EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D0387

Cinneadh (AE) 2022/387 ón gComhairle an 3 Márta 2022 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Fhóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí faoi choimirce Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip a mhéid a bhaineann leis na tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Uimh. 0, 9, 10, 13, 39, 46, 51, 53, 55, 63, 78, 79, 90, 107, 108, 109, 116, 117, 121, 125, 141, 142, 148, 149, 152, 154, 155, 160, 161, 162 agus 163 ó na Náisiúin Aontaithe, a mhéid a bhaineann leis an togra le haghaidh Rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le boinn bhocóideacha, a mhéid a bhaineann leis an togra le haghaidh Rialachán Teicniúil Domhanda nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le marthanacht ceallraí infheithicle i bhfeithiclí leictreacha, a mhéid a bhaineann leis an togra le haghaidh leasuithe ar Rún Comhdhlúite R.E.5, a mhéid a bhaineann leis an togra le haghaidh údarú chun leasú 4 ar UN GTR Uimh. 3 a fhorbairt, agus a mhéid a bhaineann leis an togra le haghaidh údarú chun Rialachán Teicniúil Domhanda nua ó na Náisiúin Aontaithe a fhorbairt maidir le hastaíochtaí cáithníní coscán

ST/5998/2022/INIT

IO L 78, 8.3.2022, p. 38–44 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/387/oj

8.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 78/38


CINNEADH (AE) 2022/387 ÓN gCOMHAIRLE

an 3 Márta 2022

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Fhóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí faoi choimirce Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip a mhéid a bhaineann leis na tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Uimh. 0, 9, 10, 13, 39, 46, 51, 53, 55, 63, 78, 79, 90, 107, 108, 109, 116, 117, 121, 125, 141, 142, 148, 149, 152, 154, 155, 160, 161, 162 agus 163 ó na Náisiúin Aontaithe, a mhéid a bhaineann leis an togra le haghaidh Rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le boinn bhocóideacha, a mhéid a bhaineann leis an togra le haghaidh Rialachán Teicniúil Domhanda nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le marthanacht ceallraí infheithicle i bhfeithiclí leictreacha, a mhéid a bhaineann leis an togra le haghaidh leasuithe ar Rún Comhdhlúite R.E.5, a mhéid a bhaineann leis an togra le haghaidh údarú chun leasú 4 ar UN GTR Uimh. 3 a fhorbairt, agus a mhéid a bhaineann leis an togra le haghaidh údarú chun Rialachán Teicniúil Domhanda nua ó na Náisiúin Aontaithe a fhorbairt maidir le hastaíochtaí cáithníní coscán

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh 97/836/CE ón gComhairle (1), d’aontaigh an tAontas Eorpach do Chomhaontú Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) maidir le saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha a ghlacadh i gcomhair feithiclí rothacha, trealaimh agus páirteanna ar féidir iad a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha, sin agus maidir leis na coinníollacha i ndáil le haitheantas frithpháirteach i gcás ceaduithe a dheonaítear ar bhonn na saintreoracha sin (“Comhaontú Athbhreithnithe 1958”). Tháinig Comhaontú Athbhreithnithe 1958 i bhfeidhm an 24 Márta 1998.

(2)

Le Cinneadh 2000/125/CE ón gComhairle (2), d’aontaigh an tAontas don Chomhaontú maidir le rialacháin theicniúla dhomhanda a leagan síos i gcomhair feithiclí rothacha, trealaimh agus páirteanna ar féidir iad a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha (“an Comhaontú Comhthreomhar”). Tháinig an Comhaontú Comhthreomhar i bhfeidhm an 15 Feabhra 2000.

(3)

I Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), leagtar síos forálacha riaracháin agus ceanglais theicniúla maidir le cineálcheadú agus cur ar an margadh gach feithicle nua, gach córais nua, gach comhpháirte nua agus gach aonaid theicniúil ar leithligh nua. Ionchorpraíonn an Rialachán sin rialacháin arna nglacadh faoi Chomhaontú Athbhreithnithe 1958 (“Rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe”) i gcóras cineálcheadaithe an Aontais, mar cheanglais maidir le cineálcheadú nó mar roghanna malartacha ar reachtaíocht an Aontais.

(4)

De bhun Airteagal 1 de Chomhaontú Athbhreithnithe 1958 agus Airteagal 6 den Chomhaontú Comhthreomhar, féadfaidh Fóram Domhanda UNECE um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí (“UNECE WP.29”) tograí a ghlacadh le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe, Rialacháin Theicniúla Dhomhanda ó na Náisiúin Aontaithe agus Rúin ó na Náisiúin Aontaithe chomh maith le tograí le haghaidh Rialacháin nua ó na Náisiúin Aontaithe, Rialacháin Theicniúla Dhomhanda nua ó na Náisiúin Aontaithe agus Rúin nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le feithiclí a cheadú. Thairis sin, de bhun na bhforálacha sin, féadfaidh UNECE WP.29 tograí a ghlacadh le haghaidh údaruithe chun leasuithe a dhéanamh ar Rialacháin Theicniúla Dhomhanda ó na Náisiúin Aontaithe nó chun Rialacháin Theicniúla Dhomhanda nua ó na Náisiúin Aontaithe a fhorbairt, agus féadfaidh sé tograí a ghlacadh le haghaidh sainorduithe chun síneadh a chur le Rialacháin Theicniúla Dhomhanda ó na Náisiúin Aontaithe.

(5)

Ag an 186ú seisiún den Fhóram Domhanda, seisiún a thionólfar idir an 8 agus an 11 Márta 2022, tá sé ar intinn ag UNECE WP.29 na tograí seo a leanas a ghlacadh: na tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Uimh. 0, 9, 10, 13, 39, 46, 51, 53, 55, 63, 78, 79, 90, 107, 108, 109, 116, 117, 121, 125, 141, 142, 148, 149, 152, 154, 155, 160, 161, 162 agus 163 ó na Náisiúin Aontaithe, an togra le haghaidh Rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le boinn bhocóideacha, an togra le haghaidh Rialachán Teicniúil Domhanda nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le marthanacht ceallraí infheithicle i bhfeithiclí leictreacha agus an togra le haghaidh leasuithe ar Rún Comhdhlúite R.E.5. Thairis sin, tá sé ar intinn ag UNECE WP.29 togra a ghlacadh le haghaidh údarú chun leasú 4 ar Rialachán Teicniúil Domhanda Uimh. 3 ó na Náisiúin Aontaithe a fhorbairt maidir le coscánú gluaisrothar agus an togra le haghaidh údarú chun Rialachán Teicniúil Domhanda nua ó na Náisiúin Aontaithe a fhorbairt maidir le hastaíochtaí cáithníní coscán.

(6)

Is iomchuí an seasamh a bheidh le glacadh, thar ceann an Aontais, in UNECE WP.29 a bhunú a mhéid a bhaineann leis na tograí sin a ghlacadh, ós rud é go mbeidh na Rialacháin sin ó na Náisiúin Aontaithe ina gceangal ar an Aontas agus go bhféadfaidh siad, in éineacht leis na Rialacháin Theicniúla Dhomhanda ó na Náisiúin Aontaithe agus Rúin ó na Náisiúin Aontaithe, tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar dhlí an Aontais i réimse an chineálcheadaithe feithicle.

(7)

I bhfianaise taithí agus forbairtí teicniúla, na ceanglais a bhaineann le heilimintí nó gnéithe áirithe a chumhdaítear le Rialacháin de chuid na Náisiún Aontaithe Uimh. 0, 9, 10, 13, 39, 46, 51, 53, 55, 63, 78, 79, 90, 107, 108, 109, 116, 117, 121, 125, 141, 142, 148, 149, 152, 154, 155, 160, 161, 162 agus 163, is gá na ceanglais sin a leasú, a cheartú nó a fhorlíonadh.

(8)

Chun dul chun cinn teicniúil a chur san áireamh agus chun sábháilteacht feithicle a fheabhsú agus lorg comhshaoil a laghdú, is gá Rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le boinn bhocóideacha chomh maith le Rialachán Teicniúil Domhanda ó na Náisiúin Aontaithe maidir le marthanacht ceallraí infheithicle i bhfeithiclí leictreacha a ghlacadh.

(9)

Ina theannta sin, ní mór leasú a dhéanamh ar fhorálacha áirithe i Rún R.E.5 ó na Náisiúin Aontaithe, maidir le sonraíocht choiteann le haghaidh catagóirí foinsí solais,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is é an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i bhFóram Domhanda UNECE um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí, le linn an 186ú seisiún a thionólfar idir an 8 agus an 11 Márta 2022, vótáil i bhfabhar na dtograí a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Márta 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. DARMANIN


(1)  Cinneadh 97/836/CE ón gComhairle an 27 Samhain 1997 d’fhonn go n-aontóidh an Comhphobal Eorpach do Chomhaontú Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip maidir le saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha a ghlacadh i gcomhair feithiclí rothacha agus trealaimh agus páirteanna ar féidir iad a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha, sin agus maidir leis na coinníollacha i ndáil le haitheantas frithpháirteach le haghaidh ceaduithe a dheonaítear ar bhonn na saintreoracha sin (“Comhaontú Leasaithe 1958”) (IO L 346, 17.12.1997, lch. 78).

(2)  Cinneadh 2000/125/CE ón gComhairle an 31 Eanáir 2000 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe a bhaineann le rialacháin theicniúla dhomhanda a leagan síos i gcomhair feithiclí rothacha agus trealaimh agus páirteanna ar féidir iad a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha (“an Comhaontú Comhthreomhar”) (IO L 35, 10.2.2000, lch. 12).

(3)  Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Rialachán Uimh.

Teideal mhír an chláir oibre

Cód tagartha an doiciméid (1)

0

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhann le sraith leasuithe 04 ar Rialachán Uimh. 0 ó na Náisiúin Aontaithe (IWVTA) ECE/TRANS/WP.29/1161, mír 64, bunaithe ar WP.29-185-10

ECE/TRANS/WP.29/2022/2

9

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhann le sraith leasuithe 08 ar Rialachán Uimh. 9 ó na Náisiúin Aontaithe (Torann ó fheithiclí trí roth) ECE/TRANS/WP.29/GRBP/72, mír 3, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2021/23 arna leasú le GRBP-74-43

ECE/TRANS/WP.29/2022/3

10

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhann le sraith leasuithe 06 ar Rialachán Uimh. 10 ó na Náisiúin Aontaithe (Comhoiriúnacht leictreamaighnéadach) (ECE/TRANS/WP.29/GRE/85, mír 35, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2021/10 arna leasú le GRE-85-06)

ECE/TRANS/WP.29/2022/33

13

Togra le haghaidh shraith leasuithe 12 nua ar Rialachán Uimh. 13 ó na Náisiúin Aontaithe (Coscánú feithiclí troma) ECE/TRANS/WP.29/GRVA/11, mír 91, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2021/25

ECE/TRANS/WP.29/2022/12

39

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhann le sraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 39 ó na Náisiúin Aontaithe (Luasmhéadar agus Odaiméadar) (ECE/TRANS/WP.29/GRSG/101, mír 56, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2021/20/Rev.1)

ECE/TRANS/WP.29/2022/21

46

Togra le haghaidh shraith leasuithe 05 ar Rialachán Uimh. 46 ó na Náisiúin Aontaithe (feistí seachtracha le haghaidh amharc neamhdhíreach) ECE/TRANS/WP.29/GRSG/101, mír 41, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2021/18 arna leasú le GRSG-122-08

ECE/TRANS/WP.29/2022/52

51

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 7 a ghabhann le sraith leasuithe 03 ar Rialachán Uimh. 51 ó na Náisiúin Aontaithe (torann ó fheithiclí i gcatagóirí M agus N) ECE/TRANS/WP.29/GRBP/72, mír 5, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2021/22 agus mír 5 den tuarascáil

ECE/TRANS/WP.29/2022/4

53

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 22 a ghabhann le sraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 53 ó na Náisiúin Aontaithe (Suiteáil feistí soilsiúcháin agus feistí solaschomharthaíochta le haghaidh fheithiclí L3) (ECE/TRANS/WP.29/GRE/85, mír 37, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2021/23 arna leasú le GRE-85-27

ECE/TRANS/WP.29/2022/34

53

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 5 a ghabhann le sraith leasuithe 02 ar Rialachán Uimh. 53 ó na Náisiúin Aontaithe (Suiteáil feistí soilsiúcháin agus feistí solaschomharthaíochta solais le haghaidh fheithiclí L3) (ECE/TRANS/WP.29/GRE/85, mír 37, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2021/23 arna leasú le GRE-85-27)

ECE/TRANS/WP.29/2022/35

53

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhann le sraith leasuithe 03 ar Rialachán Uimh. 53 ó na Náisiúin Aontaithe (Suiteáil feistí soilsiúcháin agus feistí solaschomharthaíochta le haghaidh fheithiclí L3) (ECE/TRANS/WP.29/GRE/85, mír 37, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2021/23 arna leasú le GRE-85-27)

ECE/TRANS/WP.29/2022/36

55

Togra le haghaidh Cheartúchán 2 ar shraithe leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 55 ó na Náisiúin Aontaithe (Cúpláin mheicniúla) (ECE/TRANS/WP.29/GRSG/101, mír 58, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2021/21)

ECE/TRANS/WP.29/2022/39

55

Togra le haghaidh Cheartúchán 1 ar shraith leasuithe 02 ar Rialachán Uimh. 55 ó na Náisiúin Aontaithe (Cúpláin mheicniúla) (ECE/TRANS/WP.29/GRSG/101, mír 58, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2021/21)

ECE/TRANS/WP.29/2022/40

63

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 5 a ghabhann le sraith leasuithe 02 ar Rialachán Uimh. 63 ó na Náisiúin Aontaithe (Astaíochtaí torainn ó mhóipéidí) ECE/TRANS/WP.29/GRBP/72, mír 10, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2021/24

ECE/TRANS/WP.29/2022/5

78

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhann le sraith leasuithe 05 ar Rialachán Uimh. 78 ó na Náisiúin Aontaithe (Coscánú gluaisrothair) ECE/TRANS/WP.29/GRVA/11, mír 99, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2021/26 arna leasú le GRVA-11-22 (Iarscríbhinn V a ghabhann leis an tuarascáil) agus ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2021/27

ECE/TRANS/WP.29/2022/13

78

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhann le sraith leasuithe 04 ar Rialachán Uimh. 78 ó na Náisiúin Aontaithe (Coscánú gluaisrothair) ECE/TRANS/WP.29/GRE/11, mír 99, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2021/26 arna leasú le GRVA-11-22 (Iarscríbhinn V a ghabhann leis an tuarascáil) agus ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2021/27)

ECE/TRANS/WP.29/2022/48

78

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 4 a ghabhann le sraith leasuithe 03 ar Rialachán Uimh. 78 ó na Náisiúin Aontaithe (Coscánú gluaisrothair) (ECE/TRANS/WP.29/GRE/11, mír 99, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2021/26 arna leasú le GRVA-11-22 (Iarscríbhinn V a ghabhann leis an tuarascáil) agus ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2021/27

ECE/TRANS/WP.29/2022/49

79

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 4 a ghabhann le sraith leasuithe 02 ar Rialachán Uimh. 79 ó na Náisiúin Aontaithe (Trealamh stiúrtha) ECE/TRANS/WP.29/GRVA/11, mír 72, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2021/8 arna leasú le GRVA-11-17 (Iarscríbhinn III a ghabhann leis an tuarascáil)

ECE/TRANS/WP.29/2022/14

79

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 7 a ghabhann le sraith leasuithe 03 ar Rialachán Uimh. 79 ó na Náisiúin Aontaithe (Trealamh stiúrtha) ECE/TRANS/WP.29/GRVA/11, mír 72, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2021/8 arna leasú le GRVA-11-17 (Iarscríbhinn III a ghabhann leis an tuarascáil)

ECE/TRANS/WP.29/2022/15

79

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhann le sraith leasuithe 04 ar Rialachán Uimh. 79 ó na Náisiúin Aontaithe (Trealamh stiúrtha) ECE/TRANS/WP.29/GRVA/11, mír 72, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2021/8 arna leasú le GRVA-11-17 (Iarscríbhinn III a ghabhann leis an tuarascáil)

ECE/TRANS/WP.29/2022/16

90

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 8 a ghabhann le sraith leasuithe 02 ar Rialachán Uimh. 90 ó na Náisiúin Aontaithe (Páirteanna ionadacha le haghaidh coscán) (ECE/TRANS/WP.29/GRVA/11, mír 101, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2021/28)

ECE/TRANS/WP.29/2022/17

107

Togra le haghaidh shraith leasuithe 10 ar Rialachán Uimh. 107 ó na Náisiúin Aontaithe (feithiclí M2 agus M3) ECE/TRANS/WP.29/GRSG/101, mír 7, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2021/17 arna leasú le GRSG-122-05

ECE/TRANS/WP.29/2022/53

108

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 6 a ghabhann le Rialachán Uimh. 108 ó na Náisiúin Aontaithe (Boinn atráchtaithe le haghaidh gluaisteáin paisinéirí agus a leantóirí) ECE/TRANS/WP.29/GRBP/72, mír 17, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2021/15 arna leasú le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an tuarascáil

ECE/TRANS/WP.29/2022/6

109

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 11 a ghabhann le Rialachán Uimh. 109 ó na Náisiúin Aontaithe (boinn atráchtaithe le haghaidh feithiclí tráchtála agus a leantóirí) ECE/TRANS/WP.29/GRBP/72, mír 18 agus 19, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2021/18 agus ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2021/16 arna leasú le hIarscríbhinn IV a ghabhann leis an tuarascáil

ECE/TRANS/WP.29/2022/7

116

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 9 a ghabhann leis an leagan bunaidh de Rialachán Uimh. 116 ó na Náisiúin Aontaithe (Córais frithghadaíochta agus aláraim) (ECE/TRANS/WP.29/GRE/101, mír 71, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2021/27

ECE/TRANS/WP.29/2022/50

117

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 14 a ghabhann le sraith leasuithe 02 ar Rialachán Uimh. 117 (Friotaíocht rollta bonn, torann rollta agus fliuchghreim) ECE/TRANS/WP.29/GRBP/72, mír 21, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2021/17 arna leasú le GRBP-74-31-Rev.1

ECE/TRANS/WP.29/2022/8

121

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 4 a ghabhann le sraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 121 ó na Náisiúin Aontaithe (Rialuithe, nodchomharthaí agus táscairí a shainaithint) (ECE/TRANS/WP.29/GRSG/101, mír 90, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2021/30)

ECE/TRANS/WP.29/2022/22

125

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhann le sraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 125 ó na Náisiúin Aontaithe (Raon Radhairc Chun Tosaigh na dTiománaithe) (ECE/TRANS/WP.29/GRSG/101, mír 97, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2020/11)

ECE/TRANS/WP.29/2022/23

125

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhann le sraith leasuithe 02 ar Rialachán Uimh. 125 ó na Náisiúin Aontaithe (Raon Radhairc Chun Tosaigh na dTiománaithe) (ECE/TRANS/WP.29/GRSG/101, mír 99, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2021/31)

ECE/TRANS/WP.29/2022/24

141

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhann le sraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 141 ó na Náisiúin Aontaithe (Córas faireacháin bhrú na mbonn) ECE/TRANS/WP.29/GRBP/72, mír 25, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2021/19 agus ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2021/20, arna leasú le GRBP-74-37

ECE/TRANS/WP.29/2022/9

142

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhann le sraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 142 ó na Náisiúin Aontaithe (Suiteáil bonn) ECE/TRANS/WP.29/GRBP/72, mír 28, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2021/21

ECE/TRANS/WP.29/2022/10

148

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 4 a ghabhann leis an tsraith bhunaidh leasuithe ar Rialachán Uimh. 148 ó na Náisiúin Aontaithe (Feistí solaschomharthaíochta) (ECE/TRANS/WP.29/GRE/85, mír 8, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2021/11 arna leasú le GRE-85-11)

ECE/TRANS/WP.29/2022/37

149

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 5 a ghabhann leis an tsraith bhunaidh leasuithe ar Rialachán Uimh. 149 ó na Náisiúin Aontaithe (Feistí soilsiúcháin bóthair) (ECE/TRANS/WP.29/GRE/85, mír 11, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2021/12)

ECE/TRANS/WP.29/2022/38

152

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 5 a ghabhann leis an leagan bunaidh de Rialachán Uimh. 152 ó na Náisiúin Aontaithe (Ardchóras coscánaithe éigeandála (AEBS) le haghaidh feithiclí M1 agus N1 le haghaidh M1 agus N1) ECE/TRANS/WP.29/GRVA/11, mír 78, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2021/22 arna leasú le GRVA-11-40 (Iarscríbhinn IV den tuarascáil)

ECE/TRANS/WP.29/2022/18, WP.29-186-05

152

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 4 a ghabhann le sraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 152 ó na Náisiúin Aontaithe (Ardchóras coscánaithe éigeandála (AEBS) le haghaidh feithiclí M1 agus N1) ECE/TRANS/WP.29/GRVA/11, mír 78, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2021/22 arna leasú le GRVA-11-40 (Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an tuarascáil)

ECE/TRANS/WP.29/2022/19, WP.29-186-05

152

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhann le sraith leasuithe 02 ar Rialachán Uimh. 152 ó na Náisiúin Aontaithe (Ardchóras coscánaithe éigeandála (AEBS) le haghaidh feithiclí M1 agus N1) ECE/TRANS/WP.29/GRVA/11, míreanna 78 agus 80, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2021/22 arna leasú le GRVA-11-40 (Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an tuarascáil) agus ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2021/23

ECE/TRANS/WP.29/2022/20, WP.29-186-05

154

Togra le haghaidh shraith leasuithe 02 ar Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe (Nós Imeachta Tástála Comhchuibhithe Domhanda um Fheithiclí Éadroma (WLTP)) (ECE/TRANS/WP.29/GRPE/84, mír 16, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRPE/2021/21 arna leasú le hAguisín 2 a ghabhann leis an mír tuarascáil

ECE/TRANS/WP.29/2022/41/Rev.1

154

Togra le haghaidh shraith leasuithe 03 ar Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe (Nós Imeachta Tástála Comhchuibhithe Domhanda um Fheithiclí Éadroma (WLTP)) (ECE/TRANS/WP.29/GRPE/84, mír 16, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRPE/2021/22 arna leasú le hAguisín 3 a ghabhann leis an tuarascáil.)

ECE/TRANS/WP.29/2022/42/Rev.1

155

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a gabhann le Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe (Cibearshlándáil agus Córas Bainistithe Cibearshlándála) (EC/TRANS/WP.29/GRVA/11, mír 45, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2021/2)

ECE/TRANS/WP.29/2022/54

160

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhann leis an leagan bunaidh de Rialachán Uimh. 160 ó na Náisiúin Aontaithe (Taifeadán Sonraí Teagmhais (EDR) (ECE/TRANS/WP.29/GRSG/101, mír 109, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2021/33, arna leasú le GRSG-122-36)

ECE/TRANS/WP.29/2022/25/Rev.1

160

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhann le sraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 160 ó na Náisiúin Aontaithe (Taifeadán Sonraí Teagmhais (EDR) (ECE/TRANS/WP.29/GRSG/101, mír 109, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2021/34, arna leasú le GRSG-122-37)

ECE/TRANS/WP.29/2022/26

161

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhann leis an leagan bunaidh de Rialachán Uimh. 161 (Gléasanna i gcoinne Úsáid Neamhúdaraithe) (ECE/TRANS/WP.29/GRSG/101, mír 76, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2021/24, arna leasú le GRSG-122-13)

ECE/TRANS/WP.29/2022/27

161

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhann leis an leagan bunaidh de Rialachán Uimh. 161 ó na Náisiúin Aontaithe (Feistí i gcoinne Úsáid Neamhúdaraithe) (ECE/TRANS/WP.29/GRSG/101, mír 78, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2021/28)

ECE/TRANS/WP.29/2022/28

162

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhann leis an leagan bunaidh de Rialachán Uimh. 162 ó na Náisiúin Aontaithe (baic dhúisithe) (ECE/TRANS/WP.29/GRSG/101, mír 82, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2021/25, arna leasú le GRSG-122-13)

ECE/TRANS/WP.29/2022/29

162

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhann leis an leagan bunaidh de Rialachán Uimh. 162 ó na Náisiúin Aontaithe (baic dhúisithe) (ECE/TRANS/WP.29/GRSG/101, mír 82, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2021/29)

ECE/TRANS/WP.29/2022/30

163

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhann leis an leagan bunaidh de Rialachán Uimh. 163 ó na Náisiúin Aontaithe (córas aláraim feithicle) ECE/TRANS/WP.29/GRSG/101, mír 86, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2021/26

ECE/TRANS/WP.29/2022/51

Rialachán Nua [164]

Togra le haghaidh Rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe [164] maidir le boinn bhocóideacha ECE/TRANS/WP.29/GRBP/72, mír 30, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2021/5/Rev.1 arna leasú le GRBP-74-32

ECE/TRANS/WP.29/2022/43


Rialachán Teicniúil Domhanda Uimh.

Teideal mhír an chláir oibre

Cód tagartha an doiciméid

RTD nua

Togra le haghaidh RTD nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le Marthanacht Ceallraí Infheithicle le haghaidh Feithiclí Leictreacha (ECE/TRANS/WP.29/GRPE/84, mír 10, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRPE/2021/18, arna leasú le hAguisín 1

ECE/TRANS/WP.29/2022/45

Togra le haghaidh tuarascáil stádais deiridh maidir le forbairt Rialacháin Theicniúil Dhomhanda nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le Marthanacht Ceallraí Infheithicle le haghaidh Feithiclí Leictreacha (ECE/TRANS/WP.29/GRPE/84, mír 10, bunaithe ar GRPE-84-02 arna leasú le hIarscríbhinn IV)

ECE/TRANS/WP.29/2022/46


Ilghnéitheach

Teideal mhír an chláir oibre

Cód tagartha an doiciméid

Rún Comhdhlúite

Togra le haghaidh leasú 8 ar an Rún Comhdhlúite maidir le sonraíocht choiteann le haghaidh catagóirí foinse solais (R.E.5) (ECE/TRANS/WP.29/GRE/85, mír 29, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2021/24)

ECE/TRANS/WP.29/2022/44

Údarú

Iarraidh ar údarú le leasú 4 ar RTD Uimh. 3 ó NA a fhorbairt(Coscánú gluaisrothair)

ECE/TRANS/WP.29/2022/47

Údarú

Údarú le RTD nua ó na Náisiúin Aontaithe a fhorbairt maidir le hastaíochtaí cáithníní coscán

ECE/TRANS/WP.29/AC.3/59

Doiciméad léiriúcháin

Doiciméad léiriúcháin a ghabhann le Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe: Togra le haghaidh leasuithe ar ECE/TRANS/WP.29/2021/59 (EC/TRANS/WP.29/GRVA/11, mír 45, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2021/21)

ECE/TRANS/WP.29/2022/55


(1)  Tá na doiciméid go léir dá dtagraítear sa tábla ar fáil ag: https://unece.org/info/Transport/Vehicle-Regulations/events/363011


Top