.   Chun an iarscríbhinn dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a fhorbairt, is ón líonra faireacháin arna chur ar bun faoi Threoir 91/676/CEE a thógfar na sonraí a úsáidfear.

    3.   Ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh, maidir le limistéir óna ndraenáiltear isteach in uiscí truaillithe nó limistéir atá i mbaol truailliú nó ag a bhfuil treochtaí ag dul in olcas, cuirfear bearta breise i bhfeidhm faoin gClár Gníomhaíochta um Níotráití. I gcás feirmeacha a mbeidh údarú deonaithe dóibh de bhun an Chinnidh seo agus atá lonnaithe i limistéir den sórt sin, ní rachaidh méid an aoiligh a fhéadfar a úsáid ar an talamh thar 220 kg de nítrigin/ha in aghaidh na bliana.

    4.   Cuirfidh na húdaráis inniúla an Coimisiún ar an eolas, faoin 30 Meán Fómhair 2023, maidir le torthaí an athbhreithnithe 2 bhliain sin, agus go háirithe maidir leis na limistéir agus na feirmeacha ag a bhfuil údarú nuair is é 220 kg de nítrigin/ha in aghaidh na bliana uasmhéid an aoiligh atá le húsáid agus maidir leis na bearta breise a bheidh le cur i bhfeidhm laistigh den Chlár Gníomhaíochta um Níotráití.

    Airteagal 13

    Tuairisciú

    Cuirfidh na húdaráis inniúla tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin gach bliain faoin 30 Meitheamh ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas:

    (a)

    léarscáileanna lena léirítear céatadán na bhfeirmeacha féarthalún, céatadán an bheostoic agus céatadán na talún talmhaíochta a chumhdaítear le húdaruithe le haghaidh gach contae, mar aon le léarscáileanna ar úsáid áitiúil talún, dá dtagraítear in Airteagal 10(1);

    (b)

    torthaí an fhaireacháin ar screamhuisce agus ar uisce dromchla a mhéid a bhaineann le tiúchain níotráite agus fosfair, lena n-áirítear faisnéis faoi threochtaí uisce, faoi dhálaí an mhaolaithe agus faoi dhálaí neamh-mhaolaithe araon, chomh maith le tionchar an mhaolaithe arna dheonú faoin gCinneadh seo maidir le cáilíocht uisce, dá dtagraítear in Airteagal 10(2);

    (c)

    torthaí an fhaireacháin ithreach maidir le tiúchain nítrigine agus fosfair in uisce ithreach agus maidir le nítrigin mhianrach i bpróifíl na hithreach, faoi dhálaí an mhaolaithe agus faoi dhálaí neamh-mhaolaithe araon, dá dtagraítear in Airteagal 10(2);

    (d)

    achoimre agus meastóireacht ar na sonraí a fuarthas ón bhfaireachán treisithe ar uisce, dá dtagraítear in Airteagal 10(4);

    (e)

    torthaí na suirbhéanna ar úsáid áitiúil talún, uainíocht na mbarr agus cleachtais talmhaíochta, dá dtagraítear in Airteagal 10(5);

    (f)

    torthaí na ríomhanna samhailbhunaithe ar mhéid na gcaillteanas níotráite agus fosfair, dá dtagraítear in Airteagal 10(6);

    (g)

    meastóireacht ar thorthaí na rialuithe riaracháin agus na n-iniúchtaí ar an bhfód dá dtagraítear in Airteagal 11(1) agus (2);

    (h)

    treochtaí i líon beostoic agus i dtáirgeadh aoiligh le haghaidh gach catagóra beostoic agus ar fheirmeacha féarthalún a bhaineann tairbhe as údarú;

    (i)

    anailís chomparáideach ar rialuithe ar fheirmeacha féarthalún a chumhdaítear le húdaruithe agus ar fheirmeacha féarthalún nach gcumhdaítear le húdaruithe, lena n-áirítear sonraí maidir leis an méid seo a leanas:

    iniúchtaí ar an bhfód;

    rialuithe riaracháin;

    iniúchtaí talmhaíochta i gcomhthéacs socruithe tras-chomhlíonta;

    staidreamh maidir le neamhchomhlíonadh.

    Beidh an fhaisnéis spáis sa tuarascáil, i gcás inarb infheidhme, i gcomhlíonadh le Treoir 2007/2/CE. Agus na sonraí is gá á mbailiú, bainfidh Éire, i gcás inarb iomchuí, úsáid as an bhfaisnéis a gineadh faoin gCóras Comhtháite Riaracháin agus Rialaithe arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 67(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013.

    Airteagal 14

    Cur i bhfeidhm

    Beidh feidhm ag an gCinneadh seo i gcomhthéacs Chlár Gníomhaíochta na hÉireann mar a chuirtear chun feidhme é in Ionstraim Reachtúil Uimh. 113 de 2022, Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Dea-Chleachtas Talmhaíochta maidir le Cosaint Uiscí) 2022.

    Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 31 Nollaig 2025.

    Airteagal 15

    Seolaí

    Is chuig Éirinn a dhírítear an Cinneadh seo.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Aibreán 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    Virginijus SINKEVIČIUS

    Comhalta den Choimisiún


    (1)  IO L 375, 31.12.1991, lch. 1.

    (2)  Cinneadh 2007/697/CE ón gCoimisiún an 22 Deireadh Fómhair 2007 lena ndeonaítear maolú arna iarraidh ag Éirinn de bhun Threoir 91/676/CEE ón gComhairle maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú de bharr níotráití ó fhoinsí talmhaíochta (IO L 284, 30.10.2007, lch. 27).

    (3)  Ionstraim Reachtúil Uimh. 378 de 2006.

    (4)  Cinneadh 2011/127/AE ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2011 lena leasaítear Cinneadh 2007/697/CE lena ndeonaítear maolú arna iarraidh ag Éirinn de bhun Threoir 91/676/CEE ón gComhairle maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú de bharr níotráití ó fhoinsí talmhaíochta (IO L 51, 25.2.2011, lch. 19).

    (5)  Ionstraim Reachtúil Uimh. 610 de 2010.

    (6)  Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/112/AE ón gCoimisiún an 27 Feabhra 2014 lena ndeonaítear maolú arna iarraidh ag Éirinn de bhun Threoir 91/676/CEE ón gComhairle maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú de bharr níotráití ó fhoinsí talmhaíochta (IO L 61, 1.3.2014, lch. 7).

    (7)  Ionstraim Reachtúil Uimh. 31 de 2014.

    (8)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/209 ón gCoimisiún an 8 Feabhra 2018 lena ndeonaítear maolú arna iarraidh ag Éirinn de bhun Threoir 91/676/CEE ón gComhairle maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú de bharr níotráití ó fhoinsí talmhaíochta (IO L 39, 13.2.2018, lch. 5).

    (9)  Ionstraim Reachtúil Uimh. 605 de 2017.

    (10)  Ionstraim Reachtúil Uimh. 113 de 2022.

    (11)  Teagasc — an tÚdarás Forbartha Talmhaíochta agus Bia, Éire.

    (12)  Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1)..

    (13)  Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide agus chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018, lch. 26).

    (14)  Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar d’Fhaisnéis Spáis sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE) (IO L 108, 25.4.2007, lch. 1).

    (15)  Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 549).

    (16)  Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fána agus flóra fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).

    (17)  Cás C-293/17 Coöperatie Mobilisation for the Environment agus Vereniging Leefmilieu (ECLI:EU:C:2018:882).

    (18)  Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 1).


    Top