Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D0228(01)

    Cinneadh Uimh. H12 an 19 Deireadh Fómhair 2021 maidir leis an dáta atá le cur san áireamh chun na rátaí comhshó dá dtagraítear in Airteagal 90 de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chinneadh (Téacs atá ábhartha maidir le LEE agus maidir le Comhaontú na hEilvéise/CE) 2022/C 93/06

    PUB/2022/167

    IO C 93, 28.2.2022, p. 6–7 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    28.2.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 93/6


    CINNEADH Uimh. H12

    an 19 Deireadh Fómhair 2021

    maidir leis an dáta atá le cur san áireamh chun na rátaí comhshó dá dtagraítear in Airteagal 90 de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chinneadh

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE agus maidir le Comhaontú na hEilvéise/CE)

    (2022/C 93/06)

    AN COIMISIÚN RIARACHÁIN UM CHOMHORDÚ NA gCÓRAS SLÁNDALA SÓISIALAÍ,

    Ag féachaint d’Airteagal 72(a) de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú córas slándála sóisialaí (1), faoina bhfuil sé freagrach as déileáil le gach ceist riaracháin nó ceist a bhaineann le léiriú a eascraíonn as forálacha Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú córas slándála sóisialaí a chur chun feidhme (2),

    Ag féachaint d’Airteagal 90 de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 maidir le comhshó airgeadra,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    In go leor forálacha amhail e.g. Airteagail 5(a), 21(1), 29, 34, 52, 62(3), 65(6) agus (7), 68(2) agus 84 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Airteagail 25(4) agus (5), 26 (7), 54(2), 70, 72, 73, 78 agus 80 de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009, tá cásanna inar gá an ráta malairte a chinneadh chun críche na híocaíochta, chun sochar nó ranníocaíocht, aisíocaíocht a ríomh nó a athríomh, nó chun críoch fritháirimh agus na nósanna imeachta aisghabhála.

    (2)

    Le hAirteagal 90 de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009, tugtar cumhacht don Choimisiún Riaracháin an dáta a shocrú atá le cur san áireamh chun na rátaí comhshó a chinneadh atá le cur i bhfeidhm agus sochair agus ranníocaíochtaí áirithe á ríomh.

    (3)

    Meabhraíonn dlí-eolaíocht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (3) nach mór do na Ballstáit bearta iomchuí a ghlacadh chun luaineachtaí airgeadra a d'fhéadfadh a theacht chun cinn a chur san áireamh i gcur i bhfeidhm an bhun-Rialacháin nó na Rialachán Cur Chun Feidhme. Urramóidh na bearta sin cuspóir fhorálacha an Bhunrialacháin nó an Rialacháin Cur Chun Feidhme faoi seach mar a shainmhínítear é i ndlí-eolaíocht na Cúirte Breithiúnais.

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 71(2) de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004,

    TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

    1.

    Chun críche an Chinnidh seo, tuigfear gurb é a bheidh sa ráta comhshó, ráta comhshó laethúil arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach.

    2.

    Mura luaitear a mhalairt sa Chinneadh seo, is é an ráta comhshó an ráta a fhoilseofar an lá a dhéanfar an oibríocht.

    3.

    Institiúid de chuid Ballstáit nach mór di méid a chomhshóigh chun teidlíocht a bhunú agus chun an sochar a chéadríomh, ní mór di an méid seo a leanas a úsáid:

    (a)

    de réir an dlí náisiúnta nó Rialachán (CE) Uimh. 883/2004, nuair a chuireann institiúid méideanna san áireamh, amhail tuillimh nó sochair, le linn tréimhse áirithe roimh an dáta dá ríomhtar an sochar, an ráta comhshó a foilsíodh an lá deireanach den tréimhse sin;

    (b)

    de réir an dlí náisiúnta nó Rialachán (CE) Uimh. 883/2004, chun an sochar a ríomh, nuair a chuireann institiúid méid amháin san áireamh, an ráta comhshó a foilsíodh ar an gcéad lá den mhí díreach roimh an mhí ina gcuirfear an fhoráil i bhfeidhm.

    4.

    Beidh feidhm ag mír 3 mutatis mutandis nuair nach mór d’institiúid de chuid Ballstáit méid a chomhshó chun an sochar a athríomh de bharr athruithe ar staid fhíorasach nó dhlíthiúil an duine lena mbaineann.

    5.

    Institiúid a íocann sochar a dhéantar a innéacsú go rialta de réir an dlí náisiúnta, agus i gcás ina mbíonn tionchar ag na méideanna san airgeadra eile ar an sochar sin, agus é á athríomh, ní mór di an ráta comhshó a úsáid a foilsíodh ar an gcéad lá den mhí roimh an mhí ina bhfuil an t-innéacsú dlite, ach amháin má fhoráiltear dó ar bhealach eile sa reachtaíocht náisiúnta.

    6.

    Chun críoch Airteagal 90 de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009, is é seo a leanas an dáta atá le cur san áireamh chun an ráta comhshó is infheidhme idir dhá airgeadra a chinneadh:

    (a)

    i gcás iarrata ar fhritháireamh as riaráistí/íocaíochtaí leanúnacha, an lá oibre díreach roimh an lá a sheol an páirtí iarrthach an iarraidh deiridh ar fhritháireamh as riaráistí/íocaíochtaí leanúnacha; nó

    (b)

    i gcás iarrata ar aisghabháil, an lá díreach roimh an lá a chuir an páirtí iarrthach an chéad iarraidh ar aisghabháil ar aghaidh.

    Chun críoch na míre seo, tagróidh lá oibre do lá oibre an Bhainc Cheannais Eorpaigh ar a bhfoilsíonn sé ráta tagartha laethúil i dtaca le malartú airgeadra.

    7.

    Chun críoch Airteagal 65(6) agus Airteagal (7) de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Airteagal 70 de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 nuair a dhéantar comparáid idir an méid iarbhír a d'íoc institiúid na háite cónaithe agus uasmhéid na haisíocaíochta dá dtagraítear sa tríú habairt d’Airteagal 65(6) de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 (méid an tsochair a bheadh an duine lena mbaineann i dteideal de réir reachtaíocht an Bhallstáit is deireanaí a raibh sé/sí faoina réir má bhí sé/sí cláraithe le seirbhísí fostaíochta an Bhallstáit sin), is é an chéad lá den mhí féilire ina raibh deireadh leis an tréimhse inaisíoctha an dáta atá le cur san áireamh chun an ráta comhshó a chinneadh.

    8.

    Foilseofar an Cinneadh seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ó dháta a fhoilsithe.

    9.

    Tagann an Cinneadh seo in ionad Chinneadh Uimh. H3 an 15 Deireadh Fómhair 2009 (4).

    Cathaoirleach an Choimisiúin Riaracháin

    Greta Metka BARBO ŠKERBINC


    (1)  IO L 166, 30.4.2004, lch. 1.

    (2)  IO L 284, 30.10.2009, lch. 1.

    (3)  C-473/18, ECLI:EU:C:2019:662

    (4)  Cinneadh H3 an 15 Deireadh Fómhair 2009 maidir leis an dáta atá le cur san áireamh chun na rátaí comhshó dá dtagraítear in Airteagal 90 de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chinneadh (IO C 106, 24.4.2010, lch. 56) mar a leasaítear le Cinneadh Uimh. H7 an 25 Meitheamh 2015 maidir le hathbhreithniú ar Chinneadh Uimh. H3 i dtaca leis an dáta atá le cur san áireamh chun na rátaí comhshó dá dtagraítear in Airteagal 90 de Rialachán Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chinneadh (IO C 52, 11.2.2016, lch. 13).


    Top