EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D0579

Cinneadh (CBES) 2022/579 ón gComhairle an 8 Aibreán 2022 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin

ST/8054/2022/INIT

IO L 111, 8.4.2022, p. 81–83 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/579/oj

8.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 111/81


CINNEADH (CBES) 2022/579 ÓN gCOMHAIRLE

an 8 Aibreán 2022

lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 15 Deireadh Fómhair 2012, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2012/642/CBES (1) a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin.

(2)

An 24 Feabhra 2022, d’fhógair Uachtarán Chónaidhm na Rúise oibríocht mhíleata san Úcráin, agus chuir fórsaí armtha na Rúise tús le hionsaí ar an Úcráin, lena n-áirítear ó chríoch na Bealarúise. Is sárú follasach é an t-ionsaí sin ar iomláine chríochach, ar cheannasacht agus ar neamhspleáchas na hÚcráine.

(3)

An 2 Márta 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2022/356 (2), lenar leasaíodh teideal Chinneadh 2012/642/CBES agus lenar tugadh isteach bearta sriantacha breise mar fhreagairt ar rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin.

(4)

Sna conclúidí uaithi an 24 Márta 2022, chuir an Chomhairle Eorpach in iúl go bhfuil an tAontas fós ar tinneall le dul ar aghaidh go tapa le smachtbhannaí láidre comhordaithe breise i ndáil leis an Rúis agus leis an mBealarúis chun cumas na Rúise leanúint den fhogha a chur ó mhaith.

(5)

I bhfianaise a thromchúisí atá an staid, is iomchuí toirmeasc a chur ar urrúis inaistrithe arna n-ainmniú in aon airgeadra oifigiúil de chuid Ballstáit, agus ar nótaí bainc arna n-ainmniú in aon airgeadra oifigiúil de chuid Ballstáit a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú chuig an mBealarúis.

(6)

Is iomchuí freisin toirmeasc a chur ar aon ghnóthas iompair de bhóthar atá bunaithe sa Bhealarúis earraí a iompar de bhóthar laistigh de chríoch an Aontais, lena n-áirítear earraí faoi bhealach.

(7)

Ní mór don Aontas tuilleadh a dhéanamh chun an beart sin a chur chun feidhme.

(8)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2012/642/CBES a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES, mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2w, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Cuirfear toirmeasc ar urrúis inaistrithe arna n-ainmniú in aon airgeadra oifigiúil de chuid Ballstáit agus a eisítear tar éis an 12 Aibreán 2022, nó aonaid i ngnóthais chomhinfheistíochta a chuireann neamhchosaint ar na hurrúis sin ar fáil, a dhíol le haon náisiúnach de chuid na Bealarúise nó le haon duine nádúrtha a chónaíonn sa Bhealarúis nó le haon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht dlíthiúil atá bunaithe sa Bhealarúis.”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2x:

‘Airteagal 2x

1.   Cuirfear toirmeascfar ar nótaí bainc arna n-ainmniú in aon airgeadra oifigiúil de chuid Ballstáit a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú chuig an mBealarúis nó chuig aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Bhealarúis, lena n-áirítear an rialtas agus Banc Ceannais na Bealarúise, nó lena n-úsáid sa Bhealarúis.

2.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i mír 1 maidir le díol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú nótaí bainc arna n-ainmniú in aon airgeadra oifigiúil de chuid Ballstáit ar choinníoll go bhfuil gá iad a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú le haghaidh an méid seo a leanas:

(a)

úsáid phearsanta daoine nádúrtha a thaistealaíonn go dtí an Bhealarúis nó baill dá ngartheaghlaigh atá ag taisteal leo; nó

(b)

críocha oifigiúla misin taidhleoireachta, post consalachta nó eagraíochtaí idirnáisiúnta sa Bhealarúis a thairbhíonn de dhíolúintí i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta.’;

(3)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

‘Airteagal 2z

1.   Cuirfear toirmeasc ar aon ghnóthas iompair de bhóthar atá bunaithe sa Bhealarúis earraí a iompar de bhóthar laistigh de chríoch an Aontais, lena n-áirítear earraí faoi bhealach.

2.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i mír 1 maidir le gnóthais iompair de bhóthar a iompraíonn post mar sheirbhís uilíoch.

3.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i mír 1 go dtí an 16 Aibreán 2022 maidir le hiompar earraí a tosaíodh roimh an 9 Aibreán 2022, ar choinníoll an mhéid seo a leanas maidir le feithicil an ghnóthais iompair de bhóthar:

(a)

go raibh sí ar chríoch an Aontais cheana féin ar an 9 Aibreán 2022, nó

(b)

gur gá di dul tríd an Aontas agus í faoi bhealach chun filleadh ar an mBealarúis.

4.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit iompar earraí a dhéanann gnóthas iompair de bhóthar atá bunaithe sa Bhealarúis a údarú má chinneann na húdaráis inniúla go bhfuil gá leis an iompar sin chun an méid seo leanas a dhéanamh:

(a)

gás agus ola nádúrtha, lena n-áirítear táirgí peitriliam scagtha, mar aon le tíotáiniam, alúmanam, copar, nicil, pallaidiam agus amhiarainn, a cheannach, a allmhairiú nó a iompar isteach san Aontas;

(b)

táirgí cógaisíochta, míochaine, talmhaíochta agus bia, lena n-áirítear cruithneacht, a cheannach, a allmhairiú nó a iompar agus leasacháin a cheadaítear a allmhairiú, a cheannach agus a iompar faoin gCinneadh seo;

(c)

chun críoch daonnúil; nó,

(d)

ionadaíochtaí taidhleoireachta agus consalachta an Aontais agus na mBallstát sa Bhealarúis a fheidhmiú, lena n-áirítear toscaireachtaí, ambasáidí agus misin, nó eagraíochtaí idirnáisiúnta sa Bhealarúis ag a bhfuil díolúintí i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta.

5.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhír 4 laistigh de dhá sheachtain ón údarú.’

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Aibreán 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J.-Y. LE DRIAN


(1)  Cinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (IO L 285, 17.10.2012, lch. 1).

(2)  Cinneadh (CBES) 2022/356 ón gComhairle an 2 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (IO L 67, 2.3.2022, lch. 103).


Top