EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D0393

Cinneadh (AE) 2022/393 ón gComhairle an 3 Márta 2022 maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, sa 65ú seisiún den Choimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha a mhéid a bhaineann le trí shubstaint a chur le liosta na substaintí i dTábla I de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne Gáinneáil Aindleathach Drugaí Támhshuanacha agus Substaintí Síceatrópacha

ST/6202/2022/INIT

IO L 79, 9.3.2022, p. 36–37 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/393/oj

9.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 79/36


CINNEADH (AE) 2022/393 ÓN gCOMHAIRLE

an 3 Márta 2022

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, sa 65ú seisiún den Choimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha a mhéid a bhaineann le trí shubstaint a chur le liosta na substaintí i dTábla I de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne Gáinneáil Aindleathach Drugaí Támhshuanacha agus Substaintí Síceatrópacha

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Thug an tAontas Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne Gáinneáil Aindleathach Drugaí Támhshuanacha agus Substaintí Síceatrópacha 1988 (“an Coinbhinsiún”) i gcrích trí bhíthin Chinneadh 90/611/CEE (1) ón gComhairle agus tháinig an Coinbhinsiún i bhfeidhm an 11 Samhain 1990.

(2)

De bhun Airteagal 12(2) go (7) den Choinbhinsiún, féadfar substaintí a chur le Táblaí an Choinbhinsiúin ina liostaítear réamhtheachtaithe drugaí.

(3)

Le linn an 65ú seisiún dá chuid atá le bheith ar siúl ón 14 go dtí an 18 Márta 2022 i Vín, tá an Coimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha chun cinneadh a ghlacadh maidir le trí shubstaint a chur le Tábla I den Choinbhinsiún.

(4)

De réir mheasúnú an Bhoird Idirnáisiúnta um Rialú Támhshuanach, úsáidtear trí shubstaint, eadhon 4-AP, 1-boc-4-AP agus noirfeantainil, go minic i monarú aindleathach feantainile agus tá siad an-oiriúnach don mhonarú aindleathach feantainile agus roinnt analóg feantainile, atá ina n-ópóidigh shintéiseacha an-láidir. Tá fianaise ann go mbaineann fadhbanna tromchúiseacha sláinte poiblí agus fadhbanna sóisialta le méid agus fairsinge monarú aindleathach feantainile agus analóg feantainile. Dá bhrí sin, tá údar maith le 4-AP, 1-boc-4-AP agus noirfeantainil a chur faoi rialú idirnáisiúnta.

(5)

An 2 Feabhra 2022, mhol an Bord Idirnáisiúnta um Rialú Támhshuanach go ndéanfadh an Coimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha, 4-AP, 1-boc-4-AP agus noirfeantainil a chur le Tábla I den Choinbhinsiún.

(6)

Cruthaíodh fadhbanna móra sláinte poiblí agus fadhbanna móra sóisialta i mBallstáit áirithe de bharr feantainile agus analóg feantainile a monaraíodh go haindleathach.

(7)

Tagann an cinneadh maidir le substaintí a chur le Tábla I den Choinbhinsiún faoi inniúlacht eisiach an Aontais. Tá stádas breathnóra ag an Aontas sa Choimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha a bhfuil 12 Bhallstát an Aontais ina gcomhaltaí de, ar Ballstáit iad a bhfuil ceart vótála acu.

(8)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, sa Choimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha a bhunú, ós rud é go mbeidh an cinneadh a ghlacfaidh an Choimisiún sin ina cheangal ar an Aontas agus go bhféadfaidh sé tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar dhlí an Aontais, eadhon Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 ón gComhairle (3).

(9)

Ba cheart do Bhallstáit an Aontais atá ina bPáirtithe Conarthacha sa Choimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha seasamh an Aontais a chur in iúl, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais.

(10)

Ba cheart gurb é an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, sa Choimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha, 4-AP, 1-boc-4-AP agus noirfeantainil a chur le Tábla I den Choinbhinsiún,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is é an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, sa 65ú seisiún den Choimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha ón 14 go dtí an 18 Márta 2022, na substaintí seo a leanas a chur le Tábla I den Choinbhinsiún:

(a)

4-AP;

(b)

1-boc-4-AP; agus

(c)

noirfeantainil.

Airteagal 2

Is iad na Ballstáit de chuid an Aontais atá ina gcomhaltaí den Choimisiún um Dhrugaí Támhshuanach a chuirfidh in iúl an seasamh a leagtar amach in Airteagal 1, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Márta 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. DARMANIN


(1)  Cinneadh 90/611/CEE ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 1990 maidir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne Gáinneáil Aindleathach Drugaí Támhshuanacha agus Substaintí Síceatrópacha a thabhairt i gcrích thar ceann Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO L 326, 24.11.1990, lch. 56).

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le réamhtheachtaithe drugaí (IO L 47, 18.2.2004, lchp. 1).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 ón gComhairle an 22 Nollaig 2004 lena leagtar síos rialacha chun faireachán a dhéanamh ar thrádáil i réamhtheachtaithe drugaí idir an tAontas agus tríú tíortha (IO L 22, 26.1.2005 lch. 1).


Top