This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D0407
Commission Implementing Decision (EU) 2022/407 of 9 March 2022 terminating the partial interim review of the countervailing measures applicable to imports of certain rainbow trout originating in the Republic of Turkey
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/407 ón gCoimisiún an 9 Márta 2022 lena bhfoirceanntar an t-athbhreithniú eatramhach páirteach ar na bearta frithchúitimh is infheidhme maidir le hallmhairí breac dea-dhathach áirithe de thionscnamh Phoblacht na Tuirce
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/407 ón gCoimisiún an 9 Márta 2022 lena bhfoirceanntar an t-athbhreithniú eatramhach páirteach ar na bearta frithchúitimh is infheidhme maidir le hallmhairí breac dea-dhathach áirithe de thionscnamh Phoblacht na Tuirce
C/2022/1313
IO L 83, 10.3.2022, p. 60–63
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
10.3.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 83/60 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/407 ÓN gCOIMISIÚN
an 9 Márta 2022
lena bhfoirceanntar an t-athbhreithniú eatramhach páirteach ar na bearta frithchúitimh is infheidhme maidir le hallmhairí breac dea-dhathach áirithe de thionscnamh Phoblacht na Tuirce
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1), agus go háirithe Airteagal 14(1) agus Airteagal 19 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
1. NÓS IMEACHTA
1.1. Imscrúduithe a rinneadh roimhe seo agus bearta atá i bhfeidhm
(1) |
Trí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/309 ón gCoimisiún (2), d’fhorchuir an Coimisiún dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí breac dea-dhathach áirithe de thionscnamh Phoblacht na Tuirce (“an t-imscrúdú bunaidh”). |
(2) |
An 4 Meitheamh 2018, tar éis páirt-athbhreithniú eatramhach maidir leis na fóirdheontais a thugtar do gach táirgeoir onnmhairiúcháin, de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/823 ón gCoimisiún (3), bheartaigh an Coimisiún na bearta a choinneáil ar bun mar a bunaíodh san imscrúdú bunaidh. |
(3) |
Maidir leis an athrú reachtach ar reachtaíocht na Tuirce i ndáil le fóirdheontais a thabhairt do tháirgeoirí breac, athrú a bhí faoi réir an athbhreithnithe, chinn an Coimisiún nár tugadh údar imleor leis an athrú sin le hathbhreithniú a dhéanamh ar na dleachtanna frithchúitimh ar gach táirgeoir breac sa Tuirc. Tugadh faoi deara, áfach, gur difriúil an tionchar a d’imir an t-athrú reachtach ar na cuideachtaí aonair (4). |
(4) |
An 15 Bealtaine 2020, tar éis páirt-athbhreithniú eatramhach, de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/658 ón gCoimisiún (5), leasaigh an Coimisiún leibhéal na dleachta frithchúitimh maidir le táirgeoir onnmhairiúcháin amháin. |
(5) |
An 20 Bealtaine 2021, tar éis athbhreithniú éaga, de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/823 ón gCoimisiún (6), bheartaigh an Coimisiún leibhéal na ndleachtanna frithchúitimh a choinneáil ar bun mar a bunaíodh san imscrúdú bunaidh agus mar a leasaíodh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/658 ón gCoimisiún. |
(6) |
Chinn an Coimisiún go bhfágfadh éag na mbeart atá i bhfeidhm go leanfaí den fhóirdheonú, toisc go leanfaí le méideanna móra d’onnmhairí fóirdheonaithe an táirge lena mbaineann a thabhairt isteach san Aontas. De bhreis air sin, i bhfianaise na hacmhainneachta breise ollmhóire sa Tuirc, tharraingteacht mhargadh an Aontais, leibhéil praghsanna na n-allmhairí ón Tuirc agus an tionchair is dóigh a bheidh acu ar thionscal an Aontais, ba dhócha go leanfaí den díobháil dá ligfí do na bearta dul as feidhm. |
(7) |
Mar chonclúid, suíodh nach raibh aon chúis mhaith ann lena chinneadh nach raibh sé chun leas an Aontais na bearta sin a choinneáil ar bun. |
(8) |
Is idir 1,5 % agus 9,5 % atá na dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha atá i bhfeidhm faoi láthair. |
1.2. Páirt-athbhreithniú eatramhach a thionscnamh
(9) |
An 29 Bealtaine 2020 fuair an Coimisiún iarraidh ón táirgeoir onnmhairiúcháin Selina Balik Isleme Tesis Ithalat Ihracat ve Ticaret Anonim Sirketi (“an t-iarratasóir”) ar pháirt-athbhreithniú eatramhach ar an dleacht frithchúitimh atá i bhfeidhm de bhun Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2016/1037 (“an bun-Rialachán”). Bhí an iarraidh ar pháirt-athbhreithniú eatramhach teoranta d’imscrúdú ar fhóirdheonú ó thaobh raon feidhme de a mhéid a bhaineann leis an iarratasóir. |
(10) |
An 5 Feabhra 2021 thionscain an Coimisiún Eorpach athbhreithniú eatramhach ar na bearta frithchúitimh is infheidhme maidir le hallmhairí breac dea-dhathach áirithe isteach san Aontas de thionscnamh Phoblacht na Tuirce (an “tír lena mbaineann”) de bhun Airteagal 19 den bhun-Rialachán. D’fhoilsigh sé Fógra Tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (“an Fógra Tionscnaimh”) (7). |
(11) |
D’áitigh an t-iarratasóir gur cosúil go bhfuil athrú tagtha ar na himthosca lena dtugtar údar leis na bearta frithchúitimh reatha agus go bhfuil na hathruithe sin de chineál seasmhach a mhéid a bhaineann leis an iarratasóir. |
1.3. Tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin agus an tréimhse faoi bhreathnú
(12) |
Leis an athbhreithniú ar fhóirdheonú an iarratasóra, cumhdaíodh an tréimhse ón 1 Eanáir 2020 go dtí an 31 Nollaig 2020. |
1.4. Páirtithe leasmhara
(13) |
San Fhógra Tionscnaimh, iarradh ar na páirtithe leasmhara teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún chun bheith rannpháirteach san athbhreithniú. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún an t-iarratasóir ar an eolas go sonrach maidir le tionscnamh an athbhreithnithe, mar aon le táirgeoirí agus comhlachais aitheanta de chuid an Aontais, agus Rialtas na tíre lena mbaineann, agus d’iarr sé orthu a bheith rannpháirteach. |
(14) |
Bhí deis ag na páirtithe leasmhara barúil a thabhairt ar thionscnamh an athbhreithnithe agus éisteacht a iarraidh leis an gCoimisiún agus/nó leis an Oifigeach Éisteachta in imeachtaí trádála. |
1.4.1. Freagraí ar an gceistneoir agus cuairteanna fíorúcháin
(15) |
Chuir an Coimisiún ceistneoirí chuig an iarratasóir agus chuig údaráis na tíre lena mbaineann. |
(16) |
Fuair an Coimisiún freagraí ar an gceistneoir ón iarratasóir agus ó údaráis na tíre lena mbaineann araon. |
2. AN TÁIRGE LENA mBAINEANN AGUS TÁIRGE COMHCHOSÚIL
2.1. An táirge faoi athbhreithniú
(17) |
An táirge atá faoi réir an athbhreithnithe seo, is é an breac dea-dhathach (Oncorhynchus mykiss) é
de thionscnamh Phoblacht na Tuirce agus atá faoi láthair faoi chóid CN ex 0301 91 90, ex 0302 11 80, ex 0303 14 90, ex 0304 42 90, ex 0304 82 90 agus ex 0305 43 00 (cóid TARIC 0301919011, 0302118011, 0303149011, 0304429010, 0304829010 agus 0305430011) (“an táirge faoi athbhreithniú”). |
(18) |
Mar a tharla san imscrúdú bunaidh, chinn an Coimisiún go bhfuil na buntréithe fisiciúla, teicniúla agus ceimiceacha céanna agus na bun-úsáidí deiridh céanna ag an táirge arb í an Tuirc a tháirg agus a d’onnmhairigh chuig an Aontas é agus atá ag an táirge arb é tionscal an Aontais a tháirg agus a dhíol san Aontas é. Dá bhrí sin, measadh gur táirgí comhchosúla iad na táirgí sin de réir bhrí Airteagal 2(c) den bhun-Rialachán. |
3. TARRAINGT SIAR NA hIARRATA
(19) |
Ina litir chuig an gCoimisiún an 30 Samhain 2021 tharraing an t-iarratasóir siar a iarraidh ar athbhreithniú eatramhach. |
(20) |
I gcomhréir le hAirteagal 14(1) den bhun-Rialachán, féadfar an imeacht a fhoirceannadh, ach amháin mura mbeadh foirceannadh den sórt sin chun leas an Aontais. |
(21) |
Níor tháinig aon chúinse chun cinn le linn an imscrúdaithe a léirigh nach mbeadh foirceannadh den sórt sin chun leas an Aontais. |
(22) |
Thairis sin, an 20 Meán Fómhair 2021 thionscain an Coimisiún Eorpach athbhreithniú eatramhach ar fud na tíre ar na bearta frithchúitimh is infheidhme maidir le hallmhairí breac dea-dhathach áirithe isteach san Aontas de thionscnamh Phoblacht na Tuirce (8). Dá bhrí sin, déanfar athbhreithniú ar na bearta frith-fhóirdheontais atá i bhfeidhm faoi láthair i gcás gach táirgeora onnmhairiúcháin laistigh den chreat sin. |
4. CONCLÚID AGUS NOCHTADH
(23) |
Dá bhrí sin, bheartaigh an Coimisiún gur cheart imeacht an pháirt-athbhreithnithe eatramhaigh a fhoirceannadh gan cinneadh foirmiúil maidir le haon athrú suntasach buan agus maidir le cleachtais fóirdheonaithe an iarratasóra. |
(24) |
Cuireadh na páirtithe leasmhara ar an eolas dá réir sin agus tugadh deis dóibh a mbarúlacha a chur in iúl. |
(25) |
Ní bhfuair an Coimisiún aon bharúil as a dtiocfaí ar an gconclúid nach mbeadh foirceannadh den sórt sin chun leas an Aontais. |
(26) |
Tá an Cinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 25(1) den bhun-Rialachán, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An páirt-athbhreithniú eatramhach ar na bearta frithchúitimh is infheidhme maidir le hallmhairí breac dea-dhathach áirithe de thionscnamh Phoblacht na Tuirce a mhéid a bhaineann leis an iarratasóir agus atá faoi láthair faoi chóid CN ex 0301 91 90, ex 0302 11 80, ex 0303 14 90, ex 0304 42 90, ex 0304 82 90 agus ex 0305 43 00 (cóid TARIC 0301919011, 0302118011, 0303149011, 0304429010, 0304829010 agus 0305430011), foirceanntar leis seo é.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Márta 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 55.
(2) IO L 56, 27.2.2015, lch. 12.
(3) IO L 139, 5.6.2018, lch. 14.
(4) Aithris (49) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/823 ón gCoimisiún.
(5) IO L 155, 18.5.2020, lch. 3.
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/823 ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí de bhreac dea-dhathach áirithe de thionscnamh na Tuirce tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 183, 25.5.2021, lch. 5).